“The concern that runs throughout the debates [on revived Cornish] is authenticity, an approach that has its roots in the perceived need to justify the revival itself. The clear break in transmission had left the revived language open to accusations of linguistic engineering, invention, and artificiality, particularly from academics. As a result, proving authenticity became something of an obsession, and each version proposed addressed the issue in its own terms… but it is true to say that the divisions were, and are, as much emotional and philosophical as linguistic.[i]”
Jenefer Lowe
Bíonn ceist mhór ann i dtólamh faoi bharántúlacht[ii] (authenticity) chaint na nua-chainteoirí, agus a gclann dá réir, in aon dhíoscúrsa faoi athbheochan teanga.
In amanna, baintear úsáid as chun neamhaird nó a bheag a dhéanamh d’iarracht athbheochana, nó chun a bhaint as fiúntas chainteoirí na teanga fiú.
Déantar corr-thagairt do nádúr na Gaeilge sa leabhar seo nuair a mhothaím gur ábhartha é, ach ní haon staidéar teangeolaíochta é seo, aon tagairt a dhéanfas mé, de réir mo chluaise féin a bheas sé, de réir mo chlaontaí féin – “as much emotional and philosophical as linguistic”.

Is féidir go n-úsáidfear ‘laigeachtaí’ meabhairbhraite a úsáid chun neamhaird a dhéanamh ar phobail / gréasáin teanga, nó iad a ionsaí fiú.
Is é fuaimniú na Gaeilge an dúshlán is mó do lucht foghlamtha, cuir i gcás. Tá córas fuaimnithe na Gaeilge casta, tá i bhfad níos fuaimeanna aici ná mar atá ag an Bhéarla. Is beag foghlaimeoir a éiríonn leo máistreacht iomlán a fháil orthu ar fad, is iomaí foghlaimeoir a úsáideann córas laghdaithe agus iad ag caint i nGaeilge, ag baint úsáid as na fuaimeanna Béarla is cosúla leis an Ghaeilge. In amanna, úsáidtear an cleachtas seo chun beag is fiú a dhéanamh d’iarrachtaí athbheochana.
Ní féidir a sheachaint agus is fachtóir i scéal athneartú teanga ar bith:
“Authenticity is problematic for language revival movements because, depending on how authenticity is defined, the ideology may frustrate efforts to integrate new speakers of the threatened language.”[iii]
Timothy Currie Armstrong.
Is teangeolaí Meiriceánach í an tOllamh Nancy Dorian a bhfuil aithne uirthi i saol na Gaeilge mar gheall ar an staidéar a rinne sí ar chanúint Chataibh an Ear in Albain agus ar bhás na canúna céanna, meastar gur saineolaí í ar bhás teangacha.
D’aithin sí an chodarsnacht atá ann i gcás na Gaeilge, idir iad siúd a leagann béim ar chaomhnú Gaeilge na Gaeltachta agus iad siúd atá ar son athbheochan na teanga ar bhonn níos leithne, agus cé chomh tromchúiseach agus is féidir leis sin a bheith:
“Puristic attitudes operate in two different directions in the Irish case. One set of conservative attitudes exists in the tiny remaining heartlands of the Irish language, consisting mainly of several non-contiguous extreme-western pockets of Donegal, Mayo, and Kerry; the other exists in the positions taken by the standardizers who were responsible for arriving at a normalized Irish suitable for country-wide use in textbooks, official documents etc. The two seem irreconcilable.”[iv]
I gCúige Uladh an lae inniu, tá an scéal níos casta ná mar a thuigtear – ar cheart do nua-chainteoirí cloí leis an chaighdeán oifigiúil (tá sé ráite ag tuismitheoirí áirithe liom go ndéanann siad amhlaidh), le caint na Gaeltachta is cóngaraí (más acmhainn don duine am a chaitheamh ann) nó na sean-chanúintí a bhíodh ina gceantair féin a athbheochan fiú?
Seachas an staidéar a rinne Gabrielle Maguire ar Ghaeilge dara ghlúin Phobal Feirste, is beag staidéar a rinneadh ar chaint nua-chainteoirí Chúige Uladh.
Is tábhachtach cur i gcuimhne, daoine a rinne staidéar ar an Ghaeilge mar dhaoine fásta, bhí rogha éigin acu maidir lena gcaint féin agus an cineál Gaeilge a d’fhoghlaim siad, ach ní bhíonn an rogha céanna ag daoine maidir leis an Ghaeilge a tugadh dóibh sa teach, sa scoil nó sa phobal.
Bíonn speictream ann i dtaca leis a dóigh a úsáidtear teanga athbheochana, suíonn cainteoirí ar an speictream sin ag pointe éigin ceaptha ag nádúr an duine, ag a gcumas réasúin agus ag cúinsí seachtracha.
Is é mo chás ná go n-imreoidh an dearcadh atá ag duine i dtaca le barántúlacht de an-tionchar ar gach seasamh atá againn ar an teanga, tá an tuairim sin bunaithe ar mo thaithí saoil agus oibre.
‘Cainteoirí uirbeacha’
Gach seans go mbeadh an cainteoirí uirbeacha áirithe i mbun athbheochana fiú dá mba rud é go bhfuair an cainteoir dúchais deiridh bás cheana (ar nós athbheochan na Gaeilge in Oileán Mhanainn), gach seans nach féidir leis an fhor-íonaí sin aontú le haon athbheochan ar bith, fios maith aige nach féidir caint ghlan na Gaeltachta a athchruthú arís.
Cuir i gcás an scríbhneoir clúiteach Gaeilge as Rann na Feirste, Séamus Ó Grianna. Dhiúltaigh sé Gaeilge a labhairt le foghlaimeoirí na teanga, fiú nuair a bhí Gaeilge mhaith acu, daoine ar nós a chara féin, an scríbhneoir Séamus Ó Néill as Contae an Dúin.
Léirigh sé tuairim nach dtiocfadh le múinteoir Bhaile Átha Cliath Gaeilge a fhoghlaim mar gheall ar a mblas agus bhí sé gníomhach sa ‘Language Freedom Movement’, gluaiseacht a d’éirigh leis deireadh a chur le hathbheochan na Gaeilge mar aidhm an stáit, go héifeachtach[v].
Ar an lámh eile, bhí a chomh-scríbhneoir agus chomh-chainteoir dúchais, Máirtín Ó Cadhain ar son athbheochan sa ‘Ghalltacht’, i mBaile Átha Cliath mar shampla, tá cuma ar an scéal gur ghlac sé go gciallódh sé sin go mbeadh athraithe áirithe i ndán don teanga sa chomhthéacs sin ach go raibh sé toilteanach sin a ghlacadh:
“If the people wanted the language or were made to want it – which need be only compulsive rather than compulsory – the language could take roots in fifteen or thirty years. You could have in the Galltacht, if not study book, if not Lebor Gabala, at least real Gaelic communities, juvenile delinquency, Beatles, shebeens and all. There must be one big community in Dublin. It is a challenge. Are we worthy to take it up? If we had flourishing communities such as I say throughout Ireland, and especially in the big urban areas, the Gaeltacht itself – the historical Gaeltacht – would no longer be anything except one other Irish-speaking community.”[vi]
Fáilte roimh cheartúcháin.
(c) Ciarán Dunbar, 2020.
[i] Lowe (2018).
[ii] Is é barántúlacht teanga an téarma a úsáidtear chun ‘language authenticity’ a aistriú go Gaeilge. Is é an rud atá i gceist aige chomh fada is a bhaineann sé le hábhar an leabhair seo ná cé chomh cosúil is atá Gaeilge an fhoghlaimeoirí (agus a gclann) leis an Ghaeilge traidisiúnta (i. Gaeilge an chainteora dúchais atá thar 60 bliana d’aois). Ach cé a dhéanann an measúnú sin, conas agus cén fáth? Is ceist chasta é, seans go bhfuil téarmaí níos fearr chun ‘authenticity’ a aistriú sa chás seo cosúil le dlisteanacht, údaracht, nó fírinneacht fiú, ach braitheann sé ar do chlaontaí féin.
[iii] Armstrong (2018).
[iv] Dorian (1994).
[v] Féach Rowland (2018)
[vi] Ó Cadhain (1964).
2 thuairim ar “5. Barántúlacht”