“Faraor, tá an ceangal idir Gaeilge a bheith ag daoine agus na daoine sin a bheith ag tógáil a bpáistí le Gaeilge níos laige ná mar ba mhaith linn. Roinnt de na Gaeil is Gaelaí dá bhfuil ann – de réir gach cosúlacht eile – níor thóg siad a bpáistí féin le Gaeilge, ina measc scríbhneoirí Gaeilge mór le rá, scoláirí Gaeilge, craoltóirí Gaeilge, iriseoirí Gaeilge, daoine atá ag tuilleamh a slí bheatha ón nGaeilge, daoine mór le rá a bhíonn ag freastal ar Oireachtas na Gaeilge srl. Tá an feiniméan seo ar cheann de na driseacha cosáin is mó roimh fhás na Gaeilge mar theanga dhúchais. Má ligeann muid orainn nach ann don fhadhb, ní féidir linn dul i ngleic léi.”[i]
Fachtna Ó Drisceoil
Cad chuige a thógann Gaeilgeoirí, sa Ghaeltacht agus san iar-Ghaeltacht, a gcuid páistí le Béarla?
Sin ceann de na ceisteanna a rinne mé iarracht a fhiosrú le linn mo thréimhse mar iriseoir agus do leabhar seo mar téann an t-ábhar go heithne cheist na Gaeilge.
“Ceist ró-phearsanta,” é a dúradh liom go minic, dúirt duine amháin liom gur mhothaigh sí “gonta” go mbeadh iriseoir ag cur a leithéid de cheist ar chor ar bith.
“Masla” a dúirt duine eile, “breithiúnas” a thug neach eile le fios.

Mar sin féin, ní dhéanann aon duine iarracht torthaí an daonáirimh, anailís na dteangeolaithe nó scéalta na n-iriseoirí a bhréagadh le fianaise.
Cé gur minic a rinne mé iarracht, is gann na freagraí a fuair mé riamh ar an cheist seo. Is tabú é an t-ábhar é i saol na Gaeilge, mar a dúirt Fachtna Ó Drisceoil tráth.
Is minic an cheist á plé ag teaghlaigh Gaelacha eatarthu féin, ag teacht aníos le teoiricí agus cúiseanna samhalta.
Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Niall Comer, rud éigin thar a bheith ciallmhar liom ar Facebook:
“Maidir le Gaeil nach dtógann a gcuid páistí le Gaeilge b’fhearr i bhfad an cheist a chur orthu féin go díreach- iadsan is fearr a thabharfaidh freagra- ní bheadh i gceist leis an cuid eile againn ach tuairimíocht nach bhfuil aon bhunús againn léi.”[ii]
Chuaigh mé i mbun taighde in athuair ar an cheist don leabhar seo ach caithfidh mé a thuairisciú gur chlis orm mórán dul chun cinn a dhéanamh, tá an tabú sin ró-láidir.
Is ceist í a bhfuil cinneadh déanta againn gan a phlé títear dom, déantar neamhaird ar an cheist go sóisialta agus is annamh a luaitear é fiú ag cruinnithe a reáchtáiltear ar cheist na Gaeilge.
Uime sin, ní thig liom ach tuairimíocht a chur i láthair anseo, bailithe den chuid is mó ó dhaoine atá ag tógáil clann le Gaeilge nó a thóg cheana.
Tá corr-scéal anseo a chuala mé ó dhaoine eile le himeacht na mblianta leis. Sna cásanna sin, ní thuairisceoidh mé ach scéalta a chuala mé ó dhaoine go díreach, ní scéalta scéil.
Rud amháin a bhfuil mé chóir a bheith cinnte de ná nach féidir a thuar cé a thógfas clann le Gaeilge – nó cé nach ndéanfaidh amhlaidh[iii].
Casadh orm cainteoirí dúchais i gcroí-lár na Gaeltachta a labhraíonn Béarla amháin lena gcuid páistí agus tá aithne agam ar dhaoine san iar-Ghaeltacht a d’fhoghlaim an teanga díreach chun í a labhairt le páiste, bunús na foghlamtha déanta agus an leanbh sa bhroinn.
Bíodh sé sin mar atá, tuairiscítear in amanna go bhfuil tréithe ar leith ann le fáil iontu siúd a thóg clann le Gaeilge mar a léifear thíos.
[i] Ó Drisceoil (2018).
[ii] Comhrá sa ghrúpa Facebook, Gaeilge Amháin.
[iii] Mar sin féin, i suirbhé a rinneadh do Ó Broin (2012), “Bhí fostaíocht i réimse na Gaeilge (eagraíochtaí Gaeilge/Gaeltachta, gaelscoileanna, etc.) coitianta i measc na dtuisimitheoirí freisin – i gcás 70% de na teaghlaigh bhí tuismitheoir amháin, nó an bheirt tuismitheoirí, san earnáil sin” (Nic Giolla Phádraig / Watson).