
Rinneadh an 21ú teanga oifigiúil agus oibre de chuid an Aontais Eorpaigh den Ghaeilge ar an 13 Meitheamh 2005. Bhí Poblacht na hÉireann ina ball de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa ar feadh 32 bliain roimhe sin ach níor iarr an stát stádas iomlán dá teanga oifigiúil. Tar éis feachtas darb ainm STÁDAS, a reáchtáladh chun aitheantas iomlán a bhaint amach don Ghaeilge san AE, d’iarr rialtas na hÉireann an stádas sin i mí na Samhna 2004. Glacadh leis an mholadh i mí Mheithimh 2004 agus chuaigh sé i bhfeidhm i mí Eanáir 2007, faoi mhaolú a cheadaigh don Aontas Eorpach gan an réimse céanna seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge is a chuirtear ar fáil i dteangacha oifigiúla eile. Bhí sé beartaithe deireadh a chur leis an mhaolú sin ag deireadh 2021.
Is é an tAontas Eorpach a íocann na costais a bhaineann leis an stádas oifigiúil ach is é rialtas na hÉireann atá freagrach as an traenáil a chur ar fáil chun ateangairí agus aistritheoirí a sholáthar. Bhí deacrachtaí ag an Aontas go leor daoine cáilithe a fhostú ón tús agus leantar le hiarrachtaí chun tuilleadh daoine a oileadh agus a earcú. Ní gach Gaeilgeoir (ná gach duine gan Ghaeilge) atá sásta leis an stádas seo. Maítear in amanna nach léitear na doiciméid a aistrítear nó gurbh fhearr go mbeadh na haistritheoirí seo lonnaithe in Éirinn ag déanamh rud éigin ar son na teanga sa bhaile. Mar thoradh ar an stádas san Eoraip, tá anois baicle Gaeilgeoirí atá an-oilte sa teanga ag cur fúthu san Eoraip, sa Bhruiséil don chuid is mó. Tá a mórchuid ina nuachainteoirí seachas ina gcainteoirí dúchais Gaeltachta. Duine acu sin ná Tomaí Ó Conghaile, arb as Cill Shléibhe i nDeisceart Ard Mhacha dó. Tá clú air mar láithreoir teilifíse agus thar rud ar bith eile mar bhunaitheoir na hirise NÓS.
“Tá thart ar 100 duine[i] ag obair trí mheán na Gaeilge sa Choimisiún Eorpach, i gComhairle an Aontais Eorpaigh, i bParlaimint na hEorpa agus i gCoiste na Réigiún sa chathair faoi láthair, rud a fhágann gurb í an Bhruiséil an áit is mó ar domhan taobh amuigh d’Éirinn a bhfuil daoine ag obair go díreach leis an teanga ó lá go lá,” a dúirt sé liom.
“Taobh amuigh d’institiúidí an Aontais, tá cainteoirí líofa Gaeilge i measc na n-oifigeach atá ag rialtas na hÉireann sa Bhruiséil agus i measc ionadaithe na bpáirtithe polaitiúla Éireannacha i bParlaimint na hEorpa.”
Bhí 123 duine fostaithe chun seirbhísí Gaeilge a sholáthar i mí Lúnasa 2020[ii]. Bhí cuid acu lonnaithe i Lucsamburg ach bhí an tromlach mór sa Bhruiséil. Ar ndóigh, níl aon dlúthphobal Gaeilge ann sa Bhruiséil ach mhínigh Ó Conghaile go gcónaíonn an mhórchuid d’oibrithe Gaeilge an Aontais i gcóngar an cheantair Eorpaigh nó sna communes máguaird.
“Fágann sin nach annamh a chastar ar a chéile muid ar an tsráid i gceantair áirithe agus gurb éasca dúinn teacht le chéile a eagrú sna limistéir sin chomh maith,” a dúirt sé.
Oideachas
A bhuí lena stádas mar theanga oifigiúil oibre, tá an Ghaeilge á cur ar fáil mar ábhar scoile i gceann amháin de na Scoileanna Eorpacha sa Bhruiséil. Sa bhliain acadúil 2019-2020, bhí 140 dalta scoile ag freastal ar ranganna Gaeilge aon uair an chloig sa tseachtain, 12 dhalta ar leibhéal na naíscoile, 74 dalta ar leibhéal na bunscoile agus 54 dalta ar leibhéal na meánscoile.

“Níl Gaeilge sa teach ach ag líon an-bheag de na daltaí sin agus is páistí Éireannacha – nó páistí de bhunadh na hÉireann – a bhfuil teanga eile seachas an Ghaeilge mar phríomhtheanga an tí acu a bhformhór,” a dúirt Ó Conghaile.
“Bunaithe ar na figiúirí seo, meastar go bhfuil an Ghaeilge á foghlaim mar ábhar scoile ag níos mó páistí sa Bhruiséil ná in áit ar bith eile taobh amuigh d’Éirinn,” a dúirt sé.
Is staitistic shuntasach é sin nuair a smaoinítear ar líon na nGaeilgeoirí atá ag cur fúthu i nGlaschú, i mBostún agus i Manchain, cuir i gcás, gan fáil ar bith ar oideachas foirmiúil sa Ghaeilge sna háiteanna sin. Maidir le hoideachas trí mheán na Gaeilge, tuigtear dom go raibh caint ann faoi imeachtaí rialta a chur ar fáil do na páistí atá á dtógáil le Gaeilge sa Bhruiséil ach nach ndearnadh aon socrú deimhin ina leith sin go fóill.
Saol sóisialta
Ní hamháin go bhfuil saol gairmiúil Gaeilge sa Bhruiséil ach tá saol sóisialta Gaeilge sa chathair chomh maith. Is aistritheoir í Orla Nic Ruairí leis an Choimisiún Eorpach. Is as Cathair Ard Mhacha ó dhúchas í.
“Mar is dual d’Éireannaigh i gcéin, bíonn an nós ann a bheith cairdiúil agus sóisialta le hÉireannaigh eile,” a dúirt sí.
“Meascann beagnach achan duine ar obair lena chéile (go háirithe na daoine is úire anseo) agus trí Ghaeilge amháin a bhíonn sé sin.
“Tá dhá ghrúpa ann a eagraíonn imeachtaí (léachtanna, seisiúin cheoil, Pop-Up Gaeltachtaí, drámaí, seoltaí leabhar srl) trí Ghaeilge sa Bhruiséil, Na Gaeil i gCéin[iii] agus Club Fódla[iv].”
Tá ról ar leith ag an litríocht i saol na Gaeilge anseo, ní nach ionadh nuair atá bunús na nGael ina n-aistritheoirí oilte. Bhí breis agus 60 duine i láthair ag seoladh leabhair sa chathair i mí Feabhra 2020 agus oíche airneáil agus seisiún le ceoltóirí Gaeilge ann i ndiaidh an tseolta, a dúirt Tomaí Ó Conghaile liom. Bheadh an líon sin chomh maith céanna le líon na ndaoine a bheadh ag freastal ar a leithéid in Éirinn – nó níos fearr.

“Léiriú eile ar ghníomhaíochtaí cultúrtha na nGael sa Bhruiséil ná gur bunaíodh inphrionta de chuid an fhoilsitheora Leabhar Breac ann le déanaí. ‘Cló Lováin’ is teideal dó agus is saothar scríbhneoirí Gaeilge na Mór-Roinne a chuirfidh sé i gcló,” a dúirt Ó Conghaile liom.
Is ainm é seo a thugann le fios an ceangal stairiúil a bhíodh ag scríbhneoirí Gaeilge le cathair Lováin sa Bheilg.
Fás
Tá níos mó daoine le Gaeilge le fostú ag na hinstitiúidí Eorpacha, rud a neartóidh gréasán na nGaeilgeoirí thall, a dúirt Nic Ruairí:
“Ón taithí s’agamsa féin, pobal iontach dlúth atá ann agus is fríd an Ghaeilge a bhuail mé le mo chairde agus lucht aitheantais uilig, nach mór, anseo. Tá muintir na Gaeilge anseo thar a bheith dílis don teanga agus dáiríre fá í a choinneáil beo agus í a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta.”
Dar léi, imríonn Gaeil na Bruiséile ról tábhachtach i gcur chun cinn na teanga agus déanann obair s’acu í a neartú mar theanga:
“Bhí tráth ann agus an Ghaeilge meirgeach i gcúrsaí riaracháin/dlí agus tá sé sin á réiteach againn i réimsí uile an tsaoil anois, dar liom. Is cuma más sna meáin chlóite, sna meáin shóisialta, sa reachtaíocht, sa phub, ar an raidió atá an Ghaeilge le feiceáil nó le cloisteáil, déantar í a ‘normalú’ agus a neartú dá réir,” a dúirt sí.
D’aithin sí, áfach, gur beatha teanga í a labhairt:
“Mura mbíonn teanga á labhairt agus mura mbíonn sí ach scríofa, is ann di ach níl sí beo.”
Gréasán
Dar le Ó Conghaile, tá “borradh áirithe faoi shaol na Gaeilge sa Bhruiséil le tamall de bhlianta anuas”, a bhuí leis an stádas oifigiúil.
“Gréasán cainteoirí atá i bpobal Gaeilge na cathrach, nach bhfuil go hiomlán éagsúil leis an chineál eispéiris a bhíonn ag go leor de Ghaeil Bhaile Átha Cliath agus Bhéal Feirste mar shampla, sa mhéid go bhfuil an deis acu a bheith ag obair trí mheán na Gaeilge agus gur féidir leo comhluadar a dhéanamh sa teanga chomh maith,” a mhínigh sé.
“Ar na nithe is uathúla a bhaineann leis an Ghaeilge sa Bhruiséil ná nach é an Béarla is mó atá timpeall uirthi ach an Fhraincis agus meascán de theangacha eile na hEorpa, timpeallacht a théann i bhfeidhm go pointe ar ghnáthchaint agus ar ábhar comhrá na nGael sa Bheilg.”
Cad a léiríonn sé?
Ní beag an líon é 100-120 cainteoir laethúil i gcomhthéacs na Gaeilge agus is suntasach an rud é go bhfuil páistí á dtógáil le Gaeilge (nó go dátheangach) thall. Cuireadh in iúl dom gur féidir Gaeilge a labhairt “80% den am” sa Bhruiséil[v]. Chomh suntasach céanna, seans, an rud a dúirt duine a chónaíonn ann liom:
“Is féidir an Ghaeilge a labhairt 80% den am, sea, ach is féidir gan Béarla a labhairt 100% den am.”
Ní thugaim aon bhreithiúnas ar stádas na Gaeilge mar pholasaí polaitíochta nó ar cheart aistriúcháin go Gaeilge a sholáthar, ach ó thaobh na teangeolaíochta de, is cosúil go ndearna stádas na Gaeilge san Eoraip an-mhaitheas don teanga seachas a mhalairt. Tá an stádas sin tar éis poist den scoth a chruthú do Ghaeilgeoirí oilte agus, dá bharr sin, gréasán láidir teanga a chruthú – cé gur féidir an argóint a dhéanamh go mbeadh sé níos fearr dá mbeadh na daoine sin ag obair in Éirinn. Léiríonn sé tábhacht na fostaíochta (trí mheán na Gaeilge) ó thaobh labhairt na teanga de, rud a luaigh Ó hIfearnáin thuas, cuir i gcás.
Seans go léiríonn sé fosta gur féidir leis an Ghaeilge bláthú, tar éis di tearmann neamhfhisiciúil a aimsiú di féin, in áit atá cosanta agus ar shiúl ón Bhéarla. Sa Bheilg, níl sa Ghaeilge ach teanga amháin eile. Ar ndóigh, tá an gréasán seo ag brath go hiomlán ar stádas na Gaeilge san Eoraip. Gan é, níorbh ann don ghréasán.
[i] Is aistritheoirí iad an mhórchuid de na daoine seo, agus dornán eile ina n-ateangairí, ina ndlítheangeolaithe agus ina mbainisteoirí.
[ii] https://tuairisc.ie/123-duine-fostaithe-i-mbun-seirbhisi-gaeilge-in-institiuidi-an-aontais-eorpaigh-meamram-o-roinn-na-gaeltachta/
[iii] https://www.facebook.com/NaGaeilIgCein/
[iv] https://www.facebook.com/pg/clubfodla/photos/
[v] Ar ndóigh, ciallaíonn sé sin go gcaitheann an té sin bunús a chuid ama le Gaeilgeoirí eile go díreach.
2 thuairim ar “44. Gaeil na Bruiséile”