47. Críoch

“An té nach bhfuil láidir, ní mór dó bheith glic.
Tá teachtaireacht nua ag teacht ó na cnoic,
Bhí Maoise fadó ann, na Gaeil ann anois
Tá an deascéal réidh,
Ná habair é, déan é (x2)”

            J.J. Ó Dochartaigh[i]

Cad is pobal teanga ann?

Chun filleadh ar an cheist chiotach sin uair amháin eile, cad is pobal teanga, a pléadh arís is arís eile sa leabhar seo, sílim go bhfuil an deis tuillte agam léargas a thabhairt air. Is é mo bharúil, bunaithe ar a chuala mé le linn dom a bheith ag obair ar an leabhar seo agus roimhe, ná gur féidir pobal scaipthe sainleasa de dhaoine fásta a mheas mar phobal teanga.

A fhad is a bhaineann sé le páistí, agus a bheith ag tógáil páistí áfach, ní féidir a theacht chuig aon chonclúid eile, agus ní féidir éalú ó theagasc na sochtheangeolaithe, ná go mbíonn agus go mbeidh comharsanacht de dhíth chun seachadadh agus sealbhú teanga a éascú, agus gurb é an dlúthphobal an t-aon phobal teanga i dtaca leis sin.

Is féidir go sealbhódh páistí Gaeilge go hiomlán taobh amuigh den chomhthéacs sin ach is eisceachtaí iad, a mbíonn ceangail leis an Ghaeltacht nó le mór-theaghlach lán-Ghaeilge acu de ghnáth. Seans, mar a maíodh, gur beag teagmháil a bhíonn ag duine fásta leis na comharsana agus gur beag an mothú pobail a bhíonn acu leo ach ní hamhlaidh an cás do pháistí – caint na sráide an chéad teanga a bhíonn acu, beag beann ar theanga an tí.

Idéal na Gaeilge

Tá réamhchlaonadh ionamsa rudaí a fheiceáil i dtéarmaí idé-eolaíocha, de bhrí gur tábhachtaí dom idéil ná a dhath eile, ghlac mé riamh go bhfuil idé-eolaíocht ag gach duine, fiú murar raibh siad feasach uirthi agus fiú dá mba rud é nach raibh sé bunaithe ar iarracht réasúin. Gach seans go bhfuil dul amú orm, agus gur ar chúrsaí ábharaíocha atá an cine daonna dírithe agus gurb iad a stiúrann dul chun cinn, beagnach go hiomlán, mar a mhaígh Marx, faoi thionchar Hegel.

Más fíor sin, ní féidir mórán dóchais don Ghaeilge ar chor ar bith mar is idéal í thar aon rud praiticiúil ag an phointe seo. Is féidir mar sin, gur thosaigh an leabhar seo ó bhuntuiscint lochtach, is é sin gur ghlac mé go raibh lucht na Gaeilge ag iarraidh go mairfeadh sí mar chéad theanga, mar sin de, bhí deacracht agam a thuiscint cén fáth go bhfuil an ráta seachadta chomh híseal sin.

(Griangraf le Felix Mittermeier)

Sa chéad dul síos, ritheann sé liom ag an deireadh gur féidir gur beag Gaeilgeoirí a chreideann in athbheochan na Gaeilge i dtéarma athdhúchasaithe[ii] (is é sin le rá chun Gaeilge a chur á labhairt mar ghnáth-theanga na hÉireann arís, nó i gcodanna de fiú), go fírinneach, seans gur athneartú i bhfad níos teoranta atá uathu.

Seans go bhfuil bá níos mó ag cuid acu leis “acceptable bilingualism” a chuir TK Whitaker[iii] chun tosaigh ná mar atá acu le gluaiseacht na Gaeilge mar atá sé i mBéal Feirste?

Seans go nglacann daoine nach féidir ach Gaeilge chultúrtha nó oidhreachtúil a bheith ann, teanga a mbeadh ardmheas uirthi ach cosanta ó mhianta na ndíograiseoirí sin a gcreidtear fúthu go dtarraingíonn said “droch-chlú” uirthi?

Ní féidir linn a chur as an áireamh ach oiread, ná gur féidir go n-aontaíonn bunús lucht labhartha na Gaeilge leis an ghalldú i dtreo an Bhéarla, sa dóigh céanna a mhaígh Mac Síomóin – sin nó go measann siad nach fiú a chur ina choinne?

Sa dara dul síos, beag beann ar mheon, idé-eolaíocht nó eile, tá barúil agam, go bhfaigheann an saol bua ar pholasaithe teanga don mhórchuid, idir pholasaithe poiblí agus pholasaithe teanga pearsanta.

Tá codarsnacht idir an rud a thuigeann Gaeilgeoirí atá riachtanach don teanga agus na mianta saoil a bhíonn ag duine.

Maireann Gaeilgeoirí san “fhíor-shaol” a labhraíonn Béarla amháin (seachas iad siúd a chuireann fúthu sa Bhruiséil). Is i gcomórtas leis an fhíor-shaol sin atá an Ghaeilge, i gcomórtas leis an Bhéarla in aigne an duine (an polasaí teanga pearsanta sin), i dteaghlaigh, i bpobail. Cailleann an Ghaeilge go minic sa chomhthéacs sin.

Rinne muintir Bhóthar Seoighe agus bunadh Árd Barra, cuir i gcás, rogha dul leis an Ghaeilge mar rogha saoil. Ní bheadh cách ábalta iad a leanúint. Mar sin féin, ar an fhianaise ar fad atá feicthe agam féin, agus atá curtha i láthair anseo, taobh amuigh de chaomhnú na Gaeltachta (nó ar a laghad meath na Gaeilge ann a mhoilliú), is é bunú na lonnaíochtaí Bóthar Seoighe, Árd Barra agus Ráth Chairn na háiteanna amháin inar ndearnadh meath na Gaeilge a bhrú siar riamh, inar éirigh le daoine an Ghaeilge a chur á labhairt arís in áit éigin ina raibh sí básaithe roimhe.

Is léir áfach nach bhfuil mórán spéise ag lucht labhartha na Gaeilge sa chur chuige sin, is é an cheist dóibh mar sin, ná cad é atá uathu?

Cad é an sprioc atá acu in 2021?

Is é an cheist atá ann do ghluaiseacht na Gaeilge, sa chiall is leithne, ná cad atá sí ag iarraidh a bhaint amach, cad é an aidhm atá aici?

Níl a fhios agam. Níl a fhios agam an bhfuil a fhios aici féin. 

Bhí freagra ag muintir Bhóthar Seoighe áfach, chan an t-aon fhreagra amháin, ach freagra, agus rinne siad beart de réir a mbriathair.

Dúirt siad é, rinne siad é.

**

Finis

**


[i] Féach: https://nos.ie/cultur/ceol/amhran-na-haoine-na-habair-e-dean-e-jj/

[ii] = Béarla, re-vernacularisation.

[iii] Chambers (2014): “Far better, he advises, to find more effective ways of advancing an acceptable bilingualism, ‘neither embarrassed nor embarrassing but founded on love and respect for Irish and a resolve to keep it alive’.”

 

3 thuairim ar “47. Críoch

  1. Comhchairdeachas a Chiaráin go bhfuil an opus major críochnaithe agat faoi dheireadh!

    Cuireann tú ceist mhaith sa gconclúid. “Cén sprioc atá ag gluaiseacht na Gaeilge?.”

    Níl aon sprioc aontaithe go poiblí ag na heagraíochtaí dheonacha atá atá ag obair ar son na Gaeilge go náisiúnta.

    Ní mór ceist eile a chur. Cén sprioc atá ag an stát an deiscirt maidir le cur chunn cinn na Gaeilge go náisiúnta?.

    Is é an sprioc oifigiúil stáit “200,000 cainteoir laethúil Gaeilge roimh 2030” ann a fógraíodh sa Straitéis 20 Bhliain.

    Baineann an méid a cheapann na taighdeoirí idirnáisinta Mercator faoin aidhm “200,000 cainteoir ” le hábhar.

    “The tone of the Strategy, however, would indicate that this critical mass, if reached, would most likely comprise networks of speakers even in Gaeltacht areas, rather than communities in the traditionally accepted sense of that term.“

    Click to access irish_in_ireland_2nd.pdf

    Moladh

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s