38. Carn Tóchair (2) – cén fáth an rath?

Cén fáth a bhfuil an fás seo ar an teanga sa cheantar seo, fás cinnte más modhúil féin é – nach bhfuil le sárú in aon cheantar tuaithe eile ó thuaidh, agus ar fud na hÉireann fiú seans?

Ní furasta an cheist sin a fhreagairt, is cinnte go bhfuil an-obair curtha isteach ag an choiste agus ag daoine aonaracha chun an dul-chun-cinn a bhaint amach, ach is iomaí áit a rinneadh an obair ann gan an toradh céanna.

Idé-eolaíocht

Ideology can be understood as a guide to action, and therefore, language ideology can be viewed as a link between language ability on the one hand, and language use on the other. In this respect, language ideology plays a central role in the success of language revitalization movements.”

Tim Armstrong 2011.           

Is féidir go leor de mheon an choiste a léamh ón “deich mbunphrionsabal”, beartas teanga CFCT (mise a roghnaigh an chló trom):

“Aithnímid deich mbunphrionsabal a bheith tábhachtach chun an cuspóir thuas a bhaint amach:

  • Ba chóir go mbeadh an Gaeloideachas go fóill ar cheann de na modhanna is tábhachtaí líon na nGaeilgeoirí a mhéadú sa phobal sa mheántréimhse.
  • Ba cheart go mbeadh an Ghaeilge mar theanga “réamhshocraithe” an phobail – agus gach deis a thapú chun timpeallachtaí lánGhaeilge agus imeachtaí lánGhaeilge a fhorbairt.
  • Ba cheart béim láidir a chur ar fhorbairt leibhéil arda líofachta leis an chaighdeán is airde de Ghaeilge labhartha agus saibhreas teanga.
  • Ba chóir go mbeadh an Ghaeltacht go fóill ar cheann de na foinsí is tábhachtaí, mura mbíonn sí ar an fhoinse is tábhachtaí, de shealbhú teanga agus ba chóir gach deis a thapú tacú lena caomhnú agus a forbhairt.
  • Teanga agus scileanna eile Gaeilgeoirí óga a fhorbairt agus iad a thabhairt isteach in eagrú agus soláthar gach imeachta.
  • An Ghaeilge a chur ar ais sa teaghlach mar chéadteanga trí spreagadh gníomhach agus cúnamh a thabhairt do thuismitheoirí le Gaeilge a bpáistí a thógáil le Gaeilge – ba chóir go mbeadh sé seo ar an bhunchuspóir is airde chun marthanacht fadtéarmach na teanga a dhaingniú agus chun an Príomhchuspóir a bhaint amach.
  • Chun go mbeadh tóir níos leithne ar an Ghaeilge i measc gach cuid den pobal dúchasach, de phobail eile máguaird agus don phobal inimirceach.
  • Chun an pobal a dhéanamh páirteach sa tionscadal ar gach leibhéal agus an dea-thoil agus an tacaíocht atá againn go sea a chaomhnú agus mórtas comónta a fhorbairt san athbheochan teanga i measc Gaeilgeoirí agus Béarlóirí araon.
  • Ba chóir go mbeadh an Ghaeilge níos infheicthe sa phobal ná an Béarla ar gach comhar- thaíocht chun úsáid níos lú agus stádas níos ísle na teanga a chúiteamh.
  • Chun athbhreithniú agus measúnú reatha a dhéanamh conas a chuirtear gach imeacht i gcrích a iniúchadh cé chomh héifeachtach atá siad maidir leis an chuspóir straitéiseach a chur i gcrích agus maidir leis an dóigh a dtugann siad faoi na bunphrionsabail.

Tá an-bhéim leagtha ar an Ghaeloideachas ach ní hé bun agus barr an phlean ach oiread.

Tá béim á chur ar dheiseanna labhartha agus imeachtaí fosta, ní ar a son féin, ach ar mhaithe le háit a bhaint amach don teanga sa phobal.

Tá an beartas cúramach chun ómós a léiriú don Ghaeltacht agus don tábhacht teangeolaíochta a bhaineann leis.

Tá béim leagtha ar thábhacht an teaghlaigh in athbheochan na Gaeilge sa dúiche.

Ní aisling gan beart é aidhm an choiste, cuireadh liosta ghnímh le chéile chun “bealach” a leagan amach chun sin a bhaint amach “tar éis dóibh roinnt taighde a dhéanamh ar chreidimh teanga agus ar chleachtais teanga an cheantair”[i].

Ba é léamh Mhic Giolla Thuile ná go bhfuil níos mó gceist sa cháipéis seo ná plean teanga, “beartas teanga” atá ann dar leis[ii].

Seans, chun an smaoineamh sin a shoiléiriú don ghnáth-léitheoir go rachainn chomh fada lena rá gur ‘bunreacht teanga’ é.

Pointe suntasach eile, measaim, ná rud a luaigh Niall Ó Catháin liom, ná gur thug an pleanálaí teanga an Dr Laoise Ní Thuairisg comhairle maith orthu i 2015 – chun ceist a chur orthu féin ag gach cor – cad é a mbeadh an gníomh seo nó siúd ag déanamh ar son na sprice – an Ghaeilge a chur ar ais i mbéal an phobail agus sa theaghlach?

Áitiúlachas

Míníonn Armstrong (2011) gur shocraigh CFCT an Ghaeilge a chur chun cinn mar sheoid oidhreachta áitiúil, seachas náisiúnta:

“In fact, very little of the promotional material produced by the Community Association can be read as a manifest expression of linguistic nationalism, but rather, the Community Association consistently advances an identity of local belonging that is tied to knowledge and use of the Irish language.”

Dúirt Liam Ó Flannagáin go raibh an staidéar a rinne CFCT ar stair na Gaeilge sa cheantar, agus an taispeantas a d’fhás as sin, an-tábhachtach agus go raibh an-tionchar aige ar mhuintir na háite[iii].

D’éirigh leis an taispeántas seo, a léirigh Gaeltacht an cheantar mar a bhíodh i 1911, scéal na Gaeilge agus oidhreacht na teanga don phobal, dar leis.

“Tá aithne ag na daoine ar na daoine a bhí ann ag tús an fhicheadú aois, tá na teaghlaigh sin ar an talamh céanna.”

“In fact, very little of the promotional material produced by the Community Association can be read as a manifest expression of linguistic nationalism, but rather, the Community Association consistently advances an identity of local belonging that is tied to knowledge and use of the Irish language.”

Dr Tim Armstong

Bhí CFCT ábalta a thaispeáint do dhaoine nach “teanga strainséara” í an Ghaeilge dóibh, a dúirt sé.

“Seo do theanga, seo bhur dteanga, seo ár dteanga, seo teanga an chomhphobail seo”.

 “Sílim go ndeachaigh sin i bhfeidhm ar dhaoine,” a dúirt sé.

Ghlac Mac Giolla Thuile an cur chuige áitiúil seo mar “chás-staidéar… ar na féidearthachtaí a bhaineann leis an micriphleanáíl teanga”[iv].

“Is leis an bpobal féin an beartas teanga i gCarn Tóchair agus braitheann an bhainistíocht teanga ar a chreidimh féin,” a scríobh sé, ag cur in iúl a bharúil gurb é is fearr ó thaobh cur chuige de[v].

Arís agus arís eile, chuala mé daoine ag leagan amach an cur chuige áirithe sin agus mé i mo chónaí i mBéal Feirste.

Ba é tuairim Mhic Giolla Thuile ná nach bhfuil lucht Gaeilge ó thuaidh ag brath ar an Ghaeltacht “chun an teanga a tharrtháil”, sa dóigh is atá muintir na Poblachta, dar leis.

Chreid sé gurb amhlaidh an scéal mar go bhfuil Gaeltachtaí Thuaisceart Éireann caillte.

Bhí sé den tuairim áfach go n-imríonn sé sin tionchar dearfach ar chúrsaí athbheochana i gceantar Charn Tóchair:

“Is í an difríocht is mó atá idir an ceantar seo agus Poblacht na hÉireann i gcoitinne ná na creidimh teanga atá ag muintir na háite seo. Léiríonn na torthaí eile ón suirbhé [a rinné sé féin] go bhfuil tiomantas ann don Ghaeilge i measc mhuintir na háite.”[vi]

Tá cosúlacht idir an coincheap seo, bainistiú teanga agus na tuairimí a léirigh an tOllamh Ó hIfearnáin thuas maidir le meon ar leith theanga a bheith i bpobal áirithe agus an tionchar gur féidir le daoine ar leith imirt ar sin.

Smaointeoireacht dhearfach

Ní hamháin go bhfuil fís CFCT uaillmhianach, i bhfianaise nár tharla sé áit ar bith eile é, ach tá an-mhuinín agus féin-chreideamh ag na daoine ar labhair mise leo gur féidir é a chur i gcrích.

Léiríonn an dearcadh seo an chuid smaointeoireacht dhearfach agus éilíonn sé go leor den chur chuige céanna.

Léirigh Ó Flannagáin go raibh an coiste cinnte gur féidir leo an teanga a thabhairt ar ais mar theanga bheo sa cheantar.

“Agus tá sin fíor – is féidir ach chonacthas dúinne go gcaithfidh tú a bheith ag dul i mbun na gcúrsaí eile fosta, ag an am céanna,” a dúirt sé.

Bhí an Ghaeilge chun a bheith “ag tiomáint” na hoibre eile.

“Ach chonacthas fosta go gcaithfidh tú an comhphobal a thabhairt leat, ní leor é leis an teanga a ath-thógáil mar theanga bheo chomhphobail.

Caithfidh an comhphobal amharc ar an ath-thógáil mar rud ar leo cé nach bhfuil an teanga acu féin, a dúirt sé.

Freagracht

Macasamhail Bhóthair Seoighe agus Árd Barra, “the Irish-revival movement in Carntogher is bottom-up and grass-roots to a large degree”[vii] [viii].

“Ní raibh an stát ag dul aon rud a dhéanamh dúinn – bhí an cultúr ann, má tá ag iarraidh rud éigin a dhéanamh, caithfidh tú a dhéanamh duit féin – sin a ndóigh a bhíonn CLG,” a dúirt Ó Catháin

Ceann de na heilimintí is láidre, seans, ná gur ghlac an coiste gur orthu féin a bhí an fhreagracht leis an Ghaeilge a chothú sa cheantar seachas ar an stát nó ar áisíneacht de chuid an stáit.

Cosúil lena dúirt Tadhg Ó hIfearnáin thuas faoi dhaoine ar leith ag imirt tionchair ar an mheon i leith teanga i gceantair áirithe, aithníonn Mac Giolla Thuile CFCT mar bhainisteoirí teanga sa cheantar (féin-cheaptha caithfear a rá) – aithníonn sé éifeacht an chur chuige seo:

“…athraíodh na noirm shóisialta sa cheantar chun go nglacfaí leis an nGaeilge mar theanga bheo labhartha. Thar aon ní eile, tá tionchar i bhfad níos mó ag na bainisteoirí teanga sa cheantar seo (CFCT) ar na creidimh teanga agus ar na cleachtais teanga ná mar atá ag Rialtas na hÉireann sa Phoblacht.”[ix]

Noirm

Is é ceann de na tátail a bhain Mac Giolla Thuile as a thaighde féin ná go raibh ag éirí le CFCT noirm theanga an cheantair a athrú, go dtí an pointe go bhfuil tromlach lucht labhartha na Gaeilge sa cheantar toilteanach í a labhairt os comhair dhaoine nach bhfuil an teanga acu:

“Tarlaíonn sé go bhfuil drogall ar 29.31% de na freagróirí (17/58) atá líofa/ an-líofa nó measartha sa Ghaeilge í a labhairt os comhair daoine nach bhfuil Gaeilge acu, i bhfad níos lú ná sampla na Poblachta.”[x]

Fuair sé “nach gcuireann na noirm shóisialta sa phobal bac ar úsáid na Gaeilge sa cheantar” agus go bhfuil “an Ghaeilge le cloisteáil go forleathan” ann[xi].

Ba é “an bhainistíocht teanga (agus idé-eolaíochta)” ó CFCT is cúis leis sin, dar leis.

Na bainisteoirí

“Nowhere in rural Ireland has Irish reasserted itself as the primary language of communication inside a community that has become only English-speaking. The challenge would appear doomed to failure until you meet the people involved, the children, teenagers and middle-aged enthusiasts, and by the time you leave you wonder why you didn’t think of the idea yourself in the first place.” [xii]

Michael McCaughan

D’ainneoin cé chomh heisceachtúil is atá dul chun cinn na Gaeilge sa cheantar seo, shéan Ó Catháin go láidir go raibh rud ar bith eisceachtúil faoin dream taobh thiar de.

“Bhí muid cosúil le hachan ceantar tuaithe eile – nuair a thosaigh muid amach i 1991 thiocfadh leat líon na nGaeilgeoirí a chuntas ar lámh amháin nó bheifeá ag dul isteach ins an darna lámh ach chan mórán.

“Bhí na daoine cearta ann… bhí leathdosaen daoine maithe ann a bhí iontach tógtha faoin rud agus iontach sásta cuidiú an rud a bhrú chun cinn – b’shin an rud a rinne an difear.

Luaigh sé fosta go raibh an comhphobal iontach báúil don teanga agus go bhfuair an coiste grúpa tuismitheoirí a bhí sásta dul sa tseans ó thaobh na Gaelscolaíochta de.

Rud faoi Niall Ó Catháin, is duine iontach tiomanta díograiseach é (macasamhail gach duine ar casadh orm sa dúiche seo) ach ar bhealach tomhaiste, tá sé ábalta daoine a thabhairt leis, macasamhail gur leor de bhunadh Bhóthar Seoighe.

Is iomaí uair a labhair mé leis agus a chuala mé ag caint. Tugann sé an chaint chéanna i dtólamh, a bheag nó a mhór. Ní cáineadh é sin – ach léiriú é air cé chomh soiléir is atá fís s’aige agus an chur chuige atá ann.

D’aithin Tim Armstrong an ról ar leith a d’imir Ó Catháin i scéal Charn Tóchair:

“Chualas anns na h-agallamhan gun robh ro-innleachd shoilleir air chùl na h-iomairte, agus is coltach gur e gu sònraichte an Rùnaire Companaidh, Niall Ó Catháin, a b’adhbhar dhan chuideam a chuirte air ro-innleachd am measg nan iomairtichean.

“’S e neach- gnìomhachais seòlta saoghalta agus duine gasta greigheach a tha ann am Mgr Ó Catháin agus, mar sin, b’ e fear-toisich nàdarra a bha ann airson na h-iomairte.”[xiii]

Dúirt Niall Ó Catháin liom féin go raibh i bhfad níos mó daoine ná é féin (agus Liam Ó Flannagáin) ag obair ar cheist na Gaeilge sa cheantar i gcónaí áfach.

Rud eile faoi mhuintir Charn Tóchair atá iontach cosúil le dearcadh Bhóthar Seoighe, tuigeann baill CFCT sochtheangeolaíocht / pleanáil teanga agus cé chomh deacair is a bheas sé an Ghaeilge a thabhairt ar ais ach tá siad go hiomlán dearfach, mar a fuair Ó Tiarnaigh agus Ní Thuairisg amach:

“Tá cur amach agus taithí iontach, bunaithe ar cheannaireacht láidir áitiúil, i dtéarmaí athbheochan teanga agus tríd seo d’éirigh le Coiste Forbartha Charn Tóchair tuiscint i leith mhórcheisteanna agus chastacht na pleanála teanga agus an iompaithe teanga a fhorbairt. Tríd an tionscnamh seo ba mhaith leis an eagraíocht athshealbhú na teanga a thabhairt ar aghaidh chuid an céad leibhéal eile agus déanfar cinnte go mbaintear a oiread sin feidhme agus éifeachta agus is féidir as na acmhainní atá acu chun cumas, líofacht agus úsáid na teanga a sholáthar agus a mhéadú mar chuid de mhór-straitéis atá dírithe san iomlán ar athshealbhú na Gaeilge mar phríomh-theanga labhartha an phobail.”[xiv]  

Tá dearcadh ‘is féidir linn’ ann, bíonn deacrachtaí ann ach tá siad le sárú, creidtear go bhfuil an rud atáthar ag iarraidh a dhéanamh indéanta – agus mar sin de, déantar é.

Tacaíocht an phobail

Macasamhail mhuintir Bhóthar Seoighe, ba mhaith le croí-líonra Gaeilge Charn Tóchair dul i bhfeidhm ar an phobal i gcoitinne.

Tá fianaise ann go bhfuil tacaíocht fhorleathan ann don togra uaillmhianach seo sa cheantar, cé nach féidir a mhaíomh go bhfuil sé sin uilíoch.

Is “millteanach an difríocht” idir an leibhéal tacaíochta atá ag an Ghaeilge sa cheantar seo agus an tacaíocht a léiríonn daoine i bPoblacht na hÉireann di, dar le Mac Giolla Thuile:

“Is follasach go bhfuil ardmhianta ag muintir na háite i leith na Gaeilge don todhchaí. Ar an gcéad dul síos, tá 85.2% den sampla seo ar son an Ghaeilge a athbheochan mar theanga labhartha ar shlí amháin nó ar shlí eile. Ní raibh ach 14.4% den sampla ar son an teanga a chaomhnú sa Ghaeltacht agus a athbheochan le haghaidh cúrsaí ealaíne agus cultúrtha. Ansin ní raibh ach duine amháin ar mhaith leis/léi fáil réidh leis an nGaeilge.”[xv]

Ba é an tátal a bhain Mac Giolla Thuille as an torthaí a shuirbhé ná go n-aontaíonn bunús an mhórphobail le dúil CFCT go dtiontódh an pobal ar an Ghaeilge mar phríomh-theanga i gcomhthéacs dátheangach leis an Bhéarla.

Ar an gcéad dul síos, tá 85.2% den sampla seo ar son an Ghaeilge a  athbheochan mar theanga labhartha ar shlí amháin nó ar shlí eile. Ní raibh ach 14.4% den sampla ar son an teanga a chaomhnú sa Ghaeltacht agus a athbheochan le haghaidh cúrsaí ealaíne agus cultúrtha. (MGT)

“Tugann an fhianaise seo le fios go bhfuil an taoide ag casadh sa cheantar ó thaobh na norm teanga de,” dar leis.

Chan ionann sin is a mhaíomh go bhfuil gach duine sa phobal ar aon fhocal maidir le haidhmeanna CFCT i leith na teanga.

“Ní hé go raibh achan duine ag tacú linn ach bhí go leor den chomhphobal iontach maith, ‘ceannaithe isteach’ ins an rud,” a dúirt Niall Ó Catháin.

“Fuair muid an-tacaíocht ón chomhphobal – ar ndóigh, tá daoine amuigh ansin atá inár n-éadan, ní hé nach n-aontaíonn leis an rud ach b’fhéidir, ní thuigeann siad, síleann siad go bhfuil muid ag iarraidh fáil réidh den Bhéarla.”

“Níor thit muid amach le duine ar bith sa cheantar… cé go raibh daoine inár n-éadan,” a dúirt sé, ag admháil go bhfuil “teannas ann idir roinnt daoine ins an mhórcheantar”.

Dar le hÓ Catháin, déanann CFCT oiread daoine agus is féidir a thabhairt leo.

 “… we’re always very careful not to alienate non-Irish speakers … it would be easy to go overboard in promotion of the language and focus creating an Irish-only environment but I  don’t think that for us would achieve what we’re trying to do and build broad community support. There’s a generation that will never learn Irish and there’s no point in trying to teach them Irish either. All we can do is encourage them to have a very positive attitude towards the language and ensure that their children or their grandchildren go to the gaelscoil… We’re trying to bring everybody with us and that’s the only way that we see of recreating  the Gaeltacht because if you focused in only on adults who spoke Irish and their children      you would never re-establish the language, we believe, in an area, broadly.” (Armstrong 2011b)

Thug Tim Armstrong ard-mholadh don chur chuige, nó an chomhréiteach[xvi], seo:

“… the Carntogher Gaeltacht initiative is particularly noteworthy for the patient way the central activists on the Community Association balance advancing new language norms on the one hand and drawing new people into the movement on the other. On this level, it is undoubtedly sound practical advice that language activists, policy makers and planners should take care not to alienate their constituencies in the process of promoting new language norms.”[xvii]

Fuair Ní Thuairisg agus Ó Tiarnaigh go raibh “dea-thoil sa mhór cheantar don Ghaeilge”[xviii]:

“Is léir, áfach, go bhfuil daoine ann nach bhfuil chomh dearfach faoi chur chun cinn na Gaeilge sa cheantar faoi láthair agus ag éirí as an léargas sin bheadh sé tábhachtach ról an Choiste Fhorbartha a mheas maidir le míthuiscintí agus easpa eolais atá taobh thiar de na barúlacha sin, agus na dóigheanna ar féidir dul i ngleic leo.

“Is ábhar misnigh do lucht athréimnithe na Gaeilge sa cheantar iad na leibhéil arda dhea-thola mar aon leis an dearcadh coitianta atá ann gur rud maith í athbheochan na Gaeilge don cheantar áitiúil.

39. Carn Tóchair (3) – stádas reatha na teanga


[i] Mac Giolla Thuile (2018).

[ii] Mac Giolla Thuile (2018).

[iii] Mac Giolla Thuile (2018): “D’éírigh le CFCT idé-eolaíocht teanga nua a craobhscaoileadh sa cheantar agus thosaigh noirm shóisialta ag athrú dá bharr. Chonacthas go bhfuil dearcthaí teanga níos dearfaí anseo ná mar atá siad sa Phoblacht.” MGT

[iv] Mac Giolla Thuile (2018).

[v] “Má táimid chun creidimh teanga mhuintir na hÉireann a athrú caithfear idé-eolaíocht nua a chruthú in Éirinn. Is iad na grúpaí pobail ag an micrileibhéal an dream is fearr chun tionchar a imirt ar an bpobal.

Tá daoine ann a deir go gcaithfidh an rialtas beartas idirghabhálach teanga isteach ach i ndáiríre ní féidir é sin a dhéanamh go dtí go bhfuil sé sin á bhrú ó mhuintir na hÉireann. Dá bhrí sin, Is ag an micrileibhéal a chaithfear airde a dhíriú chun an teanga a athbheochan.” Mac Giolla Thuile (2018).

[vi] Mac Giolla Thuile (2018).

[vii] Armstrong (2011).

[viii] Is suimiúil gur scríobh Armstrong (2011) gur mhothaigh sé nár bhain gach gníomhaí Gaeilge sa cheantar le CFCT: “….and not all Irish language activists in the area are closely connected to the Carntogher Community Association. I conducted interviews with Irish-language activists in the Carntogher area in 2007 and 2008, and in these interviews, I noted that activists at different degrees of remove from the Community Association understood the notion of a bilingual community as a policy goal in different ways.”

[ix] Mac Giolla Thuile (2018).

[x] Mac Giolla Thuile (2018).

[xi] “Tugann 84% d’fhreagróirí le fios go gcloiseann siad an Ghaeilge anois agus arís nó níos minice ná sin. Ina theannta sin, Is beag duine a thug le fios nach bhfuil an teanga le feiceáil sa cheantar. Mar sin, Is léir go bhfuil timpeallacht Ghaeilge cruthaithe ag CFCT agus go bhfuil leibhéal ard dea- mhéine sa phobal don Ghaeilge.” Mac Giolla Thuile (2018).

[xii] McCaughan (2017).

[xiii] Armstrong (2011b).

[xiv] Ó Tiarnaigh P., Ní Thuairisg, L.  (2015).

[xv] Mac Giolla Thuile (2018).

[xvi] Armstrong (2012): “The Company Secretary of the Carntogher Community Association, Niall Ó Catháin, explained the balance between advancing strong norms and full community involvement as a compromise,

[…] in many ways there is a compromise involved in terms of how much the [Irish] language is used in public events and activities […] if you go too heavy on speaking Irish all the time and insisting that everything is in Irish only […] it does put people off and it narrows the involvement, or the possible involvement of the entire community.

Ó Catháin and other Community Association members explained that, as they understand it, establishing new norms in the Carntogher community is a consensus- building process, and that they are careful to operate inside the current community consensus about the role of Irish, as they continually work to move that consensus in the direction of greater Irish use.”

[xvii] Armstrong (2012).

[xviii] In Ó Tiarnaigh P., Ní Thuairisg, L. (2015).

3 thuairim ar “38. Carn Tóchair (2) – cén fáth an rath?

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s