6. Éadóchas

Níl sráid, céide, corrán, ascaill ná scéim tithe atá Gaelach ná leath-Ghaelach”[i]

Máirtín Ó Cadhain.

Taobh amuigh de Phobal Feirste i mBéal Feirste agus Árd Barra i nGleann Maghair, is fíor an ráiteas sin thuas ó Mháirtín Ó Cadhain go fóill – tar éis 125 d’Athbheochan na Gaeilge.

Theip ar na scórtha iarrachtaí eile leithéid Bóthar Seoighe a dhéanamh. Níor thiontaigh oiread is bóithrín ar ais ar an Ghaeilge tar éis an teanga a chailleadh[ii].

D’ainneoin go bhfuil fios ar an teanga ag go leor leor daoine, a bhuíoch do chóras oideachais an deiscirt go príomha, ní bhaineann ach mionlach beag úsáid aisti go laethúil, gan trácht ar í a sheachadadh chuig an chéad ghlúin eile mar chéad theanga[iii].

Bás

Ní dóigh liom gur féidir le duine réasúnta, ag amharc ar stádas na Gaeilge in Albain nó in Éirinn, teacht chuig aon chonclúid eile ach go bhfuil an bás i ndán di – mar theanga phobal agus mar chéad theanga ar a laghad[iv] [v].

Tá “croíphobal” na teanga “ag imeacht go tréan”[vi] a scríobh An tOllamh Conchúr Ó Giollagáin agus an Dr Brian Ó Curnáin, dís den príomh-shochtheangeolaithe i saol na Gaeilge, go háirithe ó thaobh na Gaeltachta de.

Ag scríobh dóibh i 2016, bhí siad den tuairim nach mbeadh Gaeilge á labhairt mar theanga phobail in aon Ghaeltacht faoi cheann deich mbliana.

“Is baolach… gurb é seo an deis dheiridh ar aon athbhreithniú Gaeltachta i ngeall ar an scáinte is a chróilí atá na nósmhaireachta seachadta Gaeilge sa Ghaeltacht,”[vii] an conclúid a bhí acu.

Tráigh Com Dhíneol i gCorca Dhuibhne, cheantar Gaeltachta.
Tráigh Com Dhíneol i gCorca Dhuibhne, cheantar Gaeltachta. Griangraf le hAisling Ní Fhuaráin.

“Is ionann dul i léig na hacmhainne seo agus réamhfhógra ar bhás na Gaeltachta mar phobal sainiúil Gaeilge,” a mheas an dís.

Tá siad den tuairim go bhfuil ag teip ar sheachadadh na Gaeilge mar chéad teanga mar thoradh ar mheath na Gaeltachta agus mar sin “go bhfuil na Gaeil ag cailleadh na hacmhainne atá acu le glúin eile cainteoirí cumasacha Gaeilge a ghiniúint”[viii].

Stádas

Seo spléachadh ar stádas na Gaeilge i saol na linne seo in Éirinn:

  • Tógann cainteoirí na Gaeilge a gcuid páistí le Béarla amháin gan ach corr-eisceacht anonn is abhus.
  • Tá meath uirthi sna Gaeltachtaí i rith an ama[ix] (mar atá daoine óga ag éirí as labhairt na teanga agus tá an mhórchuid ag tógáil a gcuid páistí gan Gaeilge nó i gcomhthéacs dhátheangacha a thugann an bua don Bhéarla[x]).
  • Tá go leor den Ghaeilge atá á labhairt go fóill faoi thionchar ollmhór ag an Bhéarla[xi].
  • Níl ach ceart teanga amháin ann go daingean in Éirinn, thuaidh nó theas, i ndáiríre – gan Gaeilge a labhairt agus Béarla a labhairt i gcónaí, d’ainneoin na reachtaíochta a thugann stádas oifigiúil don teanga i bPoblacht na hÉireann[xii].
  • Tá cur in aghaidh láidir na teanga in Éirinn go háirithe sna meáin, seasamh i gcoinne chearta teanga atá ann go príomhá, ach ní doiligh cur in éadan i gcoinne gach ghné de shaol na Gaeilge a aimsiú ach oiread. Is annamh a bhíonn ‘díospóireachtaí’ ar an teanga sna meáin gan ‘Peig’[xiii] a lua agus is gnáthrud go gcuirfeadh láithreoir meáin a f(h)uath féin don teanga in iúl don éisteoir gach a bheith buartha faoi chuma neamhchlaontach a chur orthu féin.
  • Is féidir ‘terrorist’, ‘nazi’, ‘gestapo’ agus fiú tógáil páistí an Ghaeilge a cheangail le drochíde gnéis sna meáin chumarsáide príomh-shrutha gan fhadhb[xiv] – is deacair a shamhlú nach gcuirfeadh sé sin isteach ar sheachadadh trasghlúine.
  • Níl mórán tacaíocht di san acadúlacht ach oiread[xv].
  • Tá stádas na teanga sa chóras stáit agus oideachais á chreimeadh i gcónaí i bPoblacht na hÉireann, le tacaíocht na meán, thiocfadh dó sleamhnú ar shiúil go sciobtha agus go furasta[xvi].
  • Níl an Ghaeilge ‘riachtanach’ mar chuid d’fhéiniúlacht Éireannach sa dóigh chéanna is a bheadh, abair an Fhraincis do Fhrancach nó an Spáinnis do Spáinneach, mar sin de, is coitianta go gcuirtear ceist má tá feidhm ar bith léi[xvii]

Ar an lámh eile, dhéanfadh daoine argóint, de ghnáth iad nach bhfuil ba acu don teanga go bhfuil sí á brú orthu sna scoileanna agus ar chomharthaí bóithre agus nach gá agus nach ceart go mbeadh stádas ar bith aici mar theanga nó cearta teanga ag a cuid cainteoirí – atá dhátheangach leis an Bhéarla anois cibé ar bith, gan ach corr-eisceacht.

Is furasta a thuiscint cén fáth a mbíonn Gaeilgeoirí in íseal brí – is i gcomhthéacs an chúlra seo a dhéantar cinneadh Gaeilge a labhairt nó gan í a labhairt le clann.

Tá sár-obair déanta ag lucht na Gaeilge, sa ghaelscolaíocht ach go háirithe, ach tá ceo an chogaidh dár ndalladh go minic. Tá uainn an dea-scéal fá fhás na Gaeilge ach tá uainn an fhírinne fán chogadh fada atá roimh an Ghaeilge mar theanga.

Seán ‘John Boy’ Ó Muireagáin

Mar a dúirt Aodán Mac Póilín liom tráth: “Is fanaiceach aon duine atá ag caint Gaeilge anois”.

Mar sin féin, dúirt an fear céanna liom, “duine ar bith atá ag caint Gaeilge anois, roghnaigh siad an Ghaeilge a labhairt, ní de bhrí go bhfuil orthu í a labhairt”[xviii].

Ceann de na ráitis is gonta agus is léargasaí dár léigh mé maidir le staid reatha na teanga, tháinig sé ó scríbhneoir Feirsteach Seán Ó Muireagáin ar Twitter:

“Tá sár-obair déanta ag lucht na Gaeilge, sa ghaelscolaíocht ach go háirithe, ach tá ceo an chogaidh dár ndalladh go minic. Tá uainn an dea-scéal fá fhás na Gaeilge ach tá uainn an fhírinne fán chogadh fada atá roimh an Ghaeilge mar theanga.”


[i] Tháinig an ráiteas seo chugam tríd Séamus Mac Seáin – ar ndóigh, tá dhá shráid Ghaelach cruthaithe acusan, agus go leor leor eile lena chois.

[ii] Deirtear liom gur tháinig an Ghaeilge ar ais mar theanga an phobail arís in Inis Oírr, ní féidir liom sin a dhearbhú áfach.

[iii] Is suimiúil an tuairim seo ó Ó Laoire (1999) ar an difear idir an Ghaeilge i scoileanna na hÉireann agus taithí na hEabhraise in Iosrael: “Murab ionann agus an Eabhrais, i gcás na Gaeilge níor cruthaíodh aon cheangal teanga idir an scoil agus an baile. Cé gur tugadh faoin gcineál pleanála céanna sna réimsí difriúla, bhí níos lú tionchair ag an bpleanáil i gcás na Gaeilge, coisc nach raibh bá an phobail léi. Ba ar éigean a theagmhaigh idé-eolaíocht na hathbheochana le saol an ghnáth-theaghlaigh: a mhalairt a bhí fíor i gcás na hEabhraise  –  bhí bá agus tacaíocht an phobail laistiar di.”

[iv] Tá sé rí-thábhachtach a chur in iúl áfach, cé go n-aithníonn gach duine gan eisceacht go bhfuil baol ollmhór ann don Ghaeilge sa Ghaeltacht, ná nach n-aontaíonn mórán daoine de mo lucht aitheantais leis an dearcadh duairc seo – go háirithe i mBéal Feirste.

[v] Seans go bhfuil an scéal beagán níos duairce in Albain anois ná mar atá in Éirinn: “All adult speakers of Gaelic are fully bilingual in English, and even in the heartland of the language, the Western Isles of Scotland, Gaelic has all but ceased to function as a language of daily community use…” Armstrong (2014).

[vi] Ó Giollagáin, C., & Ó Curnáin, B. (2016).

[vii] Ibid.

[viii] Ó Giollagáin, C., & Ó Curnáin, B. (2016).

[ix] Féach Ó Giollagáin (2015).

[x] Féach Lenoach, C., Ó Giollagáin, C. agus Ó Curnáin (2012).

[xi] Féach Lenoach. Ó Curnáin, Ó Giollagáin (2012).

[xii] Féach, cuir i gcás, https://tuairisc.ie/an-coimisineir-teanga-chun-eiri-as-monatoireacht-a-dheanamh-ar-sceimeanna-teanga-mar-gur-cur-amu-acmhainni-e/, agus https://tuairisc.ie/dochar-as-cuimse-deanta-danam-na-tire-ag-neamhshuim-an-stait-sa-ghaeilge-breitheamh-sinsearach/ agus https://tuairisc.ie/amhras-ar-ghearoid-denvir-faoi-thiomantas-an-stait-don-ghaeilge-agus-don-ghaeltacht/. Seo tuairim Mac Síomóin, “electing to be being lrish-speaking in a country whose almost sole medium of communication is English and in which the rights of users of the State’s first official language are often denied, comes with a price. It is to doom oneself all too often to perpetual frustration. The reality is that Irish-speakers, who insist on their constitutional right to deal through Irish with the State apparatus, for example, are all too often regarded as cranks second-class citizens and just a plain bloody nuisance.”

[xiii] https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=676

[xiv] Féach, cuir i gcás, Ó Broin (2018): http://www.broadsheet.ie/2018/06/18/elite-peasants-and-the-weird-world-of-gaeilgephobia/ 

[xv] Féach tuairim Fishman (1991) ar an acadúlacht agus mionteangacha: “It is hard for self-serving mainstream intellectual spokesmen and institutions to be sympathetic to the lingering, cantankerous, neither fully alive nor fully dead quality of many (perhaps most) efforts on behalf of receding minority languages (and the majority of sidestream scholars too are ultimately dependent on the mainstream for their perspectives, if not for their very livelihoods).

[xvi] Féach, cuir i gcás: https://tuairisc.ie/cumhacht-bhreise-a-lorg-ag-an-gcoimisineir-teanga/

[xvii] Féach, mar shampla, Ó Curnáin (2009): “The Gaels are a bicultural ethnic group; they are ‘at home’ in the minority (Gaelic) culture and in the majority (Irish) culture” agus “Gaelic culture is technically an optional addition to Irish culture framed in the English language, the possession of which is perceived to be obligatory”.

[xviii] Comhrá pearsanta.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s