“Thuig Ó Cadhain is dóigh liom mura dtosódh an teanga ag neadú in áiteanna eile sa tír gur dócha nach dtiocfadh leis an Ghaeltacht thraidisiúnta déileáil leis an tsíor-chreimeadh a bhí ag dul ar aghaidh leis na céadtaí bliain gan dul faoi go hiomlán ar ball,”i a scríobh Mac Seáin.
“Ba fhear Gaeltachta go smior é Máirtín Ó Cadhain ach thuig sé san am chéanna gur mar theanga náisiúnta a chaithfí í a chaomhnú agus sin an fáth a raibh sé ag caint ar chomharsanachtaí a bhunú in áiteanna eile.
“Comhartha fáis in áit feo agus dóchas in áit éadóchais.”
Mar sin de, ní bhfacthas do Mac Seáin go bhfuil aon idirdhealú nó codarsnacht idir cás na Gaeilge sa Ghaeltacht nó san-IarGhaeltacht, ach go raibh agus go bhfuil tionchar acu ar a chéile.

Macasamhail Uí Chadhain, níl Mac Seáin ag súil go ndéanfadh rialtas nó údarás an gníomh seo, pobail a dhéanfadh aon rud dá leithéid, cé go nglacfadh sé le cabhair ar bith lena bhaint amach:
“Is ón phobal aníos a chaithfeadh an treoir agus an spreagadh a theacht le Comharsanacht nua Ghaeilge a bhunú.
“Chomh dócha lena mhalairt is daoine faoi bhun caoga bliain d’aois a thabharfadh faoi. Ba mhaith freisin go mbeadh buntáiste ag baint le daoine cinneadh a dhéanamh dul a chónaí inti.”
Mar sin féin, ní raibh Mac Seáin i gcoinne airgead stáit a ghlacadh ach bhí sé den tuairim nár cheart a bheith ró-cheangailte aige:
“Ba mhór an gar dá bhfaighfí cuidiú ó chiste poiblí éigin le suíomh a cheannacht nó le seirbhísí a chur isteach… Fuair muid féin amach i mBéal Feirste nach miste buntáiste airgid a bheith ag baint leis an idéalachas corruair.”
i Mac Seáin (2017).
Aon tuairim amháin ar “27. Séamus Mac Seáin”