40. Na Gaeil Óga

Is club de chuid Chumann Lúthchleas Gael é Na Gaeil Óga (NGÓ) a tháinig ar an tsaol sa bhliain 2010. Is i Leamhcán i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, agus i bPáirc an Fhionnuisce, atá an club lonnaithe faoi láthair.

Tá cúig fhoireann do dhaoine fásta ag an chlub idir iomáint, pheil agus chamógaíocht agus tá breis agus 300 ball gníomhach aige le tuairim is 600 ball san iomlán; 120 imreoir fásta, 150 páiste, 300 tuismitheoir agus 30 ball sóisialta[1].

(Grianghraf leis NGÓ)

Dar leis an chathaoirleach, Rónán Ó Dálaigh, is foras teanga tábhachtach é an club, go háirithe i Leamhcán:

“Tá NGÓ mar phríomh-áis do cuid mhór teaghlaigh Gaelacha. Tá foirne againn faoi aois 12 thíos agus tá muid ag fás gach aon bhliain le timpeall 50 páiste nua ag teacht chugainn.”

Pobal atá ann sa chlub, atá “níos láidre, níos gníomhaí agus níos éifeachtaí ná go leor eile”, a dúirt sé.

“Eagraíonn muid timpeall 700 imeacht in aghaidh na bliana, idir thraenáil, chruinnithe agus imeachtaí sóisialta.

“Leis na baill ag caitheamh 3,000 uaireanta deonacha ag stiúradh an chlub. Gan trácht ar an tionchar a imríonn muid ar líne, WhatsApp, Facebook agus eile – táimid ag cothú pobal, líonra agus caidrimh.

“Cheana féin tá daoine a chas le chéile tríd an gclub agus atá anois pósta agus ag tógáil teaghlach Gaelach,” a dúirt sé. 

Ó thráchtas go traenáil

Tá síol NGÓ le fáil i dtráchtas Ollscoile a rinne Ciarán Mac Fhearghusa, fear gnó agus gníomhaí teanga as Baile Átha Cliath.

Chuaigh Conchúr Ó Giollagáin, Brian Ó Curnáin agus Seosamh Mac Donnacha i bhfeidhm go mór air le linn dó a bheith ag gabháil do chéim mháistreachta sa tsochtheangeolaíocht in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an Cheathrú Rua.

Mar a thosaigh na Gaeilge Óga, cuigear déag agus madadh (graingraf leis NGÓ)

Spreag Mac Donnacha a chuid mac léinn pleanáil teanga a thuiscint i gcomhthéacs na sprice deiridh, a mhínigh Mac Fhearghusa. Chuaigh Fishman, Ó Sé, Mac Síomóin agus Ó Cadhain i bhfeidhm air freisin.  

Is ar Chluain Dolcáin, ar Thamhlacht agus ar Leamhcán i ndeisceart Bhaile Átha Cliath a bhí a chuid taighde dírithe.

Féach freisin:

Tá Gaelscolaíocht láidir sna trí cheantar seo agus tá an t-ionad Gaeilge Áras Chrónáin suite i gCluain Dolcáin. Bhí Mac Fhearghusa buartha go raibh teorainn ar éifeacht na n-institiúidí sin áfach.

“An smaoineamh a bhí agam ná go mbunódh muid pobal trí mheán Chumann Lúthchleas Gael,” a dúirt sé, ag tarraingt ar a chúlra CLG féin.

Fuair sé amach tríd an taighde go raibh an-tacaíocht don smaoineamh seo i measc chainteoirí na Gaeilge[2], gan ach corrdhuine ina choinne.

Mar sin de, an pobal é NGÓ dar leis?

“Braitheann sé sin ar an sainmhíniú atá agat ar phobal,” a d’fhreagair Mac Fhearghusa gan mhoill agus le gáire beag, ag rá go bhfuil dhá mhíniú ar an fhocal i bhfoclóir, pobal fisiciúil agus pobal sainleasa.

Ciarán Mac Fhearghusa

Déanann sé féin idirdhealú idir pobal teanga agus gréasán teanga – de réir a thuiscint ar an tsochtheangeolaíocht:

“De réir na teoirice sin, ní pobal [atá ann mar NGÓ]. Níl ann ach gréasán láidir, an gréasán teangan is láidre dá bhfuil againn taobh amuigh de na Gaeltachtaí agus Béal Feirste.

“Tá na bunchlocha ann chun pobal a fhorbairt,” a dúirt sé áfach.

Bhí sé i gceist aige tús a chur leis an tionscadal le foirne faoi aois ar dtús – chun deis a thabhairt do pháistí Gaelscoile an teanga a úsáid taobh amuigh den scoil agus den teaghlach ionas go mbeadh siad ag sóisialú trí Ghaeilge.

Mar a tharla sé, tháinig na foirne do dhaoine fásta ar an tsaol ar dtús tar éis gur cinneadh tús a chur leis an chlub ar an Aoine beag sin, agus iad ag caint ar an Chéadaoin – macalla de ‘ná habair é, déan é’ sa chur chuige sin. Bhí foireann oifigiúil ag glacadh páirte i gcomórtais oifigiúla díreach trí mhí ina dhiaidh sin.

Lonnaíocht

Ba í aisling Mhic Fhearghusa go bhfásfadh an club ina dhlúthphobal, ina lonnaíocht ón chéad lá riamh ach ní raibh gach duine ar aon fhocal leis:

“Bheadh tuairimí difriúla ag na baill maidir le lonnaíocht Ghaeilge a thógáil. Tá daoine den tuairim gur togra[3] CLG go príomha atá ann agus tá sin go breá. Ach tá daoine eile a chreideann go bhfuil i bhfad níos mó i gceist leis.

“Ní gá go mbeidh gach duine ar a son. Ag deireadh an lae, ní bheadh lonnaíocht Ghaeilge oiriúnach do chuile dhuine mar gheall ar chúinsí saoil.”

Bhí Mac Fhearghusa den tuairim go bhfuil fís níos mó ná sin i gceist go fóill.

“Is togra pleanáil teanga í ón tús,” a dúirt sé.

“Ach an rud atá tábhachtach ná go mbeidh dóthain daoine agat ar a son agus móiminteam taobh thiar den fhís sin agus nuair a thaganns an t-am go mbeidh an spás agus an t-ionad ceart ann dó.  

“Tá sé deacair lonnaíocht Ghaeltachta uirbeach a fhorbairt,” a dúirt sé, “agus tú ag iarraidh an chéad liathróid eile a bhuachaint”.

“Ón gcéad lá bhí muid dírithe ar dóthain imreoirí a bheith againn do na cluichí, iad a bheith aclaí, na cluichí sin a bhuachan le go mbeidh seans ann ardú céime a fháil ag deireadh an bliana agus próifíl an chumainn a ardú agus chun tuilleadh imreoirí a mhealladh.”

‘Cainteoir athdhúchais’

Tá Ciarán agus a pháirtí ina gcónaí i dtuaisceart na cathrach anois, áit nach bhfuil aon chabhair ar fáil dó chun tacú leis a chlann a thógáil le Gaeilge, dar leis.

Cé gurb as slabhra neamhbhriste Gaeilge é féin, is é sin nár briseadh an nasc riamh leis an Ghaeilge ina theaghlach, agus a chuid páistí, ní mheasann sé gur cainteoirí dúchais traidisiúnta iad. Níor bhreathnaigh sé air féin mar ‘T1’ nó ‘T2’ riamh ach mar chainteoir athdhúchais.

Féach freisin:

Ní ceist í tógáil páistí le Gaeilge a labhraímid faoi a dúirt sé: “Níl aon dioscúrsa ann, níl aon fheasacht ann faoi – zero.”[4]

Ach an gcabhraíonn ‘gréasán láidir’ NGÓ le daoine chun a gcuid páistí le Gaeilge mar sin – an bhfuil dea-thionchar aige ar sheachadadh na Gaeilge ó ghlúin go glúin i mBaile Átha Cliath?

“Níl a fhios againn cé mhéad páistí atá á dtógáil le Gaeilge,” a dúirt Mac Fhearghusa.

“Níl a fhios ag an stát é, níl a fhios ag na heagraíochtaí Gaeilge é, níl cliú[5] againn.”

Creideann sé féin go bhfuil líon na bpáistí atá a dtógáil le Gaeilge amháin “an-an-íseal”.

Iománaithe óga NGÓ ag traenáil (Graingraf leis na NGÓ)

“Go dtí go bhfuil tuiscint agus tomhais cruinn againn ar an mbuncheist pleanála teanga seo ní féidir ag bheith ag súil le méadú nó forbairt a dhéanamh sa réimse seo.”

Mar sin féin, shíl sé gur féidir go raibh tionchar ag an chlub ar a gcuid imreoirí maidir leis an mhéad Gaeilge a úsáideann siad lena gclann ar an ábhar go bhfuil siad ag baint níos mó feidhme aisti iad féin, cé nach raibh sé sásta ráiteas daingean a dhéanamh maidir leis an cheist sin.

Dúirt sé freisin go bhfuil an méid Gaeilge a labhraíonn na páistí a imríonn don chlub tar éis treisiú de bharr an club a bheith ann.

“Tá sé deacair a rá cén tionchar atá ag an chlub ar a gcuid imreoirí maidir leis an méid Gaeilge a úsáideann siad lena gclann gan an taighde cuí.

Ach tá gach cosúlacht air go bhfuil roinnt mhaith imreoirí níos toilteanaí an Ghaeilge a úsáid i réimsí eile den tsaol i. sa bhaile, i gcaidreamh, GaelGÁIRÍ, Reic, fostaíocht agus araile. Le haghaidh imreoirí eile tá an cumann tar éis cabhrú leo an Ghaeilge a fhoghlaim ar bhealach nádúrtha in áit in áit ranganna nó aip a úsáid.

“Tagann feabhas ar Ghaeilge scríofa na n-imreoirí tapa go leor – rud a bhíonns le feiceáil sna grúpaí WhatsApp. Tá neart tuismitheoirí le Gaeilge tar éis a bpáistí a chlárú leis an gclub rud atá mar thacaíocht mhór dóibh agus iad ag iarraidh ról a thabhairt don Ghaeilge sa bhaile.”

‘An sprioc dheiridh’

“Nuair a labhraíonn tú teanga, is nós atá ann – agus conas is féidir linn an nós sin a chruthú?

Caithfear oiread réimsí teanga agus is féidir a chruthú leis an nós sin a “threisiú – institiúidí ar nós scoil Ghaelach, caifé, ionad tacaíocht teanga, Cumann Lúthchleas Gael agus araile – i dtreo sprice, a dúirt sé.

“Agus an sprioc dheireanach do Josy [Seosamh] Mac Donncha ná an teanga a chur ar aghaidh go horgánach, tríd an chlann.

“An sprioc dheireanach a bhí agam i dtreo NGÓ ná bunú lonnaíocht Ghaeilge.”

Grianghraf leis NGÓ

“Ach an chéad chath, an cath atá againn faoi láthair ná imreoirí a chur chun páirce agus a bheith chomh maith agus is féidir.

De réir chlár ama a chuid taighde, faoi 2016, bhí sé i gceist “Lonnaíocht Bhuan Faighte don CLG a bheadh ceangailte le fís an Tearmainn Teanga” – níor tharla sé sin go fóill.

Bhí “Forbairt Tithíochta: Giniúint na n-imreoirí agus Aistriú Teanga trí Mheán an Teaghlaigh” le bunú faoi 2025 agus a bheith ina “T[h]earmann Teanga Inbhuanaithe: Pobal Iomlán Gaeilge le tacaíocht an mhórphobail & Stáit” faoi 2030.        

Dar leis gur ionad tacaíochta teaghlaigh an chéad chéim eile práinneach i mBaile Átha Cliath Theas faoi láthair.

Ó splanc go tine

Má chuir Ciarán Mac Fhearghusa an splanc, níorbh é a thiomáin an togra go dtí go raibh stádas oifigiúil mar chlub ag NGÓ áfach – daoine eile a rinne seo, thar éinne éinne eile, Daithí de Buitléir.

Is comhbhunaitheoir agus iar-chathaoirleach ar NGÓ é de Buitléir. Is as Cill Chainnigh dó agus d’fhoghlaim sé a chuid Gaeilge i scoileanna Bhéarla agus i gcoláistí samhraidh.

Oibríonn sé san earnáil phríobháideach agus is é atá taobh thiar den togra Borradh, “pobal do dhaoine ar mhaith leo a luachanna a chur i gcroílár a saoil gnó”.

Bhí sé mar chuid de na NGÓ ón chéad chruinniú sin. Chuaigh sé ann mar gheall ar a chuid spéise san iomáint agus de bhrí gur shíl sé go raibh rud éigin in easnamh ina shaol na Gaeilge féin i mBaile Átha Cliath.

“Bhraith mé go raibh pobal ann ar bhealach,” a dúirt sé liom, ach nach raibh an rud a bhí uaidh ann.

Ba é a chuimhne ná nach ndearnadh de chinneadh ag an chruinniú ach seisiún traenála a reáchtáil.

Ba é Ciarán Ó Feinneadha a mhol dona raibh i láthair sin a dhéanamh chun feiceáil an dtiocfadh go leor daoine chuige chun foireann a dhéanamh.

Grianghraf leis NGÓ

Go gairid ina dhiaidh sin áfach, foilsíodh alt sa nuachtán Gaelscéal agus bhí píosa ar an Nuacht TG4 ag fógairt go mbeadh club neamhspleách ann.

Bhí beagáinín iontas ar de Buitléir faoi sin mar níorbh é sin an tuiscint a bhí aige ar thoradh an chruinnithe.

Dar leis gur chaill an smaoineamh móiminteam go measartha tapaidh – ní raibh fágtha ag baicle beag duine tar éis chúpla sheisiún traenála.  

Bhí a ainm féin luaite leis an togra mar dhuine na bunaitheoirí go poiblí áfach, mar fhear óg ní raibh sé “ag iarraidh go dteipfeadh ar an rud gan iarracht”.

Chuaigh sé i mbun dhianoibre chun fáil amach conas club nua CLG a bhunú, eolas nach raibh ar fáil go furasta.

Bhí sé an-tiomanta do chúis, mar a bhí roinnt daoine eile ar nós Chiaráin Uí Fheinneadha agus Eoin P. Uí Mhurchú.

Níor thuig de Buitléir ag an am cé chomh deacair is a bheadh an bóthar rompu, ach d’admhaigh sé mar sin féin go raibh cúinsí fabhracha ann.

Dar leis go raibh “perfect storm” ann sa chathair ag an am sin le go leor Gaeilgeoirí óga díograiseach sna  fichidí ann ag an am céanna agus go raibh sé cinnte go dtarlódh rud éigin cosúil leis NGÓ luath nó mall cibé ar bith sa tréimhse sin thart ar 2010.

‘Gael-chlubanna’

Dar le de Buitléir, is sampla iad NGÓ ar féidir le dreamanna eile a leanúint agus is féidir le clubanna eile den chineál céanna a bheith ann ag freastal ar dhaoine fásta i mBaile Cliath agus in áiteanna eile.

“Tá tú ag bráth ar dhlús uirbeach a bheith ann agus iad a theacht amach gach seachtain,” a dúirt sé.

“An rud atá déanta againn leis na foirne faoi aois, sin rud a d’fhéadfá a dhéanamh aon áit sa tír ina bhfuil Gaelscoil,” a dúirt sé, ag rá gur thosaigh NGÓ ag earcú páistí don chlub trí bhileoga a scaipeadh in dhá ghaelscoil, le toil na bpríomhoidí, in 2014.

Daithí de Buitléir (Grianghraf leis NGÓ).

“Bhí murna[6] ag rá, ‘má thagann 15 amach – unbelievable!, deichniúr sásúil, muna thagann deichniúr – we’ll figure it out’,” a dúirt sé.

Tháinig breis 40 chuig an chéad sheisiún traenála, freastalaíonn tuairim ar 250 ar sheisiúin thraenála faoi aois an chlub anois.

“Is dócha an fhís a bheadh agam is go mbeadh gluaiseacht na ‘ngael-chlubanna’ ann,” a mhínigh sé.

“Tá muid ag feiscint na luath-chéimeanna de sin cheana féin i mBéal Feirste agus i gcathair na Gaillimhe.

Creideann de Buitléir go bhfeicfear 30-50 de ‘Ghael-chumann’ ag teacht ar an tsaol sa chaoga bhliain amach romhainn.

“An rud a deirim le héinne atá dáiríre faoin Ghaeilge ná cén fáth nach bhfuil seo á dhéanamh agaibh i bhur bpobail féin?

“Creidimse go bhfuil CLG chomh lárnach do phobail na tíre seo, má tá muid dáiríre faoi phobail lán-Ghaeilge a chruthú, caithfidh muid a bheith ag leagadh na mbun-chlocha sin,” a dúirt sé, ag rá gur shíl seisean gurb iad scolaíocht agus spórt bun-chlocha na bpobal úra sin.

Cinntí crua

Ach cheana, d’aithin sé gurbh dheacair bealach na nGael-chlubanna do go leor.

“Beidh ar go leor daoine ceisteanna a chur orthu féin faoi céard atá níos tábhachtaí dóibh féin an paróisteachas traidisiúnta nó an Ghaeilge,” a dúirt sé, ag léiriú a thuairim gurb iad clubanna ar leith do Ghaeilgeoirí an t-aon bhealach chun tosaigh don teanga i gCLG agus go léiríonn stair CLG nach féidir le club ‘dhátheangach’ a bheith ann.

Dar leis gurb é NGÓ an rud is fearr sa tír ó thaobh “rannpháirtíocht i saol Gaeilge” a spreagadh agus chun Gaeilge na rannpháirtithe a fheabhsú go mór taobh istigh d’achar ama an-ghairid – mar gheall ar thumadh iomlán sa teanga agus tuiscint gurbh í an t-aon teanga a bheas á labhairt.

Do de Buitléir, an buntáiste atá ag an spórt thar imeachtaí eile, ó thaobh na Gaeilge de, ná nach bhfuil sé chomh hócáideach céanna, gur rud rialta é a bhíonn ar siúl roinnt uaireanta sa tseachtain seachas roinnt uaireanta sa bhliain.

An chéad chéim eile

Is é an chéad chéim eile in aistear NGÓ ná leanúint ar aghaidh ag méadú agus ag fás ar an mar fhoirne spóirt, a dúirt sé.

Tá cúrsaí ar an pháirc tábhachtach “chun go dtuigfeadh daoine gur féidir an caighdeán is airde a bhaint amach trí Ghaeilge i gcomhthéacs uirbeach”, dar leis

“Gach uair a fheabhsaíonn murna, tá sé ag rá le daoine i bPort Laoise [mar shampla], ‘ní íobairt atá i gceist’”.

“Leis an Ghaeilge tá muid i gcónaí ag caint ar íobairt – ba chóir go mbeifeá sásta glacadh le rud atá 60% níos measa ach i nGaeilge,” a dúirt sé.

Tá sé féin ar son “an club spóirt is fearr in Éirinn a chruthú” áfach, chun daoine a mhealladh chun na Gaeilge agus chun eiseamláir a chur ar fáil.

An pobal é NGÓ?

Is pobal agus pobal an-láidir atá i NGÓ, dar leis.

“Cónaímse i mbloc árasáin,” a mhínigh sé.

“Níl aithne agam ar aon duine de na comharsain, ní hionann an saol uirbeach agus saol na tuaithe.

 “Labhraíonn daoine faoi phobal ach céard is fiú pobal ann muna bhfuil na bun-chlochanna pobail ag cothú agus ag coinneáil na nósmhaireachtaí pobail agus teanga,” a dúirt sé.

Mhínigh sé go raibh sé deacair dó a thuiscint cén dóigh go bhfuil difear ann a bheith i do chónaí achar áirithe ó dhuine i do phobal féin i gcathair agus an t-achar céanna faoi tuath – d’ainneoin gur féidir go mbeadh go leor thithe san achar sin sa chathair agus gan teach ar bith a bheith san achar céanna faoin tuath.

“Má tá cónaí ormsa dhá chéad mhéadair síos an bóthar uait agus tusa an chéad theach eile ar aghaidh uaim – muna bhfuil aon rud ar nós club spóirt chun ár dtarraingt le chéile – an pobal atá ann?

Féach freisin:

“D’fhéadfadh an rud ceannann céanna a bheith ann i gcroílár Bhaile Átha Cliath. Ceapaim go gceanglaíonn daoine pobal le tír-eolas an iomad,” a dúirt sé.

“Dar ndóigh, na Gaeltachtaí a bhfuil ann, is gá dúinn iad a chosaint agus a chothú – ach an bhfuil sé réadúil go ndéanfadh muid athchruthú ar áiteanna ina bhfuil an modh maireachtála faoi bhagairt, ní amháin ag rialtas na hÉireann ach ag domhandú? Níl a fhios agam,” a dúirt sé[7].

“Má bhreathnaíonn tú ar chomhthéacs uirbeach, tá leithéidí NGÓ ag cruthú pobail,” a dúirt sé.

“Tá mise 100% cinnte go dtógfaidh líon suntasach [de na baill] a gcuid páistí le Gaeilge de bharr NGÓ,” a dúirt sé, ag rá go bhfuil sé cinnte nach rithfeadh le roinnt mhaith acu siúd a leithéid a dhéanamh ach ab é NGÓ, agus an tionchar sóisialta nó “nósmhaireacht sa phiar-ghrúpa ceangailte leis”, a bheith ann.

Meon

Chreid de Buitléir go mbaineann go leor fadhbanna i saol na Gaeilge le heaspa samhlaíochta – gluaiseacht ‘nuálaíochta’ na Gaeilge atá uaidh.

Mheas sé “go dteipeann ar 80% de thograí Gaeilge” de bharr de bhrí nach bhfuil daoine sásta leanúint ar aghaidh i mbun oibre nuair a thagann an crú ar an tairne, nuair a bhuaileann siad leis na chéad dheacrachtaí.

 “Níl mé tar éis aon togra Gaeilge a fheiscint ar theip air de bharr go raibh sé lochtach ó thaobh na híde-eolaíochta de,” a dúirt sé.

“Fadhbanna le cur i bhfeidhm a bhíonn ann.”

Dar leis, tá saineolaithe cumasacha le Gaeilge i ngach réimse den tsaol cruthaithe ag an Ghaeloideas, daoine gur féidir a aimsiú chun fadhbanna a réiteach ach go roghnaíonn Gaeilgeoirí gach rud a oibriú amach go pianmhar iad féin.

Dlúthphobal úr

Maidir le dlúthphobail úra nó lonnaíochtaí a bhunú, is é tuairim de Buitléir go mbíonn go leor deacrachtaí i gceist leis an chur chuige traidisiúnta a shamhlaigh daoine leis sin a bhaint amach, i. scata daoine ag teacht le chéile mar chomhlacht nó mar chomharchumann chun giota talaimh a cheannach agus tithe a thógáil air.

“An deacracht is mó dar liom ná teacht ar chaipiteal,” a dúirt sé, ag míniú gur shíl sé nach bhfuil aon rud ag stopadh duine dena bheith ag bunú comhlacht bhainistiú réadmhaoine chun seilbh a fháil ar fhorbairt árasáin, cuir i gcás.

Dar leis gur féidir 50 aonad a líonadh le Gaeilgeoirí i mBaile Átha Cliath “gan stró”, go háirithe i gceantair ina bhfuil Gaelcholáiste láidir ann.

“Tithíocht chultúrtha,” a thug sé ar an chineál forbairt poiblí/príobháideach a mhol sé ag leagan béime ar an ghá le níos mó samhlaíochta.

‘Pobal neamhbhuan’

Gníomhaí Gaeilge, iar-dhochtúr leighis, scríbhneoir agus fear grinn é Eoin P. Ó Murchú a imríonn do NGÓ lena chois – é féin a chomhairligh do Chiarán Mac Fhearghusa tosú ar an togra láithreach bonn seachas dul i mbun ullmhúcháin.

Chaith sé bliain mar chathaoirleach ar an chlub (2016-17). Níl amhras air ach gur pobal atá i gceist leis an chlub ach gur pobal é atá ag athrú i gcónaí, mura bhfuil sé ina dhlúthphobal is léir gur chreid sé go raibh níos mó i gceist ná pobal sainspéise amháin:

“I dtosach is mic léinn ollscoile a bhí inár bhformhór againn a bhí bailithe timpeall ar an spórt.

“Ó shin i leith, agus daoine ag dul in aois, agus daoine áirithe ag éirí as imirt an spóirt tá an pobal ag leathnú i gcónaí, agus imreoirí nua ag teacht de shíor,” a mhínigh sé.

Eoin P Ó Murchú (Grianghraf leis NGÓ).

Macasamhail Uí Dhálaigh, Mhic Fhearghusa agus de Buitléir is cinnte leis go raibh an-tionchar dearfach ar an chlub ar neart na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, gur chuir na “céadta daoine” aithne ar a chéile mar gheall air agus go labhraíonn siad an teanga le chéile dá bharr:

“An bua is mó atá ag NGÓ dar liom ná go bhfuil a lán daoine a imríonn linn agus a labhraíonn Gaeilge ach nach mbeadh suim dá laghad acu freastal ar chéilí nó ar thráth na gceist steiréitíopach na Gaeilge, agus is steiréitíopa é sin a bhfuil bunús maith leis!”

“Táim i mo chónaí le beirt eile atá an-bhainteach leis an gclub agus is iomaí duine eile a chónaíonn nó a chónaigh ar feadh tréimhse le daoine eile ón gcumann.

“Tá go leor árasán agus tithe Gaeilgeoirí tar éis teacht as NGÓ, agus líon áirithe tuistí a thógann a bpáistí le Gaeilge faoi thionchar na bainte a bhí acu leis an gclub.”

Mhínigh Ó Murchú dom gur tháinig an-athrú ar fhócas an chlub ó 2014 i leith, ó tosaíodh struchtúir faoi aois ag feidhmiú.

“I dtosach, is díograiseoirí teanga ar fad, nach mór, a bhí ag croílár an chumainn chomh maith le cairde agus gaolta agus lucht aitheantais nach mbeadh chomh tiomanta sin don Ghaeilge,” a dúirt sé, ag cur i gcuimhne cuid de na buairimh a léiríonn daoine faoi ‘phobail déanta de dhíograiseoirí’ ach dar leis gurb é sin an fáth “gur éirigh leis NGÓ ó thaobh na teanga go dtí seo”.

“Ní hé go bhfuil gach rud gan locht ach tá formhór na ndaoine lárnacha an-tiomanta don Ghaeilge agus cumas ard acu inti.

“Le tamall de bhlianta anois tá ról níos mó ag tuistí na bhfoirne faoi aois sa chumann. Tá roinnt de na tuistí is lárnaí ag tógáil páistí le Gaeilge agus go leor a bhfuil labhairt na Gaeilge acu ach tríd is tríd is tá go leor tuistí eile ann atá an-bháúil leis an nGaeilge ach gan cumas ró-ard acu ná spéis acu líofacht a bhaint amach.

“Chuir sé iontas orm an oiread tuismitheoirí a bhí ag labhairt Gaeilge lena bpáistí i Leamhcán. Teaghlach nó dhó in aghaidh gach foirne ar a laghad. Anuas air sin bíonn tuistí ag teacht as ceantracha eile a bhfuil an-luach acu ar an teanga agus a labhraíonn Gaeilge sa bhaile.”

Tá dúshlán ag baint leis an ráth sin áfach, dar leis.

“Tá luachanna éagsúla ag tuistí nua NGÓ thar mar a bhí ag lucht bunaithe is na bhfoirne fásta mar sin beidh le feiceáil cén cruth a bheidh ar phobal an chumainn amach anseo.

“Tá pleananna againn clubtheach a bheith againn a bheadh mar lárphointe pobail ach tá sé dúshlánach go maith teacht ar thalamh ar bith i mBaile Átha Cliath go dtí seo.”

Léirigh sé gur obair leanúnach an club a choinneáil ag dul – agus a choinneáil Gaelach:

“Tá deacrachtaí againn a ndóthain tuistí le Gaeilge agus suim cabhrú le foirne a aimsiú agus a chumasú. Agus amach anseo is cinnte go mbeidh sé ina dhúshlán déagóirí drogallacha a spreagadh an Ghaeilge a úsáid, rud nach bhfuil orainn aghaidh a thabhairt air go fóill.

“Tá páistí idir 3 bliana agus 10 mbliana d’aois againn agus ansin foirne fásta. Beidh dúshlán ar leith ann foirne sna déaga a spreagadh feictear dom.

“Mar sin cé go bhfuil pobal Gaeilge mar sprioc ag roinnt mhaith againn is lárnaí, is gá dúinn cumann láidir spóirt a fheidhmíonn trí Ghaeilge a thógáil agus a choinneáil sular féidir linn aghaidh a thabhairt air sin,” a dúirt sé, ag dearbhú dhearcadh Mhic Fhearghusa.

‘Páirc bhuan’

“Tá sé i gceist againn páirc bhuan a fháil agus clubtheach a mbeidh spás sóisialta ann, cé go bhfuil seans go nglacfaidh sé sin ar fad scór bliain. Is cinnte go dtógfar pobal níos dlúithe timpeall air sin.

“Ní bheidh sé chomh láidir le sráid lán-Ghaeilge nó a leithéid ach samhlaím go mbeidh an Ghaeilge láidir sa ghréasán sin agus timpeall air agus le clos, méid áirithe, sa cheantar,” a dúirt sé.

“Ag pointí éagsúla tá roinnt den dream is lárnaí tar éis labhairt ar bhogadh chun na Gaeltachta nó go Ráth Chairn nó teach mór roinnte a cheannach idir grúpa againn.

“Tá fonn áirithe ann ach le cúraimí, luachanna agus súlachtaí éagsúla an tsaoil beidh deacrachtaí aontú ar a leithéid.”

Creideann Ó Murchú go bhfuil gá le comharsanachtaí Gaeilge “lonnaithe in ionad tíreolaíoch faoi leith” i gcomhthéacs na Gaeltachtaí “ag imeacht as”.

Ní minic a admhaíonn aon duine i saol na Gaeilge gur féidir leo beatha a fheiceáil don teanga fiú sa chás nach bhfuil Gaeltachtaí traidisiúnta ann – bhí Ó Murchú sásta sin a rá go soiléir:

“Mar sin féin ní hionann imeacht na Gaeltachta agus imeacht na Gaeilge, tá a lán tuistí ag tógáil a bpáistí le Gaeilge fós, tuismitheoir amháin den bheirt go minic, agus tá páistí go leor ar cainteoirí cumasacha líofa iad nár leag cos in aon Ghaeltacht riamh agus rómhinic ar fad fágtar as an áireamh ar fad iad.”

Cad a léiríonn NGÓ?

Go bunúsach, léiríonn NGÓ gur féidir cumann spóirt lán-Ghaeilge a bhunú taobh amuigh den Ghaeltacht agus gur féidir go mbeadh an-rath air ó thaobh teanga agus cúrsaí spóirt de. Tá sraitheanna agus craobh go leor buaite ag foirne éagsúla an chumainn.

Ó bunaíodh an club, tháinig a mhacasamhail ar an fhód i mBéal Feirste agus i gcathair na Gaillimhe, spreagtha ag NGÓ.

Léiríonn sé freisin go raibh an-éileamh ar a leithéid agus nár ghlac sé ach duine amháin tiomanta le splanc a chur chun tús a chur leis – splanc a thosaigh tine, a bhailigh dream díograiseach cumasach go láithreach.

Arís eile, léiríonn scéal chúlra NGÓ nach bhfuil gach duine ar aon fhocal faoin ghá le dlúthphobal nó comharsanacht le teanga a choinneáil beo.

I gcás NGÓ, tá an daoine, ar an dá thaobh den argóint sin, ag obair leis an réaltacht ina bhfuil siad áfach, chun comhthéacs chomh gar do dhlúthphobal agus is féidir a chruthú gan comharsanacht a bhunú.

Tá dúshláin roimh NGÓ, go háirithe ó thaobh dílseacht a bhuanú i measc déagóirí do labhairt na Gaeilge mar theanga laethúil amach anseo, ach is dream iad NGÓ a stop den chaint (agus den scríobh) agus a rinne beart a chur i gcrích.

**


[1] Eolas ón Chathaoirleach i 2020, Rónán Ó Dálaigh.

[2] Insert ón taighde.

[3] = tionscadal.

[4] Duine ar bith a bhfuil an Ghaeilge thraidisiúnta aige nó aici anois, tá caoga bliain aige nó aici ar a laghad anois, dar leis.

[5] = Béarla, ‘clue’.

[6] = muid.

[7] Dar leis fosta, go bhfuil ról ag CLG chun aos óg na Gaeltachta a choinneáil i dteagmhail lena ndúchas, go háirithe agus iad ina gcónaí taobh amuigh dá bparóiste dúchais.

2 thuairim ar “40. Na Gaeil Óga

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s