29. Misneach Mhic Aoidh

Is ball gníomhach den “grúpa radacach”i Misneach (an dara eagraíocht a raibh an t-ainm sin orthu) é an Dr Seanán Mac Aoidh, cé gur labhair sé liom ar bhonn pearsanta.

Athbheochan ar eagraíocht Uí Chadhain a bhí ann mar Mhisneach go pointe agus bhí tacaíocht iarbhaill an ghrúpa sin le bunaitheoirí na heagraíochta nua an t-ainm sin a úsáid nuair a tháinig sé ar an tsaol i mBaile Átha Cliath in 2013.

Is as Contae Mhuineacháin é Seanán, toradh ar an Ghaeloideachas is ea é, tá dochtúireacht aige ó Ollscoil Uladh ar scéalaíocht Thír Chonaill an lae inniu, chomh maith lena bheith ina sheanchaí aitheanta é féin. Tá sé ina bhainisteoir ar an tSean-Bheairic ar an Fhál Carrach ar imeall Ghaeltacht Dhún na nGall faoi láthair.

Bhí cónaí ar i Mionlach i mbreac-Ghaeltacht na Gaillimhe agus i mBéal Feirste sular bhog sé chun na Gaeltachta.

Cad é an aisling atá aigesean?

‘Ceist chasta’

Ní raibh freagra furasta ná gasta aige ar an cheist mar gheall air cé chomh casta agus dúshlánach atá cúrsaí Gaeilge faoi láthair, a dúirt sé. Dar leis go gcaithfidh idir Ghaeilgeoirí na Galltachta agus Ghaeil na Gaeltachta “machnamh domhain” a dhéanamh faoi cad atá uatha.

Aige féin go pearsanta – tá an Ghaeilge tábhachtach ach tá go leor rudaí eile níos tábhachtaí, cúrsaí tithíochta agus fostaíochta, cuir i gcás:

“Muna bhfuil tú ábalta a bheith i do chónaí sa cheantar, muna bhfuil tú ábalta teach a bheith agat, post a bheith agat agus saol sóisialta a bheith agat – níl tú ag dul fanacht ann.

“Creidim i mo chroí istigh… agus tá seo bunaithe ar go leor taighde sochtheangeolaíochta, nach mairfidh mionteanga muna bhfuil pobal labhartha ann i gceantar ar leith.

“Agus ní bheidh an pobal sin ann muna bhfuil daoine ábalta a bheith ina gcónaí ann, go háirithe daoine óga atá ábalta aithne a chur ar dhaoine óga eile agus babaí a bheith acu, teaghlach a thógáil, páistí a uchtú nó cá bith – agus an chéad ghlúin eile a thógáil leis an teanga sin.

“Sin rud nach bhfuil ar fáil do go leor daoine sa Ghaeltacht san am atá i láthair agus sin an fáth nach bhfuil siad ag fanacht ann.”

Tábhacht na nGaeltachtaí

Ní fheictear do Mhac Aoidh go leanfadh mórán daoine ar aghaidh ag caint Gaeilge gan an Ghaeltacht, “scoláirí, nerds, daoine a bhfuil suim mhillteanach acu i gcúrsaí oidhreachta agus i gcúrsaí teanga” amháin a d’fhoghlaimeodh í, dar leis.

Tá paisean Sheanáin don Ghaeltacht soiléir ach creideann sé go bhfuil “sciar áirithe de ghluaiseacht na Gaeilge arbh fhearr leo an Ghaeltacht a bheith marbh”.

Is tuairim é seo atá bunaithe ar a chuala sé ó chorrdhuine i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste, a mhínigh sé.

Seánán Mac Aoidh
An Dr Seánán Mac Aoidh. Griangraf le hOllscoil Uladh

Tá sé féin ag fuireach ar an Bhealtaine i nGort an Choirce, áit a bhfuil brí agus neart ag an Ghaeilge go fóill, go háirithe i measc theaghlaigh áirithe.

“Caithfidh tú smaointiú air seo go fóill,” a dúirt sé, “go bhfuil pobal orgánach teanga ann agus caithfear é a chosaint.”

“Agus ní shílim go bhfuil mórán aird ag gluaiseacht na Gaeilge air sin sa lá atá inniu ann – is mór an trua é.”

Ní aontaíonn sé go gcaithfear rogha a dhéanamh idir athbheochan na teanga agus caomhnú na Gaeltachta mar atá maíte ag Fennell áfach. Mar dhuine as Muineachán a d’fhreastail ar Ghaelscoil, tá sé i bhfách leis an dá rud, ag rá go raibh an-rath atá ar an teanga ina chontae dúchaisii mar thoradh ar an Ghaelscolaíocht agus ar dhaoine a bheith ag freastal ar choláistí Gaeltachta:

“Tá athbheochan in áiteanna cosúil le Muineachán ag cothú na Gaeltachta fosta.

“Thig na daoine seo ar cuairt agus tugann siad misneach do dhaoine anseo, taispeánann siad do dhaoine anseo go bhfuil saol níos leithne ann ná a mbaile féin ar fáil trí Ghaeilge – rud iontach dearfach atá ann,” a dúirt sé, ag rá go mbeadh sé i bhfách le breis comhoibriú idir Gaeltacht agus iar-Ghaeltacht.

“San am céanna, níl mise ag moladh do dhaoine, Gaeilgeoirí ar fud na tíre, bogadh chun na Gaeltachta – níl mé ag teacht le Deasún Fennell go hiomlán,” a dúirt sé.

“D’fhóir sé domhsa… ach níl a fhios agam arbh fhiú do dhuine a theacht anseo ar mhaithe lena bheith sa Ghaeltacht – caidé atá an duine sin a dhul a dhéanamh?”

Cáineadh

Ag déanamh trácht ar an ghearradh siar a rinneadh ar bhuiséid Údarás na Gaeltachta ó bhí an ghéarchéim eacnamaíochta ann, ar na dúshláin eacnamaíochta reatha agus atá le teacht (dá bharr na paindéime Covid-19) – dúirt sé gur shíl sé go bhfuil an chuid is mó de mhuintir na hÉireann sásta “ligint leis an Ghaeltacht”.

Ní chloistear cainteoirí dúchais mar urlabhraithe de chuid na n-eagraíochtaí Gaeilge ach ba cheart go mbeadh ceisteanna sóisialta agus eacnamaíochta sa Ghaeltacht, “mar thús cadhnaíochta do Ghaeilgeoirí ar fud na tíre”, a dúirt sé.

Tá obair “ar dóigh” ar bun ag Conradh na Gaeilge ach dar leis go gcaithfidh an eagraíocht sin a bheith ag caint níos minice ar chás na Gaeltachta – “é a chur ar bharr an liosta”, cé gur thug sé moladh don Chonradh as seasamh s’acu i leith na ‘Mná Tí’.

“…bíonn an phoiblíocht, an aird uilig, ar cheisteannaí eile taobh amuigh den Ghaeltacht – nuair atá an cruachás is mó pobail agus teanga ag tarlú sa Ghaeltacht dá raibh riamh ann – caithfear ceisteannaí a chur faoi sin.”

Seánán Mac Aoidh

“Ach den chuid is mó den am le traidhfil blianta anuas, bíonn an phoiblíocht, an aird uilig, ar cheisteannaí eile taobh amuigh den Ghaeltacht – nuair atá an cruachás is mó pobail agus teanga ag tarlú sa Ghaeltacht dá raibh riamh ann – caithfear ceisteannaí a chur faoi sin.

“Tá sé iontach furast a bheith gaibhte le cúrsaí siombalachais,” a dúirt sé, ag lua “Gaeilge ar chomharthaí sráide” agus “doiciméidí nach léifidh duine ar bith go brách”.

“Tá sin rómánsúil, tá sin a dhul a tharraingt i bhfad níos mó aird air féin. 

Mionlach
Is é ‘Mionlach’ iris na heagraíochta Misneach

“Níl Misneach saor ó locht, bhí Misneach ag dul dó seo traidhfil bliantaí ó shin,” ach anois caitheann an grúpa a chuid fuinneamh sa Ghaeltacht mar is cóir, a dúirt sé.

Luaigh sé feachtais ar nós rogha Ghaeilge a bheith ar fáil ar mheaisíní bainc dúirt sé nach mbaineann na rudaí seo le “croí na faidhbe – an mairfidh an Ghaeltacht nó nach mairfidh.

Ní hé go bhfuil sé i gcoinne na rudaí sin – tá sé go mór ar a son agus meas aige ar lucht na bhfeachtas sin, ach títear dó gur chóir go mbeadh gluaiseacht na Gaeilge mar ghluaiseacht náisiúnta dírithe ar an Ghaeltacht agus ar chomhoibriú le muintir na Gaeltachta thar rud ar bith eile, chan “rudaí seachtracha nach mbaineann leis an Ghaeltacht”.

Gníomh amháin a mholann sé ná gur chóir go mbeadh príomhoifigí na n-eagraíochta Gaeilge sna Gaeltachtaí.

Maidir le lonnaíochtaí

Thug sé “réabhlóid” agus “lóchrann dóchais” ar a dtit amach ó thaobh na Gaeilge de le 50 bliain anuas i mBéal Feirste.

Maidir le lonnaíochtaí úra Gaeilge ar nós Bhóthar Seoighe – dar leis gur rud maith a bheith ann don teanga ach go mbeadh sé in amhras faoi lonnaíocht a bhunú ina mbeadh lear mór daoine ag bogadh isteach i gceantar ar leith ina bhfuil pobal ina chónaí ann cheana.

Níor mhaith leis daoine eile a spreagadh chun a leithéid a dhéanamh mar is rud nach bhfuil sé féin a dhéanamh nó a bhfuil sé mar intinn aige a dhéanamh amach anseo, a mhínigh sé.

Ag teacht as a thaithí i mBaile Átha Cliath, bheadh sé buartha go mbeadh gach duine a rachadh ina gcónaí i lonnaíocht nua Ghaeilge ag teacht ó chúlra acadúil, “mura mbeadh ach sin ann bheadh sé truacánta”:

“Níor mhaith liomsa lonnaíocht Ghaelach mheán-aicmeach a fheiceáil, b’fhearr liom i bhfad an éagsúlacht a bheith ann, agus daoine a bhaineann le hachan réimse sa tsaol, cosúil le pobal ar bith eile.”

Cén fáth nár éist pobal na Gaeilge i gcoitinne leo siúd a mhol bunú pobail úra Gaeilge – sa Ghaeltacht agus san iar-Ghaeltacht?

“Tá iontach deacair iarraidh ar dhaoine áit dhúchais s’acu féin a fhágáil agus dul a chónaí áit éinteacht eile ar mhaithe le pobal úr Gaelach a chur ar bun,” a dúirt sé.

“Chaithfí a dhéanamh ar dhóigh a léiríonn meas do phobal dúchais na háite atá tú i ndiaidh bogadh isteach ann, ar dhóigh a bheadh daonlathach.

“Chaithfí a thuigbheáil fosta go bhfuil go leor leor rudaí ag dul ar aghaidh i saol achan duine diomaite den Ghaeilg.

“Tá an Ghaeilg tábhachtach ach beidh daoine ag smaoineamh ar na háiseanna atá ann sa cheantar, caidé an cineál saoil a bheas acu?”

‘An gad is giorra don scornaigh’

Is é barúil Mhic Aoidh go bhfuil na pobail Ghaeilge atá ann ann cheana ag imeacht leo:

“Tá pobail dhúchasacha Ghaelacha ins an tír seo atá ann leis na mílte bliain agus tá muid á gcailleadh anois – seo an áit a bhfuil muid.

“Agus má chaillimid sin, ní chreidimse go n-éireofaí le tionscnamh ar bith eile, bíodh sé i mBéal Feirste, i mBaile Átha Cliath nó cibé áit a mbeadh sé.

“Agus sin an gad is giorra don scornaigh do ghluaiseacht na Gaeilge – na pobail dhúchasacha sin a choinneáil agus iomlán tacaíochta a thabhairt dóibh.”

**

i “Grúpa radacach ar son leas na cosmhuintire agus na teanga dúchais atá i Misneach. Ní hionann muid agus mórán eagraíochtaí eile i saol na Gaeilge nó ní chuireann muid fiacail ann ó thaobh na polaitíochta de.

Is den eite chlé muid agus creideann muid go daingean go gcaithfear an córas caipitleach agus an t-impiriúlachas a chur de dhroim an tsaoil ar mhaithe leis an Ghaeilge, agus go deimhin, mionteangacha agus mionchultúir an domhain mhóir, a thabhairt slán.

Anuas air sin creideann muid gur féidir leis an Ghaeilge cur go mór leis an streachailt ar son chuid cearta an luchta oibre, sin le rá gur cuid thábhachtach de réabhlóid ar bith in Éirinn atá inár dteanga dhúchais.

Diúltaíonn muid don bharúil gur faoin stát agus faoin aos pholaitiúil atá sé an Ghaeilge a thabhairt slán ón fhaopach.

Oibríonn Misneach ar thrí mhór-dhóigh: an fheachtasaíocht, an t-oideachas agus an tógáil pobail.” (https://www.misneachabu.ie/misneach-ce-muid/)

ii Féach: https://tuairisc.ie/daonaireamh-2016-cad-iad-na-contaetha-is-laidre-agus-is-laige-o-thaobh-na-gaeilge/

2 thuairim ar “29. Misneach Mhic Aoidh

  1. ní maith le Seánain , bail ó Dhia air ,lonaíochtaí meánaicmeach Gaeilge a bheith ann ach is beag an baol go mbeadh sé sin amhlaidh nó cibé sampla ( fîor bheagán) dá mhacsamháil atá ann is i bhfad ón mheánaicmeach atá siad mar sin is ag ionsaí fadhb nach bhfuil ann áit ar bith atá sé.

    Moladh

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s