33. Scéal Bhóthar Seoighe (1)

Pobal Feirste, Bóthar Seoighe, Béal Feirste

Everything is theoretically impossible, until it is done.” 

– Robert A. Heinlein

Dhá theach is fiche, bunscoil agus naíscoil, sin a bhfuil ann mar ‘Phobal Feirste’.

Pobal é seo a bhfuil an lámh in uachtar ag an Ghaeilge ann, a thóg Gaeilgeoirí chun timpeallacht a chruthú inarbh fhéidir leo a gcuid páistí a thógáil le Gaeilge.

Ní thabharfadh strainséir faoi deara go bhfuil aon rud difriúil faoi na tithe seo, tá aithne agam ar Ghaeilgeoirí i mBéal Feirste nach mbeadh fios an bhealaigh acu go dtí an áit – ach is é an chomharsanacht seo ceann de buanna is suntasaí maidir le hathbheochan na Gaeilge san Iar-Ghaeltacht – riamh.

Stair na Scéime

Participants in the enterprise set about securing a site and building their houses, with a view to constructing an Irish-speaking urban enclave wherein the Community children could find it ‘natural’ to communicate through Irish. Their acquisition of English was ensured by exposure to the media and by interaction with non-Irish speakers from outside tile Community. The conditions wherein Irish could be used had to be created and nurtured.”i

Gabrielle Maguire.

Is iomaí cuntas scríofa ar Bhóthar Seoighe faoin am seo, gan trácht ar ailt nuachta agus cláir theilifíse, cé nach ndearnadh grinnstaidéar acadúil air cé is moite de chuntas Maguireii.

Níl anseo ach gearrchuntas, frámaithe taobh istigh de lios an leabhair seo. Má tá clú ar an chlachán uirbeach seo, is i measc na nGael amháin gur amhlaidh áfach. Ní thuigeann an mórphobal Béarla (taobh amuigh d’iarthar Bhéal Feirste) go bhfuil sé ann nó cén tionchar a d’imir siad ar stair na Gaeilge ó thuaidh agus de réir sin ar an mhórphobal.

Níorbh aon fhás-aon-oíche é Pobal Feirste. Bhí ocht mbliana idir leagadh an chéad bhríce agus an chéad chruinniú.

Bóthar Seoighe
Cuid de Ghaelphobal Bhóthar Seoighe.

Bhí an chéad teacht le chéile faoi “Scéim na dTithe” ann i 1961 i dteach Shéamuis Mhic Sheáin agus a mhná céile Brighid i gceantar Ard na bhFeá. Tógadh na chéad tithe i 1969.

Léirigh 19 dteaghlach suim go rachadh siad isteach sa scéim idir an dá linn ach ní raibh fágtha ach cúigear acu faoin am a tosaíodh an tógáil, lean an dream seo leo cibé ar bith. Ba iad, Muintir Mhistéil, (Caitlín agus Seosamh), Muintir Mhic Sheáin (Máire agus Seán), Muintir Mhic Sheáin (Brighid agus Séamus), Muintir Uí Mhonacháin, (Brighid agus Tomás) agus Muintir Uí Bhruadair (Cristín agus Liam).

“B’iomaí lánúin a tháinig agus a d’imigh le linn an ama a bhí muid ag beartú chuige, ach d’fhan baicle bheag leis an iarracht, fiú nuair nach raibh cuma air go raibh a dhath i ndán dó,” a scríobh Séamus Mac Seáiniii.

‘Fadalach agus go pianmhar’

“Chloígh muid leis an chuspóir, ach bhí muid aineolach ar na dóigheanna praiticiúla le dul ina cheann agus bhí orainn iad sin a fhoghlaim go fadálach agus go pianmhar.”iv

Tógadh trí theach eile i 1970, tháinig teaghlach eile i 1974, beirt eile i 1976. Cuireadh seacht dteach eile leis an scéim sna 1990í. Tá 22 theach san iomlán ann anois.

Bhí bunaitheoirí na scéime ag iarraidh áit a chruthú inarbh fhéidir le páistí Gaeilge a labhairt ‘go sábháilte’.

Thuig siad go raibh gá an Béarla a choinneáil amach oiread is féidir ach nach raibh gá a bheith buartha nach mbeadh Béarla ag na páistí mar go dtógfadh siad ón mhórphobalv í, bhí an taithí de réir na teoirice. D’fhan páistí na scéime dílis don Ghaeilge ach bhí siad breá ábalta agus toilteanach Béarla a labhairt le páistí an mhórphobail thart orthu.

Fís

Bhí an fhís taobh thiar de simplí go leor, bhí muintir Bhóthar Seoighe ag iarraidh comharsanacht a chruthú ina mbeadh sé nádúrtha do thuismitheoirí Gaeilge a labhairt lena gcuid páistí agus ina mbeadh sé nádúrtha do pháistí Gaeilge a labhairt lena dtuismitheoirí, agus le chéile.

Bhí siad ag iarraidh ‘Gaeltacht’ dá gcuid féin a thógáil.

Idé-eolaíocht

When the core members of the Community decided upon this project they did not consider failure. Those who did stepped back in those early days. The resolution to realise the ambition of creating a cohesive Irish-speaking neighbourhood was in itself remarkable. So many factors militated against it. Yet, this turned out to be but a first stage in a broader development which embraced the wider population of Northern Ireland. The Shaw’s Road Community made other people take Irish seriously. It continues to fulfil that functionvi.

Gabrielle Maguire in ‘Our Own Language’

Mar a léiríonn an friotal cainte thuas, ghlac sé misneach dochloíte, buanseasmhacht agus meon dearfach gan teip chun an pobal seo a thógáil – ach cárb as a tháinig na buanna pearsanta agus cén bunús íde-eolaíochta a bhí taobh thiar dóibh?

Dar le Mac Ionnrachtaigh, bhí “practical skills and [a] philosophy of self-reliance”vii ag muintir na scéime, arbh de bhunadh an lucht oibre an bunús acu.

Ritheann sé liom gur scarúnaithe iad go pointe iad muintir Phobal Feirste, sa dóigh is gur roghnaigh siad maireachtáil scartha ón mhórphobal teanga.

Bothán na Scoile
Bothán na Scoile – Bhí ar Phobal Feirste a throid go fíochmhar ar son oideachais lán-Ghaeilge, bagairt príosúin san áireamh.

Mar sin féin, léiríonn cinneadh s’acu chun tabhairt faoi atógáil Sráid Bombay (tar éis dóibh Bóthar Seoighe a thógáil) nach raibh sé ar intinn acu an mórphobal a thréigean.

“[Níor] leor streachailt Gaeltacht Bhóthar Seoighe ann féin… [b’]éigeán dúinn dul i measc an phobail in am an ghátair.

“Rinne muid seo mar Ghaeilgeoirí, rud a d’ardaigh stádas na Gaeilge sa phobal,”viii a d’inis Séamus Mac Seáin do Mhac Ionnrachtaigh.

Bhí bunaitheoirí Bhóthar Seoighe go mór faoi thionchar Mháirtín Uí Chadhain, a bhí go láidir ar son Gaelphobail úra a bhunú san iar-Ghaeltacht, é den tuairim gurb é sin an dóigh is fearr do mhuintir na hiar-Ghaeltachta cabhrú leis an Ghaeltacht, go mbeadh ar Ghaeilgeoirí iad féin tabhairt faoi agus tá cuma ar an scéal gur ghlac sé go mbeadh an Ghaeilge a bheadh á labhairt iontu seo beagán difriúil ó chaint na Gaeltachta.

Radacachas

Bhí lucht na scéime radacach go comhfhiosach, bhí siad ag iarraidh tionchar a imirt ar ghluaiseacht na Gaeilge mar a bhíodh agus dúshlán a thabhairt di, mar a mhínigh Mac Seáin:

“Bhí scéim na dtithe sna blianta sin mar chúlbhrat ag na gníomhaíochtaí eile a bhí ar bun againn i saol na Gaeilge i mBéal Feirste. Ach taobh thiar de na himeachtaí sóisialta sin, bhí radacachas áirithe á chothú againn: mar a ba dhual do dhaoine óga, chuir muid suas don ancien régime agus d’fhéach leis na “seanóirí” a chur ar bhealach a leasa. Ní gá a rá thuig muid cén fáth gur cáineadh ár n-iarrachtaí!”ix

Ní léir gur maolaíodh an radacachas sin ó shin agus chuaigh sé ó smaointeoireacht ar an imeall go dtí príomhscoil smaointeoireachta ghluaiseacht na Gaeilge i mBéal Feirste go han-tapa.

Dearcadh agus cur chuige

Taobh amuigh d’aon fhealsúnacht teanga agus d’aon fhís fhadtéarmach, bhí dearcadh an-dearfach ag bunaitheoirí na scéime.

Bhí aisling mhór annx agus thug siad faoin aisling sin a chur i gcrích. Ní raibh aon phlean cuimsitheach nó staidéar indéantachta ann áfach.

Sheiftigh siad leo de réir mar a bhuail siad deacracht, seans gur bhuntáiste é an cur chuige seo seachas a mhalairt, mar a scríobh Maguire:

“‘Potential’ problems were not dwelt upon. Despite long-term aspirations the scheme was tackled on a day to day basis. Having admitted that, logically speaking, a particular task was impossible, the group got on with the business of finding a means of carrying it out. Any other approach to this mammoth undertaking would have resulted in its early abandonment. Step by step, construction got under way”xi.

‘Ná habair é, déan é’

Tá ainm ag an chur chuige seo “Ná habair é, déan é”. Is féidir amharc air mar fhrithghníomhú i gcoinne nós a bhraitear atá coitianta i measc Ghaeilgeoirí – chun a bheith ag caint faoi rudaí i dtólamh ach gan rud ar bith a dhéanamh faoixii.

Thar aon rud eile, is é fealsúnacht fríth-idé-eolaíoch é, is mó leis gníomh ná caint. Ní raibh rian den útóipeachas, den íonaíochas, nó mórán den chumannachas ann.

Féach freisin: 

Deachtaíonn an cur chuige seo, aon uair a shocraíonn duine rud a dhéanamh gur chóir dóibh éirí den chaint, agus a thabhairt faoi tásc, ag réiteach gach faidhbe de réir a chéile seachas iarracht a dhéanamh réiteach a cheapadh roimh ré.

Mar sin de, nuair shocraigh lucht na scéime an aisling “s[h]implí go leor mar chuspóir”xiii seo a dhéanamh, d’éirigh siad as an chaint agus thug siad faoixiv, sin a maítear cibé ar bith.

Rialacha

Níl ach dhá riail i bPobal Feirste – gurb í Gaeilge teanga an tí agus nach ndíolfaí an teach ach le Gaeilgeoirí.

“Taobh amuigh den dá riail sin níl laincisí ar bith eile ar dhaoine agus cead acu a saol a chaitheamh mar is maith leo gan cur chucu ná uathu,” de réir Séamus Mac Seáinxv.

“Tá fiche dearcadh éagsúla ag daoine ann ar gach cineál ábhair agus easaontaíonn muid le chéile ach tá muid diongbháilte go mbeidh an Ghaeilge mar an cheangal eadrainn i gcónaí.

“Cionn is go raibh an tsaoirse sin ag daoine ar gach bealach sílim gur éirigh linn measarthacht a bhaint amach i mBéal Feirste ó thaobh forbairt na Gaeilge de.”xvi

Tá an dá riail go measartha liobraíoch ar an chéad amharc ach ciallaíonn siad nach gceannódh duine teach sa ‘scéim’ mar ‘chos ar an dréimire’ agus bheadh ar dhuine a bheith an-chinnte nach rachadh an Ghaeilge i laige sa teach.

Féach freisin:

Luaigh lánúin amháin liom (tuairim ar 2006) go ndearna siad a machnamh ar dhul isteach sa scéim ach bhí eagla orthu go mbeadh siad gafa ann.

Mar sin féin, agus mé i mbun taighde don leabhar seo, fuair mé amach gur minic a thosaíonn daoine ag caint ar rialacha, ar luachanna agus srianta cultúir agus iad ag caint faoi Ghaelphobal a bhunú, rialacha cumtha ag duine amháin a mbeadh ar dhaoine eile a leanúint den chuid is mó.

Luíonn sé le ciall go laghdódh sin na féidearthachtaí go mbeadh rath ar an iarracht sin.

“Bheadh daoine ann b’fhéidir a bheadh buartha go mbeadh siad ag dul isteach i saghas “commune” agus iad ag dul a chónaí i gcomharsanacht nua Gaeilge mar atá againn i mBéal Feirste ach ní sin an cleachtadh a bhí againn,”xvii a scríobh Mac Seáin.

Ach ní gan choinne a tháinig Pobal Feirste ar an saol, toradh é deirtear liom ar “aois órga” Gaelach i mBéal Feirste sna 1950í, imeachtaí, clubanna, ranganna, turais agus thar aon rud eile – Cumann Chluain Árd.

Cumann Chluain Árd

Tharla baint a bheith acu uilig le Cumann Chluain Ard, eagras Gaeilge a raibh clú na raidiceachta agus clú na hainmheasarthachta air.”

Aodán Mac Póilín

Níl sé i gceist agam stair Chumann Chluain Árd (CCÁ) a scríobh anseo. Don té atá aineolach ar an “Chumann”, is ionad oideachais agus club sóisialta é ar Shráid na Sceiche i gceantar Chluain Árd in iarthar Bhéal Feirste.

Thuas seal thíos seal a bhí ról an chumainn i saol na Gaeilge i mBéal Feirste. Tá clú ar an chumann mar gheall ar chaighdeán a gcuid ranganna Gaeilge, go bhfuil alcól ar díol ann, go leagtar an-bhéim ar Ghaeilge thraidisiúnta Thír Chonaill ann agus, thar aon rud eile, go bhfuil “cosc ar an Bhéarla ann” ó bhí 1952 ann, sin nó nós láidir gan Béarla a labhairt ann.

Is féidir bualadh le daoine de gach saghas agus cúlra ann, daoine a bhfuil scoith na Gaeilge acu cé nach ndeachaigh an chéad-ghlúin chuig Gaelscoil agus nár fhoghlaim siad mórán Gaeilge ar scoil ach oiread.

Seans gur fhreastail siad ar ranganna tumoideachais sa chumann ach thar aon rud eile, “d’fhoghlaim siad í ar a gcluas ag an bheár,” i. foghlaim sa phobal.

Ní amháin go bhfuil labhairt na Gaeilge go hiomlán normálta agus nádúrtha i gCCÁ, tá labhairt an Bhéarla beagnach doshamhlaithe ann.

Cumann Cluain Árd
D’imir Cumann Chluain Árd ról ar leith i mbunú Phobal Feirste agus i normalú na Gaeilge i mBéal Feirste.

Bhí baint ag gach duine de bhunaitheoirí Phobal Feirste le Cumann Chluain Árd agus is ann a d’fhoghlaim siad an Ghaeilge.

De réir sin, bhí baint ag meon an chumainn leis an nós teanga a bhí eatarthu, mar a scríobh Mac Seáin:

“D’éirigh an mhuintir óg a bhí sa chraoibh cleachtaithe le cuideachta a choinneáil le chéile i nGaeilge agus de réir a chéile bhí go leor lánúineacha ann arbh í an Ghaeilge an teanga chaidrimh a bhí acu a chuidigh go mór leis an dúshraith a leagan síos do Ghaeltacht Bhóthar Seoighe.”xviii

Féach freisin: 

Deirtear liom go raibh caint ann faoi Chumann Chluain Ard a bhogadh go dtí Bóthar Seoighe chun go mbeadh ionad sóisialta ar fáil don phobal ach nár cuireadh sin i gcrích riamh mar gheall ar dhearcaí éagsúla maidir le hól óir tá beár ag CCÁ.

Tá CCÁ tuairim agus 5 km ar shiúil ó Phobal Feirste. Mar gheall ar dhul-chun-cinn na Gaeilge go ginearálta i mBéal Feirste, ní dóigh liom go n-imríonn an cumann an ról i saol sóisialta na cathrach is a d’imríodh ach tá sé ann go fóill, athchóirithe ó bhun go barr le blianta beaga anuas lena chois.

Féiniúlacht

Bíodh is gur Gaeltacht Uirbeach í Gaeltacht Bhóthar Seoighe, atá suite i dtimpeallacht Bhéarla, d’éirigh linn sainíomhá dár gcuid féin a chruthú, dar liom. Tháinig teaghlaigh agus d’imigh teaghlaigh, ach d’éirigh linn an Ghaeilge a chaomhnú den chuid is mó.”xix

Séamus Mac Seáin

‘Muintir Bhóthar Seoighe’ a chluintear á rá i mBéal Feirste chomh maith le ‘Gaeltacht Bhóthar Seoighe’.

Pobal Feirste an t-ainm is ‘oifigiúla’ ach ní fheictear ar aon chomhartha é seachas ar an scoil, ‘Bunscoil Phobal Feirste’.

Is léir go n-amharctar ar an fhorbairt tithíochta seo mar phobal ar leith agus go measann na daoine atá ag cur fúthu sa chomharsanacht sin gur pobal ar leith atá iontu.

Dar le Séamus Mac Seáin, tá níos mó i gceist i bPobal Feirste ná comharsanacht, “dlúthphobal a bhfuil an-ghaol agus cairdeas eatarthu – fíor-phobal”, atá ann dúirt séxx.

I mo thaithí féin, labhraíonn clann Phobal Feirste go measartha cosúil le chéile, fianaise gur tábhachtaí canúint na comharsanachta ná an teaghlach (mar sin féin d’fhoghlaim a gcuid tuismitheoirí an teanga san áit chéanna – Cumann Chluain Árd).

A dteanga féin

Tá muintir Bhóthar Seoighe cosanta go leor fána gcuid cainte féin agus dílis di, cé nach mbeadh gach duine fásta sa scéim go hiomlán ar aon fhocal faoi cad is Gaeilge mhaith ann.

Is cinnte gur cineál ar leith den teanga atá ag clann na chéad ghlúine (féach Maguire) cé nach mbeadh aon fhadhb tuisceana ann le cainteoirí dúchais as Tír Chonaill.

Mar sin féin, arís i mo thaithí féin, níor mhair go leor de na tréithe a rinne Maguire cur síos orthu i gcaint chlann Phobal Feirste agus iad fásta aníos – is léir gur lean cuid acu ar a laghad ar aghaidh le forbairt agus foghlaim a gcuid Gaeilge féin.

Rud measartha coitianta é seo i measc daoine a tógadh le Gaeilge, is féidir le Gaeilge s’acu dul i léig ach is féidir le saol na Gaeilge an-tionchar dearfach a imirt ar Ghaeilge s’acu de réir a chéile, ní bhíonn cumas teanga greanta i gcloch ag aois ar bith, dar liom.

Is fíor áfach, go bhfuil caint Phobal Feirste faoi thionchar mór fhoghraíocht an Bhéarla agus dá réir sin, ní shásódh sé mianta an íonaí.

Is cuimhin liom rud a dúirt Aodán Mac Póilín liom ar an phointe seo, ghlac na tuismitheoirí go mbeadh Gaeilge níos fearr ag na páistí ná mar a bhí acu, “ach ní raibh,” a dúirt sé.

Bunscoil Phobal Feirste

The story of the Bunscoil has humble beginnings. Founder members relate – with a barely detectable note of mischief – how they bought a mobile hut for £100 on a Friday afternoon, assembled it at Shaw’s Road -over the weekend, and opened the city’s first Irish-medium primary school on Monday morning!xxi

Gabrielle Maguire

Arís eile, cé gur suimiúil suntasach stair Bhunscoil Phobal Feirste, ní chuirfidh mé aon iallach orm féin é a scríobh anseo seachas cuntas beag cóirithe de réir riachtanais an leabhráin seo.

Bunaíodh Bunscoil Phobal Feirste i 1971 le naonúr bpáiste, seachtar ó Phobal Feirste féin, beirt ó theaghlaigh Ghaelacha taobh amuigh den scéim, bhí Gaeilge acu ar fad.

B’iad na chéad pháistí a fuair oideachas trí mheán na Gaeilge i dTuaisceart Éireann, tá 6,200 sa Ghaeloideachas ó thuaidhxxii.

Bhunaigh muintir na Scéime an scoil dona gcuid páistí féin ag an tús, ní tumoideachas nó dátheangachas a bhí uatha ach scoil Ghaelach.

Bunscoil Phobal Feirste
D’ainneoin na gconstaicí, tháinig fás rábach ar Bhunscoil Phobal Feirste.

“Ní fhacthas dúinn go raibh ciall ar bith le stró a chur orainn féin Gaeltacht a bhunú le saol nádúrtha a chruthú do na paistí ina dteanga féin agus ansin iad a sheoladh chuig scoil Bhéarla áit a gcaithfeadh siad an chuid is mó den láxxiii,” a scríobh Séamus Mac Seáin.

“Mar sin ag tús Mheán Fómhair 1971 bhunaigh muid scoil aon-oide agus gan innti ach seachtar dalta ar phíosa talaimh ar chúl na dtithe ar Bhóthar Seoighe i chalet beag aon seomra a bhí in úsáid ar feadh bliana roimhe sin mar lóistín sealadach ag daoine a ruaigeadh as a dtithe féin mí Lúnasa 1969.”xxiv

Ní bhfuair an scoil stádas oifigiúil agus de réir sin maoiniú stáit go dtí 1984. Chiallaigh sé sin gur ag bráth ar obair dheonach agus siarbhailiú airgid a bhí an scoil le 13 bliana – rud a ghlac coimitmint ar leith ó phobal bídeach. Rinne mná na scéime obair ar leith maidir leis an scoil, ag múineadh ann cuir i gcás:

“Ní héigean domh a rá libhse gur cinneadh deacair go leor atá ann scoil a bhunú agus a choinneáilt ag dul gan tacaíocht stáit, go háirithe nuair a bhagair an Roinn Oideachais roinnt bhliain roimhe sin go gcuirfí an dlí ar dhream ar bith a bhéarfadh iarraidh a leithéid a dhéanamh nó nach raibh an teagaisc fríd mheán na Gaeilge inghlactha i stát arbh é an Béarla teanga oibre an stáit. Bhí muid dána go leor faoin am sin gan aird ar bith a thabhairt orthu agus réabadh linn ar a neamhchead.”xxv

Mar sin féin, neartaigh an streachailt sin an pobal féin agus chuir sé le híomhá na Gaeilge i measc Bhéarlóirí iarthar Bhéal Feirste.

“Ó thacaíocht lucht an Bhéarla in Iarthar Bhéal Feirste is mó a tháinig an t-airgead a choinnigh an scoil ó dhruidimxxvi,” a scríobh Mac Póilín.

“Ar leibhéal amháin, ba í an scoil an stroighin sóisialta a dhaingnigh Pobal Feirste mar phobal, nó ní mhairfeadh an scoil mura mbeadh gach duine ag tarraingt le chéile.”xxvii

Cé gurb é an scoil “príomh-fhócas an phobail ar feadh i bhfad” agus gur shúigh an “éigeandáil sheasta” fuinneamh an phobail, bhí toradh eile ar an siarstreachailt agus bailiú airgid seo “nó próifíl ard a bheith ag Pobal Feirste… [t]hug sin próifíl ard don Ghaeilge féin, agus, fríd am, de réir mar a bhí sé ag tiontú ina cause celebre, chuir cás na Gaeilge le stádas na Gaeilge i bpobal náisiúnach an tuaiscirt”.xxviii

‘Ní ghetto ach síol’

In 1978, bunaíodh naíscoil chun tumoideachas a chur ar fáil don mhórphobal Béarla agus iad a ullmhú do dhul isteach i mBunscoil Phobal Feirste, gníomh chomh suntasach is a bhí bunú na scoile féin:

“Bhí cuspóir eile taobh thiar den scoil seo, nó chonaic an pobal é féin mar ghné amháin de ghluaiseacht a bhain leis an tír uilig, agus gur cuid de ‘leathnú amach’ na Gaeilge a bhí i gceist. Ní ghetto a samhlaíodh le Pobal Feirste ach síol le pobal an Bhéarla a Ghaelú, agus, mar a chonaic muid, bhí sé riamh i gceist an scoil a oscailt don phobal mhórthimpeall. Is fríd an scoil is mó a chuaigh Pobal Feirste i bhfeidhm ar an tsochaí. Faoi láthair tá thart ar 3,000 páistí ag freastal ar scoileanna Gaeilge i dTuaisceart Éireann, agus tá seans maith ann nach mbeadh an earnáil sin ann ar chor ar bith murar bhunaigh Pobal Feirste scoil dá gcuid féin.”xxix

Aodán Mac Póilín, in 2007.

I nDeireadh Fómhair 2018, bhí 376 páiste ag freastal ar Bhunscoil Phobal Feirste, tá cead ag an scoil 58 bpáiste in aghaidh na bliana a thabhairt isteach.

Ar ndóigh, ní bheadh ach líon bídeach den líon sin de bhunadh Phobal Feirste inniu – as teaghlaigh an cheantair máguaird an mhórchuid, an tromlach acu ó thithe nach labhraítear Gaeilge iontu.

D’fhreastail sciar maith de Ghaeilgeoirí aitheanta Bhéal Feirste ar Bhunscoil Phobal Feirste, cuid acu ón taobh eile den chathair, go dtí gur bunaíodh Gaelscoil na bhFál i 1984, b’é an t-aon Ghaelscoil ó thuaidh.

Na Trioblóidí

Bhí dúshlán ar leith roimh Bhunscoil Phobal Feirste nach raibh roimh ghaelscoil ar bith eile in Éirinn ag an am, bhí na trioblóidí faoi lán seoil ag an am céanna.

“Bhí go leor deacrachtaí againn múinteoir a fháil de bharr an saol a bheith chomh corrach sin ag an am agus daoine ag fáil bháis ar na sráideanna,”xxx dar le Séamuis Mac Seáin.

“Tá sé sa tseanachas faoin scoil go mb’éigean don mhúinteoir ar chéad lá na scoile na páistí a chur ar an urlár agus á mbéal fúthu a fhad a’s bhí eachtra lámhaigh ag dul ar aghaidh taobh amuigh.”xxxi

Imeacht Mhuintir Uí Mhonacháin

Níorbh aon phobal idéalach gan easaontas é Pobal Feirste agus mar gheall ar “aighneas” sa phobal shocraigh teaghlach amháin, muintir Uí Mhonacháin, an scéim a fhágáil i 1973.

Tá beagáinín easaontas ann faoi ábhar an easaontais agus ní raibh daoine ag iarraidh labhairt air ach go ginearálta.

“Bhain sé le cúrsaí oideachais,” a dúirt Tomás Ó Monacháin liom.

“Bhí muid den tuairim gur ceart do pháistí foghlaim ó chainteoir ó dhúchais.”

Bhí Tomás den bharúil go raibh múinteoir a bhí ina cainteoir dúchais aimsithe aige agus ag ball eile den phobal i nGaeltacht Thír Chonaill ach nach raibh an té sin sásúil do dhaoine eile sa scéim.

Shocraigh Tomás agus a bhean Brighid mar sin dul siar go Gaoth Dobhair cé go bhfuair siad amach ansin nárbh aon “pharthas ar talamh” é Gaeltacht Thír Chonaill ó thaobh oideachais de.

Dúirt Tomás go raibh sé sásta go ndearna sé an cinneadh ceart agus go bhfuil meas ag a gcuid páistí ar an Ghaeilge agus Gaeilge mhaith dhúchasach acu féin.

Seo achoimre Gabrielle Maguire ar an ábhar seo:

“It was felt that, because of the pioneering character of the school, an experienced teacher was required. Opinions differed about whether or not the teacher should be a native speaker from the Donegal Gaeltacht. Some members felt that this would give the children an advantage in acquiring the language. Others believed that a local Irish speaker should be given employment. Finally a native Irish speaker from Cill Charthaí in Donegal was appointed. (This person resigned two years later because of social unrest in Belfast and was replaced by a local teacher who had been raised with Irish.)”xxxii

Déanta na firinne, d’fhág an múinteoir sin tar éis trí mhí, tuigtear gur iarr a mhuintir teacht abhaile mar gheall ar na trioblóidí a bhí faoi lán seoil thart ar an scéim.

**

34. Scéal Bhóthar Seoighe (2)

**

i Maguire (1991).

ii Maguire (1991).

iii Mac Seáin 2010.

iv Ibid.

v Mac Póilín (2007): “Bhí bunús pháistí na scéime faoi bhun dheich mbliana d’aois, bhí níos mó ná fiche acu ann, agus is eatarthu féin is mó a bhíodh siad ag súgradh. Gaeilge uilig a labhair siad, cé go raibh gach páiste os cionn cúig bliana d’aois chomh líofa i mBéarla agus a bhí sé nó sí i nGaeilge. Nuair a thagadh páistí nach raibh ach Béarla acu anall ón Eastát mhór, labhraíodh páistí Phobal Feirste Béarla leo, ach choinníodh siad ag labhairt Gaeilge eatarthu féin. Nuair a rugadh iníon dúinn i 1977, Gaeilge uilig a labhair na comharsana agus páistí na gcomharsan léi.”

vi Maguire (1991).

vii Mac Ionnrachtaigh (2013).

viii Mac Ionnrachtaigh (2013).

ix Mac Seáin (2010).

x Nig Uidhir (2006): “High targets were set to influence the reversal of a language shift which had already eliminated the Irish language through most of the country.”

xi Maguire (1991).

xii Armstrong (2012): “The ideological process in the Shaw’s Road community was shaped by the structure of the group, and that structure was based on the preferred organizational strategy of some of its founders, an organizational strategy that was rooted in the zeitgeist of the Irish Language Revival in Belfast in the nineteen-sixties and seventies, a strategy summed up in the Irish phrase, ná habair é—déan e ́, ‘don’t talk about it—do it’. This strategy was founded on an ideology of structurelessness (Freeman 1975), combining self-reliance with a general suspicion of formal group process and meetings. The strategy developed in part as a reflection of the general do-it-yourself ethic in West Belfast that was in turn a necessary response to the lack of basic public services in the area during the Troubles, but it also developed as a specific response by some in the Irish Language Revival to what they understood as a ‘talking-shop mentality’ that hobbled Irish Language Revival organizations in Ireland at that time.”

xiii Mac Seáin (2017).

xiv Mac Seáin (2017): “Aon uair amháin a rinne muid féin amach i mBéal Feirste gur mhaith linn comharsanacht nua Ghaeilge a bhunú, ba rudaí praicticiúla a bhí ag cur as dúinn i ndiaidh sin agus bhí deireadh leis an teoiricíocht, rud a bhfuil faoiseamh ag baint leis i gcónaí – gníomh seachas caint- nó ba é “ná habair é – déan é ” an mana a bhí againn. Bhunaigh muid comharchumann agus chuir muid ciste beag le chéile le daoine a cheangal leis an smaoineamh ar dhóigh fhoirmiúil nó go dtí sin ní raibh ann ach caint. Ba é an chéad rud a bhí le socrú againn ná líon na dtithe a thógfaimis le gurbh fhiú pobal a thabhairt air. Rinne muid amach go dtógfadh sé fiche teach ar a laghad le comhluadar ceart a dhéanamh ach san am chéanna a bheadh beag go leor le go dtiocfadh le daoine bochta cosúil linn féin a thabhairt chun críche. D’iarr muid ar Ailtire Gaelach i mBéal Feirste, Seán Mac Goill, plean a dhearadh dúinn do na tithe mar aon le halla pobail a raibh muid ag dúil le scoil a dhéanamh as ar ball. Rinne an tAiltire amach gur fá thuairim dhá acra a bheadh de dhíth orainn don scéim. Ar dtús báire shíl muid go dtiocfadh linn tógálaí a aimsiú a bheadh sásta fiche teach in aice le chéile a choinneáil ar leath taobh fá n-ár gcoinne in eastát tithe a raibh sé ar intinn aige a thógáil ach go bhfuair muid amach go mbeadh na socraithe ina chomhar sin ró chasta le h-oibriú. Mar sin chuartaigh muid thart féachaint le cúpla acra a aimsiú dúinn féin agus tabhairt faoin obair muid féin gan chonraitheoir.”

xv Mac Seáin (2017).

xvi Ibid.

xvii Ibid.

xviii Ibid.

xix Mac Seáin (2010).

xx Comhfhreagras pearsanta.

xxi Maguire (1991).

xxii https://www.bbc.co.uk/news/uk-northern-ireland-47902370

xxiii Mac Seáin (2017).

xxiv Ibid.

xxv Ibid.

xxvi Mac Póilín (2007).

xxvii Ibid.

xxviii Ibid.

xxix Ibid.

xxx Mac Seáin (2017).

xxxi Ibid.

xxxii Maguire (1991).

5 thuairim ar “33. Scéal Bhóthar Seoighe (1)

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s