36. Árd Barra

I dtrátha an ama céanna a bhí Pobal Feirste ag obair chun pobal Gaeilge a thógáil i mBéal Feirste, bhí scéim measartha cosúil leis ar bun i nGleann Maghair, Corcaigh.

Árd Bharra an toradh a bhí air, ‘mion-Ghaeltacht’ de chúig theach, maireann Árd Barra mar chomharsanacht Gaeilge go dtí an lá atá inniu ann, tá seacht dteach ann anois[i], le hochtar déag ina gcónaí ann.

Bhí cúig theach in Árd Barra ar feadh i bhfad go dtí gur tógadh dhá theach nua tuairim is 10 mbliana ó shin  – bhí baint ag cuid de na daoine a bhog isteach leis an phobal cheana.

Féach freisin:

Clós atá in Árd Barra, cul-de-sac coillteach ar bharr chnocán beag, tá cuma an-difriúil air ó Bhóthar Seoighe.

Níl mórán clú ar an tearmann teanga beag seo, níl alt acadúil nó iriseoireachta scríofa air cé is moite de chorr-thagairt i saothar Mhic Póilín agus Mhic Seáin.

Go dtí go ndeachaigh mé i mbun fhiosraithe, bhí eagla orm go raibh an scéim imithe i laige nó in éag fiú, ach ní mar sin atá.

Bunaíodh an comhlacht Buaic Teoranta ar 21 Feabhra 1966 chun tabhairt faoi bhunú na comharsanachta, “le tithe a thógáil do theaghlaigh Ghaelacha i nGleann Maghair” dar le hIarla Mac Aodh Bhuí, a raibh baint nach beag ag a theaghlach le bunú an phobail.

D’fhógair Tomás Ó Canainn agus eile cruinniú i gCorcaigh – tháinig Séamus Ruiséal chuig an chruinniú sin agus bhí suim aige sa scéim ar an chúis chéanna.

“Bhíothas ag súil go mbeadh teaghlaigh eile le Gaeilge sásta an chathair a fhágáil agus dul a chónaí i nGleann Maghair ach ní bhogfadh cuid acu,” a a dúirt Iarla Mac Aodha Bhuí liom[ii].

An cabhsa go hÁrd Barra
An cabhsa go hÁrd Barra

Shocraigh teaghlach Mhic Aodha Bhuí lonnú sa Ghaeltacht, i nGaoth Dobhair sa deireadh, macasamhail Chlann Uí Mhonacháin.

“Bhí an chéad dá theach tógtha faoi 1967 agus chuaigh Tomás agus Helen Ó Canainn agus a gclann isteach i dteach acu agus clann Mhic Aodha Bhuí sa cheann eile.

“Níorbh fhada go raibh an tríú teach tógtha do Shéamus agus Máirín Ruiséal”[iii]

Tháinig muintir Hearúin, Muintir Uí Dhrisceoil agus muintir Mhic Cárthaigh ina dhiaidh sin

“Thart ar 1973, bhí suim ag cúpla clann eile bogadh anseo ach tharla an géarchéim ola agus níor dhéin siad,” a mhínigh Nuala Ní Chanainn dom[iv], iníon le Tomás agus Helen Ó Canainn agus a chónaíonn in Árd Barra go fóill.

“D’fhan rudaí mar sin ar feadh i bhfad ach le sé bliana anuas nó mar sin tá dhá chlann óg eile tagaithe.”

Tomás Ó Canainn

Tomás Ó Canainn
Tomás Ó Canainn

Ba as Doire ó dhúchas é Tomás Ó Canainn, bhí clú air mar phíobaire. Fuair sé bás i 2013 in aois 82. Maireann a bhean chéile Helen, arb as Béal Feirste ó dhúchas in Árd Barra go dtí an lá atá inniu ann.

Bhí  Ó Canainn ábalta daoine a mhealladh chuig an smaoineamh, fear “an-Ghaelach” a bhí ann a raibh tionchar mhór aige sin ar chúrsaí Gaeilge agus ceol an dearcadh a bhí ag Orlaith Ruiséal:

“Bhí slí iontach deas ag Tomás agus mheall sé daoine ach ní raibh sé sáite in aon eagraíocht teanga foirmeálta/oifigiúil.”

Dúirt Nuala Ní Chanainn liom gur mheas sí go raibh a hathair maith ag spreagadh daoine.

 

Cad é an aidhm a bhí ann?

Macasamhail Bhóthar Seoighe, bunaíodh Árd Barra mar thearmann teanga chun páistí a thógáil leis an Ghaeilge mar chéad-theanga ann.

Is riarthóir í Orlaith Ruiséal ar an scéim Tús Maith i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, í sáite le cúrsaí Gaeilge agus iarrachtaí daoine a mhealladh i dtreo leanúint ar aghaidh ag tógáil páistí le Gaeilge ann.

Iníon le Séamus agus Máirín Ruiséal is ea í a rugadh agus tógadh in Árd Barra.

“Bhí suim acu go mbeadh clannaibh, nó cúpla chlann, ag maireachtaint sa spás céanna agus go bhféadfaidís leanaí a thógaint le Gaolainn,” a mhínigh sí[v].

“B’fhéidir go dtuigeadar, má thánn tú ag iarraidh a thógaint le Gaolainn go gcaitheann siad comhluadar a bheith acu.”

As na daoine a bhí páirteach in Árd Barra ní raibh ann ach cainteoir dúchais amháin, máthair Orlaith, Máirín, arb as Corca Dhuibhne di, cainteoirí ‘T2’ mar sin a bhí i mbunús acu de réir na teangeolaíochta.

“Seans ceart” agus “Mini-Ghaeltacht”

“’Sé an aidhm a bhí le Ard Barra seans ceart a thabhairt dóibh siúd a bhí ag iarraidh clann a thógáil le Gaeilge i gCorcaigh ag an am. Go mbeadh tacaíocht againn dá chéile mar chomharsain,” a dúirt Nuala Ní Chanainn.

“Bhí mo thuismitheoirí Tomás agus Helen ár dtógáil go hiomlán le Gaeilge sa chathair cheana féin.

“Bhí suíomh á lorg acu le haghaidh tí agus tháinig Daid ar an pháirc seo a bhí ar díol ag Scoil na nÓg – díreach taobh leis an scoil.

“Chuir sin ag smaoineamh é. Nach iontach dá mba rud é go bhféadfadh roinnt clainne teacht le chéile agus ‘mini-Gaeltacht’ a thosnú!

“Bhíodh go leor daoine a teacht le chéile le tamall anuas sna Teaghlaigh Ghaelacha. Bhíodh imeachtaí i nDún Laoi ar an Mall Theas – Féile na Nollaig agus mar sin- só bheadh suim sa smaoineamh seo.”

Tearmann

Más beag a bhí Árd Barra, bhí tearmann ar fáil don Ghaeilge ann, dúirt Orlaith nach raibh brú ar bith ann ón Bhéarla agus gur chloígh clann an phobail leis an Ghaeilge i gcónaí.

Bhí páistí Árd Barra aon-teangach nuair a bhí siad óg a chuir sí in iúl dom.

Shíl Orlaith gur rud an-nádúrtha a bhí ann sa phobal agus an Ghaeilge a bheith á labhairt ann riamh.

Níor bhraith sí aon bhrú ón Bhéarla agus í ina leanbh, ag rá go raibh páistí Árd Barra iontach mór le chéile agus go raibh an-chomhluadar eatarthu.

Chuaigh na páistí go léir chuig bunscoil lán-Ghaeilge i lár na cathrach, áit a raibh cumais teanga an-éagsúla ag na páistí ann, ó dhaoine a tógadh le Gaeilge go dtí daoine nach raibh focal acu agus iad ag dul isteach ann, ach níor bhraith Orlaith go raibh brú ón Bhéarla ansin ach oiread.

Ní amháin nach raibh aon bhrú ón Bhéarla ann in Árd Barra, ní raibh brú ann ó thaobh na Gaeilge ach oiread, a dúirt sí.

“Níor labhras Béarla le m’athair riamh, níor labhair sé Béarla liom, agus ní raibh aon cheist ann mar gheall air.”

Árd Barra
Tá Árd Barra beag – ach bhí mór go leor chun tearmann a thabhairt don Ghaeilge.

Uime sin, tá cuma ar an scéal gur éirigh le tuismitheoirí Árd Barra staid a bhaint amach ina raibh an Ghaeilge mar theanga nádúrtha réamhshocraithe na háite, ‘default language’ más maith leat.

“Ní raibh aon eagla orainn, bhí saol an-scaoilte agus bhí saoirse iontach againn i nGleann Maghair.

“Bhí saol iontach ar fad againn, lán de shamhlaíocht, níor bhraitheas aon bhrú teangan.

“Ní raibh aon bhrú riamh ó thaobh na Gaolainne, ní dúirt éinne liomsa riamh ‘caithfidh tú Gaolainn a labhairt’, ní raibh ceist ann.

“Bhí an tuiscint ann, agus sin sin”.

Brú ar bith

Níor mhothaigh Orlaith daoine ag déanamh breithiúnas ar Ghaeilge dhaoine eile in Árd Barra ach oiread.

Nós “nua” agus daoine ag plé cúrsaí teanga, “agus ní maith liom é,” a dúirt sí.

Dhearbhaigh cónaitheoir amháin eile liom nár mhothaigh siad aon bhrú ann ón Bhéarla sa scéim.

Dar le Nuala Ní Chanainn, ní raibh Árd Barra saor ó thionchar an Bhéarla ach nár shíl sí gur fadhb a bhí ann:

“Bhí brú Béarla gach áit ach bhí muid ábalta an dá shruth a shnámh.

“Ní raibh Gaeilge ag mo bheirt sheanamháthair mar shampla só bhí muid cleachtaithe le Béarla a chloisint idir Mum agus Granny nó Daid agus Mamó ach Gaeilge idir Mum agus Daid – labhraím Gaeilge fós le mo dheirfiúracha.

“Bhí an Ghaeilge láidir i mo thuismitheoirí – is rogha a dhéin siad bunaithe ar shuim agus grá agus ghlac muid sin uathu,” a dúirt sé, ag léiriú an meon sa phobal i leith na Gaeilge, mar pholasaí tí agus pobail.

Mar sin féin, is cuimhin léi nár labhair sí an-oiread sin Gaeilge ar scoil, seachas le daoine ó theaghlaigh Ghaelacha eile, d’ainneoin gur scoil lán-Ghaeilge a bhí ann.

Scolaíocht

Ní raibh ar mhuintir Árd Barra scoil ar leith a bhunú dá gcuid páistí, bhí sé sin ann cheana, an Módh Scoil, a bhí ar an chéad bhunscoil lán-Ghaeilge i gcathair Chorcaí.

Tháinig Coláiste an Phiarsaigh, scoil lán-Ghaeilge iar-bhunscoile, ar an tsaol i 1973. Tá an coláiste suite béal doras d’Árd Barra agus cé nár bhunaigh an pobal an scoil bhí baint nach beag aige leis.

Bhí Eibhlín Ní Dhrisceoil, príomhoide na scoile ina cónaí ann mar a bhí Cormac Mac Carthaigh, bainisteoir na scoile. Bhí Séamus Ruiséal ar an bhord bainistíochta agus d’fhreastail páistí Árd Barra go léir air.

Féach freisin:

“Thug siad tacaíocht iomlán dó,” a dúirt cónaitheoir a d’fhreagair litir uaimse.

“Bhí sé go hiontach don phobal an coláiste a bheith ar leac an dorais,” a dúirt an té úd.

Dar le Séamus Mac Seáin gur buntáiste “nach raibh againne” é d’Árd Barra go raibh scolaíocht lán-Ghaeilge ar fáil agus nach raibh orthu iad a bhunú, go háirithe nuair a bhí “iomrá oideachas maith” ar Choláiste an Phiarsaigh.

Tá tuairim ar 540 daltaí ar Choláiste an Phiarsaigh inniu, tá Scoil na nÓg ann sa cheantar chomh maith, scoile chónaithe do pháistí i rang 5 agus 6 chun líofacht sa Ghaeilge a thabhairt dóibh.

Nuair a chuaigh Nuala Ní Chanainn isteach i gColáiste an Phiarsaigh i mbliana a bhunaithe is cuimhin léi nach raibh ann ach tríocha daltaí agus triúir múinteoirí ann.

Canúint

Bhí canúintí difriúla ag muintir Uí Chanainn cuir i gcás, arbh as Cúige Uladh iad, agus muintir Ruiséil a raibh Gaeilge na Mumhan acu, chloígh páistí s’acu le canúint a dtuismitheoirí, a dúirt Orlaith liom, rud a chuireann in iúl gurb é an teaghlach an aonad is tábhachtaí maidir le seachadadh teanga sa phobal áirithe seo.

Shíl Orlaith nach raibh a dhóthain páistí in Árd Barra ná go bhforbróidís siad canúint ar leith ach nach raibh fhadhb tuisceana ar bith ag na páistí eatarthu féin.

Féach freisin: 

Dhearbhaigh daoine eile in Árd Barra gurb amhlaidh an scéal sin:

“Bhí canúint tuaisceartach ar mo chuid Gaeilge a dul ar scoil,” a dúirt Nuala Ní Chanainn.

“Tá sé ‘fluid’ inniu cinnte ach fós fhéin tá sin le clos ann.”

Dúirt sí gurb amhlaidh an scéal maidir lena deirfiúr Úna ach go raibh tionchar níos mó ag an phobal ar Ghaeilge a deirfiúr eile, Niamh, ar an ábhar go bhfuil sí ar chomhaois le muintir Ruiséal.

Tionchar

Luaigh Orlaith nár shíl sí go raibh fios ag an saol mór gur ann d’Árd Barra, mar sin féin is dóigh léi go raibh tionchar ag an lonnaíocht ar an mhórphobal thart air – rud a chuireann Pobal Feirste i gcuimhne.

“Tá sé saghas i bhfolach,” a dúirt sí.

“Tá sé thuas ar ard, bhí an-chuid daoine ann i nGleann Maghair ná raibh fhios acu go raibh sé ann in aon chor – bhí an tslí isteach ceilte.

Féach freisin:

Mar sin féin, dúirt Orlaith go raibh fios ag chuid den mhórphobal,  ar a laghad, go raibh a leithéid d’áit ann agus Árd Barra:

“Thosaigh mo mháthair naíonra agus cinnte, bhí tionchair aige sin ar thuiscint an phobail.

“Bhí naíonra ana-mhaith aici ansan ar feadh 17 mbliana, bhí an-éileamh air agus bhí ana-mheas air.

Thosaigh Bean Ruiséal an naíonra seo i ngaráiste an tí, tuairim ar an bhliain 1980 – chuaigh sí ó dhoras go doras i nGleann Maghair chun páistí a earcú.

Tá macalla de chur-chuige Bhóthar Seoighe ‘ná habair é, déan é’ sa ghníomh sin gan amhras.

Bhí liosta feithimh aici faoin am a thosaigh dara bhliain na naíonra.

‘Ireeshans’ 

Bhí tionchar teanga “subtle” ag Árd Barra, a dúirt Orlaith.

“Thosnaigh daoine ag smaoineamh ar an nGaolainn ar shlite eile ná mar a rabhadar roimhe seo, braithim féin go n-oscail é súile dhaoine.

Léirigh Nuala go raibh Gaeilgeoirí eile ann i nGleann Maghair agus go labhródh na daoine seo agus bunadh Árd Barra le chéile go mion-minic:

“Deir Helen go raibh ban-iriseoir ag stopadh linn uair amháin a cheap gur Gaeltacht a bhí i nGleann Maghair ar fad mar chuala sí bean an phoist sa bhaile (Mrs Cherry – cainteoir dhúchais ó Iarthar Chorcaí) ag caint Gaeilge le Daid, agus Tomás de Barra (ar leis an stáisiún peitreal) agus a dheartháir Denis i Siopa Barry freisin.

“Bhí Tomás i gcónaí ag caint le daoine agus dósan agus do Helen, is grá don teanga, agus sult a bhaint as bheith á labhairt agus á roinnt le daoine an príomhrud.

“Só bhain daoine sult as í a labhairt leo.

“Ar thaobh eile den scéal is cuimhin liom Daid ag gáirí ag insint dom faoin am ar chuala sé blianta ina dhiaidh gur ‘those Ireeshans!’ á thugadh roinnt daoine sa mbaile orainn.”

Is ceoltóirí iad clann Uí Chanainn agus tá an Ghaeilge fite fuaite le cúrsaí ceoil sa cheantar.

“Tionchar eile ab ea an seisiún ceoil agus amhránaíochta a thosnaigh mé le Daid sa Heron’s Perch i mbaile Ghleann Maghair i 1991 nuair a d’fhill mé ó Mheiriceá.

“Tadhg Ó Loingsigh ar leis an pub ag an am agus bhí suim aige freisin sa Ghaeilge.

“Bheadh fáilte roimh gach amhrán, gach teanga. Spreag Daid daoine le ceol agus amhráin a fhoghlaim agus a rá ag an seisiún agus bheadh áit speisialta ann i gcónaí don Ghaeilge.”

Staid na Gaeilge sa cheantar máguaird

Bhí 157 cainteoir laethúla Gaeilge ann sa toghroinn Ráth Chuanna, ina bhfuil Árd Barra (agus Coláiste an Phiarsaigh mar sin de), sa bhliain 2016 i gcomparáid le 137 cainteoir laethúla in 2011.

B’ionann líon na gcainteoirí seachtainiúla agus 228 in 2016, é sin i gcomparáid le 236 in 2011.

Tá Árd Barra beagnach ar an teorainn le toghroinn Cathair Laga, bhí 128 cainteoir laethúla Gaeilge ann i gCathair Laga sa bhliain 2016 i gcomparáid le 105 cainteoir laethúla in 2011.

B’ionann líon na gcainteoirí seachtainiúla agus 205 in 2016, é sin i gcomparáid le 180 in 2011.

Go bunúsach mar sin de, tháinig fás ar líon na gcainteoirí rialta sa cheantar seo idir 2011 – 2016, más beag an líon céanna.

Baint le Bóthar Seoighe

Is cuimhin le hOrlaith Ruiséal go raibh baint idir Bhóthar Seoighe agus Árd Barra, ag cur i gcuimhne dom gurb as Doire ó dhúchas Tomás Ó Canainn agus go raibh an-bhaint aige le Béal Feirste, áit dhúchais a bhean Helen ar ndóigh.

Dúirt Séamus Mac Seáin liom gur cheannaigh sé féin scaireanna sa chomhlacht a bunaíodh leis an phobal a bhunú.

“Bheadh sé suimiúil a fáil amach ar bhailigh siad airgead ar bith as na scaireanna a d’eisigh  siad ag an am leis an scéim a thionscnamh.

“Is féidir dar ndóigh gur gléas poiblíochta a bhí ann seachas bailiú airgid,” a dúirt sé:

“Bhí muintir Ruiséil mar chara Chríost ag baisteadh an nighean is sinne domh i 1966.

“Bhí baint mhór ag Séamus Ruiséal le Misneach agus é ann ó thús agus páirteach ins an stailc ocrais a rinne Misneach i mBaile Átha Cliath  i 1966 mar fhrith-chomóradh ar an Éirí Amach i 1916 ,  stailc a raibh muid féin páirteach inti i gCumann Chluain Árd ar feadh seachtaine.

“Bhí Séamus Ruiséal, Séamus Lankford, agus Risteárd Ó Murchú (uilig marbh) iontach gníomhach i gCraobh An Chraoibhín Aoibhinn de Chonradh na Gaeilge i gCorcaigh.

“Chláraigh mé féin agus Seán Mac Aindreasa (as Bóthar Seoighe fosta) leis an chraobh i gCorcaigh agus labhair muid ar son na Craoibhe ag Árd Feis an Chonartha in Áth Luain i 1964  le léiriú chomh hamaideach agus bhí sé nach raibh cead ag craobhacha an “tuaiscirt”  a bheith ag an Árd Fheis ach go raibh fáilte roimhe craobhanna fríd an domhain ann.”

Ar éirigh leis?

Baineann freagra na ceiste sin, ‘ar éirigh leis/leat’ leis an aidhm a bhí ag togra sa chéad dul síos

Tuairiscigh Mac Póilín, “i gcuntas ar an scéim seo a chuala mé ó Shéamus Ruiséil, duine de na bunaitheoirí, thug sé le fios gurbh é a bharúil nár éirigh leis”[vi].

Ceistíonn a iníon Orlaith má bhí ráth ar an phobal ó thaobh seachadadh teanga idirghlúine freisin:

“Ar oibrigh sé mar choincheap? Do dhéin a tslí go labhraímse Gaolainn agus go labhraíonn mo dheirfiúracha agus mo dheartháir Gaolainn.

Tá Gaeilge ag cuid de pháistí a cuid deirfiúracha agus deartháireacha agus cuid eile nach bhfuil a mhínigh sí, ar an ábhar go bhfuil duine acu ina chónaí thar sáile.

Níl páistí Árd Barra fós ina gcónaí ann seachas beirt agus gur phós cuid acu le daoine gan Gaeilge, a dúirt sí.

Is dóigh le hOrlaith gur éirigh le hÁrd Barra mar lonnaíocht mar gur éirigh leis an phobal clann a thógáil le Gaeilge agus go leanann an caidreamh eatarthu ar aghaidh trí mheán na Gaeilge, “ní bheadh aon cheist ann”.

Mar sin féin, má d’éirigh leis ó thaobh na haidhme bunúsaí a bhí ann ag an tús, mothaíonn Orlaith go mbeadh ar dhaoine suí síos agus rath na scéime a thomhais i gcomparáid le liosta critéir níos cuimsithí ná an bhun-aidhm shimplí sin.

Bhí Nuala Ní Chanainn cinnte gur éirigh le hÁrd Barra “gan aon dabht” áfach de bhrí gur comhlíonadh an aidhm bunaidh:

“Tógadh glúin iomlán trí Ghaeilge. Is teanga bheo í atá againn uilig.”

Dúirt cónaitheoir Árd Barra eile liom gur shíl siad gur éirigh leis an scéim agus gur “chothaigh sé dea-thoil agus dul chun cinn na Gaeilge” sa cheantar máguaird.

Is gníomhaí teanga Pádraig Ó Maoláin i gCorcaigh, bhí aithne aige ar Shéamus Lankford agus ar Shéamus Ruiséal tríd Áras na nGael sa chathair.

“Bhí an tÁras ag braith go mór orthu agus nuair a fuair an bheirt sin bás, dhún na doirse,” a dúirt sé liom.

“Is cuimhne liom chomh maith gur dhéin Séamus Ruiséal dhá thagairt d’Árd Barra (Bhíos ag obair páirt-aimseartha sa bhéar in Áras an Chonartha, Corcaigh nuair a bhí Séamus ar an gcoiste).

“Dúirt sé liom gur cheap sé nár éirigh le Árd Barra mar bhí sé ró-bheag agus níor tháinig aon fhás air.

“Is cuimhne liom é ag insint scéal faoi bhean a labhair leis ar an sráid lá amháin. Shín sí a méar i dtreo na dtithe. “Do you see them in there?! They’re all a bit mad in there!!!”. Bhain sé taitneamh as an scéal sin a insint”.

Shíl Páidí féin go raibh moladh mór tuillte ag muintir Árd Barra mar gur éirigh leo páistí a thógáil le Gaeilge ann ach go raibh sé ró-bheag chun tionchar forleathan a bheith aige i gCorcaigh mar a bhí ag Bóthar Seoighe i mBéal Feirste.

Cad a léiríonn Árd Barra?

Macasamhail Bhóthair Seoighe, léiríonn Árd Barra gur féidir dlúthphobal úr Gaeilge a bhunú agus dream beag daoine a mhealladh chuige.

Léiríonn sé fosta, gur féidir leis an chomharsanacht sin, beag is atá, tógáil páistí le Gaeilge a chothú is a chosaint agus brú an Bhéarla a laghdú go mór.

D’fhan páistí an phobal dílis do mheon an phobail agus do pholasaithe teanga a gcuid tuismitheoirí gan a bheith faoi bhrú sin a dhéanamh.

Tá Árd Barra beo tar éis 50 bliana mar phobal teanga, ní beag an gaisce é sin.

Léiríonn sé gur féidir leis an phobal sin tionchar a imirt ar an mhórphobal timpeall thart air.

I mbeagán focal, rinne muintir Árd Barra labhairt na Gaeilge a normalú go mór, b’éacht é sin in Éirinn na linne seo.

Locht ar bith?

Scéim an–bheag é Árd Barra, cé gur cinnte gur imir sé tionchar ar an mhórphobal timpeall air, ba theoranta sin i gcomparáid le Bóthar Seoighe.

Ní féidir a bheith cinnte go mairfidh sé mar dhlúthphobal Gaeilge amach anseo agus beidh sé riachtanach teaghlaigh úra a mhealladh chuig an lonnaíocht chun a thodhchaí a chinntiú.

**

[i] Bhí teach amháin den seachtar folamh in am a scríofa mar go raibh an bhean a bhí istigh ann anois sa teach altramais.

[ii] Comhfhreagas pearsanta.

[iii] Féach: http://baoismhachnamh.blogspot.com/2014/09/notai-cuimhneachain.html

[iv] Comhfhreagras pearsanta.

[v] Comhfhreagras pearsanta.

[vi] Mac Póilín (2007)

2 thuairim ar “36. Árd Barra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s