3. An Ghaeltacht

Ceist achrannach go leor í sainmhíniú a dhéanamh ar Ghaeltacht chathrach. Beidh mise ag baint úsáid as an téarma le cur síos ar dhlúth-phobal, nua nó sean, ina bhfuil teaghlaigh ina gcónaí i limistéar talún inaitheanta, ina bhfuil an Ghaeilge ina ghnáth-mheán cumarsáide sna teaghlaigh sin agus idir na teaghlaigh, agus ina bhfuil an teanga á cur ar aghaidh ón ghlúin amháin go dtí an chéad ghlúin eile.”[i]

Aodán Mac Póilín

Gaeltán, lonnaíocht, Gaeltacht uirbeach/úr, Gaelphobal, is iomaí teideal a úsáideann daoine chun cur síos ar phobal nó chomharsanacht labhartha Gaeilge úr atá beartaithe nó atá mar aisling acu– chun cur síos ar an rud céanna, a bheag nó a mhór.

In amanna, tugtar ‘Gaeltacht’ ar leithéidí Árd Barra (i nGleann Maghair, Corcaigh), Pobal Feirste (Bóthar Seoighe, Béal Feirste thiar) agus chuala mé an téarma a úsáid ar cheantar Charn Tóchair (Doire theas) fiú.

Oileán Thoraigh
Oileán Thoraigh, áit a mhaireann an Ghaeilge mar theanga an phobail gan briseadh. Griangraf le Lillis Ó Laoire.

Ní dhéanfar amhlaidh sa leabhrán seo. Ní hé go bhfuiltear ag rá nach Gaeltachtaí iad nó nach bhfuil an ceart ag daoine sin a dhéanamh.

Is é an rud atá ann ná nach dóigh liom gur fiú a bheith i mbun díospóireacht ar chiall an fhocail[ii], ar an lipéad.

Glacann daoine áirithe mar mhasla aon rud a thabharfadh le tuiscint gur Gaeltachtaí leithéidí Pobal Feirste – rud atá intuigthe nuair atáthar ag plé le cainteoir dúchais ón Ghaeltacht, tá sé níos deacra an dearcadh sin a thuigbheáil ó dhuine a d’fhoghlaim an teanga.

Cuir i gcás an ráiteas seo ón ghníomhaí pobail agus teanga Donncha Ó hÉallaithe in 2012:

“Cuireann sé olc orm nuair a fheicim lucht na Gaeilge i mBéal Feirste ag iarraidh aitheantas Ghaeltachta a thabhairt d’Iarthar Bhéal Feirste, mar a bhí á éileamh ag Eoghan Ó Néill le gairid… Tá an-mheas agamsa ar Eoghan Ó Néill agus ar na díograiseoirí teanga eile i mBéal Feirste agus in áiteacha eile i dTuaisceart Éireann. Tá fuinneamh agus creideamh agus samhlaíocht acu, mar a bhí ag Conradh na Gaeilge sarar ghlac an IRB seilbh air. Tá ardmheas go deo agam orthu… Ach i gcead dóibh, ná bí ag iarraidh an dual droinne ‘Gaeltacht’ a ghoid uainn sa mhéad den Ghaeltachta atá fanta, ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga pobail go fóill agus ina labhrann daoine Gaeilge mar gurb í a dteanga áitiúil nádúrach í.”[iii]

Is as Tiobraid Árainn ó dúchais é Donncha Ó hÉallaithe ach tá cónaí air in Indreabhán le tuairim is 50 bhliain[iv], is léir go raibh níos mó i gceist lena agóid ná cás reitric amháin:

Níl mórán dóchais agam as todhchaí na Gaeltachta ach ní cabhair ar bith d’ár gcás go       mbeadh díograiseoirí Ghaeilge i mBéal Feirste ag iarraidh na taiséadaí a bhaint den chorpán ar an leaba, agus an Ghaeltacht ag tabhairt na gcor. Is geall le portáin ag ionsaí putógaí éisc iad.[v]

I mo thaithí féin, tá an dearcadh seo, go bhfuil an athbheochan sna cathracha ag glacadh rud éigin óna Gaeltachtaí, ag déanamh a bheag de, ag déanamh dochar dó nó ag déanamh a bheag de, coitianta go leor i measc iad siúd a mhothaíonn gur ceart go mbeadh cúis na Gaeltachta mar thosaíocht do gach Gaeilgeoir, beag beann ar cá háit arbh as iad féin. Mar sin féin, níor chuala mé ach uair amháin uair é ó chainteoir dúchais Gaeltachta.

Mar sin de, is féidir a fheiceáil go n-éiríonn daoine an-tógtha maidir leis an fhocal ‘Gaeltacht’ agus feicfear níos mó den phaisean sin níos faide anonn sa leabhar seo.

Bainim úsáid as an fhocal ‘Gaelphobal’ sa leabhar seo, níl ann ach rogha pearsanta – ach ardaíonn sin ceist eile, cad is pobal ann?

Comharsanacht vs Pobal Sainleasa

Tá teangeolaithe aontaithe a bheag nó a mhór faoi rud amháin– tá pobal de dhíth ar theanga chun seachadadh idirghlúine a éascú, chun a bheith beo – ach cad is pobal teanga?

An gcaithfidh comharsanacht nó dlúthphobal a bheith ann, nó an ndéanfaidh gréasán de chainteoirí scaipthe cúis?

Chun an scéal a dhéanamh róshimplí, feicfear go mbeidh na teangeolaithe ag rá gur comharsanacht atá de dhíth – ach beidh cuid Gaeilgeoirí ag maíomh gur leor pobal scaipthe sainleasa, ‘Pobal na Gaeilge’.

Bóthar Seoighe
Tithe Gaelacha Phobal Feirste, Bóthar Seoighe. Is comharsanacht lán-Gaeilge é. Pic le Clann Mhic Sheáin.

An é go n-aontaíonn Gaeilgeoirí áirithe le loighic na saineolaithe ar an cheist ach go bhfuil a gcuid réasún ag lúbadh faoi ualach na ndeacrachtaí?

An gcaithfidh pobal scaipthe cúis a dhéanamh mar go gcaithfidh sé cúis a dhéanamh agus nár mhaith le daoine dul níos faide na sin?

An féidir nach bhfeiceann na saineolaithe luach theangeolaíochta an ghréasáin ar chúis éigin?

Is é crux an scéil mar sin ná, cad é is tábhachtaí, comharsanacht nó pobal sainleasa maidir le teanga?

Nó an féidir maireachtáil mar phobal sainleasa gan comharsanacht – nó i gcomharsanacht gan sainleas?

Don teangeolaí an tOllamh Joshua Fishman, ‘athair na pleanála teanga’ más maith leat, tá dlúthbhaint idir cheithre ghé le beatha teanga: an baile, an teach, an comharsanacht agus an pobal[vi].

Fáilte roimh cheartúcháin.

(c) Ciarán Dunbar, 2020.

 

[i] Mac Póilín (2007).

[ii] Ibid.

[iii] Ó hÉallaithe (2012).

[iv]  Sílim go bhfuil mé ar thalamh slán má deirim gurb é an Ghaeltacht bun agus barr na Gaeilge i ndearcadh Dhonncha Uí Éallaithe, cuir i gcás an ráiteas seo ó 2005 a théann chuig croí chuid mhaith de na ceisteanna a pléitear sa leabhar seo: “Braithim go láidir nach fiú a bheith ag cur ama amú ag iarraidh Gaeilge a chur chun cinn in áit a bhfuil sí imithe i léig. Muna mbeadh cónaí orm i gConamara, ní shamhlóinn go mbeadh aon bhaint ar chor ar bith agam le cúrsaí Gaeilge. Cinnte, agus cuireann sé seo as do lucht na Gaeilge, ní dhéarfainn gur trí Ghaeilge a bheinn ag tógáil clainne dá mbeinn thíos i gCluain Mealla, mar bheadh sé mínádúrtha agam clann a thógáil le Gaeilge i mo bhaile dúchais.” – http://www.beo.ie/alt-donncha-o-heallaithe.aspx

[v] Ó hÉallaithe (2012).

[vi] Mar a thug sé féin air: “the home-family-neighborhood-community nexus of intergenerational mother tongue transmission” (Fishman 1991).

Aon tuairim amháin ar “3. An Ghaeltacht

Freagra