25. ‘Tearmann na nGael’

“Mara mbeidh tearmann go gairid aici, tá a port seinnte mar theanga pobail.”i

An Dr Brian Ó Curnáin

Is iad an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin agus an Dr Brian Ó Curnáin, beirt de na sochtheangeolaithe is mó le rá atá ag obair i saol na Gaeilge i saol na linne seo. Daoine acadúla iad go príomha agus is léir a bpaisean don teanga.

Measaim go bhfuil cosúlacht le dearcadh Fennell ina gcuid tuairimí, cé gur ar an teangeolaíocht a bheadh sé bunaithe. Tá tionchar mór ag an saothar seo ar ghníomhaithe ar nós bhaill Misneach agus is minic comhfhreagras ón Ollamh Ó Giollagáin go háirithe, le mothú sna meáin Bhéarla.

Pléim tuairimí s’acu le chéile ar an ábhar gur minic a oibríonn siad le chéile. Leagann siad an-bhéim ar chosaint na Gaeilge mar theanga pobail sa Ghaeltacht i gcónaí, ní leor gréasán cainteoirí chun pobal a dhéanamh in aon chor, dar leoii.

Cad is gael ann?
An féidir Gael gan Gaeilge?

Bhí leabhar s’acu ‘Beartas Úr na nGael’iii iv dírithe go príomha ar “Ghaeil na Gaeltachta”, chan ar Ghaeilgeoirí na Galltachta – is é maíomh na n-údar gur dhá ghrúpa eitneacha iad cainteoirí dúchais Gaeilge agus Éireannaigh nach bhfuil an teanga acuv. Is éard a mholtar don iar-Ghaeltacht ann ná:

“Córas chun struchtúr sóisialta a chur ar bun le rannpháirtíocht ghréasánach san eitneachas Gaelach a chothú go hinstitiúideach agus go sochaíoch, .i. soláthar oideachais go bhfoghlaimeodh daoine Gaeilge chun páirt a ghlacadh i gcultúr Gaelach na ngréasán agus an Bheartais Úir: ‘T2 comhpháirtíochta’:

Is é mo léamh ar an phlean sin ná go leanfadh daoine ar aghaidh ag foghlaim na Gaeilge ar scoil.

Is é bunús an Bheartais Úir ná an gá le “Tearmann na nGael”vi a bhunú, a shainmhínítear mar “láthair nó láithreacha chun buan-nósmhaireacht logánta Ghaeilge a chinntiú”:

“[A]thbhunú pobail ina mbeadh dlús leordhóthaineach cainteoirí gníomhacha Gaeilge chun inmharthanacht pobal cainteoirí Gaeilge a chinntiú; pobal agus a n-áit ina mbeadh sé ‘sábháilte’ do Ghaeil Gaeilge a labhairt; láthair an phobail a bheidh bisiúil do chothú Gael; nó Tearmann Mionteanga”.

Is é mo thuiscint air sin ná go roghnófaí áit nó áiteanna sa Ghaeltacht mar atá siad faoi láthair go ndéanfaí lucht labhartha na Gaeilge a lonnú ann. Is é an cheist is dócha ná cé a roghnódh iad agus cad a dhéanfaí le daoine gan Ghaeilge atá lonnaithe ann cheana? Cé a dhéanfadh an cinneadh gur Gael duine nó nach Gael iad, cé na critéir a bheadh i gceist?

Chomh maith leis an tearmann; molann na húdair “Iontaobhas Pobail” a bhunú “a dhéanfadh bainistiú ar acmhainní socheacnamaíochta” an phobail; “Dáil na nGael”, mar fhóram poiblí don phobal agus “Acadamh na nGael” chun tabhairt faoi thaighde sa phobal.

Tá ‘An Beartas úr’ gann go leor ar shonraí nó ar aon phlean chun é a chur i gcrích, iarracht a ba é chun splanc a chur le díospóireacht, “is deacair a shamhlú go gcuirfear i bhfeidhm iad in aicearracht,”vii mar a scríobh Cóilín Ó Floinn, a rinne léirmheas ar an leabhar.

“Laige eile a bhaineann leis an leabhar seo, agus rud a eascraíonn as an phointe roimhe seo, ná go bhfuil na hargóintí a chuirtear chun tosaigh ann fréamhaithe den chuid is mó i dtaighde na n-údar féin, agus i dtaighde eile a rinneadh ar a laghad 10–15 bliana ó shin.”viii

“Is é an dearcadh atá ag tiomáint na n-aistí sa leabhar seo ná go bhfuil an Rialtas agus na forais phoiblí ag feidhmiú de réir na tuairime go bhfuil an teanga beo beathach sa Ghaeltacht agus gurb é an chloch is mó ar ár bpaidrín an teanga a thabhairt ar ais i réim sna codanna sin den tír nach bhfuil sí á labhairt mar theanga phobail a thuilleadh iontu,” a scríobh sé.

Ní léir dom más cruinn ceachtar den dá mhaíomh sin ó thaobh na polaitíochta de.

“Faraor, níor éirigh le beartas Uí Ghiollagáin agus Uí Churnáin sciar de mhuintir na hÉireann, nó muintir na Gaeltachta fiú, a mhúscailt,”ix a scríobh an staraí Kerron Ó Luain faoi.

Más fíor sin, mar sin féin, tá an-tionchar ag Ó Giollagáin agus Ó Curnáin ar ghníomhaithe Gaeilge áirithe, go háirithe iad siúd a bhfuil dúil sa tsochtheangeolaíocht agus i bpleanáil teanga acu. Agus duine ag léamh na hirise Mionlach, a fhoilsíonn an eagraíocht Misneach, agus ag caint le baill na heagraíochta sin, is léir an tionchar a imríonn an dís seo ar sciar de lucht labhartha na Gaeilge.

“[A]thbhunú pobail ina mbeadh dlús leordhóthaineach cainteoirí gníomhacha Gaeilge chun inmharthanacht pobal cainteoirí Gaeilge a chinntiú; pobal agus a n-áit ina mbeadh sé ‘sábháilte’ do Ghaeil Gaeilge a labhairt; láthair an phobail a bheidh bisiúil do chothú Gael; nó Tearmann Mionteanga”.

Conchúr Ó Giollagáin agus Brian Ó Curnáin

Seans go bhfuil go leor leideanna maidir le cad a bheadh i gceist leis an ‘Beartas Úr’ le fáil i saothar Bhriain Uí Churnáin a foilsíodh roimhe sin. “Ba cheart a bheith réalaíoch faoina laghad dóchúlachta atá ag athbheochan atá de dhíth i ngach Gaeltacht anois agus dá bhrí sin ba cheart aghaidh a thabhairt ar bhunú pobal deonach pleanáilte Gael,”x a scríobh sé i 2009, ag déanamh tagairt do phobal pleanáilte lonnaithe sa Ghaeltacht is dócha.

“Dá mbunófaí, mhairfeadh pobal Gaeltachta dhá scór bliain eile ar a laghad.”

“Cheal tearmainn thíreolaíoch, comhar gréasán an chéad rud eile ab fhearr agus atá á fheidhmiú faoi láthair ag Gaeil taobh istigh is taobh amuigh den Ghaeltacht.

“Tapaítear gach deis le sóisialú is gníomhú i ngréasáin fhoirmeálta is neamhfhoirmeálta Gaeilge.”

Aontaíonn Conchúr Ó Giollagáin leis sin, seo achoimre an-ghonta ar a thátal a chuid saothair:

“* minority language cultures require a relativity high density or a critical mass of active and socially-rooted speakers in order to resist the social pressures of assimilation into the majority linguistic culture

* young minority language speakers require a dynamic family and community socialisation process, encompassing rich and varied language inputs, in order to become competent and functional speakers of the minority language.”xi

Tá tacaíocht léirithe ag an Dr Ó Curnáin do lonnaíochtaí taobh amuigh den Ghaeltacht chomh maith. Seo sliocht as alt de chuid Gaelscéal in 2011 ar Tionscnamh Chomharchumann Tithíochta an tSeachtar Laoch:

“Tá géarghá le Gaeltachtaí beaga a lonnú, go háirithe agus an Ghaeltacht stairiúil díbheo faoi láthair. Deir Máirtín Ó Cadhain, deir Desmond Fennell, deir Pól Breatnach, deir Tomás Mac Síomóin linn, deir Joshua Fishman (an saineolaí idirnáisiúnta is mó le rá ar chúrsaí cothabhála agus athbheochana mionteangacha) agus a lán eile tharstu, go bhfuil riachtanas ag an nGaeilge le Gaelphobail mar go bhfuil gá ag mionteangóirí le háit chónaithe a bheith acu arb í an mhionteanga an phríomhtheanga gan cheist gan choimhlint. Athdhlúthú na Gaeilge i bpobail is sprioc don Athbheochan (nach polasaí do Stát na Poblachta a thuilleadh de réir Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, ar ndóigh). Teipeann ar Ghaelscoileanna agus ar Ghaeleagrais éagsúla glúinte Gaeilgeoirí gníomhacha a chothú de cheal pobal lonnaithe aontaithe. Ag séideadh gaoithe i mbonn atá pollta atáthar formhór an ama de cheal pobal lonnaithe aontaithe. Go n éirí le Tionscnamh Chomharchumann Tithíochta an tSeachtar Laoch Gaelphobal a chothú! Is iad a leithéidí an t-aon dóchas dáiríre a bhí agus atá ag an nGaeilge, sa mBreac-Ghaeltacht mar atá sí, agus sa nGalltacht Oifigiúil chomh maith céanna. Tá dúshlán ollmhór rompu. Cuimhnídís nach bhfuil ag éirí le Gaeil na nGaeltachtaí féin anois Gaeilge shásúil a thabhairt dá gclann de bharr uile-láithreacht an Bhéarla sa Dátheangachas Aontreoch (i dtreo an Bhéarla). Ní leor a bheith i do chainteoir Gaeilge mar sin. Beidh pobal Gael de dhíth.”xii

i Ó Curnáin (2009).

ii Flynn (2018): “Maidir le pobal teanga na Gaeilge de, tarraingíonn na húdair aird ar an difear idir pobal agus gréasán cainteoirí. De réir an idirdhealaithe seo, maireann pobal i ngaobhar a chéile agus/nó bíonn teagmháil bhríoch acu lena chéile go minic. Dar leis na húdair, tá sé seo difriúil le gréasán daoine a mbíonn ‘nasc ócáideach sainspéise’ acu lena chéile. Is é an impleacht atá ann, dár leo, ná seo: más í an mhionteanga an tsainspéis atá i gcoitinne acu, agus é sin amháin, tá baol mór ann go mbeidh na cainteoirí seo in iomaíocht shóisialta le cainteoirí na mórtheanga ar an láthair chéanna (26). Níos faide ar aghaidh san aiste, tugtar sampla coincréiteach den deacracht a bhaineann le gréasán cainteoirí ag teacht chun cinn in ionad pobail: ‘Is minic a eascraíonn inmheánú dhearcadh diúltach an ghrúpa láidir i measc an ghrúpa imeallaithe as an iomaíocht éagothrom shóisialta seo’ (40). Ceann de na buntuiscintí a bhraitear sa phlé seo ná nach féidir le múineadh na Gaeilge an teanga a shábháil más mian linn í bheith ina modh cumarsáide nádúrtha ag pobal (ar leith) na hÉireann. Tá an freastal a dhéantar ar ‘fhoghlaimeoirí’ míchuí de réir na tuisceana seo (féach Ó Giollagáin 2018).

iii Ó Giollagáin, C., & Ó Curnáin, B. (2016).

iv Flynn (2018): “Is é an dearcadh atá ag tiomáint na n-aistí sa leabhar seo ná go bhfuil an Rialtas agus na forais phoiblí ag feidhmiú de réir na tuairime go bhfuil an teanga beo beathach sa Ghaeltacht agus gurb é an chloch is mó ar ár bpaidrín an teanga a thabhairt ar ais i réim sna codanna sin den tír nach bhfuil sí á labhairt mar theanga phobail a thuilleadh iontu. Is éard atá ag déanamh imní do na húdair (agus do go leor eile, tá mé cinnte) ná go bhfuil an baol ann go leanfaidh na húdaráis leo ag freastal ar fhoghlaimeoirí na Gaeilge agus leithcheal a dhéanamh ar phobal labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht. Mar sin, is mian le húdair na n-aistí cur síos a dhéanamh ar shaintréithe ghéarchéim na Gaeilge sa Ghaeltacht agus moltaí chun feabhais a thabhairt le dul i ngleic leis an ghéarchéim”.

v Flynn (2018): “Is é an mhórdheacracht a bhaineann leis an phlé seo ná go bhfuil sé bunaithe go hiomlán ar chritéar na teanga. Dar liomsa, áfach, is deacair a chruthú gur dhá ghrúpa eitneacha ar leith iad daoine a bhfuil Gaeilge acu agus iad siúd nach bhfuil. Braithim go bhfuil plé níos mine de dhíth sa chuid seo den aiste ar na difríochtaí, ó thaobh cultúir de, a fheiceann na húdair idir lucht an Bhéarla agus lucht na Gaeilge/Gaeltachta.”

vi “Is éard atá i gceist le coincheap an tearmainn mhionteanga na láthair ná láithreacha a roghnú ina ndéanfar iarrachtaí pleanáilte chun dlús sóisialta na gcainteoirí mionteanga a chothú agus a chosaint” Ó Giollagáin, C., & Ó Curnáin, B. (2016).

vii Flynn (2018).

viii Flynn (2018): “Tá impleachtaí an chur chuige seo níos tromchúisí don chéad agus don dara haiste mar fágtar an léitheoir gan sonraí comparáideacha ó thaighde den chineál céanna atá á dhéanamh i gcomhthéacsanna comhchosúla.”

ix Ó Luain (2019).

x Ó Curnáin (2009).

xi Féach: https://www.uhi.ac.uk/en/t4-media/one-web/university/research/case-studies/docs/CS-soillse.pdf

xii Féach: https://cs.slu.edu/~scannell/gaelsceal/2011-06-17.pdf

2 thuairim ar “25. ‘Tearmann na nGael’

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s