32. Pobail úra na Gaeilge

Ní mhairfidh an Ghaeilge gan an Ghaeltacht ach ní mhairfidh an Ghaeltacht gan an Ghaeilge a theacht ar ais mar theanga pobal in áiteanna taobh amuigh den Ghaeltacht a chruthú do Ghaeil na Galltachta gur fiú agus gur féidir sin a dhéanamh an dúshlán atá roimhe lucht na hAthbheochana. Ba é an scríbhneoir Máirtín Ó Cadhain a dúirt sin 70 bliain ó shin agus sílim go raibh an ceart aige. Níl ann ach go bhfuil an Ghaeltacht i bhfad níos laige anois agus an phráinn níos mó.”

Séamus Mac Seáin, duine de bhunaitheoirí Phobal Feirstei.

Léiríonn an ráiteas thuas bunús idé-eolaíochta ‘Phobal Feirste’ nó ‘Gaeltacht Bhóthar Seoighe’ a bhí, agus atá, bunaithe ar theagasc Mháirtín Uí Chadhain – cé gur annamh is dócha gur smaoinigh muintir an phobail sin ar chúrsaí idé-eolaíochta le breis is 50 bliana anuas.

Níor shíl bunaitheoirí “na Scéime”, mar a thugann siad orthu féin air, go raibh cúis na Gaeltachta agus cur chun na teanga sa Ghalltacht ag teacht salach ar a chéile – a mhalairt ghlan, shíl siad gurb é bunú chomharsanachta lán-Ghaeilge an rud is fearr gur féidir leo a dhéanamh chun cabhrú leis an Ghaeltacht.

Níorbh aon iarracht é beag is fiú a dhéanamh den Ghaeltacht, ómós a bhí ann, iarracht chun macasamhail uirbeach de a chruthú i mBéal Feirste.

Dearcáin
Griangraf le Valeria Boltneva.

Ba é a gceantar féin an t-aon áit gur féidir leo tionchar a imirt air agus chonacthas dóibh nárbh fhéidir leo tionchar díreach a imirt ar Ghaeltacht Thír Chonaill bealach ar bith eile.

Bhí cúis mhór eile ann, bhí siad ag iarraidh tearmann teanga a chruthú inarbh fhéidir leo a bpáiste a thógáil le Gaeilge, cosanta ón Bhéarla.

De réir a aidhme féin, d’éirigh le Bóthar Seoighe / Pobal Feirste / Scéim na dTithe sin a chur i gcrích go huile is go hiomlán.

Seans go raibh an rath a bhí ar an phobal maidir leis an tionchar a d’imir sé ar an mhórphobal thart air ina ghaisce gan coinne áfach.

‘Gaelphobail úra’

Tá samplaí eile de ‘Gaelphobail úra’ agus Gaeltachtaí nua ann, Ráth Cairn (An Mhí), Árd Barra (Corcaigh) agus ceantar Chairn Tóchair (Doire), seans.

Tuairiscítear go mion-lonnaíochtaí i ndeisceart Bhaile Átha Cliath agus i lár na tíre ach nach bhfuil na daoine seo ag iarraidh poiblíochtaii.

Tá iarrachtaí déanta thar na blianta ag roinnt eagraíochta agus daoine aonair in Éirinn, agus thar lear, pobail nua Gaeilge a bhunú, na scórtha acu seans. Ach cheana, chlis ar na hiarrachtaí seo go léir seachas na cinn a luadh thuas.

Níl sé i gceist agam stair na n-iarrachtaí seo a scríobh, cé is moite d’achoimre ar na cúiseanna gur theip orthu.

i Comhfhreagas pearsanta.

ii “… tá eolas agam ar dhá ghrúpa de theaghlaigh a tháinig le chéile ar bhonn neamhfhoirmeálta. Tá trí theaghlach ina gcónaí sa doras ag a chéile i ndeisceart Bhaile Átha Cliath ina bhfuil na paistí a dtógáil le Gaeilge. Tá ceithre theaghlach Gaeilge a thóg a gcuid tithe agus a cuid paistí taobh le chéile i mbaile eile i lár tíre, ach ní dhearna ceachtar den dá ghrúpa seo iarracht aird a tharraingt orthu féin. Siondróim X, b’fhéidir.” Mac Póilín (2007)

Aon tuairim amháin ar “32. Pobail úra na Gaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s