15. Tionchar na Gaelscolaíochta

Is beag aitheantas a thugtar do pháistí le Gaeilge mar chéad teanga sa Ghaelscolaíocht. Ní dhéantar aon soláthar faoi leith dóibh, de ghnáth, agus in áit a bheith ag gluaiseacht chun cinn ar nós a gcomhghleacaithe i scoileanna Béarla, báitear iad i measc na bhfoghlaimeoirí agus truaillítear a gcuid Gaeilge. Ní feiniméin Gaelscoile amháin í seo ach de bharr meath na Gaeilge sna Gaeltachtaí tá cainteoirí dúchais á mbá sna scoileanna sin freisin.”[i]

Muireann Ní Mhórán, Príomhfheidhmeannach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta

Dúirt fear a oibríonn ar an talamh ar son na Gaeilge i mBéal Feirste liom gur shíl sé go raibh fás na Gaelscolaíochta ag cur isteach ar líon na dteaghlach le Gaeilge. Is é sin le rá go bhfuil daoine “falsa” agus gurbh fhearr leo sealbhú na Gaeilge a fhágáil ag an scoil (tá leagan den scéal seo cloiste agam i nGaeltacht Chonamara fosta).

Sin tuairim dhuine amháin ach de réir mo thaithí féin i mBéal Feirste, roghnaíonn iardhaltaí Gaelscoile oideachas trí mheán na Gaeilge dá gcuid páistí féin – is beag acu áfach, a labhraíonn mórán Gaeilge lena gcuid páistí féin.

Clár Dubh
An bhfuil lucht na Gaeilge ag súil leis an iomarca ó Ghaelscolaíocht? Griangraf le Gleb Vasylynka

Is mionlach iad na páistí atá á thógáil le Gaeilge ar Ghaelscoil ar bith, mionlach bídeach in amanna. Tumoideachas atá i gceist leis an Ghaelscolaíocht atá dírithe ar pháistí gan Gaeilge seachas páistí le Gaeilge. Cruthaíonn sé sin deacrachtaí do theaghlaigh Ghaelacha, tuairiscítear go mbíonn drochthionchar ag an scoil ar Ghaeilge pháistí:

“Má tá bláthú ar siúl i réimse na Gaelscolaíochta, agus an Ghaeilge ag éirí níos coitianta mar dhara teanga dá bharr, ní léir go bhfuil tionchar maith a imirt aici ar theaghlaigh Ghaelacha. Sa suirbhé beag, d’fhreagair gach tuismitheoir go raibh drochthionchar ag Gaelscolaíocht ar Ghaeilge a bpáistí, cuma sa chathair nó sa Ghaeltacht iad. Dúirt freagraí Gaeltachta go ‘ndeachaigh a pháistí ar scoil le Gaeilge mhaith, agus in ainneoin sár-mhúinteoirí, tháinig abhaile le droch-Ghaeilge’. Dúirt freagraí cathrach, ní amháin gurbh é ‘Béarla ar fad a labhair sé lena chairde scoile ó thús ach ‘gur athraigh a chuid foghraíochta agus stíl cainte.”[ii]

Tá an scéal sin cloiste agam féin go minic. Casadh Gaeilgeoirí orm a roghnaigh gan bacadh le Gaelscoil dá gcuid páistí dá bharr[iii]. Is í an cheist ná an gcabhródh scoil Bhéarla le sealbhú na Gaeilge ar chor ar bith, nó le hiarrachtaí í a úsáid a normalú?

Cé acu is tábhachtaí, an réimse teanga eile sin (le roinnt cainteoirí ó dhúchas le fáil ag obair ann fiú) a chur ar fáil nó ‘Gaelscoilis’[iv] a sheachaint? Sin an cinneadh atá le déanamh.

Tá tábhacht na scoile mar réimse teanga luaite ag go leor tuismitheoirí agus taighdeoirí áfach.

 “An rud a chruthaigh ár dtaithí féin agus taithí ár gcairde na an rud a chruthaíonn an taighde freisin: nár leor na hiarrachtaí sa teaghlach amháin le go sealbhódh páistí mionteanga agus go mbuanófaí a n-iompar sa teanga sin,”[v] a scríobh Pádraig Ó Duibhir.  

“Le go sealbhófaí an teanga go hiomlán, níor mhór go mbeadh na trí mhór-réimsí de shaol an pháiste ag feidhmiú i gceart agus le chéile: an teaghlach, an pobal agus an scoil.

“Tá ról fíorthábhachtach ag an gcóras oideachais mar sin le tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh ina labhraítear mionteangacha, go háirithe nuair nach bhfuil tacaíocht ar fáil ón phobal.”


[i] Ní Mhóráin (2012).

[ii] Ó Broin (2012).

[iii] Sa dornán cásanna sin, is féidir liom a rá go mbíonn Gaeilge an-ghlan ag na páistí sin agus go mbíonn tréithe dúchasacha ar leith le cloisteáil ina gcuid cainte. Ach sin díreach an rud a mhothaíonn mo chluas féin.

[iv] Is fiú a rá gur téarma maslach é ‘Gaelscoilis’ ach gur téarma atá in úsáid sa chaint chun cur síos ar Ghaeilge pháistí a fhreastalaíonn ar Ghaelscoileanna, a bhíonn faoi thionchar an Bhéarla, a bheag nó a mhór.

[v] Ó Duibhir (2012).

Aon tuairim amháin ar “15. Tionchar na Gaelscolaíochta

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s