2. Cad is cainteoir dúchais ann?

Agus mé ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge i Rann na Feirste, breis is scór bliain ó shin anois, tháinig an file Gréagóir Ó Dúill chun labhairt linn.

Le linn na cainte sin, rinne sé cur síos ar cad a bhí ann mar chainteoir dúchais Gaeilge, dar leis:

“Duine a tógadh sa Ghaeltacht le Gaeilge is a fuair scolaíocht ag an bunleibhéal agus ag an mheánleibhéal trí mheán na Gaeilge.”

Rith sé liom, fiú ag an am sin, nach mbeadh mórán daoine ann den chineál sin fágtha, agus nach raibh le fada.

Mar a d’admhaigh Ó Dúill, chiallaigh teoiric s’aige nach cainteoir ó dhúchas an file Conallach Cathal Ó Searcaigh.

Sin taobh amháin den speictream sa chás seo – agus ar ndóigh, ní raibh i gceist ag Ó Dúill ach a thuairim féin.

Dar leis an chur síos sin, níorbh chainteoir dúchais í Anna O’Hanlon (Anna Bean Uí Annluain, “considered the last native speaker of Omeath Irish”[i] a fuair bás i 1969:

“Our informant could not converse freely in the language anymore. She had been brought up by an old aunt (Alice Dobbin) who had no English. Mrs O’Hanlon’s mother did not speak Irish to her daughter.”

Agus cuirtear i gcuimhne dom Peter Sloan (Peadar Ó Sluagháin) as Ó Méith, a fuair bás i 1974 “whom Ó Buachalla describes as having good local Irish”[ii]. Tháinig canúint na háite chuige go réidh agus bhí sé líofa inti, níos líofa a bhí sé ná Bean Uí Annluain.

Níor labhair a thuismitheoirí, arbh chainteoirí dúchais iad féin, Gaeilge lena gclann – cé gur chuala Peadar iad ag caint sa teanga.

D’fhoghlaim sé féin an teanga ar scoil (in Ó Méith) agus ó sheandaoine ar an bhaile a théadh sé chucu chun an teanga a fhoghlaim is a bhíodh ag caint Gaeilge eatarthu féin go fóill.

Dún Luiche
Dún Luiche, i nGaeltacht Thír Chonaill. Griangraf le Cailín Ní Ruanaidh.

Mar sin de, d’fhoghlaim sé í ina phobal, ina chomharsanacht féin – arbh chainteoir dúchais é mar sin?

Sin rogha atá le déanamh ag duine, ach beidh an cheist ábhartha níos faide anonn.

Cad é an tuiscint choitianta ar cad is cainteoir dúchais ann?

Native language. A language that people have acquired naturally as children, as opposed to one learned later, e.g. through formal education. By the same token they are native speakers.

Oxford Concise Dictionary of Linguistics

Tá an míniú sin thuas simplí, gonta, agus ní dhéantar sainmhíniú ar cad is ciall le “nádúrtha”.

Dar leis an teangeolaí mór le rá David Crystal, a rugadh i Lios na gCearrbhach, is ionann cainteoir dúchais agus:

            A person whose language is a ‘first language’ or ‘mother tongue’.[iii]

Dar leis is ionann céad theanga agus:

The language first acquired as a child (mother tongue, native language), or preferred in a multilingual situation.[iv]

Ach níl sé chomh simplí sin i gcás na Gaeilge, mar go mothaíonn teangeolaithe go gcaithfidh siad idirdhealú a dhéanamh idir chainteoirí dúchais Gaeltachta agus duine sa tógadh taobh amuigh den Ghaeltacht.

Ar an chéad dul síos, tá cuma mhíchothrom air sin. In amanna glactar, sa saol i gcoitinne, duine Gaeltachta mar chainteoir ó dhúchas cé gur tógadh le Béarla iad, agus mar sin de go nglactar duine Galltachta mar fhoghlaimeoir Gaeilge, cé gur fhoghlaim siad Béarla ar scoil.

Tá catagóiriú déanta ag Conchúr Ó Giollagáin ar an cheist seo[v] (tá cóiriú is simpliú déanta agam ar an téacs):

Cainteoir Dúchais

An gnáththuiscint Ghaeltachta.. duine de bhunadh Gaeltachta a thógtar le Gaeilge i gceantar Gaeltachta.

Sin an gnáththuiscint ar an fhocal taobh amuigh den Ghaeltacht fosta, i mo thaithí féin. Mothaím gur fearr leo siúd a tógadh le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht a rá gur “tógadh le Gaeilge iad” seachas a bheith gafa i ndíospóireacht faoi lipéid.

Cainteoir Athdhúchais

Clann comhchainteoirí Gaeilge a thógtar le Gaeilge nach cainteoirí dúchais iad a dtuismitheoirí.

Ní téarma ‘Cainteoir Athdhúchais’ atá sa chaint. Ardaíonn an téarma an cheist – an bhfuil teanga dúchais ar bith acu siúd atá á thógáil le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht?

Cainteoir Leathdhúchais

Cainteoir a thógtar i gcomhthéacs measctha teanga.

Cuir i gcás:

    • cinneann na tuismitheoirí, ar cainteoirí dúchais Gaeilge iad, Béarla, a labhairt leis an gclann, ach cloiseann an chlann an Ghaeilge sách rialta ó dhaoine eile atá muintireach leo, i measc an phobail, nó go deimhin ó bheith ag éisteacht lena dtuismitheoirí ag labhairt eatarthu féin

    • tógtar an chlann leis an mBéarla i ngeall nach bhfuil duine de na tuismitheoirí inniúil ar an nGaeilge, agus déanann an cainteoir dúchais a c(h)uid iarrachtaí féin an Ghaeilge a labhairt leis an gclann freisin.

“Ach sa dá chás thuas is cainteoirí dúchais Béarla iad na cainteoirí leathdhúchais a shealbhaíonn an Ghaeilge ar bhealach níos coimpléascaí (agus níos achrannaí) nach bhfuil ag brath go hiomlán ar an gcóras scolaíochta nó ar mhodh oibre teagaisc eile mar is gnách leis na comhchainteoirí,” a scríobh Ó Giollagáin.

Arís, níl an téarma seo sa chaint, cé go bhfuil an chiall simplí go leor. Mar sin de, arbh chainteoirí ó dhúchas cuid mhaith de na daoine ar bunaíodh an LASID[vi] orthu, Bean Uí Annluain mar shampla?

Comhchainteoir

Cainteoir Gaeilge a shealbhaigh an teanga lasmuigh den teaghlach.

a) comhchainteoirí ardchumasacha, a bhfuil a gcuid inniúlachta sa teanga ag teacht le cumas cainteora dhúchais a bheag nó a mhór;

b) comhchainteoirí cumasacha, cainteoir inniúil atá in ann é/í féin a chur in iúl go cumasach agus gan stró do chainteoir dúchais

c) comhchainteoirí leathchumasacha, cainteoirí a bhfuil bunlíofacht na teanga sealbhaithe acu, ach go n-airíonn an cainteoir féin, agus an t-éisteoir leis, go bhfuil sé/sí faoi bhrú agus faoi strus ag iarraidh é/í féin a chur in iúl sa teanga shealbhaithe.

Tá teorainn le feidhm lipéid Uí Ghiollagáin ach is córas úsáideach cuimsitheach é, cuimhnigh áfach gur cuireadh le chéile é don Ghaeltacht.

Rachaidh daoine áirithe ina choinne an cur síos seo ar bhonn idé-eolaíochta agus ardaíonn siad cuid ceisteanna maidir le féidearthachtaí teangacha a athbheochan ar chor ar bith.

T2 agus T2 eile

I ndeireadh an lae, is é an chodarsnacht dheiridh, an chath idé-eolaíochta idir athbheochanóirí teanga agus cuid den lucht acadúil ná – an féidir cainteoir T1 a chruthú ó stoc T2 a choíche – fiú tar éis níos mó ná glúin amháin?

Measaim, go mbeadh cuid den aicme acadúil den tuairim nach féidir, fágann an loighic sin nach féidir athbheochan teanga ar bith, agus fiú dá mba rud é gur cuireadh daoine ag caint in athuair – gur teanga difriúil a bheadh ann.

An locht leis an loighic sin ná go meastar gur cainteoirí dúchais Béarla mórán gach duine in Éirinn inniu, cé go síolraíonn an mhórchuid acu as cainteoirí dúchais Gaeilge, an é nach bhfuil T1 ar bith in Éirinn, nó an é gur ceist fhealsúnachta seachas praiticiúil í?

Is é sainmhíniú a ghlactar sa leabhar seo ar chainteoir ó dhúchas ná duine a tógadh le Gaeilge.

Ní hionann sin is a rá nach bhfuil cainteoirí ó dhúchas Gaeltachta ann mar chuid de leanúnachas ar leith – ní féidir neamhaird a dhéanamh ar an traidisiún sin.

Anois agus an Ghaeltacht luaite agam…

Fáilte roimh cheartúcháin.

(c) Ciarán Dunbar, 2020.


[i] Wagner (1969).

[ii] Duibhín (2014) ‘CAINNTEOIRÍ DÚTHCHAIS AGUS FOINSÍ BÉALOIDIS GAEDHILGE AS OIRTHEAR ULADH’.

[iii] Crystal (2003).

[iv] Ibid.

[v] Ó Giollagáin (2002).

[vi] ‘Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects’ – Féach: http://www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/oideasra/lasid/doc/lasid.htm#:~:text=The%20Linguistic%20Atlas%20and%20Survey,of%20selected%20English%20words%20and

 

2 thuairim ar “2. Cad is cainteoir dúchais ann?

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s