21. “Conspóid: Gaelphobail an Dara Céad agus an Dara hAliyah”

Tá clú ar an aiste ‘Conspóid: Gaelphobail an Dara Céad agus an Dara hAliyah’ le Pól Breathnach, a foilsíodh in Comhar in 1994.

Is é an rud atá i gceist le Aliyah ná filleadh na nGiúdach ar Iosrael, bunús an tSiónachais.

Léirigh an t-údar a chreideamh go raibh an cath ar son na Gaeltachta agus na Gaeilge chóir a bheith caillte.

“Gaelphobail,” atá uaidh na teanga anois dar leis. Bhí rud níos doimhne i gceist aige ná “athlonnú lucht labhartha na Gaeilge” nó “[c]omharsanachtaí nua Gaelacha”:

“Tá pobail dhlútha áitiúla dá cuid féin ag teastáil go géar ón nGaeilge…. Ní bheidh sí ina teanga bheo ar chor ar bith dá n-uireasa.”

Obair amú cuid mhaith den obair agus de na híobairtí a dhéantar ar son na teanga dar leis, ag caitheamh anuas ar chuid mhaith a rinneadh go dtí sin.

Glacann cuid Gaeilgeoirí inspioráid ó Iosrael agus ó athbheochan na hEabhraise.

Chuir sé in iúl gurb é cois teallaigh is fusa a fhoghlaimíonn duine teanga agus gur gá sin a dhéanamh “laistigh do phobail dhlútha áitiúla Gaeilge”.

Dar leis nach raibh sé sin ar fáil sa Ghaeltacht a thuilleadh.

“AthÉire”

“AthÉire,” a bhí uaidh, déanta de chúpla chéad duine idir chainteoirí ó dhúchais agus lucht athbheochana chun “[p]obal a bheas ina oidhre dlisteanach ar an nGaeltacht agus ina réamh-theachtaire ar ár n-aisling” a bhunú.

Chuir sé “córas na seachtar” chun tosaigh mar bhealach chun cúrsaí an phobail a riaradh cé nach soiléir dom cén dóigh a roghnófaí iad siúd.

Mhol sé fosta “diandíospóireacht” roimh aon ghníomh (rud nach dtaitneodh le lucht Bhóthar Seoighe i mBéal Feirste mar a léifear ar ball).

Pobal útóipeach go leor a bhí i gceist ag Breathnach in “AthÉire”, fís a ba é nár tháinig ar an tsaol.

“Ní bheidh aon cheal oibre san áit,” a scríobh sé, cuir i gcás.

“Beidh lucht a lonnaithe ar chomhthuiscint faoi thábhacht na Gaeilge don duine agus don tír… oibreoidh bunaitheoirí an Ghaelphobail a gcuid íde-eolaíochta teanga amach go cúramach roimh ré.

Trianta na gcanúintí

“Tuigfear gur cuid de shaibhreas na teanga a cuid canúintí agus go bhfuil siúráil na cainte ag brath orthu. Leagfar an suíomh amach ar chaoi a chuirfeas lena gcaomhnú: trian na nUltach, trian na gConnachtach, agus trian na Muimhneach.”

Arís, is dócha go mbeadh daoine i gcoitinne den tuairim go mbeadh sé sin dochrach mí-phraiticiúil.

“Bheadh gealltanas tugtha ag gach ball den phobal nach ndíolfadh siad a dteach le duine ar bith nach mbeadh an pobal uilig sásta leis mar bhall nua,” ceann de na rialacha a bheadh ann.

Tá tuiscint ag muintir Bhóthar Seoighe (féach thíos) nach ndíolfadh siad an teach le duine ar bith gan Ghaeilge ach ní hionann sin is an moladh a bhí ag Breathnach.

Sílim go raibh fís s’aige an-ghar do choincheap an chomúin, mar atá a mholadh go mbeadh “comhpholasaí” ann maidir le cúrsaí teilifíse.

“Tá pobail dhlútha áitiúla dá cuid féin ag teastáil go géar ón nGaeilge…. Ní bheidh sí ina teanga bheo ar chor ar bith dá n-uireasa.”

Pól Breathnach

Beag beann ar ghrá don teanga is doiligh a shamhlú go mbeadh mórán daoine sásta an méid sin saoirse a ghéilleadh agus a bheith riartha sa dóigh sin.

Mar sin féin, chuir sé fáilte roimh cheartú agus argóintí ina choinne, ní heol dom aon iarracht chun sin a dhéanamh.

Bhí Breathnach den tuairim go rachadh an leithéid de phobal i bhfeidhm ar mhuintir na hÉireann ar fad agus go dtiocfadh le duine a bheith ag súil go ndéanfadh aithris air.

Bhí an-tionchar ag Pobal Feirste ar Bhóthar Seoighe i mBéal Feirste ar an mhórphobal thart air – cé gur fada ó fhís an Bhreathnaigh atá sé – ach ní dhearnadh aithris air sin ó shin.

Dála an scéil, bhí Breathnach den tuairim go bhfuil “locht marfach” ar Bhóthar Seoighe ar an ábhar go bhfuil sé “ró-bheag”.

Aon tuairim amháin ar “21. “Conspóid: Gaelphobail an Dara Céad agus an Dara hAliyah”

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s