14. Náire, freagracht agus cumas

Náire cultúrtha

In Éirinn, thuaidh agus theas, tá lucht labhartha na Gaeilge ag snámh in aghaidh an easa agus ag seasamh i gcoinne an fhórsa is láidre i stair chultúrtha na hÉireann ó bhí Briseadh Chionn tSáile ann, an Galldú agus an t-aistriú teanga ó Ghaeilge go Béarla – aistriú a ghlac an mhórchuid leis.

Níl fáilte roimh an Ghaeilge i ngach áit, níl gach seantuismitheoir tuisceanach, gan trácht ar chomharsanaigh, caithfidh féinmhuinín daingean a bheith ag duine chun teanga an mhórphobail a thréigean go poiblí agus mionteanga a labhairt le clann, os comhair an phobail.

Tá oiriúnú ina fhórsa sóisialta an-chumhachtach. Mar fhianaise ar a chumhacht in Éirinn, ní gá ach smaoineamh ar an aistriú teanga dochrach tapa ó Bhéarla go Gaeilge sa 19ú chéad, in áiteanna áirithe cuireadh an próiseas i gcrích taobh istigh de 100 bliana, a bheag nó a mhór, gan easaontóir ar bith a bheith fágtha.

“Ní nádúrtha é do chuid páistí a thógáil le teanga nár labhair tusa ná do pháirtí mar pháiste… Is ollmhór an tiomantas, nó b’fhéidir fiú fanaiceacht, atá ag teastáil ó té a théann an bealach seo, pé cúis atá leis.”

Róisín Healy

Chun Gaeilge a labhairt i dtólamh le do pháiste caithfidh duine dul i gcoinne oiriúnaithe, caithfidh siad an náire cultúrtha sin a shárú. Níl an diongbháilteacht sin ag gach duine.

Is mionlach iad na Gaeilgeoirí a labhraíonn í lena gcuid páistí, mionlach bídeach, seasann siad amach mar dhaoine difriúla – fiú i ‘saol na Gaeilge’.

“Ní nádúrtha é do chuid páistí a thógáil le teanga nár labhair tusa ná do pháirtí mar pháiste… Is ollmhór an tiomantas, nó b’fhéidir fiú fanaiceacht, atá ag teastáil ó té a théann an bealach seo, pé cúis atá leis,” an tuairim a léirigh Róisín Healy[i].

Ní hé gach duine atá sásta go measfadh daoine eile sa mhórphobal thart orthu gur fanaiceach iad. Tá sé thar a bheith deacair seasamh taobh amuigh den norm teanga Béarla in Éirinn, mar a scríobh Ó hIfearnáin:

 “De ghnáth bíonn urlabhra íde-eolaíocht an phobail éighníomhach go pointe áirithe, gan a bheith ráite ná scríofa. Ina ainneoin sin, bíonn an-chumhacht agus ceannasaíocht ag  dearcadh agus creideamh an phobail i gcoitinne ar bhaill uile an ghrúpa. Is deacair do dhuine nó do theaghlach a bheith difriúil ina n-aigne agus ina mana féin ó mheáchan támhach an ruda a chreideann tromlach an phobail a bheith ceart nó mícheart ó thaobh iompair agus gnáis teanga de.”[ii]

Freagracht

“Tá ualach freagracht breise ar bhaill mhionlaigh: is é an mionlóir ionadaí mór a chultúir. Mara labhaire mise Gaeilge, ní labhairfear í; mara dtuga mise Gaeilge do mo chlann, ní bheidh sí acu; mara seasa mise an fód …”[iii]

Brian Ó Curnáin

Agus mé ag cur fúm ó dheas den chéad uair, agus ag plé le ceist na Gaeilge mar iriseoir, baineadh stangadh asam gur shíl daoine gurb é ról an stáit, agus na heagraíochtaí  a thugann sé maoiniú dóibh, an Ghaeilge a chur chun cinn.

Ní dhéanaim aon bhreithiúnas ar an dearcadh nó ar pholasaí an stáit, mar sin féin, is doiligh gan smaoineamh go bhfuil tionchar aige an dearcadh seo ar an ráta íseal seachadta.

Ritheann sé liom go bhfuil ceangail idir an dearcadh seo an tuairim gurb é dualgas mhuintir na Gaeltachta an teanga a chaomhnú, agus iad amháin.  

Responsibility
Ar ceart go mothódh tuismitheoirí óga go bhfuil siad freagrach as todhchaí na Gaeilge?
Griangraf le Anastasia Shuraeva.

Tá dearcadh láidir eile ann áfach, go bhfuil an fhreagracht sin ar lucht labhartha na Gaeilge “go léir”.

“Níl rud ar bith ag stopadh gnáth-Éireannach le Gaeilge na scoile a bheith ag tabhairt na mbuntáistí sin don chead ghlúin eile,”[iv] dar le Siobhain Grogan agus Mick Moriarty.

“Ní do lucht na Gaeltachta amháin an ceart Gaeilge a labhairt.

“Mar bharr ar sin, ní ceart dúinne sna cathracha a bheith ag súil gurb iad pobal beag na Gaeltachta amháin is ceart a bheith ag caomhnú teanga agus dúchas na hÉireann. Níos measa fós, tá uimhir na gcainteoirí dúchais sna Gaeltachtaí ag titim. Mar sin, nár ceart dúinn go léir glacadh leis an bhfreagracht úd?”

Easpa Gaeilge

“Má tá an t-ádh le tuismitheoir go bhfuil sé féin agus a phairtí ar chomhlíofacht, is beag díospóireachta a bhéas i gceist sa rud, ach is cúis iontais, mar sin féin, an méid teaghlach ‘Gaelach’ a labhraítear Béarla iontu i bhfírinne, fiú agus Gaeilgeoirí aitheanta agus proifisiúnta iontu. Is mór an trua seo, mar ciallaíonn sé nach mbeidh na páistí ag fáil Gaeilge ach ón scoil. Fós féin, ní cheart ‘tréigean’ nó ‘tréas’ a chur i leith na nGaeilgeoirí seo- is mó is dóichí gur tógadh le Béarla an bheirt tuismitheoirí, agus, gan chleachtadh acu ach ar Ghaeilge an duine fhásta, nár shil siad iad féin a bheith in acmhainn paiste a thógáil le Gaeilge. Tá achar nach beag idir Gaeilge na hoifige (nó an tseomra ranga) agus Gaeilge na naíolainne.”

Brian Ó Broin

Mar a dúirt Brian Ó Broin thuas, is fíor, nuair a léirítear an scéal, gur Béarla teanga tí chuid mhór theaghlach gaelacha mór le rá. Measaim go bhfuil ‘easpa’ Gaeilge mar chuid den mhíniú taobh thiar de sin.

Ceann de na rudaí a tháinig aníos go minic ná tuismitheoirí a rá liom, múinteoirí Gaeilge san áireamh, ná nár shíl siad go raibh a gcumas teanga féin láidir go leor chun páistí a thógáil léi. Shíl cuid daoine ar labhair mé leo go mbeadh siad ag cur bac intinne ar a gcuid páistí as Gaeilge a labhairt leo, mar gheall ar chumas s’acu féin sa teanga.

Tá an rud céanna ráite ag daoine a thógann a gcuid páistí go dhátheangach, go ndéanann siad amhlaidh de bhrí go raibh siad buartha go mbeadh an Ghaeilge ina bac dá mba rud é nach raibh ag páistí s’acu ach í agus iad ag fás aníos. Sa dá chás seo mar sin, is cineál aguisín an Ghaeilge seachas teanga féin-seasta.

Ó thaobh na hidé-eolaíochta, tá an dá chur-chuige ag brath ar mhuintir na Gaeltachta leanúint ar aghaidh a bheith ag seachadadh na Gaeilge mar chéad-theanga, ag fágáil na freagrachta seo orthu.

Measaim go bhfuil baint ag an mheon sin le barántúlacht, is é sin le rá go mbeadh an Ghaeilge a mbeadh ‘ó dhúchas’ ag páistí atá á dtógáil le tuismitheoirí nach cainteoirí ó dhúchas iad féin, faoi ró-thionchar an Bhéarla.

‘Comhshaol teanga’

Bíonn gach tuismitheoir Gaelach ag iarraidh Béarlachas a sheachaint, ach tá sé sin chóir a bheith dodhéanta nuair atá duine ag cur faoi i bpobal Béarla, sáite sna meáin Bhéarla[v] agus srl.:

Dar le taighde Chonchúr Uí Ghiollagáin, is é an comhshaol teanga is fearr do chainteoirí mionteangacha na leithlis, mar go ngéilleann an mhionteanga i gcónaí do theanga an tromlaigh. Ní féidir le tuismitheoir nach cainteoirí dúchais iad an dátheangachas a sheachaint, áfach. Tá an baol ann go bhfeidhmeoidh siad mar fhealltóirí teanga sa theaghlach, ag tabhairt focal Béarla agus fiú comhréir agus leaganacha cainte ata bunaithe”ar an mBéarla isteach sa theaghlach. Is féidir a rá gurb i an ‘Ghaeilge lofa líofa’ an teanga réamhshocraithe i dteaghlaigh dá leithéid.[vi]

Róisín Healy, in ‘Thógamar le Gaeilge iad”

Níl an “leithlis” sin ar fáil in áit ar bith inniu, ar bhonn fisiciúil cibé ar bith, agus dá bharr sin, ní féidir an Béarla, agus mar sin de an Béarlachas sa Ghaeilge a sheachaint go hiomlán.

“Fiú má tá dóchas éigin in uimhreacha na dteaghlach Éireannach atá ag tógáil páistí le Gaeilge, tá athrú mór tagtha ar theaghlaigh Gaelacha le glúin anuas: cibé sa Ghaeltacht nó in áit eile iad, ní féidir leo an Béarla a sheachaint,”  a scríobh Brian Ó Broin.

Tá pointe suntasach déanta ag Róisín Healy ar an phointe áirithe seo, ag cur in iúl nach iad muintir na Gaeilge a bhíonn ag déanamh an bhreithiúnais, ach foghlaimeoirí eile:

“Is cúis díomá dúinn, áfach, nuair a deir daoine, de ghnáth nach cainteoirí dúchais iad féin, nach bhfuil Gaeilge na bpáistí ‘fírinneach’ mar nach bhfuil blas na Gaeltachta uirthi,  A mhalairt de thuairim a bhíonn ag cainteoirí dúchais – bíonn an-mheas acu orainn go hiondúil mar gur éirigh linn na páistí a mhealladh chun an Ghaeilge a labhairt go leanúnach.[vii]

Éiríonn le daoine áirithe Gaeilge a gcuid páistí a shaibhriú áfach, beag beann ar cén áit a bhfuil siad ag cur fúthu, de réir fhianaise mo chluaise, cuid acu gan mórán de bhaint acu leis an Ghaeltacht fiú.


[i] Healy (2012).

[ii] Ó hIfearnáin (2006).

[iii] Ó Curnáin (2009).

[iv] Grogan, S. 7 Moriarty, M. (2012)

[v] Fadhb atá éasca a réiteach ar ndóigh, má roghnaíonn an teaghlach an teilifís a mhúchadh nó fíor-smacht a choinneáil air, go háirithe nuair atá an páiste an-óg.

[vi] Healy (2012).

[vii] Healy (2012).

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s