Tá leirmheas scríofa ag Máirtín Ó Muilleoir (https://belfastmedia.com/) ar Síolta..
Tá éacht iriseoireachta is taighde déanta ag an iriseoir Ciarán Dunbar ina shárleabhar nua ‘Síolta’ a thugann léargas lom dúinn ar dhul chun cinn (nó a mhalairt) athbheochan na Gaeilge le 50 bliain anuas.
Le cois ar chur síos grinn, géarchúiseach ar bhunú agus ar fhorbairt Ghaeltacht Bhóthar Seoighe (scéal a bhfuilimid eolach go maith air abhus anseo sa chathair cois cuain), tugann an t-údár spléachadh dúinn ar ‘nua-Ghaeltacht’ eile i gCorcaigh, Ard Barra.
Is minic tagairt fhánach déanta ag Gaeilgeoirí Bhéal Feirste don lonnaíocht seo i gCúige Mumhan ach go bhfios domsa seo an chéad chuntas cruinn ar stair na scéime sin. B’fhiú an saothar seo a mholadh ar an tuairisc sin amháin – amhail Atlantis, bhí mé den tuairim le fada gur miotas a bhí in Ard Barra as siocair a laghad a bhí cloiste fá dtaobh de. Ach ní hamhlaidh atá: “Tá Ard Barra beo tar éis 50 bliain mar phobal teanga – ní beag an gaisce é sin. Léiríonn sé gur féidir leis an phobal sin tionchar a imirt ar an mhórphobal thart timpeall air. I mbeagán focal, rinne muintir Ard Barra labhairt na Gaeilge a normalú go mór.”
Féach an chuid eile: https://belfastmedia.com/leabhair-spotsolas-ur-nua-ar-splancoiri-na-gaeilge-i-siolta#.YdDAm9heAjp.twitter