17. Easpa polasaí tí

Tá polasaí teanga ag gach teaghlach, fiú mura b’eol dóibh an méid sin. Tuigeann daoine cad a ba cheart a rá os comhair páistí, cad nár cheart a rá, cé chomh canúnach a bheith, cé chomh minic caint pháistí a cheartú agus srl.

Tá sé sin níos casta nuair atá mionteanga ann mar gheall ar an bhrú a bhíonn uirthi, níos casta arís nuair nach teanga an phobail í, níos casta arís nuair atá níos mó ná teanga amháin á labhairt sa teach agus thar aon rud eile, níos casta arís nuair nach dtuigeann gach duine sa teach gach teanga atá á labhairt ann.

Mar sin féin, nuair atá na bun-prionsabail leagtha amach, bíonn an cur i bhfeidhm iontach simplí, cé gur cinnte an rud é go dtabharfaidh páistí dúshlán dó ag am éigin.

Conradh
Tá polasaí teanga ag gach teach – ach chun páistí a thógáil le Gaeilge, caithfidh sé a bheith soiléir agus daingean. Griangraf le hAndrea Piacquadio.

Is riarthóir í Orlaith Ruiséal ar an scéim Tús Maith i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, tá sí sáite le cúrsaí Gaeilge ann agus iarrachtaí daoine a mhealladh i dtreo leanúint ar aghaidh ag tógáil páistí le Gaeilge ann.

“Tá sé ana-dheacair do leanbh a thógaint le Gaolainn muna mbíonn tú ana-dhiongbháilte ar fad agus mura dhéanann tú ‘one parent, one language’”, a dúirt sí liom.

Is teoiric é ‘aon tuismitheoir, aon teanga’ a úsáideann teaghlaigh ilteangach mar chosaint ó theanga amháin acu ag fáil lámh in uachtar an an cheann eile, go bunúsach, labhraíonn gach tuismitheoir a rogha-theanga amháin i gcónaí, gan eisceacht.

“Éiríonn le daoine áirithe sin a dhéanamh, caitheann tú a bheith lán de dhisciplín chun sin a dhéanamh,” mar a dúirt Orlaith.

“Tá sé ana-dheacair do leanbh a thógaint le Gaolainn muna mbíonn tú ana-dhiongbháilte ar fad agus mura dhéanann tú ‘one parent, one language’”

Orlaith Ruiséal

Tá polasaí tí riachtanach gach áit anois mar “…níl teacht éasca níos mó ar cheantair láidre Gaeltachta inar féidir páistí a thógáil trí Ghaeilge gan cinneadh cinnte coinsiasach a dhéanamh roimh ré gur sin atá uait a dhéanamh”i.

“Is rogha é, is cinneadh cinnte é, níl a leithéid de rud ann anois agus cainteoir nádúrtha a tharla de thaisme,” a dúirt Orlaith Ruiséal liom, macalla den rud a dúradh le hÓ hIfearnáin go minic.

Ba é conclúid Uí Ifearnáin ná go mbíonn pleanáil de dhíth ó thuismitheoirí, ó mhúinteoirí agus ó phobail chun cainteoirí Gaeilge a dhéanamh as páistíii.

Is é an chúis leis sin ná nach bhfuil an Ghaeilge láidir go leor áit ar bith chun go sealbhódh páistí í gan iarracht – is é sin le rá nach bhfuil tearmann fágtha aici.

i Mac Fhlannchadha (2012).

ii Ó hIfearnáin (2013).

3 thuairim ar “17. Easpa polasaí tí

  1. sílim go bhfuil an ceart ag Orlaith is eigeán a bheith ar an airdeáil i gcónaí ar eagla sleamhnú isteach sa mhór theanga ainneoin gach iarracht. nuair a tharlaîonn sé sin is deacair dul siar. Ní thig liom labhairt ach amháin ar Bhëal Feirste ach tchím an polasaí sin ag obair i dteaghlaigh ” mheasca” le cuidiú na gaelscoilïochta ach go gcaithfidh cainteoir na mion teanga a bheith iontach dian ó thaobh labhairt de. rud nach bhfuil furust agus dhā theanga sa teach.

    Moladh

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s