26. Máirtín Ó Cadhain

D’ainneoin a bhfuil de fhoirgníocht nua déanta ar fud na hÉireann, níl i mBaile mór amháin sráid, céide, corrán, ascaill ná scéim tithe féin atá Gaelach nó leath-Ghaelach féin.i

Máirtín Ó Cadhain, trí Shéamus Mac Seáin

Chuir mé na tuairimí thuas le chéile ar an ábhar gur mheas mé go síolraíonn siad ón traidisiún céanna, cé nach, nó nárbh, ionann disciplín na n-údar. Tá mé ag glacadh Máirtín Ó Cadhain (1906–1970) mar réamhtheachtaí traidisiúin atá gaolta leis, ach atá difriúil ag an am céanna.

Cainteoir dúchais as an Spidéal a bhí ann. B’ollamh agus scríbhneoir, gan trácht ar ghnéithe eile go leor, é Máirtín Ó Cadhainii, níl mé ag díriú ach ar ghné amháin dá chuid smaointeoireachta anseo agus ag déanamh neamhaird ar go leor gnéithe eile, a chuid polaitíochta cuir i gcás. Shíl Ó Cadhain nach mbeadh “aon rath go deo ar fhoghlaim na Gaeilge go dtí go mbíonn sí á labhairt go nádúrtha i dtimpeall an fhoghlaimeora, mura bhfeiceann siad agus mura gcloiseann siad an teanga á labhairt ag a leithéidí féin ní thaobhóidh siad léi go deo”iii.

Shíl sé freisin go raibh dlúthbhaint idir rath na Gaeilge san Iar-Ghaeltacht agus sa Ghaeltacht. “Caithfear an Ghaeltacht a chaomhúint ar mhaithe leis an nGaeilge ach ní ar mhaith léi féin. Ní fhéadfaí sin a dhéanamh,” a dúirt sé i litir chuig Séamus Mac Seáiniv.

“Spreagfá an Ghaeltacht má spreagann an chuid eile den tír ach ní spreagfá dhá uireasa sin”.

Bhí baint ag Máirtín Ó Cadhain le bunú Ráth Cairn sna tríochaidí ach is léir gur ag caint ar chomharsanachtaí uirbeacha Gaeilge a bhí sé nuair a scríobh sé:

“Caithfidh muid baile mór a bhunú muid féin agus ná bí ag ceapadh go mba ní dodhéanta é. Níorbh ea. Níor ghá ach áit fheiliúnach a thoghadh, sórt cumann foirgníocht a bhunú, na tithe a thógáil agus busanna a bheith ann le daoine a thabhairt isteach is amach chuig a gcuid oibre. Teastaíonn baile mór ó lucht na Gaeilge: bunaídís féin é.”v

Is é an tátal a bhainim as an fhriotal sin ná gur ghlac Ó Cadhain go mbeadh sé éasca go leor a leithéid a dhéanamh. Ar an ábhar nach ndearnadh é ach dhá uair (féach thíos) agus nach raibh sé furasta sa dá chás sin, agus gur theip ar go leor iarrachtaí eile, glacaim go bhfuil an chuid sin den ráiteas bréagnaithe faoin am seo. Ach sa dara cuid den ráiteas, ba léir nár shíl Ó Cadhain go ndéanfadh áisíneacht nó rialtas a leithéid – ón phobal amháin a thiocfadh a leithéid. Fágann an fhíric nár tógadh ach dhá lonnaíocht úr riamh cás láidir gur fíor sin.

Bhí toradh ar thuairimíocht Uí Chadhain tríd an eagraíocht radacach Misneach (an chéad eagraíocht den ainm sin) agus is dócha gurb é a dhalta is clúití inniu ná an Feirsteach Séamus Mac Seáin, duine de na daoine a bhunaigh Bóthar Seoighe i mBéal Feirste.

i Mac Seáin (2017).

ii Féach https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=413

iii Mac Seáin (2017).

iv Mac Seáin (2017).

v Mac Seáin (2017).

3 thuairim ar “26. Máirtín Ó Cadhain

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s