35. Scéal Bhóthar Seoighe (3)

Cad a léiríonn Pobal Feirste?

Cruthaíonn cas Phobal Feirste gur féidir dlúth-phobal úr teanga a chruthú i gcathair a raibh an Béarla i réim inti le 400 bliain. Cruthaíonn sé nach gan dua a dhéanfar sin. Go dtí seo, tá an chuma ar an scéal gur éirigh le Pobal Feirste a chuid aidhmeanna a bhaint amach, nó tá ceadachán réasúnta ard de pháistí na scéime ag cur na teanga ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile, agus bhí an pobal ina fhócas ag athbheochan leitheadach teanga i mBéal Feirste agus ar fud Thuaisceart Éireann. Ach tá roinnt ceisteanna nach bhfuil fuascailt orthu go fóill.”i

Aodán Mac Póilín

De réir na n-aidhmeanna a chuir bunaitheoirí na scéime rompu, d’éirigh go breá leis, níos fearr ná mar a b’fhéidir leo a shamhlú, tá anois trí scór bliain ó shin.

Féach freisin:

Tá an scéim fós ann, tá Gaeilge fós ann (cé go bhfuil roinnt teaghlaigh dhátheangacha ann le Breatnais agus Portaingéilis).

Tá an tríú ghlúin do pháistí de bhunadh na scéime ann, cé nár thóg gach duine acu a gcuid páistí féin léi.

Cois Cluana
Cois Cluana – tithe úra Phobal Feirste.

“Is féidir”

Mar a scríobh Aodán Mac Póilín, léirigh an scéim gur féidir lonnaíocht Ghaeilge a bhunú agus gur féidir leis maireachtáil – rud a bhí “dodhéanta” roimhe sin.

Léiríonn an scéim…

  • gur féidir pobal úr a bhunú, dlúth-phobal a dhéanamh as pobal sainspéise, agus iad a lonnú in áit amháin.
  • gur féidir le dlúth-phobal beag a bheith ina chomharsanacht teanga ag feidhmiú mar thearmann teanga inár féidir le mionteanga maireachtáil agus á sheachadadh go dtí an chéad ghlúin eileii iii agus leoga go dtí an ghlúin ina dhiaidh sin d’ainneoin a bheith timpeallaithe ag mórphobal Béarla.
  • gur féidir le baicle bheag dhíograiseach tiomanta, a bhfuil íde-olaíocht láidir acu agus a ghlacann an freagracht iomlán orthu féin, an-tionchar a imirt ar mhórphobal ó thaobh phleanáil / ghníomhaíocht teanga de (tá a mhalairt fíor fosta áfach mar is léir ón na Gaeltachtaí).

Locht ar bith?

Tá daoine a rugadh agus a tógadh i nGaeltacht Bhóthar Seoighe anois arais ina gcónaí ann lena dteaghlaigh féin rud a fhágann go bhfuil an tríú glúin de chainteoirí Gaeilge anois ag fás suas sa Ghaeltacht bheag seo i mBéal Feirste agus is cuma cad é a tharlaíonn don teanga i gcuid ar bith eile den tír sa todhchaí mairfidh an teanga beo ansin ar feadh fada go leor is dóigh liom.” iv

Séamus Mac Seáin

Bheadh leisce ar dhuine locht a fháil ar cheann de na tionscadail is mó ratha riamh ó thaobh na Gaeilge.

Níor chuala mé aon lochtú á dhéanamh ar Phobal Feirste riamh, seachas corr-thagairt d’aighneas pearsanta agus corrdhuine míshásta le húsáid an focal ‘Gaeltacht’ ina leith.

Mar a scríobh cheana, tá cuid mhaith poiblíochta faighte aige faoi am seo. Ach cheana, bhí spin dhearfach ar an saothar sin go léir go dtí seo, cuid mhaith de stair na scéime scríofa ag muintir Phobal Feirste iad féin.

Seans go dtiocfadh le staidéar acadúil lochtanna éagsúla a aimsiú nárbh léir do dhaoine cheana ach ní heol dom aon staidéar scríofa ar Bhóthar Seoighe ag sochtheangeolaí bunaithe i bPoblacht na hÉireann.

Aisteach go leor, ní luaitear é i go leor cuntais shochtheangeolaíochta na Gaeilge ar chor ar bith nó ach a bheag, títear dom go gcuireann Albanaigh níos mó spéise ann, ach sin ábhar leabhair eile.

Mar sin féin, tá laigí sa scéim gur chóir a phlé, rud nach ionann agus cáineadh.

Easpa spáis, easpa fáis

Ní féidir leis an scéim fás níos mó, tá sé timpeallaithe ag forbairtí tithíochta anois.

“Tá 22 teach ar fad ann anois agus sin deireadh nó níl talamh ar bith fágtha gur linn í,”v a dúirt Séamus Mac Seáin liom.

Luaigh sé gur smaoinigh an pobal faoi thithe i bPáirc Ros Goill, a théann thart ar Phobal Feirste anois a cheannach agus Gaeilgeoirí a lonnú iontu, “corr uair bhog daoine isteach ann a raibh Gaeilge sa teach acu agus á bpáistí ar an bhunscoil atá suite i bPáirc Ros Goill ach ní ar dhóigh ar bith straitéiseach”.

“Go fírinneach thiocfadh a rá gur shúigh an scoil an bheatha as an scéim tithe ar feadh breis agus 20 bliain,” a dúirt sé.

Dúirt Aodán Mac Póilín an rud céanna liom maidir le hiarrachtaí fás isteach i bPáirc Ros Goill.

Chuir Séamus cuid den mhilleán ar na húdaráis.

“B’éigean dúinn leath chuid den talamh a “bhronnadh ” ar an Roinn Oideachas saor ó chíos i 1984 nuair a bhagair siad gan an scoil a mhaoiniú mura bhfuair siad an talamh uainn saor in aisce,” a mhínigh sé.

‘Dúmháil’

“Dúmháil a bhí ann ach b’éigean dúinn glacadh leis. níor éirigh linn an talamh a fháil ar ais go dtí 2002 agus thóg muid 6 teach eile i 2006.

“Faoin am sin bhí cuid de na daoine a tógadh ar Bhóthar Seoighe pósta agus teaghlach dá gcuid féin acu. Fuair siad na tithe.

“Tá cuid mhór de na chéad teaghlaigh marbh, naonúr ar fad ach á dteaghlaigh siúd ins na tithe a bhí acu , mar sin maireann an Ghaeilge sna tithe sin ainneoin na tuismitheoirí a bheith marbh leanúnachas de sheoirt éigin é sin is dócha.”

D’admhaigh Mac Póilín nár éirigh le Pobal Feirste ‘mias criticiúil’ a bhaint amach, is é sin le rá, mór go leor le bheith inmharthana ann féin gan instealladh de dhaoine úra:

“An bhfuil an pobal rá-bheag le bheith inmharthannach? Tá siad ann a chreideann go bhfuil ‘critical mass’ de dhíth le go mbeadh inmharthanacht fad-thréimhseach ag pobal ar bith. Dá mba theaghlaigh Ghaeilge a bhí ina gcónaí san eastát ata taobh thiar de Phobal Feirste, d’fheadfaí luí siar ar na rámhaí. Nuair ata níos lú ná dhá dhuisín teaghlach i gceist, ní dóiche go bhfuil an staid sin bainte amach go fóill.”vi

Thiocfadh dó áfach go mairfidh Pobal Feirste mar chomharsanacht Ghaeilge gan mórán de bhaint fola aige leis na bunaitheoirí – dá dtiocfadh leis an phobal lonnaitheoirí nua a mhealladh.

Thiocfadh dó fosta áfach, nach mairfidh sé mar phobal tar éis bhás na mbunaitheoirí.

Fiú sa chás sin áfach, bheadh sé ar an tsaol ar feadh 60/70 bliana, na scórtha cainteoirí nua cruthaithe, saol maith fiúntach caite ag daoine agus tionchar ollmhór imeartha acu.

Fiú sa chás sin, d’éirigh go hiontach leis an scéim.

Easpa Ionaid

Bhí ceadúnas pleanála ag Pobal Feirste chun halla pobail a thógáil – rud nár tharla.

De réir mo chuid fiosraithe, cabhraíonn halla nó ionad go mór le pobal teanga mar áit gur féidir leo imeachtaí a reáchtáil faoina smacht féin, cosanta ó thionchar an mhórtheanga thart orthu.

Ní raibh sé sin ag Bóthar Seoighe, gur gur féidir cás a dhéanamh gur imir Cumann Chluain Árd agus ina dhiaidh sin an Chultúrlann an ról sinvii.

Tuairiscítear, cuir i gcás, gur fhreastail aos óg na scéime ar imeachtaí i gCumann Chluain Árd go mion minic agus iad ag fás aníos.

Barántúlacht

The Shaw’s Road Gaeltacht Community proved that the Irish language could be brought back into everyday currency in a way that was satisfying, efficient and relevant in their lives. Other groups and communities were inspired by its realisation of an ideal. Within this urban matrix Irish is not perceived by Irish speakers and learners as a cause or issue; rather, it is simply thought of as ‘our own language’.”viii

 Gabrielle Maguire

Pobal “T2” a bhí ann ag tús na scéime, is é sin daoine a d’fhoghlaim an Ghaeilge mar dhaoine fásta, cé gur tógadh leis an Ghaeilge a gclann, tá mé ag déanamh go bhfuil an smál “T2” orthu go fóill, agus ar pháistí s’acu féin fiú. Is cainteoirí ‘athdhúchais’ iad.

Gaeilge na hathbheochana í teanga Bhóthar Seoighe a bhí bunaithe ar chanúint Thír Chonaill ach a d’fhás go neamhspleách uaithi, d’ainneoin iarrachtaí Chumann Chluain Árd.

Mar a chreideann Nig Uidhir, seans gur chabhraigh sé sin leis an scéim agus le féiniúlacht na scéime. Seans gur chabhraigh leagan simplithe den teanga, go háirithe ó thaobh na foghraíochta de, le scaipeadh na Gaeilge ar fud iarthar Bhéal Feirsteix.

Ní féidir a shéanadh áfach, nach sásódh Bóthar Seoighe agus an toradh a bhí air iad siúd ar an taobh íonaíoch de speictream ó thaobh na Gaeilge thraidisiúnta de, agus mar sin de, seans nach measfadh an duine sin gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid agus nach féidir scéal na scéime a chur san áireamh agus neart nó laigeacht na Gaeilge á mheas.

Ach cheana, bhris Bóthar Seoighe an fáinne fí sin a luaigh Fishman agus a chuir bac ar athbheochan na Gaeilge ón chéad lá, i. bhí ar gach glúin tosú arís mar fhoghlaimeoirí.

**

i Mac Póilín (2007).

ii Mac Póilín (2007): “Bhí 38 páistí ag glúin na mbunaitheoirí, má fhágtar an teaghlach a chuaigh go Tír Chonaill as an áireamh, agus tá páistí ag 17 acu. D’imigh scaipeadh ar roinnt acu sin. Bheadh sé ina ábhar iontais dá mba i nGaeilge a thógfaí páistí na ndaoine sin a d’imigh go Meiriceá, go Sasana, nó chun na hloruaidh. Tá beagán a d’imigh go háiteanna eile in Éirinn, agus cónaíonn thart ar dhúisin acu i mBéal Feirste. Is cinnte go bhfuil cuid acu ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge, ach ní dhearnadh staidéar cuimsitheach orthu mar ghrúpa, agus ta teorainn leis an mhéid eolais is féidir a thógáil go neamhfhoirmeálta. Ar an láimh eile, tá gach duine den tríú glúin atá in aois scoile, agus ina chónaí i mBeal Feirste ag freastal ar an scoil lanGhaeilge ar fhreastal a gcuid tuismitheoirí uirthi.”

iii Mac Seáin (2010): “Ar an chéad ghlúin de pháistí a tógadh ar Bhóthar Seoighe, tá seachtar acu a bhfuil cónaí orthu anois ar an talamh fuarthas in 1965 do scéim na dtithe…”

iv Mac Seáin (2014) – https://antuairisceoir.wordpress.com/2014/01/29/conas-gaeltacht-a-bhunu/

v Cumarsáid phearsanta.

vi Mac Póilín (2007).

vii Armstrong (2012): “This is not to say that members were not socialized to particular language norms over the years, but it is interesting that members reported that much of that socialization happened outside of the community. The community used several external socialization sites, ‘on loan’ so to speak, to reinforce the norms of Irish use among its members. Certainly Cumann Chluain Ard remained important and members of the first and second generation reported that they continued to frequent the club up until the time of research.”

viii Maguire (1991).

ix Tá sé luaite ag corr-ghníomhaí Gaeilge in Oileán Mhanainn gur mheas siad go bhfuil sealbhú theanga s’acu beagán níos éascaí do lucht foghlamtha de bhrí go bhfuil sí beagán níos simplí anois, dar leo.

2 thuairim ar “35. Scéal Bhóthar Seoighe (3)

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s