1. Sochtheangeolaíocht

Bhí sé ar intinn agam an leabhar seo a dhéanamh chomh hinléite agus is féidir gan téagar a chailleadh, chun leabhar don ghnáthdhuine a scríobh.

D’ainneoin sin, nó dá bharr, is gá spléachadh beag a thabhairt ar an tsochtheangeolaíocht agus ar an bhéarlagair ina mbíonn sé scríofa.

Is ionann téarmaíocht agus “focail nó abairtí speisialta a úsáidtear le hábhar nó gairm bheatha ar leith”[i].

Is riachtanach an rud é chun córais thuisceana a bhunú is a theagaisc ach is minic a chuireann téarmaíocht mearbhall ar dhaoine – ní éascaíonn sé cumarsáid i gcónaí.

Photo by Mike Chai on Pexels.com

Bíonn ciall ar leith ag focail nuair a bhaineann siad le gairm, éascaíonn sé cumarsáid taobh istigh den slí bheatha sin ach go minic coinníonn siad teachtaireacht agus saineolas na ceirde sin faoi cheilt.

Is minic fosta nach mbíonn i gceist ach lipéid chun catagóiriú a éascú. Is cuid den léann é catagóiriú ach is féidir leis a bheith ina mhodh tuathalach.

Lena chois, is minic a mbíonn daoine scaoilte is in adharca a chéile mar gheall ar lipéid, ní mar gheall ar shubstaint argóna, is gá a bheith iontach soiléir maidir le cad é is ciall le téarma.

Léifear an téarma ‘sochtheangeolaíocht’ go minic sa leabhar seo. Baineann an disciplín áirithe seo le staidéar ar theanga(cha) i dtaca le fachtóirí sóisialta – cúrsaí aicme, inscne agus slí bheatha, cuir i gcás.

Déantar an coincheap a mheascadh go minic, agus go míchruinn sa Ghaeilge, le ‘pleanáil teanga’.

Pleanáil teanga

Is gníomhaíocht ar son athruithe a chur i bhfeidhm maidir le struchtúr teanga (níl sin ábhartha anseo) agus maidir le feidhmeanna teanga ag leibhéal náisiúnta, idirnáisiúnta agus comharsanachta, é pleanáil teanga.

Ciallaíonn sé sin i gcás na Gaeilge, pleanáil, beartaíocht nó innealtóireacht shóisialta maidir leis an teanga a chaomhnú nó a athbheochan. Is féidir é a mheas mar chuid de shochtheangeolaíocht, cé go bhfuil gné shoiléir íde-eolaíochta ag baint leis.

Maidir leis an tsochtheangeolaíocht féin, cé gur féidir modhanna oibre eolaíochta a úsáid chun dáta a bhailiú, ní féidir leis sin an scéal ar fad a inse agus tá gach conclúid a bhaintear as suibiachtúil, ní féidir leis teacht ar fhírinne ghlan choíche.

Seo mar a rinne an socheolaí Steve Bruce cur síos ar nádúr na heolaíocht sóisialta:

“We will never discover the laws of human action because people are not like atoms. The subject matter of the social sciences is conscious sentient beings who act out of choice… whatever the sources of uniformity in human behaviour… they are not binding in any absolute sense.”[ii]

Tá idirdhealú soiléir idir eolaíocht sóisialta agus eolaíocht nádúrtha. San eolaíocht sóisialta, ní féidir aon ní absalóideach.

‘Teanga bheo’

Cad is ciall le teanga “a bheith ann”[iii]?

An gciallaíonn sé sin a bheith “beo”?

Agus má chiallaíonn, cad é is ciall le “beo”?

Is é an tuiscint atá ag UNESCO ar theanga atá ‘safe’ ná:

“language is spoken by all generations; intergenerational transmission is uninterrupted”.

De réir na tuisceana sin, ní raibh an Ghaeilge slán le 200 bliana sa chuid is mó d’Éirinn agus le 20-40 bliana anuas, fiú sna Gaeltachtaí is láidre.

Ach is é tuiscint UNESCO, a bheag nó a mhór atá ag an saothar seo ar “theanga bheo” – teanga a úsáidtear mar theanga phobail is a thógtar páistí an phobail sin leis.

Tógann sé sin ceist eile – cad is ciall le pobal is cé chomh dlúth is a chaithfidh sé a bheith chun pobal teanga a bheith ann?

Úsáidtear an Ghaeilge go minic taobh amuigh de chomhthéacs cumarsáide pobail. Tá stádas siombalach aici sa pholaitíocht agus sa spórt, tá ról nach beag aici sa saol cultúir, go háirithe sa cheol.

Aithnítear a ról oidhreachtúil i dtaca le logainmníocht de agus maidir leis an stair de go pointe, agus tá sí mar chaitheamh aimsire ag na mílte.

Pobal na Gaeilge

Is téarma é ‘Pobal na Gaeilge’ a úsáidtear go minic agus tuigeann gach duine an chiall atá leis cé gur deacair é a mhíniú i bhfocail – ach seo iarracht, ‘iad siúd a labhraíonn an Ghaeilge mar rogha-theanga’.

Tá an pobal sin ag dul i laige seachas a mhalairt de réir na fianaise atá ar fáil dúinn sa chuid is mó d’Éirinn.

Tá líon na bpáistí atá á thógáil le Gaeilge an-bheag, maítear go bhfuil sé ag fás taobh amuigh den Ghaeltacht ach ní léir aon fhianaise chrua i dtaca leis an mhaíomh sin.

Ceistíonn saineolaithe áirithe má tá comhthéacs láidir go leor, i. dlúthphobal, in áit ar bith inarbh fhéidir le leanbh an Ghaeilge a shealbhú mar chéad-theanga mar is ceart.

Tá na saineolaithe seo ar aon fhocal, beagnach, ina maíomh nach féidir dul i ngleic leis an mheath sin gan “tearmainn” a chur ar fáil don teanga.

Bás teanga

Bíonn bás teanga ann mar thoradh ar aistriú teanga nuair a theipeann air ‘sheachadadh trasghlúine’, i. nuair nach dtógann daoine a gcuid páistí léi a thuilleadh, nuair nach ndéantar aon chainteoir dúchais nua.

Sa deireadh, faigheann an cainteoir dúchais deiridh bás agus meastar go bhfaigheann an teanga bás dá bharr.

Ní fiú don leabhar seo an t-aistriú teanga stairiúil in Éirinn a phlé – tá sé pléite, idir go cumasach agus go haineolach leis na céadta bliain.

Táthar ann a chreideann gur rud nádúrtha a bhí ann agus gur roghnaigh na Gaeil éirí as an Ghaeilge gan iallach.  

Crann Darach.
Crann darach marbh i gCill Bhrónaigh. Pic le JohnRoss Mac Mathúna.

Bheadh cuid de na daoine sin ag glacadh gur rud maith a bhí ann i ndáiríre, nó ar nós cuma leo faoi, neodrach.

Bheadh dream eile ann a chuirfeadh an milleán ar fad “ar na Sasanaigh” is a mhaíodh nach raibh neart ag na Gaeil air – ach bheadh cuid mhaith acu sin ar nós cuma leo faoi bhás na teanga chomh maith.

An toradh ar an dá dhearcadh sin ná go bhfuiltear ag glacadh nach bhfuil aon neart ar an scéal.

Is é bonn tuisceana an leabhair seo áfach ná gur meascán idir dhúnmharú is fhéinmharú bás teanga.

Fáilte roimh cheartúcháin.

(c) Ciarán Dunbar, 2020.


[i] https://www.teanglann.ie/ga/fb/t%c3%a9arma%c3%adocht

[ii] Bruce (1999).

[iii] Dar le UNESCO, tá Gaeilge na hÉireann “Definitely endangered”, is é sin le rá “children no longer learn the language as mother tongue in the home”, is féidir díospóireacht a bheith ann maidir leis sin ach tá bunús na fírinne ann. Tá an tuairim chéanna ag UNESCO maidir le Gaeilge na hAlban. Dar leis tá Gaeilge Mhanainn “Critically endangered”, is é sin le rá, “[t]he youngest speakers are grandparents and older, and they speak the language partially and infrequently” – míniú nach beacht sa chás seo (http://www.unesco.org/languages-atlas/index.php)

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s