18. Easpa pobail, easpa tearmainn

Ní féidir leis an teanga maireachtáil mura bhfuil sí á labhairt mar chéad teanga ag pobail áirithe agus dá réir sin á seachadadh ó ghlúin go glúin.”i

Tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta 2002

Tá teangeolaithe den tuairim nach féidir le teanga ar bith maireachtáil gan pobal. 

Tá dlúthphobail thraidisiúnta na Gaeilge, na Gaeltachtaí, ag dul i léig áfach, is mionlach na páistí atá á dtógáil le Gaeilge iontu i gcoitinne agus go sóisialta agus san áit oibre, táthar ag súil go ngéillfeadh an Ghaeilge don Bhéarla:ii

Thuigeamar le himeacht aimsire, agus ár bpáistí á dtógáil i dtimpeallacht cheannasach Bhéarla, nach gá gurb í céadteanga an teaghlaigh an ceann is láidre ag na páistí i ndeireadh báire, agus ba chúis dhíomá é sin dúinn; ba rud é nár thuigeamar go hiomlán agus muid ag tosú amach ar an mbóthar seo i 1988.iii

Pádraig Ó Duibhir.

Chun scéal fada a dhéanamh simplí, foghlaimíonn páistí níos mó teanga ón phobal ná óna gcuid tuismitheoirí agus leanfaidh siad nósanna teanga an phobail níos dlúithe ná nósanna teanga a gcuid tuismitheoirí.

Teach iargúlta
Bheadh ar duine a bheith ina cónaí in áit an-iarghúlta ar fad chun éalú ón Bhéarla. Griangraf le Jonas Togo.

An deacracht atá ann ná nach bhfuil an tearmann, nó an dlúthphobal sin ar fáil áit ar bith anois, “ní móide go mbíonn mórán oiread is lá amháin iomlán Gaeilge i saol na n-óg,”iv a scríobh Brian Ó Curnáin.

B’é a thuairim ná gur gá go mbeadh saol saor ón Bhéarla ag páiste le Gaeilge, ar a laghad agus iad óg chun go sealbhódh siad í mar is ceart, mar gur mionteanga í:

“Baineann dhá mhórfhadhb leis an dátheangachas maidir le sealbhú mionteanga; ceann acu go laghdaíonn ionchur dátheangach ionchur na mionteanga don pháiste agus go bhfuil sé ina chionsiocair ar shealbhú easnamhach na mionteanga… agus an ceann eile go mbriseann sé fál cosanta deiridh mionchultúir.”v

“….ní móide go mbíonn mórán oiread is lá amháin iomlán Gaeilge i saol na n-óg.”

Brian Ó Curnáin

Is cuimhin liom fear Gaeltachta (a thóg a chuid páistí go léir le Gaeilge) ag rá liom nár aontaigh sé le tuairim Bhriain nó leis an cur chuige a mhol sé san aiste inár scríobh sé na friotail chainte siúd thuas, ‘Mionteangú na Gaeilge’.

‘Béarla den scoith’

“Tá mé ag iarraidh go mbeidh mBéarla den scoith ag mo chuid páistí,” a dúirt sé, ag cur in iúl gur shíl sé gur maith an rud an dátheangachas.

“Níl aon leigheas eile air seo más linn mionteanga a sheachadadh do ghlúin eile agus comhluadar a chothú dhóibh, ach gasúir a thógáil aonteangach,” a scríobh Brian áfach.

“Is gá tearmann aonteangach a chothú do ghasúir aonteangacha na mionteanga agus cead isteach a thabhairt do ghasúir dhátheangacha atá sásta an mhionteanga amháin a labhairt. Mara bhfuil cosc ar an mórtheanga, tá cosc ar an mionteanga. Mara bhfuil cosc ar Bhéarla, tá cosc ar Ghaeilge,” a scríobh sé, agus seans go ndéanann an píosa sin achoimre maith ar a mheon, ar a íde-eolaíocht.

“Dhá mhéad dátheangachas dhá bhfuil ann, is amhlaidh is lú a theastaíonns an mhionteanga,” dar leis.

San iar-Ghaeltacht

Mura mbíonn an tuismitheoir Gaelach san iar-Ghaeltacht iontach díograiseach, is féidir gur beag aithne a bheadh ag páistí s’acu le páistí eile leis an teanga, gan trácht ar dhlúthchairdeas a bheith acu trí mheán na teangavi vii.

Mura bhfuil gréasán láidir Gaeilgeoirí thart ar theaghlach seans go mbeidh go leor taistil costasach de dhíth chun teagmháil a chothú le teaghlaigh Ghaelacha eileviii.

i Coimisiún na Gaeltachta (2002).

ii Mac Fhlannchadha (2012): “Ós rud é nach bhfuil a leithéid de cheantair láidre Gaeltachta fágtha anois, baineann ceist na teanga teaghlaigh le tuismitheoirí Gaeltachta anois chomh maith le tuismitheoirí cathrach agus iad ag iarraidh a chinntiú gurb í an Ghaeilge teanga a dtí agus a gcomharsanachta.”

iii Ó Duibhir (2012).

iv Ó Curnáin (2009).

v Ó Curnáin (2009).

vi “De réir Daonáireamh 2006 (Imleabhar 9 Gaeilge), as an 107,895 páiste idir 3-4 bliana d’aois, bhí 14,773 ina gcainteoirí Gaeilge (13.7% má fhágtar as an áireamh an dream nár thug eolas). Astu sin, bhí 1,911 nó 12.9% a labhair Gaeilge go laethúil (lasmuigh den chóras oideachais) agus b’ionann iad agus 1.8% den aoisghrúpa 3-4 bliain. Bhí níos mó de na páistí seo ina gcónaí sa Ghalltacht (73%) na sa Ghaeltacht (27%). Faraor, is mionlach iad leanaí na Gaeltachta idir 3-4 bliana d’aois a labhraíonn Gaeilge go laethúil lasmuigh den chóras oideachais, fiú as líon na gcainteoirí Gaeilge (41.6%). Léiríonn na figiúirí seo gur annamh a bhuailfeadh páistí le Gaeilge le chéile trí sheans agus nach mbíonn compánaigh spraoi le Gaeilge ar fáil sa chomharsanacht ag mórán páistí a thógtar le Gaeilge.” Nic Giolla Phádraig / Watson (2012).

vii “Ach mura bhfuil tú ag tógáil clainne le Gaeilge sa Ghaeltacht is beag seans go mbeidh comharsana agat atá ag tógáil páistí le Gaeilge agus arís beidh beagáinín níos mó stró ort lena chinntiú go mbeidh deis ag do pháistí spraoi a dhéanamh le páistí eile i nGaeilge.” Mac Fhlannchadha (2012).

viii Is é rud a ritheann liom maidir leis an chomhluadar seo a bhíonn de dhíth ar an páistí ná gur mó atá sé de dhíth ar na tuismitheoirí, créatúir shóisialta iad daoine, is maith leo a bheith mar chuid de ghrúpa.

2 thuairim ar “18. Easpa pobail, easpa tearmainn

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s