20. “Iosrael in Iar-Chonnacht”

Dóchas

Más othar í an Ghaeilge, is iomaí dochtúir a thug cuairt uirthi agus í sínte breoite, cuid acu ag iarraidh í a shábháil, cuid acu díreach ann mar ba mhaith leo staidéar a dhéanamh ar an phróiseas.

Anseo thíos, tá spléachadh ar chuid den na príomh-smaointeoirí i saol na Gaeilge le 50/60 bliain anuas.

“Iosrael in Iar-Chonnacht”

Rugadh Desmond Fennell i mBéal Feirste, tógadh é i mBaile Átha Cliath. Cuirtear síos air mar fhealsamh cultúrtha. Tá clú air mar gheall ar go leor dár scríobh sé ach is é an aiste chlúiteach, ‘Iosrael in Iar-Chonnacht’ is ábhartha anseo.

In ‘Revival or Not’, a scríobh sé in 1969, scríobh sé nach mbeadh Gaeltacht ar bith ann i gceann 20 bliain.

Tá Gaeltachtaí ann fós breis is 50 bliain ina dhiaidh sin – ardaíonn sé sin ceist an bhfuil muid mar fhealsaimh, mar lucht léinn agus mar iriseoirí ciontach as scéalta chailleach an uafáis a chur amach ansin go rí-mhinic – agus anois nach gcreideann daoine gurb é sin an faolchú ag an doras?

“Mhol mé é sin ar son an ionraiceas agus toisc go ndéanann polasaí oifigiúil atá dírithe ar athbheochan dochar don nGaeilge agus dúinn féin mar dhaoine, fhaid is nach bhfuilimid ábalta nó toilteanach an athbheochan a bhaint amach – is é sin, an Ghaeltacht a leathnú agus a neartú.”

Deasún Fennell

Dar le Fennell gur theip ar an Athbheochan na Gaeilge agus mar sin de, “we are wasting resources and frustrating our youth in an irresponsible fashion”. Bhí sé ar son deireadh a chur leis an athbheochan, mar bhí sé den tuairim go raibh sé dodhéanta mar aidhm agus go raibh sé ag déanamh dochar fiú:

“Mhol mé é sin ar son an ionraiceas agus toisc go ndéanann polasaí oifigiúil atá dírithe ar athbheochan dochar don nGaeilge agus dúinn féin mar dhaoine, fhaid is nach bhfuilimid ábalta nó toilteanach an athbheochan a bhaint amach – is é sin, an Ghaeltacht a leathnú agus a neartú.”

Chuir sé an coincheap ‘Iosrael in Iar-Chonnachta’ chun tosaigh mar réiteach:

“Ag an am céanna dúirt mé go bhféadaimis an athbheochan a chur i gcrích fós dá ndéanaimis athrú réabhlóideach ar Ghaeltacht Chonamara, is dtreo is go ndéanfaí “Éire bheag” Ghaelach di.

Iosrael in IarChonnachta
Riachtanach nó réalaíoch? – ‘Iosrael in IarChonnachta’ mar a mhol Deasún Fennell é.

“Ach bheadh an gníomh réabhlóideach seo ag brath ar dhúthracht na nGaeilgeoirí sna cathracha agus sna bailte móra agus ar thacaíocht ón Rialtas agus ó Éireannaigh ar fud an domhain.

“Rachadh Gaeilgeoirí, a raibh chuile cheird agus scil acu, go Conamara agus dhéanfadh siad “Iosrael Nua” ann…” a scríobh sé.

Is é sin go raibh sé ag iarraidh ar an rialtas Gaeltacht Iarthar na Gaillimhe a fhorbairt ó thaobh an gheilleagair de agus bailte a fhorbairt ann.

‘Plandáil Chonnacht’

Mar sin féin i litir dar teideal ‘Plandáil Chonnacht’ san Irish Times an mhí dar gceann d’admhaigh sé nach féidir a bheith “ag súil le tarrtháil an Rialta[i]s” agus “nach mór do na Gaeilgeoirí an gníomh a dhéanamh iad féin”.

Ba riachtanach na mílte a athbhunú ann leis an phlean a chur i gcrích, “perhaps 1,500 – 2,000 persons” – Gaeilgeoirí gairmiúla de gach cineál sórt.

Tá cuma os-réalaíoch ar na smaointí seo go léir agus duine ag léamh siar ar na haistí seo in 2020.

“Preference in new jobs and in regard to residence permits is strictly given to Irish-speakers,” a scríobh sé, más ceist bheo é an chéad chuid den ráiteas tá an dara cuid do-shamhlaithe i saol na linne seo.

Carna
Carna i gConamara, an é seo Iosrael na nGael? Griangraf ó Wikipedia

Do Fennell, ba riachtanach rogha a dhéanamh idir an athbheochan seo agus “gluaiseacht na teanga” – ag scríobh, “níor ghaibh an Ghaeilge seilbh ar shráid amháin nó ar shráidbhaile amháin – gan trácht ar theascán iomlán sóisialta de shaol na hÉireann”.

Ba é dearcadh Fennell gurbh ionann “tarraingt siar” ón athbheochan (agus go Conamara) agus “gníomh réabhlóideach”.

Níor tharla “Iosrael in IarChonnachta” riamh ar ndóigh agus is deacair a shamhlú go n-éascódh aon rialtas in Éirinn a leithéid i saol na linne seo.

Ach bhí tionchar ag scríbhinní Fennell ina gcuid ama féin – bhí “Iosrael in IarChonnachta” mar aidhm de chuid Ghluaiseacht Chearta na Gaeltachta cuir i gcás.

Seans gurb é a scríobh an focal ‘Gaelphobal’ ar dtús.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s