37. Carn Tóchair (1) – pobal ar leith

“Bhí Gaeilge le cloisteáil go forleathan sa cheantar idir óg agus aosta, rud a thug ardú croí dom.”[i]

An taighdeoir Nollaig Mac Giolla Thuile, 2018

Cluintear tagairtí á dhéanamh do ‘Ghaeltacht’ Charn Tóchair anseo is ansiúd ach is áibhéil é sin.

Mar sin féin, is é ceann de na ceantair is láidre Gaeilge ó thuaidh agus is suntasaí ó thaobh na sochtheangeolaíochta de.

Tá an ceantar i measc an chúigear a roghnaíodh mar ‘líonra Gaeilge’ nó “aitheantas oifigiúil náisiúnta ar phobail taobh amuigh den Ghaeltacht a thacaíonn le húsáid laethúil na Gaeilge i measc a bpobal” faoi Acht na Gaeltachta, 2012.

Beidh le feiceáil cén difear a dhéanfadh sin, de bhrí nach bhfuil aon dlisteanacht ag an dlí áirithe sin ó thuaidh thar aon rud eile.

Is minic a thug mé cuairt ar an cheantar, níor mhothaigh mé aon áit eile inchurtha leis ó thaobh na Gaeilge in iar-Ghaeltacht ar bith in Éirinn.

Naíscoil Chairn Tóchair
Naíscoil Chairn Tóchair (Griangraf – Google).

Níor mhothaigh mé in áit ar bith eile beartas teanga á chur i bhfeidhm ag coiste áitiúil taobh amuigh de na Gaeltachtaí láidre, agus níor mhothaigh oiread gníomhaíocht Gaeilge tiubhaithe i gceantar ar leith, taobh amuigh d’iarthar Bhéal Feirste.

Tá labhairt na Gaeilge le mothú ann, fada óna bheith san ‘acústacht cheannasach’ ach le feiceáil agus le cloisteáil ann mar sin féin.

Féach freisin:

“Má ghlactar le ceantar Charn Tóchair… tá fás ollmhór tagtha ar líon na ndaoine sa cheantar a labhraíonn an Ghaeilge gach lá (agus sin an tástáil litmis, bímis ionraic faoi seo),”[ii] a scríobh Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Niall Comer, a chónaíonn tuairim air 8 km ar shiúil.

Níl mórán scríofa ag sochtheangeolaithe móra na hÉireann faoi Charn Tóchair go fóill ach féach Armstrong (2011a), (2011b) agus (2012), Mac Giolla Thuile (2018) chomh maith le McCaughan (2017).

Rinne Mac Giolla Thuile suirbhé cuimsitheach sa cheantar in 2018, fuair sé 240 freagróir i suirbhé ‘doras-go-doras’ a rinne sé, roghnaíodh na tithe go randamach, measaim gur foinse tábhachtach é an suirbhé seo agus an anailís atá ag teacht as:

“Faoi mar a fheictear, tá an Ghaeilge le cloisteáil go forleathan sa cheantar. Tugann 84% d’fhreagróirí le fios go gcloiseann siad an Ghaeilge anois agus arís nó níos minice ná sin. Ina theannta sin, Is beag duine a thug le fios nach bhfuil an teanga le feiceáil sa cheantar. Mar sin, Is léir go bhfuil timpeallacht Ghaeilge cruthaithe ag CFCT agus go bhfuil leibhéal ard dea-mhéine sa phobal don Ghaeilge.[iii]

Fís

Pobal dátheangach a fhorbairt taobh istigh de dhá ghlúin nó roimh 50 bliain, mar a mbeidh an Ghaeilge mar mheán cumarsáide aitheanta ag tromlach an phobail.”[iv]

Coiste Forbartha Charn Tóchair (CFCT), 2008.

Tá an fhís a chuir CFCT rompu féin sa doiciméad ‘An Bealach Chun Tosaigh Straitéis don Ghaeilge i gCarn Tóchair agus i Machaire Rátha’, a d’fhoilsigh siad i 2008, soiléir.

Is é athbheochan na Gaeilge go háitiúil atá i gceist, í a chur ar ais i mbéal an phobail mar theanga an phobail – cé go bhfuil sé cúramach an athbheochan sin a fhrámáil mar staid dhátheangach.

Chun téarmaíocht chaint na háite a úsáid, táthar ag iarraidh an Ghaeilge á “ath-thógáil” mar theanga “an chomhphobail”.

Seachnaíonn CFCT féin an focal ‘Gaeltacht’ san fhís seo. Tá glacadh le dhátheangachas mar aidhm seachas mar rud atá le seachaint – seans gur riachtanach an aithint seo agus an coiste ag iarraidh oiread daoine agus is féidir a thabhairt leo[v].

Ba é a léamh Tim Armstrong ar fhís agus ar straitéis an choiste ná go bhfuil dé mar aidhm “new language norm” a bhunú ann sa phobal, “that Irish will be the normal language of communication in the community, although the community will still be, in some sense, bilingual”[vi].

Pobal dátheangach a fhorbairt taobh istigh de dhá ghlúin nó roimh 50 bliain, mar a mbeidh an Ghaeilge mar mheán cumarsáide aitheanta ag tromlach an phobail.”

Is é fís uaillmhianach é ó thaobh aidhme agus am scála de[vii] mar a d’admhaigh an coiste féin:

 “Ní mór a rá nár tharla sé in áit ar bith faoin tuath in Éirinn gur tháinig an Ghaeilge ar ais i réim mar phríomhtheanga chumarsáide i bpobal nach raibh aige ach Béarla roimhe sin. Is é seo an sprioc mór nár éirigh leo go léir a d’oibrigh ar son athbheochan na Gaeilge le 100 bliain anuas a bhaint amach.”[viii]

D’admhaigh an coiste féin gur rud dochrach deacair í teanga a athbheochan:

“Ní dhéanaimid a bheag dá dheacra is atá aischur teanga, go háirithe nuair a thugtar san áireamh nár tharla sé in áit ar bith faoin tuath in Éirinn in ainneoin iarrachtaí an teanga a athbheochan le os cionn 100 bliain anuas. Cé nach raibh an “t-atmaisféar” níos fearr riamh faoi choinne tabhairt faoina leithéid de ghníomh, ní tharlóidh sé gan iarracht phleanáilte fhócasaithe ó réimse eagras agus daoine aonaracha. Tá iarracht déanta sa straitéis seo na céimeanna a leagan amach a chreidimidne is gá a ghlacadh le go dtarlóidh seo inár gceantar beag tuaithe.”[ix]

Chreid an coiste gur féidir “athbheochan teanga” sa cheantar mar gheall ar mheon a bhí ar fáil sa phobal:

“Tá suí nua ar chúrsaí maidir le tacaíocht oifigiúil agus pobail, nach raibh ann sna 1900í luatha, a dhéanann athbheochan teanga níos insroichte mar chuspóir ná mar a bhí sí riamh le 150 bliain. Is í an deis seo atá Carn Tóchair ag iarraidh a thapú agus iad ag iarraidh an Ghaeilge a chur ar ais i gcroílár an phobail.”[x]

Ach cad é an spreag an fhís seo?

Cúis Uí Catháin

Fiafraigh de dhuine ar bith in Ultaibh fá Charn Tóchair agus gheofá an freagra céanna, “labhair le Niall Ó Catháin”.

Déarfadh an fear é féin áfach go raibh i bhfad níos mó daoine ná páirteach i gcúrsaí Gaeilge agus pobail sa cheantar agus gur “cluiche foirne” a bhí i gceist i gcónaí.

Tógálaí is ea é an Cathánach, rugadh is tógadh é i gceantar Charn Tóchair, tá a chion don dúiche soiléir.

“Ní thiocfadh le duine amháin aon rud a bhaint amach,” a dúirt sé liom óna oifig, mar sin féin ba phríomhpháirtí é i saol athbheochan na Gaeilge i gCarn Tóchair é[xi].

Tábhacht na hoidhreachta

Má bhí rath tobann ar an Ghaeilge i gCarn Tóchair, ní raibh sé gan choinne, bhí traidisiún Gaeltachta agus athbheochana ann cheana.

“Bhí i gcónaí ranganna Gaeilge ann sa cheantar… bhí baint ag seanathair s’agam le Conradh na Gaeilge anseo agus ghlac sé rang ins an scoil áitiúil,” a dúirt Ó Catháin.

Má tá Pobal Feirste ag tarraingt ó thraidisiún Ghaeltacht Thír Chonaill, tríd idirghabhálaí Chumann Chluain Árd, tá CFCT ag tarraingt go mór as traidisiún Gaeltachta an cheantair féin.

Niall Ó Catháin

“Bhí Gaeilge labhartha anseo go dtí an ficheadú aois. Is dócha go bhfuair an cainteoir dúchais deireanach ins na caogaidí anseo,” a dúirt Ó Catháin liom[xii].

Baintear úsáid as an neart a bhí fágtha sa tréimhse sin chun dlisteanacht na Gaeilge a dhearbhú:

“I ndaonáireamh na bliana 1901 bhí céatadán ard Gaeilgeoirí sa cheantar seo, níos airde na cuid mhór de Ghaeltachtaí Thír Chonaill lenár linn féin. I gCarn Tóchair féin bhí suas le 50% den phobal i mbailte fearann áirithe dátheangach agus Gaeilge acu ó dhúchas.”[xiii]

Táthar ag iarraidh an Ghaeilge a tharraingt ar ais, teanga na háite a athchóiriú, ag bunú na hathbheochana ar an leanúnachas sin seachas ar an náisiúnachas cultúrtha[xiv].

Mar sin féin, bhí an coiste an-chúramach meas a léiriú don Ghaeltacht mar thobar na Gaeilge, ag aithint a thábhacht teangeolaíochta:

“Ní mór a rá gurb é an beagán ceantar Gaeltachta oifigiúla atá fágtha, agus gurb é amháin, a bhfuil fágtha de phobail ina maireann an Ghaeilge mar phríomhtheanga pobail. Cuireann an Ghaeltacht ar fáil foinse ríluachmhar shaibhreas teanga agus friotail nach féidir teacht uirthi in aon áit eile agus, má chailltear í, ní féidir í a chur ar ais.”

Féidearthacht Uí Fhlannagáin

Duine eile a luaitear, i measc go leor eile, maidir le cúrsaí Gaeilge i gCarn Tóchair, ná Liam Ó Flannagáin.

Is as iarthar Béal Feirste ó dhúchas é. Phós sé bean áitiúil agus shocraigh siad cur fúthu sa cheantar.

Chaith sé a shaol oibre san earnáil tithíocht sóisialta, mar phríomhfheidhmeannach ar Chomhairle Léim an Mhadaidh agus chríochnaigh sé mar Phríomhfheidhmeannach ar Chomhairle na Gaelscolaíochta.

Bhí suim ag Liam sa Ghaeilge nuair a bhí sé óg i mBéal Feirste agus d’fhreastalaíodh sé ar choláistí Gaeltachta. Ba ghnách leis dul chuig Cumann Cluain Árd[xv] agus é ina dhéagóir agus dhéanadh sé airgead a bhailiú do Bhunscoil Phobal Feirste.

Mhothaigh sé i gcónaí gur “ceantar Gaeltachta a bhí i gCarn Tóchair ach nach raibh an Ghaeilg ann” agus mhothaigh an saol, an meon agus an cultúr céanna a fuair sé i dTír Chonaill “ach go raibh an Ghaeilge ar shiúil le glúin nó dhó”.

Liam Ó Flannagáin

 “Bhí sé iontach soiléir go dtiocfadh linn [Gaeilge a athbheochan sa cheantar], ní raibh an slabhra sin teanga briste chomh fada sin, go dtiocfadh linn Gaeloideas a fháil ar an talamh go láidir agus a bheith ag cur an obair isteach le cúrsaí comhphobail go ginearálta, go dtiocfadh linn a n-úsáid an ath-thógáil Gaeilge seo a úsáid mar thiománaí fá choinne chomhphobal a thógáil agus fá choinne ath-thógáil cúrsaí eacnamaíochta, cúrsaí sóisialta, cúrsaí cultúrtha, cúrsaí timpeallachta,” a dúirt sé[xvi].

Cad a déarfadh Ó Flannagáin leo siúd a dhearfadh chun go bhfuil sprioc athbheochan CFCT doshroichte?

“Tá sé cosúil lena lán rudaí – caithfidh tú glúin a chailliúint,” a dúirt sé.

An chéad ghlúin eile i ndiaidh teanga a chailleadh, “sin an ghlúin nach riabh meas acu air”.

“Sin an glúin nach bhfaca ach bochtaineacht bainte léi, nach bhfaca ach deacrachtaí a bhí bainte léi.

Tá sé deacair an teanga a chur chun cinn sa ghlúin sin, is é an ghlúin ina dhiaidh iad siúd a thuigfeas cad atá caillte, dar leis.

Tá tiomantas Uí Fhlannagáin don fhís agus a chreideamh gur féidir é go soiléir, leag sé an-bhéim ar thábhacht na Gaeltachta áfach, ba léir nár shíl sé go raibh Carn Tóchair ag déanamh a bheag de sin.

‘Tá an Ghaeltacht níos láidre’

“Rud ar leith í Gaeltacht, ní chóir dúinn a bith a dhéanamh le baint ar shiúil ón tábhacht atá ann ins na ceantracha sin ina bhfuil an teanga ann gan briseadh – tá an slabhra teanga ann gan briseadh,” a dúirt sé.

“Fiú ins na ceantracha atá lag nó atá ag dul i laige, tá siad go fóill níos láidre ná ceantar s’againne.

“Agus an Ghaeilg, agus an saibhreas, agus an láidreacht atá ann ag cuid mhaith daoine tá sé uilig ansin agus caithfidh muid uilig mar Ghaeilgeoirí cá bith rud a thig linn a dhéanamh… le cuidiú leis na pobail sin agus ag iarraidh ár ndícheall a thaispeáint do na pobail sin.”

“Títear domhsa ná an rud is mó atá i gceist ansin ná muinín, féin-mhuinín ins na comhphobail sin ina n-ábaltacht féin le hí a ath-thógáil taobh istigh dá chomhphobal féin.

“Ceann de na rudaí is tábhachtaí ná gur mhaith le tuismitheoirí Gaeilg a labhairt lena gcuid páistí arís – mar sin an rud atá ag toiseacht a stopadh.”

Iarracht é obair Ghaeilge CFCT sin a dhéanamh ach ba mhaith le Ó Flannagáin níos mó a dhéanamh ar son na nGaeltachtaí agus níos mó comhoibriú a bheith ann idir leithéidí CFCT agus na pobail Ghaeltachta.

“B’fhéidir go bhfuil roinnt daoine ann sna pobail nua Gaeilge, b’fhéidir go síleann cuid acu  go dtig leo dul chun cinn a dhéanamh gan na Gaeltachta ach ní shílim go bhfuil an ceart acu – sílim go bhfuil ceist na Gaeltachta ar ceann de na saincheisteanna mhóra sin a chaithfeadh muid uilig a bheith ag obair air,” a dúirt sé, macalla de thuairim Sheanáin Mhic Aoidh.

Bunú an Choiste

Níor bunaíodh CFCT mar eagraíocht Ghaeilge agus ní eagraíocht Ghaeilge é go fóill.

Eagraíocht ‘chomhphobail’ atá ann. Shocraigh dream daoine a raibh an dearcadh céanna acu an coiste a bhunú chun dul i ngleic le bánú an cheantair agus na fadhbanna eacnamaíochta thaobh thiar de sin:

“Bunaíodh Cumann Forbartha Charn Tóchair i 1992 chun dul i ngleic le réimse ceisteanna – chun pobal Charn Tóchair a neartú, chun inbhuanaitheacht fhadtéarma gheilleagrach agus chomhshaoil an cheantair a atreisiú agus chun fabraic agus carachtar an phobail go ginearálta i gceantar Charn Tóchair a mhéadú.”[xvii]

“Ní raibh muid ábalta foireann mionúir a chur le chéile ins an chlub ag an am sin,” a dúirt Niall Ó Catháin.

“Bhí daoine ag bogadh amach as an cheantar go háirithe daoine a bhí ag freastal ar an ollscoil, bheadh siad ag bualadh le duine éigin ar an ollscoil agus ag bogadh go Béal Feirste nó áit éigin eile le cónaí ann.

An Carn
An Carn (Griangraf – Google).

“Bhí muid ag iarraidh daoine a bheith fanacht sa cheantar, ag tógáil clainne sa cheantar.”

Ón tús, bhí an Ghaeilge mar chuid den iarracht sin mar bhí dúil ag an chuid is mó de na daoine ar an choiste sa teanga agus shocraigh siad ar an Ghaeilge “a chur ar ais i mbéal an  phobail” mar cheann de na spriocanna a bhí acu.

Thuigeadh dóibh go raibh ceangail idir athbheochan na Gaeilge agus athbheochan sóisialta agus eacnamaíochta an cheantair[xviii] [xix].

B’fhéidir sin a mhíniú mar chleas margaíochta – an teanga á cur chun cinn mar rud praiticiúil go príomha seachas mar rud rómánsach, cuir i gcás an ráiteas seo ó Niall Ó Catháin:

“… and it’s using recreating the Gaeltacht as almost like a brand to sell to people – ‘That’s what we’re trying to do. It’s a great future for your children. There are job opportunities for Irish speakers. It’s a most useful language to have.’ – and that’s our sort of mantra.”[xx]

Rinne an coiste cinnte na gnímh seo uilig a cheangail le chéile i gcónaí, dar leis agus a bheith ag tógáil gréasáin, a dúirt Liam Ó Flannagáin.

Rinne siad “ath-thógáil na Gaeilge” a cheangail le “ath-thógáil an phobail”.

Mar sin de, tá ceangail idir an Ghaeilge agus gníomh sa phobal, a dúirt sé, agus go bhfuil an Ghaeilge le feiceáil agus le cluinstin “mar chuid den chomhphobal”, mar chéad-theanga imeachtaí an phobail mar shampla.

Comparáid le Bóthar Seoighe

“The planned Gaeltacht in Carntogher would differ from the Gaeltacht on Shaw’s Road in that, rather than bringing Irish speakers together into a new community, the Carntogher Community Association is working to shift their entire established community from speaking English as its common community language to speaking Irish.”[xxi]

Tá bun-difríocht idir chur chuige CFCT agus muintir Bhóthar Seoighe, má tá, tá cosúlacht mhór idir an dá fhís agus tá caidreamh nach beag idir an dá phobal.

“Bím i gcónaí a rá le Séamus agus Seán Mac Seáin, ach a ba é gur thosaigh siadsan amach ar an bhóthar agus an scoil ní bheadh muidne a dhéanamh, thug siad inspioráid dúinn, is mar gheall ar sin gur thosaigh muidinne,” a dúirt Ó Catháin.

“Céad rud a rinne muid nuair a thosaigh muid amach chuaigh muid go Bóthar Seoighe le fail amach cad é a bhí ar siúil ansin acu.

Thuig siad go mbeadh orthu “toiseacht leis na daoine óga” agus nach dtiocfadh le ranganna Gaeilge do dhaoine fásta an athbheochan áitiúil a bhaint amach.

“Chonaic muid an scoil, shocraigh muid láithreach – seo an rud atá muid ag iarraidh a  dhéanamh.

Mar sin féin, tá cur chuige CFCT éagsúil ó mhuintir Phobal Feirste, rud a leagan Ó Catháin an-bhéim air[xxii]:

“An rud atá difriúil ón rud atá muidne a dhéanamh agus Bóthar Seoighe – tá muid ag athghaelú comhphobail atá ann cheana féin in áit comhphobal nua a thógáil agus rud iomlán difriúil atá ann.

“Thosaigh Bóthar Seoighe nuair a tháinig grúpa Gaeilgeoirí le chéile, thosaigh muid daoine áitiúla ar fad a bhí ann seachas Liam Ó Flannagáin [atá] pósta le bhean áitiúil.

“Glacfaidh sé na glúnta seo a dhéanamh ach tá sé ag obair cheana féin,” a dúirt sé.

Lonnaíocht?

Smaoinigh CFCT ar chlachán tithe nó lonnaíocht a bhunú sa cheantar chun cur le luas na hathbheochana ach shocraigh siad gan sin a dhéanamh.

“Thiocfadh leis sin dinimic iomlán a athrú ins an mhórcheantar,” a dúirt Ó Catháin.

“De réir a chéile a thógtar na caisleáin agus tá sé ag teacht, tá muidne ag smaoineamh fá na céadta bliana in áit an caoga bhliain.”

“Is tréimhse iontach gairid caoga bliain ó thaobh aistriú teanga… ghlac sé 400 bliain fáil réidh den Ghaeilg anseo, glacfaidh sé tamall.”

Sin dearcadh a chuala mé féin go measartha minic i gCúige Uladh.

Dlúthphobal?

Níl aon dlúthphobal Gaelach ann i gCarn Tóchair, ach mhínigh Ó Catháin go gcónaíonn a theaghlach in aice le teach theaghlach Gaelach eile, clann Uí Mhanainn, rud a d’imir dea-thionchar ar iompair teanga na bpáiste go léir dar leis, labhraíonn na páistí Gaeilge le chéile

“Ní chaithfidh muid a rá leo choíche – ‘caithfidh sibh Gaeilge a labhairt’”.

An scéal céanna a chuala mé ó Bhóthar Seoighe agus in Árd Barra.

“Tá croí-ghrúpa daoine óga sa cheantar ag caint Gaeilge le chéile go nádúrtha sa cheantar a dúirt sé – bunaithe ar an dream a theann chuig Gaelcholáiste Dhoire agus ar dhaoine óg níos sine ná iad a rinneadh go leor obair óige leo sula raibh rogha iar-bhunscoile Gaeilge ann.

An Ghaelscolaíocht

Tá sé deacair smaoineamh ar cheantar tuaithe inchurtha le deisceart Dhoire ó thaobh na Gaelscolaíochta de. 

Tá Gaelscolaíocht ar fáil sa cheantar i mBunscoil Naomh Bríd, i dTír Chiana. Ait go leor, ní scoil as féin atá ann ach ina sruth de chuid na scoile Béarla – St. Brigid’s Primary School, níos aistí arís áfach, is mó i bhfad an sruth Gaeilge.

Bhí 154 den líon ar rolla ag freastal ar an aonad Gaeilge i 2020-21 as 245 ar an scoil. Is féidir leis an scoil 35 páiste a chlárú in aghaidh na bliana, 22 sa sruth Gaeilge[xxiii].

Tá naíscoil áitiúil ann freisin, chomh maith le dhá naíscoil eile gar go leor don bhaile. Tá meánscolaíocht ar fáil tuairim is 12 km ar shiúil i nDún Geimhin.

Tá trí bhunscoil Gaeilge eile sa mhórcheantar timpeall thart ar an Charn.

Stair na scoileanna

Bhí dlúthcheangail idir Ghaelscolaíocht agus CFCT ón tús, a mhínigh Liam Ó Flannagáin:

“Nuair a thosaigh muid ar an Ghaeloideas, fuair muid amach go measartha gasta, go raibh na daoine a raibh spéis acu [i gcúrsaí eacnamaíocht agus sóisialta], bhí suim acu in ath-thógáil na Gaeilge fosta.”

Mar sin de, mar fhás “nádúrtha” as sin gur shocraigh an coiste go raibh air tabhairt faoi “ath-thógáil na Gaeilge sa cheantar”, mhínigh sé.

D’fhreastail Ó Flannagáin ar an chéad chruinniú a bhain le bunú na naíscoile tar éis do fógra a fheiceáil sa pháipéar ag fiafraí an raibh suim ag daoine sa cheantar ina leithéid, áit ar bhuail sé le Niall Ó Catháin, Tomás Ó Caiside agus daoine eile nach iad.

Naíscoil Charn Tóchair an toradh a bhí ar an chruinniú sin i 1992.

An bhliain dar gcionn, lean an fás ar aghaidh le bunú Bhunscoil Luraigh i Machaire Rátha, baile beag tuairim is trí mhíle ón áit a bhfuil an t-ionad pobail, An Carn.

Níorbh é bunú bhunscoile neamhspleách a gcéad rogha áfach.

Tá rogha díreach idir Ghaelscolaíocht agus Gallscolaíocht ag muintir na háite seo, roghnaíonn an tromlach bealach na Gaeilge. (Griangraf – Google)

“D’fhiosraigh muid fána bheith ina ionad i scoil Béarla ag an am, níor tharla sé sin, ní raibh suim ag an scoil a dhéanamh ag an am sin, nó an ag tsagart paróiste,” a dúirt Niall Ó Catháin.

An bhfuil cead agam scoil a thógáil?

hIarradh ar Niall dul anonn na hAlbain chun scéal Charn Tóchair do na daoine thall, is beag nach raibh siad in ann an scéal faoi bhunú na bunscoil a chreidbheáil, a dúirt é:

“Shocraigh muid scoil a thoiseacht, fuair muid píosa talaimh agus bhí a fhios agam cá háit a raibh roinnt bothán le fáil… fuair cara de mo chuid tochailteoir agus rinne sé an suíomh réidh dóibh.

“Chuir muid fógra sa pháipéar ag cuartú múinteora agus bhí scoil againn, gan cead pleanála, gan ‘building control’, gan cead a iarraidh ar an Roinn Oideachais.

“Ní chreideann siad agus ní chreidim féin go ndearna muid é sa lá atá inniu ann.

 “Is cosúil nár thosaigh scoil ar bith in Alban mar sin – in áit, ndéanann siad stocaireacht ar na polaiteoirí, ar an roinn agus ar na húdaráis oideachas chun soláthar Gaeloideachais a bhaint amach, glacann sé na blianta agus go minic ní tharlaíonn sé.  

“Is cosúil go bhfuil Gaeil na hAlban ró-mhúinte, agus go gcuireann siad barraíocht muinín san rialtas agus na húdaráis oideachais,” a dúirt sé.

Ar nós mhuintir Phobal Feirste, bhí ar mhuintir Charn Tóchair agus eile a throid ar son na scoile sin ar feadh i bhfad.

Ar feadh ocht mbliana, lean siad leo ag tiomsú an airgid a bhí riachtanach leis an scoil a reáchtáil.

“Bhí sé iontach iontach doiligh sin a dhéanamh,” a dúirt Ó Catháin.

“B’shin na blianta is measa i mo shaol.

“Níor stop muid, achan deireadh seachtaine amuigh ag bailiú airgid ag na cluichí peile agus iomána, ag díol ticéidí, ag tógáil airgid agus ag scríobh ‘begging letters’ agus achan uile rud.

“Thosaigh muid amach ag tógáil £30,000 in aghaidh na bliana ach… bhí £90,000 in aghaidh na bliana de dhíth ag an deireadh.

Bhí an iomadaí airgid i gceist sa mhéid sin do dhream ar bith agus a bhliain 2000 chinn coiste na scoile éirí as aisling na scoile neamhspleáiche agus aonad lán-Ghaeilge a bhunú mar chuid de Bhunscoil Naomh Bríd i dTír Chiana.

‘Tromlach na bpáistí’

Thuigeadh do thuismitheoirí an aonaid gur scoil neamhspleách an toradh a bheadh air sa deireadh ach níor tharla sin go fóill – d’ainneoin gur mó an éileamh ar an tsruth nó ar an bpríomhscoil.

Go bhfios dom, is é seo an t-aon áit faoin tuath in Éirinn ina dtéann tromlach na bpáistí trí oideachas lán-Ghaeilge, taobh amuigh den Ghaeltacht.

Ach má bhí sé deacair do CFCT glacadh nach mbeadh scoil neamhspleách ann, chabhraigh sé leo chomh maith, mar a mhínigh McCaughan:  

 “The decision to fold the primary school into the local English-medium school had one major advantage: it freed up community organisers to focus their efforts on expanding other areas of work.”[xxiv]

 “Thug sé deis chugainn na scileanna agus an t-ábaltacht agus achan rud eile a rinne muid, cineál ‘baptism of fire’, a bheith ag díriú isteach ar forbairt comhphobal agus thosaigh muid dáiríre ag déanamh forbairt comhphobail ag an am sin, cé go raibh muid á dhéanamh roimhe sin,” a dúirt Ó Catháin.

Sin buntáiste nach raibh ag muintir Bhóthar Seoighe, a bhí ina gceannródaithe ó thaobh na Gaelscolaíochta ó thuaidh agus a raibh orthu a gcuid fuinneamh ar fad a chaitheamh ina gcath ar son maoiniú stádas oifigiúil a bhaint amach – rud nach raibh ar go leor dreamanna eile a dhéanamh a bhuíoch do Chomhaontú Bhéal Feirste agus, i ndeireadh na dála, do mhuintir Bhóthar Seoighe.

Gaelcholáiste Dhoire

Tá Gaelcholáiste Dhoire 13 mhíle déag ar siúil ó chroí-lár Charn Tóchair i nDún Geimhin.

Socraíodh é a bhunú ansin mar síleadh gurb é sin an áit a ba fhóirsteanaí dó chun freastal ar oiread Chontae Dhoire agus is féidir.

Tá sé bunaithe i gCaisleán Dhún Geimhin a thugann íomhá ar leith dó mar scoil agus a mheall an leasainm, “Hogwarts na Gaeilge”.

Coláiste Dhoire – Hogwarts! (Griangraf ó Choláiste Dhoire)

Tháinig an coláiste ar an tsaol go conspóideach i 2015. Thug an t-aire oideachais ag an am, John O’Dowd ó Shinn Féin, stádas oifigiúil (agus uime sin, maoiniú) ón chéad lá cé nach raibh ach 16 dalta ann, rud a chuir fearg ar aontachtóirí.

Dúirt Peter Weir ón DUP, a bhí ina aire oideachais ó thuaidh ag am scríofa an leabhair seo, go raibh “obsession” ag O’Dowd leis an Ghaeilge.  

Tháinig fás tapa ar an scoil áfach faoi stiúir an phríomhoide, Diarmuid Ua Bruadair, fear de bhunadh Bhóthair Seoighe.

Chuaigh tuairim is 56 dalta sa scoil sa bhliain 2020/21, is féidir leis an scoil 245 a chlárú agus bhí 226 ag freastal air in am a scríofa.

‘Game changer’

Dar le Liam Ó Flannagáin, is é Gaelcholáiste Dhoire an toradh ar an obair uile go léir a rinneadh i gCarn Tóchair agus sna ceantair máguaird ag leibhéal na bunscolaíochta.

Dúirt sé gur ‘game changer’ a bhí ann agus é ag déanamh tagairt do líon na ndaltaí atá ag dul i isteach sa choláiste sin gach bliain anois.

Is iad na daoine óga seo agus an fonn atá orthu Gaeilge a labhairt go hoscailte an fianaise ar an dul chun cinn sin, a dúirt sé.

Dul chun cinn le cúig bhliain anuas

“Go cinnte, an rud is suntasaí ná Gaelcholáiste Dhoire,” a dúirt Niall Ó Catháin maidir leis an tréimhse is déanaí i stair an togra.

D’aithin sé áfach nach ndéanfadh Gaeloideas úsáid na Gaeilge a mhéadú ann féin.

“Caithfidh tú obair a dhéanamh leis na daoine óga taobh amuigh den scoil,” dúirt sé.

“Tugann muid comhthéacs do na páistí agus do na tuismitheoirí – cad tuige a bhfuil siad ag dul don Ghaeilg?

Dar le hÓ Catháin is gá stair na teanga agus feasacht ar cad is ‘comhphobal’[xxv] Gaelach ann a theagaisc sna bunscoileanna chun go mbeadh meon dearfach ag na daltaí i leith na Gaeilge agus an fonn a beith orthu í a labhairt.

Ba chinnte le Liam Ó Flannagáin go bhfuil dul chun cinn déanta ag an Ghaeilge sa cheantar le cúig bhliain anuas fosta, mar gheall ar Ghaelcholáiste Dhoire agus líon na bpáistí i nGaelscoileanna an cheantair i gcoitinne[xxvi].

An aos óg

Rud a thuigeann gach gníomhaí Gaeilge dar labhair mé riamh leo, d’ainneoin a cuirtear ina leith, ná nach leor Gaelscoil leis an Ghaeilge a chur ar ais i mbéal an phobail, seo rud a leag muintir Charn Tóchair an-bhéim air.

“Déanann muid cuid mhór oibre leis na daoine óga sa dóigh is go labhraíonn siad Gaeilge go nádúrtha taobh amuigh den scoil,” a dúirt Niall Ó Catháin, ag cur in iúl go bhfuil rath ar na hiarrachtaí sin.

“Ní chaithfidh muid a rá leis na daoine óga ‘ná labhair Béarla, caithfidh sibh Gaeilge a labhairt’, an chuid is mó acu, tá siad bródúil as an Ghaeilge,” a dúirt sé, cé go raibh sé ag déanamh trácht ar chroí-ghrúpa Gaeilgeoirí seachas ar gach duine óg a bhfuil Gaeilge acu sa cheantair.

“Tá go leor acu a bhfuil ard-scileanna teanga acu, a bhfuil Gaeilge acu mar chéad teanga leis an ‘mass’ criticiúil ansin do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu sa bhaile, nach gcaithfidh siad briseadh isteach ins an Bhéarla – tá siad líofa go leor gan a bhriseadh isteach ins an Bhéarla.

Tá Gaeilge ag cuid mhór daoine óga sa cheantar, agus iad “iontach bródúil” as, a dúirt Liam Ó Flannagáin fosta, “feiceann daoine go bhfuil an Ghaeilge úsáideach”.

Is í Gráinne Ní Chatháin an tOifigeach Forbartha Gaeilge mé ag CFCT i láthair na huaire[xxvii].

Is é príomhról s’aici ná a bheith ag soláthar imeachtaí agus ranganna dóibh siúd atá ag foghlaim na teanga agus ag tabhairt deiseanna labhartha Gaeilge dóibh.

Oibríonn sí le haos óg an cheantair mar chuid den ról sin, páistí bunscoile agus meánscoile ar aon.

Mhínigh sí dom go bhfuil An Carn ceaptha mar “Zón Glas”, ina mbíonn “an Ghaeilge le cloisteáil agus le húsáid”.

“Is riail í seo a chuireann oibrí na gclubanna i bhfeidhm agus de bhrí go bhfuil na clubanna spraíúil agus dírithe ar shuimeanna na ndaoine óga.

“Bíonn suim ag an aos óg freastal orthu agus mar sin, glactar le riail na Gaeilge,” a dúirt sí.

“Tá suimeanna na ndaoine óga lárnach i bpleananna na gclubanna seo mar is spreagadh é seo dóibh teacht isteach ar an Zón nuair atá siad ag baint suilt as na himeachtaí.

“Leis seo, tagann sé go nádúrtha ag na daoine óga i ndiaidh dóibh bheith ag freastal ar na clubanna le tamall beag anuas agus ar ndóigh, tagann sé níos fusa orthu an Ghaeilge a úsáid sa tsaol sóisialta s’acu leis an chleachtadh a fhaigheann siad ag an chlub.”

Chomh maith le himeachtaí seachtainiúla, eagraítear mór-imeachtar ar nós turais.

“Bíonn mór-imeachtaí á reáchtáil le linn na bliana fosta, ar nós turais srl agus is spreagadh maith é seo do na daoine óga. 

Macasamhail Liam Uí Fhlannagáin agus Néill Uí Chatháin, tá Ní Cathain cinnte go bhfuil fás na nGaelscolaíocht ag tiomáint fás in úsáid na Gaeilge i measc aos óg an cheantair.

“Le hoscailt an Ghaelcholáiste i nDún Geimhin tá ardú ar líon na ndéagóirí atá sásta Gaeilge a labhairt taobh amuigh den scoil sa mhórcheantar,” a dúirt sí.

“Le blianta beaga anuas tá an Ghaeilge á chloisteáil níos minice taobh amuigh den ‘Zón glas’ ag An Carn agus daoine á labhairt go nádúrtha lena gcéile,” a dúirt sí.

Dar léi is iad gaelscoileanna “an chéad chloch” in aon athbheochan áitiúil agus gur gá go mbeadh an scoil agus an pobal ag comhoibriú lena chéile. 

“Dúinn féin ag An Carn bhí athrú suntasach le feiceáil ar mheon na ndaoine óga i ndiaidh dóibh thoiseacht ar Ghaelcholáiste Dhoire mar ansin bhí siad sáite sa Ghaeilge agus ag aois a raibh bród ag baint leis an teanga fosta dóibh,” a mhínigh sí.

Infrastructúr eile

Tá go leor infrastruchtúir tógtha ag CFCT, ina measc tá Ionad an Chairn, áit a bhfuil naonúr fostaithe, triúr acu sin ag obair go díreach leis an Ghaeilge.

Istigh san ionad tá, Siopa an Chairn, caifé ‘An Croí’, Oifig an Phoist, oifigí, agus seomraí do ranganna agus do chomhdhálacha.

Tá ionad ealaíona ‘An Coire’ ann chomh maith le dhá theach loistíne do thurasóirí.

Tá scéim tithíochta sealbhaíochta mheasctha tógtha freisin, i gcomhar leis an Rural Housing Association[xxviii].

Tá go leor oibre déanta ag an choiste chun oidhreacht seandálaíochta an cheantair a léiriú don phobal agus do chuairteoirí chomh maith le tearmann dúlra agus feirm Dhroim nDamh.

I measc na n-ócáidí a reáchtálann CFCT sa bhreis ar ranganna, tá club óige, Feis Charn Tóchair, grúpa Tuistí agus Tachrán Charn Tóchair, chomh maith le grúpa drámaíochta – Aisteoirí Charn Tóchair.

Pobal níos leithne

Ceann de na rudaí is spéisiúla faoina bhfuil ag titim amach i gceantar an Chairn i dtaca leis an Ghaeilge de ná go bhfeidhmíonn sé mar chroí do lucht labhartha na Gaeilge sna ceantar máguaird – suas go fiche mhíle ar siúl.

Mhínigh Liam Ó Flannagáin dom go ndearna CFCT a lán oibre chun gréasán a thógáil leis na pobail thart orthu.

“Tugann an gréasán sin an misneach do dhaoine toiseacht cuid de na rudaí a rinne muidinne,” a dúirt sé.

“Tá cuid de phobal labhartha na Gaeilge atá ceangailte le Carn Tóchair ina gcónaí i Sleacht Néill, i nGleann an Iolair, i Leamhaigh, sa Ghleann, i mBaile Eachaidh, i mBaile na Scríne agus i Machaire Fíolta – raon ollmhór tíreolaíochta,”[xxix]a dúirt Niall Comer liom.

“Tagann daoine le chéile chuig ócáidí teaghlaigh/ sóisialta agus fios acu go mbeidh an Ghaeilge á labhairt – agus, ar ndóigh, tá céatadán an-ard de na himeachtaí atá bainteach le pobal na scoile (bunscoil agus meánscoil).”

Tá cosúlacht idir sin agus an dóigh a chuaigh Bóthar Seoighe i bhfeidhm ar iarthar Bhéal Feirste, agus tá macalla, seans, den tionchar a thuar macasamhail Uí Shé agus Bhreathnach thuas dá mbeadh pobail úra ann.

38. Carn Tóchair (2) – cén fáth an rath?


[i] Mac Giolla Thuile (2018).

[ii] Comhrá ar Facebook.

[iii] Mac Giolla Thuile (2018).

[iv] http://www.ancarn.org/uploads/1457625962strateis-22-1-1-.pdf

[v] Mar sin féin is fíor go bhfuil úsáid éigin a bhaint as an fhocal ‘Gaeltacht’, go neamhfhoirmeálta cá bith. Armstrong (2011): “An rud atáimid ag déanamh, táimid ag lainseáil inniu ár straitéis úr Gaeilge, straitéis fhadtéarmach don cheantar agus an aidhm atá ann, Gaeltacht cheart a áththógáil an seo arís,”  a dúirt Liam Ó Flannagán, oifigeach forbartha an choiste ar Raidió na Gaeltachta uair amháin, a thuairiscíonn Armstrong (2011b). Lena chois, bhí an Dr. Armstrong sásta an focal a úsáid chun cur síos ar an aidhm ar thuig sé leis an togra, “bha Coiste Forbartha Charn Tóchair an dùil ris a’ Ghàidhealtachd ath-thogail glan às ùr, agus iad a’ tòiseachadh le sgìre a bha gallta air fad.”

[vi] Armstrong (2011).

[vii] Armstrong (2011): “This is an ambitious goal, and at first glance we would be tempted to dismiss the Gaeltacht project as un-doable. In Ireland, in the 20th century, here have been many more examples of neo-Gaeltacht initiatives that have failed than have succeeded.”

[viii] CFCT (2008).

[ix] Ibid.

[x] Ibid

[xi] Tagann aon ráiteas ó Niall Ó Catháin gan foinse luaite leis ó agallamh a rinne mé leis I mí Iúil 2020.

[xii] Léirigh sé fosta go bhfuil rian na Gaeilge le fáil i leas-ainmneacha teaghlaigh agus ar ainmneacha páirce go dtí an lá atá inniu ann.

[xiii] CFCT (2008).

[xiv] Armstrong (2011b): “Chuir na h-iomairtichean an cèill gum b’ e ath-stèidheachadh no aiseirigh na Gàidhealtachd a bha fa-near dhaibh, chan e cruthachadh na Gàidhealtachd, agus bha an tagradh seo – gum biodh leantainneachd eadar an t-sean Ghàidhealtachd ionadail agus iomairt nuadh na Gàidhlig anns an sgìre – a’ cur ri ùghdarachd na h-iomairte.”

[xv] Armstrong (2012): “It is noteworthy that, as well as the founders of the Shaw’s Road Gaeltacht, several of the key Irish- language activists in Carntogher also reported that they socialized at Cumann Chluain Ard as teenagers and young adults”.

[xvi] Is suimiúil an cur chuige seo a chur i gcomparáid leis an ráiteas seo ó Fishman (1991): “People cannot be tricked into supporting RLS. They must be convinced to accept a definition of their ‘best interest’ and ‘most positive future’ that depends upon and derives from RLS and from the rewards and self- regulatory capacity of the Xmen-with-Xish stance. The first ones to do so will obviously be pioneers and must be particularly ready to work hard in order to attain very sparse results. All this becomes possible only when the RLS enterprise can count on the participation of maximally dedicated and ideologically oriented individuals.”

[xvii] http://www.ancarn.org/ga/fuinn/stair-agus-cuspoir.

Seo na cuspóirí atá ag CFCT.

1. Chun cuidiú le gníomhú in aghaidh dhídhaonrú an phobail thuas.

2. Chun cuidiú le tionscnaimh a chruthaíonn fostaíocht a bheidh le leas Charn Tóchair.

3. Chun tuiscint mhéadaithe a fhorbairt maidir le ceisteanna cultúrtha, comhshaoil agus sóisialta agus chun tabhairt faoi réimse gníomhaíochtaí sna réimsí seo.

4. Chun an fhéiniúlacht shainiúil agus an t-éiteas sainiúil atá mar ghné den cheantar seo le fada an lá a choinneáil agus a fhorbairt.

[xviii] Armstrong (2011b): “A rèir an luchd-agallaimh, b’ e seo pàirt den ro-innleachd aca, gun cruthaicheadh iad ceangal làidir ann an inntinn muinntir na sgìre eadar Gàidhlig na h-Èireann agus adhartas anns a’ choimhearsnachd agus, gu sònraichte, eadar an cànan agus adhartas eaconamach.”

[xix] Armstrong (2011b): “Chithear gun do dh’fhigh Coiste Forbartha Charn Tóchair leasachadh cànain agus leasachadh coimhearsnachd ri chèile anns an obair aca agus, mar sin, gun robhas a’ feuchainn ri ceangal a dhèanamh ann an inntinn muinntir na sgìre eadar aiseirigh na Gàidhlig agus leasachadh eaconamach, ach bha e trioblaideach seo a chur an gnìomh ann an coimhearsnachd far an robh Gàidhlig fhathast na mion-chànan.

[xx] Armstrong (2011b).                                   

[xxi] Armstrong (2012). Féach fosta san alt céanna, “In contrast to the Shaw’s Road Gaeltacht, the Gaeltacht initiative in Carntogher is an example of a group that works to establish a new ideology and new norms for Irish use in their community almost entirely through socialization rather than selection.”

[xxii] Armstrong (2011b): “There are other areas, I suppose… In Belfast, there’s the Shaw’s Road area, but that’s a totally different situation from what we’re doing here … We’re seeking to restore the language within an existing community here, which is totally different – it’s not a group of Irish speakers and Irish-speaking families who come together to form a Gaeltacht. What we’re doing is the entire generation of youth, within an existing, well-established and tight community. We’re trying to make Irish their language for the range of that whole generation and it’s working to a reasonable extent now: the majority of children locally would be Irish speakers.”

[xxiii] https://www.eani.org.uk/sites/default/files/2018-12/St%20Brigid%27s%20PS%20Tirkane%202019-2020.pdf

[xxiv] McCaughan (2017).

[xxv] Is é ‘comhphobal’ an focal atá in úsáid i gCarn Tóchair do phobal. Is é an tuiscint atá agam ar ‘comhphobal’ sa chomhthéacs seo ná pobal tuaithe a bhfuil féiniúlacht aige mar phobal amháin agus a bhfuil sainleas aige mar phobal.

[xxvi] Is suimiúil an difear atá idir thoradh an Ghaeloideachais i gCarn Tóchair, mar a tuairiscíodh anseo é, agus an easpa toradh ar an tumoideachas ó thaobh daoine á gcur ag labhairt Gaeilge san am a chuaigh thart, mar a luaigh Ó Laoire (1999) agus é ag cur sin i gcomparáid le cás na hEabhraise in Iosrael: “Níor tharla se seo i gcás na Gaeilge, áit a raibh polasaí láidir tumoideachais i gceist chomh maith. D’éirigh leis an gcóras lánscolaíochta Gaeilge cainteoirí ardchumais a chur ar fáil a bhí sásta an teanga a úsáid i ngnáth-chomhthéacsana cumarsáide. Ach bhí, agus tá, na cainteoirí sin róscáinte agus róscaipthe agus iad imeallaithe i gcónaí ag domhan an Bhéarla. Má tá ag dul den phleanáil stádais níos mó cainteoirí a sholáthar go dtí seo, b’fhéidir go gcothóidh an fás suaithinseach san oideachas deonach lánGhaeilge an comhthéacs do fhorleathnú na teanga amach seo. Tá ábhar machnaimh dúinn sa tslí ar cuireadh athbheochan na hEabhraise i gcrích.”

[xxvii] I mí Iúil 2020.

[xxviii] Ar eagla na míthuisceana, ní lonnaíocht Ghaeilge é seo.

[xxix] Comer, Niall (comhrá ar Facebook).

Aon tuairim amháin ar “37. Carn Tóchair (1) – pobal ar leith

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s