9. ‘The Black Fact’

People were just stirring; the donkeys were being loaded with the bardogs, and the children were driving out the cows. Everywhere the Black Fact confronted us. Every mother was an Irish speaker, but not a single word could be heard but English. Somehow, the people of Omeath have mostly the idea that, to speak Irish and English, they would need two heads…[i]

Nuair a d’fhoilsigh Meon Eile figiúirí de chuid Roinn Oideachais Thuaisceart Éireann ag deireadh mhí na Samhna 2018 chuir sé splanc le díospóireacht fá thodhchaí na teanga[ii].

San alt sin[iii], léiríodh go raibh meath suntasach tagtha ar an Ghaeilge mar theanga theaghlaigh ó thuaidh, de réir figiúirí de chuid na Roinne Oideachais.

Sliocht as tuairisc Choimisiún na Gaeilge 1925
Sliocht as tuairisc Choimisiún na Gaeilge 1925

Dar leis na figiúirí sin bhí an Ghaeilge mar theanga an tí ag 481 pháiste bunscoile agus meánscoile i dTuaisceart na hÉireann in 2017-18.

Everywhere the Black Fact confronted us. Every mother was an Irish speaker, but not a single word could be heard but English.

Sin beagnach leath an mhéid a bhí ann cúig bliana roimhe sin nuair a cláraíodh 821 dhalta a raibh an Ghaeilge mar theanga theaghlaigh acu.

Foilsíodh an t-eolas in éineacht le haisfhreagra ó na heagraíochtaí Gaeilge – bhí siad ar fad in amhras fá chruinnis na bhfigiúirí.

Ní féidir liom féin easaontú le hoiread is focal a scríobh Fachtna Ó Drisceoil ina bhreithiúnas féin ar an alt céanna áfach:

“Ní chreidim go raibh laghdú 50% in imeacht cúig bliana ar líon na bpáistí a bhfuil an Ghaeilge mar theanga theaghlaigh acu i dTuaisceart na hÉireann. Ach tá amhras orm freisin faoi cé chomh hard is atá na figiúirí oifigiúla i gcás roinnt scoileanna i dTuaisceart Éireann. Mar shampla, tá amhras orm go bhfuil 73 dalta arb í an Ghaeilge teanga an teaghlaigh acu ag freastal ar Scoil Chlochar Naomh Iosaef i nDomhnach Mór, scoil Bhéarla ina bhfuil aonad Gaeilge i mbaile beag i gCo Thír Eoghain. Agus tá amhras orm faoi roinnt de na ráitis starógacha a dhéantar faoi staid na Gaeilge mar theanga theaghlaigh i measc phobal Thuaisceart na hÉireann.”

Tá sé inchreidte go mbeadh titim ann ach ní dócha gur thit sé chomh tubaisteach sin. Déanta na fírinne, chuaigh mé sa tóir ar na figiúirí mar bhí leath-bharúil agam go mbeadh titim ann.

Mura bhfuil an figiúir don bhliain anuraidh cruinn (481), cén dóigh  gur féidir go raibh an figiúr do 2013/14 (821 cruinn)?

Rud atá cinnte, cé go bhfuil ardú suntasach ann maidir le líon na bpáistí atá á dtógáil le Gaeilge ó bhí na 1950í ann, nuair a bhí seachtar theaghlach Gaelacha i mBéal Feirste go bhfios dúinn, tá an líon sách íseal i dtólamh.

“Éist, ní thuigim cén fáth a mbíonn daoine, a bhfuil scoith na Gaeilge acu, ag caint Béarla amháin lena gcuid páistí – bíonn Gaeilge níos fearr ag cuid acu ná mar a bhíonn agam féin.”

Ar ndóigh, táthar ag caint ar ‘theanga tí’ – glacaim go gciallaíonn sé sin go mbeadh Gaeilge ag an dá thuismitheoir, iad beirt ag caint i nGaeilge amháin agus na páistí aonteangach sa Ghaeilge tráth dá bharr.

Is é sin an tuiscint a bhí ag an Roinn Oideachais gan amhras, mar ní mar gheall ar an Ghaeilge a bailítear na staitisticí seo, ach ar mhaithe le heolas a bhailiú maidir le páistí nach mbeadh acu ach teangacha eachtrannacha agus iad in aois na scoile chun gur féidir cabhrú leo an Béarla a shealbhú.

Teanga an tí?

Cuireadh cor isteach sa scéal nuair a rinneadh trácht ar dhátheangachas agus sin á chur i gcomparáid le Gaeilge mar theanga an tí.

Níor mhaígh aon duine a labhair mise leo go raibh líon na bpáistí á thógáil le Gaeilge mórán níos airde ná mar a léirigh na figiúirí oifigiúla áfach– nó go bhfuil sé ag ardú go suntasach ach an oiread.

Dúirt Gaeilgeoir mór le rá liom fiú, go mbeadh an-iontas air dá mbeadh 481 páistí ó thuaidh a bhfuil Gaeilge mar chéad theanga acu.

Réalaíochas

Dúirt an duine seo, agus dúirt daoine eile liom féin é fosta, gur réalaí labhairt i dtéarmaí “dhátheangachais” agus Gaeilge mar theanga tí ó thuaidh a phlé.

Arís is arís eile, maíodh dom go bhfuil fás mór ar an chleachtas seo faoi láthair agus gurb é sin an áit a bhfuil an dóchas le fáil, go háirithe in iarthar Bhéal Feirste.

Níl aon fhianaise neamhspleách ann a dhearbhaíonn sin ach tá aithreacha cloiste agam a bheith ag labhairt na Gaeilge lena gcuid páistí sa Chultúrlann, cuir i gcás, cé go raibh máthair na bpáistí ag caint leo i mBéarla.

An baol atá le dhátheangachas, is é sin tuismitheoir amháin ag meascadh na dteangacha a labhraíonn siad lena c(h)lann, ná go sleamhnaíonn sin i dtreo aonteangachas Béarla go tapa.

As an taifead, dúirt ceannaire i ngluaiseacht na Gaeilge ó thuaidh liom:

“Éist, ní thuigim cén fáth a mbíonn daoine, a bhfuil scoith na Gaeilge acu, ag caint Béarla amháin lena gcuid páistí – bíonn Gaeilge níos fearr ag cuid acu ná mar a bhíonn agam féin.”

Is suimiúil an pointe é, mar sin de, cén fáth?


[i] http://www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/daoine/ceallaigh.htm#fn8

[ii] Tá an sliocht seo bunaithe ar alt a foilsíodh ar ‘Meon Eile’ 29 Feabhra 2019: ‘Teanga an tí: “Bhí an ‘Fíoras Dubh’ inár n-aghaidh gach uile áit”’            https://www.meoneile.ie/anailis/bhi-an-fioras-dubh-inar-n-aghaidh-gach-uile-ait?fbclid=IwAR3hIWoMK7E4K5JPsFPJFU6T0REfTjsgULEqHOY-LqmJat3AZlfUh_R9t6U

[iii] Féach: Titim ar líon na ndaltaí scoile ó thuaidh a bhfuil an Ghaeilge mar theanga an tí acu https://www.meoneile.ie/anailis/eisiach-titim-ar-an-ghaeilge-mar-theanga-an-ti-o-thuaidh

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s