16. ‘Teip’ agus teilifís

The earlier generations of isolated Irish-speaking families… provide insights into the pressures exerted by the dominant language in a society which was as yet unaccustomed to bilingualism. Additionally, in many of the families only one of the parents was an Irish speaker. It is not surprising, therefore, that in some cases it was only the eldest child who was reared bilingually. By the time subsequent children arrived, the efforts to make Irish the principal language of the home had been abandoned. In other families, some of the children later rejected Irish while others kept it as the language of their own homes or even became actively involved in its promotion. In such families, it was usually the eldest children who were numbered among the latter.i

Gabrielle Maguire, in ‘Our Own Language’

Is é mo thaithí maidir le cuid mhaith de na daoine “nár thóg clann le Gaeilge” – déanta na fírinne, rinne siad iarracht ach gur ‘theip’ orthu, nó sin a mhothaigh siad cibé ar bith.

Tá aithne agam ar dhaoine eile a d’éirigh as labhairt na Gaeilge lena gcuid páistí tar éis cúpla seachtaine, ní hé go ndearna siad cinneadh, “tharla sé de réir a chéile go díreach”.

Is aithne dom daoine eile, fiú dá mba rud é nár éirigh siad as labhairt na Gaeilge lena gclann riamh, a dhearfadh gur theip orthu ar an ábhar go bhfuil siad míshásta le caighdeán Gaeilge a gcuid páistí.

Teilifís
Má tá muid ionraic, an é an teilifís ár gcéad teanga?

Tá tuismitheoirí ann a labhair Gaeilge lena gclann ach nár chuala a gcuid páistí ag caint mórán Gaeilge riamh.

Ar ndóigh, má tá Béarla amháin ag duine amháin de na tuismitheoirí beidh Béarla maith ag an pháiste ón tús, go háirithe más an mháthair atá i gceist. 

Teilifís máthair teanga’

I gcásanna ina bhfuil an dá thuismitheoir ag caint i nGaeilge leis na páistí, ach mar sin féin bhí lámh in uachtar ag an Bhéarla ón tús go bunúsach, is léir gur éirigh le Béarla a shlí isteach a fháil bealach éigin, ó na seantuismitheoirí, ón naíonra, óna cúpla focal Béarla a úsáidtear as a gcomhair, agus thar rud ar bith eile, ón teilifís.

“… ach ba chéim folúsaithe agus réabhlóide an teilifís a mhúchadh ar do chlann i ngeall ar chúrsaí teanga

Brian Ó Curnáin

Is é “teilifís máthair teanga” chuid pháistí mhuintir Ghaelach na Gaeltachta a scríobh Brian Ó Curnáin, “ach ba chéim folúsaithe agus réabhlóide an teilifís a mhúchadh ar do chlann i ngeall ar chúrsaí teanga”ii.

Ní ‘theipeann’iii ar pháistí in Éirinn an Béarla a shealbhú áfach.

Cad tuige, mar sin de, a ‘dteipeann’ ar pháistí Gaeilge a shealbhú, is é sin a rá, foghlaim cén dóigh labhairt chomh maith le tuiscint – cad tuige a tharlaíonn sé i gcás na Gaeilge mar sin?

Is é an chúis ná go bhfuil sí ina teanga mionlaigh mionlaithe amach is amach.

Ciallaíonn sé sin go mbíonn straitéisí agus polasaí teanga de dhíth ar theaghlaigh agus tuismitheoirí, ach fiú sna cásanna sin, níl aon chinnteacht ann, mar a scríobh Ó Broin:

“I ndeireadh báire, ámh, is cás faoi leith é gach teaghlach. Tar éis an tsaoil, tar éis gach trialach, tar éis gach leabhar a cheannach, b’fhéidir nach labhróidh an páiste Gaeilge. Más ea, ní cheart don tuismitheoir milleán a chur ar féin. Is teanga mhionlaigh í an Ghaeilge cheana féin, den chuid is mó á labhairt ag foghlaimeoirí fásta atá báite i saol Béarlach. Ar a laghad, rinne an tuismitheoir iarracht, agus go cinnte ceanglóidh an páiste an Ghaeilge le óige spraoiúil. Beidh níos mó Gaeilge aige na ag an gcuid is mo de lucht a chomhaoise, agus cá bhfios nach rachaidh an páiste i dtreo na Gaeilge agus é níos sine?”iv

i Maguire (1991).

ii Ó Curnáin (2009).

iii Bainim úsáid as an fhocal seo sa chiall teangeolaíochta, ní hionann gan teanga a shealbhú agus teip i ngnáthchiall an fhocail, agus níl aon bhreithiúnas i gceist.

iv Ó Broin (2012b).

Aon tuairim amháin ar “16. ‘Teip’ agus teilifís

  1. Is í an páiste is sine a bhfuil an fonn labhartha, an líofacht, agus an bá le Gaeilge is mó de mo thriúr.

    Cad chuige? (Bhféidir mar gurb í an páiste a bhfuair an chuid is mó ama le Mamaí agus Daidí léi fhéin (labhraíonn an beirt tuismitheoir Gaeilge amháin leis na páistí).)
    Ach dar liom baineann sé leis an méid teilifíse an Bhéarla a nochtadh dóibh. Tá an chuid is laige Gaeilge ag an tríú pháiste. Tá a gcuid Gaeilge comhréireach leis an méid teilifíse an Bhéarla a bhreathnaigh siad air.

    I mo thuairim fhéin, is bunthábhachtach an tionchar a imríonn an méid teilifíse sa Bhéarla (a nochtar dóibh) ar líofacht agus suim na bpáistí sa teanga.

    Molta ag 1 person

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s