13. Ag streachailt leis an tsaol

An saol

Dúirt bean liom uair amháin maidir lena rogha scoile dá cuid páistí, “an rud atá ann ná, bhí an scoil Béarla díreach in aice le teach mo thuismitheoirí,” cé nár chuir mé aon cheist uirthi i dtaca lena cinneadh.

Cluintear in amanna rudaí cosúil leis sin maidir le ceist thógáil páistí le Gaeilge, “bhí Béarla amháin ag na gogamáin”, “ní raibh ann ach naíonra Béarla”, “bhí uirthi fanacht le mo mháthair le linn an lae”.

Is riarthóir í Orlaith Ruiséal ar an scéim Tús Maith i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, tá sí sáite le cúrsaí Gaeilge ann agus iarrachtaí daoine a mhealladh i dtreo leanúint ar aghaidh ag tógáil páistí le Gaeilge ann.

An é go gcuireann an saol agus an brú atá ar dhaoine isteach ar iarrachtaí páistí a thógáil le Gaeilge? Griangraf le Lucian Petronel
An é go gcuireann an saol agus an brú atá ar dhaoine isteach ar iarrachtaí páistí a thógáil le Gaeilge? Griangraf le Lucian Petronel

“Formhór daoine a bhfuil Gaolainn acu, ba bhreá leo í a labhairt lena leanaí ach amháin uaireanta tagann an saol sa tslí,”[i] a dúirt sí liom.

Is é sin le rá go mbíonn dúshláin phraiticiúla ann roimh thuismitheoirí atá dosháraithe, tagann an saol salach ar an aisling teanga a bhí acu.

“Tagann an iarracht mhór seo díreach ag am am is gnóthaí inár saoil, nuair atáimid ag dul i ngleic le dúshlá(i)n na tuismíochta agus go minic na gairme freisin,”[ii] a scríobh Róisín Healy faoin ábhar seo.

Easpa tacaíochta nó ‘an streachailt’

An bhfuil sé “mímhacánta agus mímhorálta ag an Stát a bheith ag iarraidh ar thuismitheoirí Gaeltachta páistí a thógáil le Gaeilge gan an tacaíocht chuí a chur ar fáil dóibh?” mar a d’fhiafraigh an sochtheangeolaí Seosamh Mac Donncha[iii].

Is é sin le rá ná an é go bhfuil an easpa seirbhíse atá ar fáil ón stát (Poblacht na hÉireann[iv]) chomh mór sin ná nach bhfuil sé ceart nó cóir a bheadh ag súil go dtógfadh daoine a bpáistí le Gaeilge?

Luaitear an easpa seirbhísí, agus “drochthaithí” fiú i dtaca le deacrachtaí páistí a thógáil le Gaeilge:

“Gan trácht ar an drochthaithí a bhí ag roinnt tuismitheoirí iad féin leis an teanga sa chóras oideachais nó sa phobal, caithfear an tuismitheoir Gaelach streachailt in athuair le gaolta, cuairteoirí, oifigigh, múinteoirí, agus na meáin chun an teanga a chosaint agus a chur chun cinn sa teach, go minic agus na foinsí sin ag léiriú drochmheasa i leith na teanga.” [v]

De réir chosúlachtaí, is féidir leis an taithí sin a bheith olc agus díreach:

Bhí orainn measúnú síceolaíochta a fháil agus cheistigh an síceolaí oiriúnacht na scolaíochta lán-Ghaeilge dár bpáiste. Bhí macalla anseo den tuairim a nochtaigh an dochtúir a rinne an scrúdú sé mhí ar ár gcéad páiste. ‘Tuigeann sibh’, ar sí, ‘go bhfuil sibh ag cur bac ar do pháiste trí Ghaeilge a labhairt léi agus go mbeidh sí níos moille ag caint’.[vi]

Rinne Kieran O’Hagan staidéar ar an chaidreamh idir lucht labhartha na Gaeilge i dTuaisceart Éireann agus lucht gairme chúraim, bhailigh sé dea-scéalta, drochscéalta agus fíor-dhrochscéalta:

“Instances of ‘high’ cultural sensitivity were characterised by an awareness on the part of the professional of the profound importance of the Irish language in the lives of respondents, and a corresponding empathy and sensitivity… Instances of ‘high’ cultural insensitivity included professionals suggesting or inferring that Irish education was detrimental to some children’s development. The most serious impact of cultural insensitivity occurred when parents felt that (a) their values and child rearing were being questioned and found wanting; (b) that they were made to feel they were not serving the best interests of their children; (c) that they sensed fear and danger both to themselves and their children in speaking Irish.

Is cinnte gur chuala mé scéalta dá leithéid thar na blianta, de ghnáth ó dhaoine “a sheas an fód” ach chuala mé fosta a mhalairt ó dhaoine a stop de na bheith ag Gaeilgeoireacht lena bpáistí ar chomhairle leighis, bhí fadhb leighis i gceist i gcónaí sna cásanna sin.

‘Féin-mhuinín’

“Ní raibh an féin-mhuinín agam ag an am,” a dúirt bean liom.

Sa bheagán cás a mhothaigh mé dá leithéid tháinig aiféaltas ar an mháthair ina dhiaidh cé go raibh sí cinnte den chinneadh ag an am.

Mar sin féin, nuair a d’fhiosraigh mé scéalta de chineál seo in athuair don leabhrán seo, thuairiscigh go leor teaghlaigh ó thuaidh liom gur beag drochthaithí a fuair siad le blianta anuas agus luadh liom go leor samplaí de thaithí maith, le dochtúirí, cuairteoirí sláinte “ag déanamh a ndícheall Gaeilge a labhairt” mar shampla.

Tá daoine ar nós Peadar Mac Fhlannchadha den tuairim, agus é ag déanamh trácht ar an Phoblacht is dócha, “nach bhfeadfaí tabhairt faoi clann a thógáil trí Ghaeilge sa tír seo gan a bheith i do ghníomhaí teanga agus gan a bheith de shíoraí ag faire amach lena chinntiú go raibh do chlann ag fáil a gcearta teanga”[vii].

Ní gníomhaí nádúrtha gach duine áfach.


[i] Agallamh pearsanta 05/20.

[ii] Healy (2012).

[iii] Féach https://tuairisc.ie/bheadh-drogall-orm-a-mholadh-daon-duine-clann-a-thogail-le-gaeilge-sochtheangeolai/

[iv] Níl an pointe sin ábhartha ó thuaidh mar gur beag seirbhísí atá ar fáil, ar bhonn oifigúil cá bith.

[v] Ó Broin (2012).

[vi] Ó Duibhir (2012).

[vii] Mac Fhlannchadha, P. (2012).

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s