Baineadh bunús an chéad eagrán den suíomh, mar a bhí beartaithe agam. Sin de bhrí go bhfoilseofar leagan clóite go luath.
37. Carn Tóchair (1) – pobal ar leith
“Bhí Gaeilge le cloisteáil go forleathan sa cheantar idir óg agus aosta, rud a thug ardú croí dom.”[i] An taighdeoir Nollaig Mac Giolla Thuile, 2018 Cluintear tagairtí á dhéanamh do ‘Ghaeltacht’ Charn Tóchair anseo is ansiúd ach is áibhéil é sin. Mar sin féin, is é ceann de na ceantair is láidre Gaeilge ó thuaidh … An chuid eile de 37. Carn Tóchair (1) – pobal ar leith
33. Scéal Bhóthar Seoighe (1)
Pobal Feirste, Bóthar Seoighe, Béal Feirste “Everything is theoretically impossible, until it is done.” – Robert A. Heinlein Dhá theach is fiche, bunscoil agus naíscoil, sin a bhfuil ann mar ‘Phobal Feirste’. Pobal é seo a bhfuil an lámh in uachtar ag an Ghaeilge ann, a thóg Gaeilgeoirí chun timpeallacht a chruthú inarbh fhéidir leo a gcuid … An chuid eile de 33. Scéal Bhóthar Seoighe (1)
32. Pobail úra na Gaeilge
“Ní mhairfidh an Ghaeilge gan an Ghaeltacht ach ní mhairfidh an Ghaeltacht gan an Ghaeilge a theacht ar ais mar theanga pobal in áiteanna taobh amuigh den Ghaeltacht a chruthú do Ghaeil na Galltachta gur fiú agus gur féidir sin a dhéanamh an dúshlán atá roimhe lucht na hAthbheochana. Ba é an scríbhneoir Máirtín Ó … An chuid eile de 32. Pobail úra na Gaeilge
28. “Scéimeanna Pobal”
Más radacach smaointeoireacht Uí Chadhain, Uí Shé agus Mhic Sheáin, cuir i gcás, bhí rud éigin iontach cosúil leis ina pholasaí rialtais ó dheas, sna 1980í, trí Bhord na Gaeilge. Déanta na fírinne, chuir Joshua Fishman an-spéis sna 'Scéimeanna Pobail' seo a bhí molta ag an Bhord. Sé phobal phleanáilte in oirthear na tíre a bhí … An chuid eile de 28. “Scéimeanna Pobal”
27. Séamus Mac Seáin
“Thuig Ó Cadhain is dóigh liom mura dtosódh an teanga ag neadú in áiteanna eile sa tír gur dócha nach dtiocfadh leis an Ghaeltacht thraidisiúnta déileáil leis an tsíor-chreimeadh a bhí ag dul ar aghaidh leis na céadtaí bliain gan dul faoi go hiomlán ar ball,”i a scríobh Mac Seáin. “Ba fhear Gaeltachta go smior é … An chuid eile de 27. Séamus Mac Seáin
26. Máirtín Ó Cadhain
“D’ainneoin a bhfuil de fhoirgníocht nua déanta ar fud na hÉireann, níl i mBaile mór amháin sráid, céide, corrán, ascaill ná scéim tithe féin atá Gaelach nó leath-Ghaelach féin.”i Máirtín Ó Cadhain, trí Shéamus Mac Seáin Chuir mé na tuairimí thuas le chéile ar an ábhar gur mheas mé go síolraíonn siad ón traidisiún céanna, cé … An chuid eile de 26. Máirtín Ó Cadhain
25. ‘Tearmann na nGael’
“Mara mbeidh tearmann go gairid aici, tá a port seinnte mar theanga pobail.”i An Dr Brian Ó Curnáin Is iad an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin agus an Dr Brian Ó Curnáin, beirt de na sochtheangeolaithe is mó le rá atá ag obair i saol na Gaeilge i saol na linne seo. Daoine acadúla iad go … An chuid eile de 25. ‘Tearmann na nGael’
24. ‘The Broken Harp’
Duine eile a scríobh, go paiseanta, i gcoinne Athbheochan na Gaeilge mar aidhm ag eagraíochtaí Gaeilge nó ag an stát ná Tomás Mac Síomóin, údar a bhfuil cónaí air sa Chatalóin le fada an lá. Arís eile, is léir go bhfuil sé féin faoi thionchar Fennell. Ba é tuairim Mhic Shíomóin nach tábhachtach le tromlach na … An chuid eile de 24. ‘The Broken Harp’
23. “From Language Revival to Survival”
Tá macalla smaointeoireacht Fennell le fáil i scríbhneoireacht Dhonncha Uí Éallaithe, gníomhaí pobail agus teanga a bhfuil cónaí air i bparóiste an Chnoic i gConamara Theas. San aiste “From Language Revival to Survival” a foilsíodh i 2004, léirigh sé a thuairim gur theip ar athbheochan na Gaeilge, “because it was an aspiration rather than a … An chuid eile de 23. “From Language Revival to Survival”