19. An grá agus an ghruaim

Ach ní mór dom a rá go bhfuil an tuismitheoir eile eachtrannach i go leor teaghlaigh ar m’aithne atá ag tógáil clainne go hilteangach. Tá tabú láidir faoi Gaeilge a labhairt i láthair Éireannaigh gan í – tuiscint go bhfuil sin drochbhéasach.”i

Aonghus Ó hAlmhain

Is í an fhadhb is mó atá ann ó thaobh sheachadadh na Gaeilge an ceann is deacra a leigheas – easpa páirtithe leis an teanga, nó le bheith beagán níos cruinne, easpa páirtithe atá sásta cur suas leis an teanga.

Rinne mé go leor réamhoibre ar chlár faisnéise raidió tamall de bhlianta ó shin, togra nár cuireadh i gcrích riamh ceal maoinithe faraor, a léirigh dom gur fusa páiste a thógáil le Gaeilge in Éirinn más teaghlach ilteangach atá i gceist, nuair nach Béarla an teanga eile.

Ní raibh na béasaí nó an tabú sin a luann Aonghus Ó hAlmhain i gceist, nuair a thuigeann lucht an tí gach uile teanga an tí ar a laghad.

Tuigeann gach cainteoir Gaeilge nach ceart í a labhairt i gcuideachta dhaoine nach ‘Gaeilgeoirí’ iad, fiú má tá Gaeilge líofa ag na daoine sin, is riail, nós nó polasaí sóisialta é.

fear gan cumas labhartha
Má tá duine chun Gaeilge a labhairt lena gcuid páistí, caithfear cead a bheith ann óna bpáirtí – in Éirinn, meastar go bhfuil sé díbheasach Gaeilge a labhairt os comhair dhuine gan í, nó os comhair chainteoir líofa arbh fhearr leo gan í a chloisteáil fiú. Griangraf le Sasith Mawananehewa

Ba é i nGaeltachtaí láidre agus in iarthar Bhéal Feirste (an Chultúrlann agus Cumann Chluain Árd) amháin a chuala mé daoine ag briseadh leis an nós sin ach b’annamh é sin mar sin féin.

Le creimeadh na Gaeltachta, is lú na seansanna i dtólamh go bpósfadh cainteoir dúchais le cainteoir dúchais eile. 

“Bíonn sé deacair ar dhaoine sa dúiche seo daoine a phósadh, nó a bheith leo, a bhfuil Gaolainn acu,” mar a dúirt Orlaith Ruiséal liom agus í ag déanamh tagairt do Chorca Dhuibhneii.

An ‘fhadhb’ leis an deacracht áirithe seo ná nach bhfuil aon neart air mar níl neart ar an ghrá, pósann daoine mar gheall ar an ghrá atá acu do dhuine eile, ní mar gheall ar ghrá do theanga.

Conclúid

Cé go bhfuil páistí á dtógáil le Gaeilge, nó go dhátheangach go fóill, tá an líon sin ró-íseal chun todhchaí na teanga chinntiú, fiú sna Gaeltachtaí is láidreiii. Tá ráta seachadta na Gaeilge íseal le dhá chéad bhliain agus cibé rud a d’éirigh le hAthbheochan na Gaeilge a bhaint amach níor éirigh leis an Ghaeilge a chur á labhairt arís i dteaghlaigh na tíre, cé is moite de mhionlach bídeachiv.

Tá Gaeilge na bpáistí atá á dtógáil léi inniu, agus is fíor seo le glúin nó dhó anuas, faoi thionchar ollmhór ón Bhéarla. Creideann cuid mhaith saineolaithe sa tsochtheangeolaíocht gur aistriú go Béarla amháin an toradh a bheas ar an phróiseas sin, go gairid.

Tá féidearthacht ann nach féidir a chur as an áireamh agus na cúrsaí seo a phlé, dar liom, faoi scáil thabú láidir.

Is féidir go nglacann fiú daoine le Gaeilge líofa agus atá sásta í a úsáid go sóisialta agus / nó go gairmiúil go bhfuil a rás rite aici mar chéad-teanga agus gur ar an ábhar sin nach rithfeadh sé leo í a labhairt le clann.

Anois, ní dúirt aon duine sin riamh liom, ach seans gurb é sin an fhírinne a léiríonn na fíricí gan é a bheith ráite os ard.

 

Is dóigh gurb é an gné is tábhachtaí sa scéal seo ná má tá Gaeilge ag an dá thuismitheoir nó mura bhfuil agus sna cásanna sin má amharcann an bheirt orthu féin mar chainteoirí Gaeilge óir is féidir an teanga a bheith go fileata ag duine gan iad a bheith á gcur féin san áireamh sin.

Fiú má tá ‘Gaeilge na scoile’ ag duine, agus an duine sin ‘líofa’ go leor sa Ghaeilge, ní labhraítear Gaeilge os a gcomhair de ghnáth – laghdaíonn an nós seo na seasanna go mbeidh fás ar líon na bpáistí dátheangacha.

Mar sin féin, casadh orm teaghlaigh ina raibh tuismitheoir amháin ag caint Gaeilge, an duine eile ‘ag cur suas leis’, agus Gaeilge den scoth ag na páistí.

Is daoine tiomanta, a bhfuil cinneadh cinnte déanta acu, iad siúd a labhraíonn Gaeilge lena gcuid páistí – mar a gcéanna le daoine a labhraíonn í go laethúil ar chor ar bith.

Ach labhraíonn daoine Béarla, beag beann ar a bhfuil siad tiomanta di nó nach bhfuil, ar an ábhar gur ‘default language’ í, i. teanga phobail. Bíonn daoine ag labhairt Béarla, chan ag Béarlóireacht, gan a bheith coinsiasach ar rogha a bith a dhéanamh.

Cabhraíonn eagraíochtaí ar nós Tús Maith (i gCorca Duibhne), Tuismitheoirí na Gaeltachta, Glór na nGael agus go leor eagraíochtaí eile le tuismitheoirí agus le teaghlaigh an Ghaeilge a thabhairt dá gcuid páistí.

Eagraíonn siad imeachtaí agus turais, cuir i gcás, chun an ‘pobal’ sin a a chruthú, an réimse teanga sin a chothú, d’ainneoin go bhfuil sí lag sa chomharsanacht nó in easnamh ar fad.

Uime sin, ní amháin go bhfuil an páiste le Gaeilge dhátheangach, bíonn siad ‘dhá-phobalach’ lena chois.

Ní hamháin go mbíonn siad mar chuid de chomharsanacht / dlúthphobal áitiúil ach bíonn siad páirteach i bpobal eile níos mó, nach bhfuil ceangailte le tíreolaíocht – ‘Pobal na Gaeilge’ nó ‘Pobal na Gaeltachta’, dhá choincheap atá measctha le chéile go maith fán am seo.

Tá siad go léir ag iarraidh na cúinsí sin, i. dinimic teanga an dlúthphobail, a athchruthú. Arís mar a léifear ar ball, táthar ann, gníomhaithe agus acadúlaithe ar aon agus meascán den dá rud den tuairim nach leor an réimse teanga saorga agus gur gá dlúthphobal a chruthú chun tearmann teanga a chur ar fáil in a mbeadh an Ghaeilge féin ina teanga réamhshocraithe, ina mbeadh lámh in uachtar aici i ngach institiúid de chuid an phobail agus ina mbeadh sí le cloisteáil thar aon teanga eile ann.

An teanga nádúrtha

Títear dom nach mothaíonn daoine gur nádúrtha an rud é a thuilleadh Gaeilge a labhairt le páistí, fiú i go leor cásanna, más cainteoirí dúchais iad féin.

Mhothaigh mé is mé ag éisteacht le tuismitheoirí Gaeltachta áirithe ná gur shíl siad gur tháinig páistí ar an tsaol le fios dúchasach ar an Bhéarla agus nár mhaith leo cur isteach ar an chaidreamh eatarthu trí Ghaeilge a labhairt leo.

Luaigh daoine sa Ghaeltacht liom nach raibh siad ag iarraidh Gaeilge a labhairt le garpháistí s’acu féin mar go mbeadh sé sin ina bhac cumarsáide eatarthu.

Is é an Béarla an teanga réamhshocraithe in Éirinn, an nádúr. 

Fágfaidh mé an focal scoir ar an ábhar seo ag Osgur Ó Ciardha, tuismitheoir i mBaile Átha Cliath:

“Scaití teipeann ar an mbradán snámh in aghaidh easa. Tá dhá leigheas ar an scéal, eas níos ísle nó breis bradáin.”

Ach cén dóigh ceachtar acu seo a dhéanamh?

i Ó chomhrá ar Twitter.

ii “Má scrúdaítear na figiúirí ó scoileanna Gaeltachta i dtuarascáil a d’fhoilsigh An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscoileanna (2004), feictear gur mó seans go n-éiríonn le teaghlach an teanga a sheoladh ar aghaidh sna ceantair is láidre a mbíonn an Ghaeilge in úsáid iontu. I gcás mionteanga, is mó seans go n-úsáidfidh páiste í más í an teanga a labhraíonn an bheirt tuismitheoirí leis/léi agus lena chéile…” Nic Giolla Phádraig / Watson 2012).

iii Ach cheana, mothaím féin go bhfuil neart éigin fágtha ag an teanga i ndeisceart Chonamara nach bhfuil soiléir ón na staitisticí.

iv Féach Ó Laoire (1999): “Murab ionann agus gluaiseachtaí, Uí Chonaill agus Parnell, ní raibh aon spéis ag an ngnáthdhuine i gceisteanna cultúir agus teanga, mura raibh puinn aige le tuilleamh as. Seo an chúis, b’fhéidir, sa deireadh thiar, nár éirigh leis an athbheochan patrúin na hurlabhra a athrú laistigh de réimse an teaghlaigh.”

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s