22. ‘Crannóga’

Fear eile a rinne dian-mhachnamh ar chás othar na Gaeilge ná Liam Ó Sé, dochtúir leighis nach maireann.

Cláiríneach a ba é, a chonaic Gaeltacht an Chláir ag fáil bháis lena linn féin – i bhfírinne, mar is ar bhardaí ospidéil an chontae a chuala sé í á labhairt, ag fir amháin mar a tharlaíonn sé.

In 2000, d’fhoilsigh sé leabhar ‘Crannóga: an epidemiological approach to the Gaeltacht’ inár thug sé faoi scrúdú a dhéanamh ar chruachás na teanga mar dhochtúiri.

Cur chuige eolaíoch a bhí aige, ach fréamhaithe ina chuid traenála féin, seachas mar shochtheangeolaíocht. Tá a theachtaireacht an-intuigthe dá bharr.

Ar nós na ndaoine atá luaite thuas, bhí an Dr Ó Sé go mór ar son díriú isteach ar aidhmeanna ar leith seachas ar oll-fhís:

“Instead, then, of expending scarce resources on some vague or less urgent objective, it should be possible to direct precisely aimed shots at carefully selected targets.”ii

Is é caomhnú na Gaeltachta an chéad tosaíocht a bhí aige. I measc a chuid smaointí chun sin a bhaint amach, bhí bunú bailte beaga – smaoineamh atá an-chosúil le hIosrael in Iarchonnachta.

Loch Bricleann
Loch Bricleann, Co. an Dúin, an léiríonn an stair bealach chun tosaigh? Griangraf ó Wikipedia

Bhí sé ar son “Gaeltachtaí Nua” a bhunú san iar-Ghaeltacht freisin, ghlac sé na Hutterites i SAM, Kibbutzim in Iosrael agus na Amish in SAM (ach ní an oiread céanna) mar eiseamláir, “crannóga” mar a thug sé féin orthu.

Ní léir dom gur luaigh sé sampla Bhóthar Seoighe i mBéal Feirste – ceann den dá eiseamláir ina bhfuil samplaí de rud cosúil leis na ‘crannóga’.

i “Gan amhras níor gan stró a chuir sé Crannóga le chéile agus é anonn go maith in aois. Le galar forleatach nó eipidéimeach a samhlaíodh meath na teanga Gaeilge dó. Bhí cúinsí drochshláinte i gceist: éadóchas, náire, creideamh, leithlis, lagmheas, timpeallacht, néaróis… agus chaithfí dul i ngleic leo chun teacht ar leigheas agus chun go mairfeadh an teanga sa Ghaeltacht agus anseo is ansiúd ar fud Éireann. Sea, samhlaíodh dó gurbh othras a bhí ar an nGaeilge mar theanga phobail agus nárbh fholáir teacht mar sin ar chógais chun é a leigheas. Iarracht sa treo sin is ea Crannóga.” (https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=3034)

ii Ó Sé (2000).

3 thuairim ar “22. ‘Crannóga’

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s