Síolta: Focal scoir

“We speak not strictly and philosophically when we talk of the combat of passion and of reason. Reason is, and ought only to be the slave of the passions, and can never pretend to any other office than to serve and obey them.”

David Hume (1711-1776)

Bíonn iriseoirí ag santú tuairimí éagsúla, rud éigin difriúil, rud éigin a mheallfaidh aird agus léitheoireacht. Is rud maith sláintiúil é sin den chuid is mó. Tá baol ann, áfach, go mbítear ag tabhairt ardán do thuairimíocht ar leith, tuairimíocht láidir, nach mbíonn an mórphobal ag aontú léi. Cé nach mbaineann sé sin le dlisteanacht ná fiúntas na tuairime sin, is féidir nach bhfuil sé ar dhóigh ar bith ionadaíoch ar aon dream ar bith.

Lena chois sin, agus níos tábhachtaí ná é, tá an chontúirt ann go mbítear ag déanamh a mhór de dhifríochtaí beaga agus ag cothú “naircisíocht na ndifríochtaí beaga” a scoilteann dreamanna atá millteanach cosúil le chéile, óna chéile, dar le Sigmund Freud. Tá an naircisíocht sin le fáil cuid mhaith i measc na nGael., Tá blas, canúint, saibhreas, dúchas, aicme agus polaitíocht agus araile i measc na ndifríochtaí sin a idirdhealaíonn dream amháin ó dhream eile, cé go mbeadh sé deacair do dhuine ar an taobh amuigh na miondifríochtaí, agus a suntas agus, in amanna, an naircisíocht, a thuiscint.

Ní nach ionadh, tá daoine tiomanta do theanga atá i mbéal a báis agus paiseanta fúithi. Tá cath idir an paisean sin agus an réasún. Measaim go gcailleann an réasún i dtólamh mar a mhaígh Hume, cé go n-úsáidtear é mar arm go héifeachtach sa chath idé-eolaíochta. Díograis agus grá a bhíonn i gceist ag gach Gael don teanga, an lucht pleanála teanga agus an lucht acadúil san áireamh; ní cumas réasúnaithe amháin a bhíonn i gceist. Is ríléir sin i gcuid de na tuairimí a chuirtear i láthair sa leabhar seo, dar liom. Bíonn sé de nós ag cainteoirí Gaeilge áirithe, is léir, cur i leith cainteoirí eile gurb iad agus a gcur chuige atá freagrach as an riocht ina bhfuil an teanga – murab ionann is iad féin, a bhfuil an réiteach acu. Cuir i gcás an giolc seo ón Ollamh Ó Giollagáin:

“Tá na líonraí Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht atá ag fanacht glan ar idé-eolaíocht éidreoireach an Stáit misniúil + fóinteach, ach tá na líonraí atá ‘embedded‘ sa bhfealsúnacht éidreoireach ag cuidiú leis an Stát fírinne faoi dhul i léig na Gaeilge a cheilt.”[i]

Is líomhain mhór í sin le cur i leith na ndaoine agus na n-eagraíochtaí sin. Ar ndóigh, séanann cách an líomhain chéanna. Ar an taobh eile den scéal, bhí tuairim Niall Comer againn maidir leis an chontúirt a bhaineann le smaointeoireacht theibí thar ghníomhaíocht phraiticiúil, dar leis. Rud atá soiléir ná go bhfuil an teangeolaíocht faoi thionchar na polaitíochta, atá faoi thionchar mothúcháin láidre phaiseanta. Nuair atá gach gné acu sin measctha le chéile, i gcomhthéacs cumais chumarsáide éagsúla, is furasta a thuiscint cén fáth a bhfuil siosmaí doimhne ann i saol na Gaeilge.

Polaitíocht na foghraíochta

Ní hamháin go bhfuil an scoilt sin ann (chomh maith le gnáthcheisteanna polaitiúla agus aicme), bíonn Gaeilgeoirí scoilte ar an rud a dtugaimse “Polaitíocht na Foghraíochta”[ii] air (atá faoi thionchar cúrsaí polaitiúla agus aicme go minic). Is é atá i gceist ná barántúlacht nó, i gcásanna áirithe, íonaíochas, fiú. An ‘blas’ sin atá ag an duine féin, an blas atá ar a c(h)uid cainte nó ar a d(h)earcadh, an é go bhfuil tionchar aige sin ar a c(h)uid tuairimí ar fad maidir leis an teanga, a todhchaí nó a heaspa todhchaí? Nó an é gur léiriú an blas ar a d(h)earcadh?

Go bunúsach, táthar ann ar thaobh amháin den speictream nach n-aithníonn aon Ghaeilge ach Gaeilge an chainteora ó dhúchas – d’ainneoin nach cainteoirí ó dhúchas iad féin go minic. Cuirtear seo i láthair mar theangeolaíocht ghlan, ach tá na daoine sin faoi thionchar a gcuid mothúchán chomh maith le duine ar bith eile. 

De réir na tuairime daingne sin, ní fiú a dhath ach na Gaeltachtaí is láidre a chosaint agus níl i leithéid Bhóthar Seoighe, cuir i gcás, ach “T2” nach mbaineann le fíorscéal na Gaeilge[iii]. Mar sin féin, ní féidir cainteoir dúchais Gaeilge a dhéanamh de chainteoir dúchais Béarla, is cuma cé chomh cruinn is a d’fhoghlaim duine í nó cé chomh cosúil le canúint Ghaeltachta atá caint s’acu. Is léir domsa, áfach, go bhfuil claonadh sa chainteoir atá ábalta aithris an-bheacht a dhéanamh ar chaint na Gaeltachta taobhú leis an Ghaeltacht sa chath samhalta idir í agus foghlaimeoirí na Gaeilge, beag beann ar stádas s’acu féin mar fhoghlaimeoir nó ar thuairimí mhuintir na Gaeltachta fiú.

Ar an taobh eile den speictream, táthar ann “a bhfuil teanga nua féin cumtha acu”, mar a dúirt fear i mBéal Feirste liom, tráth. Labhraíonn siad Gaeilge gan aird ar bith a thabhairt ar an teanga thraidisiúnta. Is ar éigean a smaoiníonn an té sin ar an Ghaeltacht seachas mar bhall saoire, a deirtear. Ní féidir gan an scoilt seo a lua mar téann sé go croí na ceiste. Ar lámh amháin, táthar ann a bhfuil an méid sin dúile acu sa teanga dhúchais nach féidir leo ach a bás a shamhlú – agus i bhfírinne, feictear dom gurbh fhearr leo a bás ná go mairfeadh sí, agus í athraithe go suntasach, i mbéal an Ghaeilgeora uirbigh. Ar an lámh eile, bíonn an té eile ag treabhadh leis, beag beann ar intuigtheacht a theanga don chainteoir dúchais, agus beag beann ar chúinsí teanga sa Ghaeltacht.

Tá an dá shampla thuas ina steiréitíopaí, ar ndóigh, a chum mé chun pointe a dhéanamh, ach is minic a fheictear ‘namhaid’ idé-eolaíochta trí cheo ár gcuid réamhchlaonta. Déantar argóintí gan dealramh a chur i leith daoine eile go minic, ‘strawman arguments’ mar a deir an Béarla, argóintí a chuirtear i leith céilí comhraic, fiú mura bhfuil a leithéid ráite acu riamh roimhe[iv].

Más teibí iad, téann na ceisteanna seo chuig eithne na faidhbe agus an réitigh. Caithfear an cheist a chur: an bhfuil na daoine seo go léir ag obair ar son na cúise céanna, nó an bhfuil an dá chúis ann, mar atá Athbheochan na Gaeilge agus caomhnú na Gaeltachta, agus iad ag teacht salach ar a chéile?

Thug Ó Curnáin agus Ó Giollagáin le fios gurb amhlaidh atá, ag an leibhéal “polasaíoch”. Glacaim leis go gciallaíonn sé sin cur chuige Phoblacht na hÉireann mar stát: 

“Is léir go bhfuil cúrsa an struchtúir reatha ionann is rite agus gan fágtha againn ach iarsma lagbhríoch d’oidhreacht na bpolasaithe stairiúla Gaeilge nach bhfuil inniúil ar aghaidh a thabhairt ar na dúshláin faoi mar atá. Tá an status quo polasaíoch, agus iarrachtaí chun inmharthanacht na Gaeilge a chothú, ag teacht salach ar a chéile.”[v]

Tá tuairimí Uí Éallaithe, Fennell agus Mhic Shíomóin ábhartha maidir leis an cheist sin sa mhéid is go ndeachaigh siad níos faide ná beartas an stáit amháin agus gur leag siad cuid den mhilleán ar a laghad ar ghluaiseacht na Gaeilge féin. Seans gur codarsnacht é seo a bhí ann i ngluaiseacht na Gaeilge an chéad lá riamh. Is é an cheist a bheadh agam don dá dhream ná cad a tharlódh dá mba rud é nach raibh an dream eile ann? Gan ‘Athbheochan na Gaeilge’ (gaelscoileanna, stocaireacht, ranganna, coláistí samhraidh agus araile) an mbeadh an Ghaeltacht níos fearr as?[vi]

Dá n-imeodh na Gaeltachtaí ar fad, is léir go leanfadh cuid mhaith de na ‘Gaeilgeoirí nua’ in Éirinn ag labhairt Gaeilge ach bheadh sé an-deacair acu saibhreas na teanga a choinneáil beo agus beocht na teanga a chothú[vii] – agus is ionann agus cinnte go gcaillfeadh go leor acu seo spéis sa teanga ar fad gan an Ghaeltacht. Dá mbeadh deireadh leis na pobail a labhraíonn í mar theanga phobail, nó dá gcuirfí deireadh le rianta deiridh athbheochana an stáit, an féidir mórán amhrais a bheith ann ach go gcuirfí deireadh le TG4, RnaG, Údarás na Gaeltachta agus araile? Tá na ceisteanna seo dochrach polaitiúil agus faoi thionchar idé-eolaíochta. Ní haon eolaíocht ghlan í an tsochtheangeolaíocht, agus is “profoundly political project” atá in athbheochan teanga, mar a mhínigh Armstrong[viii].

Is é mo thuairim go n-imríonn barúlacha ar bharántúlacht Ghaeilge na bhfoghlaimeoirí (agus na ndaoine siúd a tógadh le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht) an-tionchar ar thuairimí daoine i dtaca le caomhnú agus athbheochan de. Is é rud a rith liom agus mé ag dul don leabhar seo ná gur beag cainteoir dúchais Gaeltachta a ghlacann páirt sna díospóireachtaí seo. Tá lucht ‘T2’ ar an dá thaobh de na hargóintí, agus cuid acu ag caint ar son na Gaeltachta. Is é rud eile a ritheann liom, bunaithe ar mo thaithí féin, ná go bhfuil baint nach beag ag cúrsaí foghraíochta (idir fhuaimniú agus ‘bhlas’) le cúrsaí aicme shóisialta. Is é an cheist a chaithfidh an léitheoir a chur orthu féin ná an mbaineann na difríochtaí sin le fíorshubstaint, le fíorchodarsnacht idé-eolaíoch, le dhá aidhm atá in iomaíocht dhíreach le chéile (caomhnú na Gaeltacht vs. athbheochan na Gaeilge taobh amuigh di), nó an mbaineann siad le mionphointí, le ceisteanna béime agus le dearcthaí pearsanta go fiú?

Agus fiú mura féidir a mhaíomh go bhfuil gach duine a luadh sa leabhar seo mar chuid den ghluaiseacht shamhalta Ghaeilge chéanna, bheadh ceist fós ann: arbh fhéidir lena leithéidí teacht le chéile chun comhoibriú ar chúiseanna áirithe?

Cailleach an uafáis

Ní dócha gur féidir a lán dóchais a bheith againn go mbeidh mórán Gaeilge á labhairt in Éirinn i gceann céad bliain agus má amharctar ar an fhianaise atá os ár gcomhair amach, is beag seans go mbeidh cainteoirí dúchais Gaeltachta ann. Is minic áfach, a thuar iriseoirí agus eile bás na Gaeilge le dhá scór bliain anuas agus roimhe sin arís. Scéalta ‘chailleach an uafáis’, mar a déarfá. Ní mór dom a rá go sílfeadh cuid daoine gur “gealt” mé as an anailís sin, go háirithe i mBéal Feirste. Ní féidir a chur as an áireamh, áfach, gur féidir nach bhfuil a dhath le déanamh anois, go bhfuil sé rómhall agus nach bhfuil go leor fágtha den teanga chun cinniúint an bháis a sheachaint. Bhí Doyle den tuairim go raibh sé rómhall faoin am a bunaíodh Conradh na Gaeilge in 1893, fiú:

“My contention in this book is that by the time the Gaelic League was founded, it was too late to reverse the language shift. If this is correct, there was never a real possibility of Irish becoming a majority language in Ireland again… nothing short of a miracle would have prevented the disappearance of Irish as a first language given the circumstances I have described….”[ix]

Dar leis gur féidir a rá go raibh deireadh leis an Ghaeilge mar chéad teanga phobail chomh fada siar le bunú Shaorstát Éireann:

“Future historians of Irish will be faced with the task of labelling and describing the new language which is still being shaped by second-language speakers, a language which is still in the process of becoming. In some ways, 1922 marks the end of Late Modern Irish, the last variety of the language to be spoken by communities as a first language, rather than as one they learned at school.”[x] [xi]

Cosúil le go leor eile, rinne sé idirdhealú idir Gaeilge na bhfoghlaimeoirí “which has been shaped by learners for other learners” agus Gaeilge thraidisiúnta na Gaeltachta, atá marbh anois, dar leis:

“With the passage of time, the new Irish is diverging further and further from the traditional Irish spoken until recently in Gaeltacht areas.”[xii]

Mar sin féin, tá an Dr Doyle ar an taifead maidir lena chuid tuairimí in aghaidh gnéithe áirithe den athbheochan, tuairimí nach mbeadh mórán daoine eile a bhfuil Gaeilge acu ag aontú leo[xiii] [xiv].

Is féidir go bhfuil tromlach Ghaeilgeoirí an lae inniu ar aon fhocal le Doyle, fiú má tá an tuiscint sin acu go comhfhiosach nó nach mbeadh siad sásta a rá go poiblí. Is féidir go gcreideann siad go bhfuil an cath caillte ó thaobh na Gaeilge mar chéad teanga de. Seans gurb é sin an fíormhíniú ar ráta seachadta na Gaeilge a bheith chomh híseal sin? Réiteach amháin ar an easláinte seo, in éineacht le gach iarracht a dhéanamh leis na Gaeltachtaí a neartú mar phobail teanga, ná pobail úra teanga a bhunú, mar a mhínigh mé thuas.

Gaelphobail

Má ghlactar samplaí na bpobal úr thuas mar eiseamláirí, agus má ghlactar leis go bhfuil dul chun cinn as an ghnáth déanta acu ó thaobh labhairt na Gaeilge a chur chun cinn de, feictear go mbíonn ceithre ghné ar leith ann ar a bhfuil ‘Gaelphobail’ úra (idir phobail sainleasa agus phobail taobh istigh de limistéir thíreolaíochta) bunaithe[xv].

  • Gaelscoil(eanna)
  • ‘Cultúrlann’ / Club Sóisialta nó Spórt
  • Ionad Gnó / Institiúid
  • Dlús cainteoirí
    • Sciar suntasach den phobal a thiontú ina nGaeilgeoirí
    • Gaeilgeoirí a lonnú i gceantar ar leith
    • Scéim tithíochta

Is cás ubh an tsicín agus sicín na huibhe é mar is ar theaghlaigh Ghaelacha (agus a sliocht) atá cuid mhaith den dul chun cinn atá déanta bunaithe, ach is gá ar a laghad cuid de na gnéithe teangeolaíochta seo thuas a bheith ann chun gur féidir teaghlaigh Ghaelacha a bheith ann sa chéad dul síos. Níl na ceithre ghné acu seo ar fáil ach i nGaeltachtaí láidre na tíre (ó thaobh cúrsaí eacnamaíocha agus cúrsaí teanga de), agus i Ráth Cairn fosta, seans. Dá mbeadh gné amháin nó níos mó ar lár, bheadh sé thar a bheith deacair gnáthphobal teanga a thógáil, cé go léiríonn Ard Barra agus Bóthar Seoighe gur féidir é. Níl rud ar bith ró-radacach faoi ghné ar bith acu seo (i saol na linne seo, cibé ar bith) ach amháin iarrachtaí cur le dlús Gaeilgeoirí i gceantar ar leith. Ba é an dúshlán mór ná iad uile go léir a dhéanamh in aon áit amháin. Níor éirigh le pobal ar bith gach ceann acu a dhéanamh san áit chéanna taobh amuigh den Ghaeltacht go fóill, cé go bhfuil bunsraith mhaith tógtha ag muintir Charn Tóchair. Feictear dom go mbeadh gach eilimint acu sin thuas riachtanach chun ‘fíorphobal’ teanga a bheith ann.

Tar éis an tsaoil, tar éis na díospóireachta ar cad is ciall leis an fhocal ‘pobal’, creidim nach féidir ach fíormhíniú amháin a thabhairt ar cad is ‘fíorphobal’ teanga ann, beag beann ar cé chomh dlúth is atá sé:

Is grúpa daoine é a amharcann orthu féin mar phobal teanga amháin agus ina mothódh duine gurb é an rud praiticiúil nádúrtha é a gcuid páistí a thógáil i dteanga an phobail sin. Ní hamháin go mbeadh sé éasca sin a dhéanamh ach go mbeadh sé thar a bheith deacair é a sheachaint fiú.

Luíonn sé le ciall go mbeadh na cúinsí sin níos éasca a chruthú i ndlúthphobal agus go mbeadh sé níos éasca arís dá mbeadh an pobal sin scoite amach ó shaol an Bhéarla.

Gaelscoil

Léadh thuas tuairim Thaidhg Uí Ifearnáin, cuir i gcás, nach ndéanann an Ghaelscolaíocht mórán chun ráta seachadta na teanga a ardú nó – i bhfianaise úsáid na Gaeilge mar theanga laethúil (atá ag titim, de réir dhaonáireamh na Poblachta) – nach mbíonn mórán tionchair acu ar dhul chun cinn na teanga ar dhóigh ar bith[xvi]. Mura bhfuil teanga ag duine, áfach, ní féidir leis í a labhairt. Is é an tumoideachas an bealach is fearr chun teanga a theagasc, meastar, gan mórán easaontais.

Mar sin féin, chonacthas go bhfuil athbheochan nó “atógáil” (teoranta) Charn Tóchair agus Uachtar Chluanaí bunaithe ar bhunsraith na Gaelscolaíochta, mar atá NGÓ i mBaile Átha Cliath go pointe. Tuigeadh i ngach cás acu sin nárbh fhiú gaelscoil ann féin (ag fágáil cúrsaí oideachais ar leataobh go hiomlán), agus gur ghá amharc ar an scoil mar thús a gcaithfí tógáil air go díreach. Mar shampla, níl an Ghaeilge láidir go leor in iarthar Bhéal Feirste chun go gcoinneodh duine seilbh ar an teanga gan iarracht nó gan rogha a dhéanamh a bheith mar chuid de ‘phobal na Gaeilge’, cé go bhfuil sí láidir go leor gur féidir le foghlaimeoirí í “a phiocadh suas de réir na cluaise”, má choinníonn siad comhluadar Gaelach.

Ní raibh bunscoil dá chuid féin ag Ard Barra ná ag Bóthar Seoighe nuair a cuireadh tús leo. Ba é an dlúthphobal (ina raibh an lámh in uachtar ag an Ghaeilge go hiomlán) an ghné ba thábhachtaí den dá phobal sin ó thaobh sheachadadh na teanga de. D’fhéadfaí argóint a dhéanamh gur scoil phobail a bhí i mBunscoil Phobal Feirste go dtí gur thiontaigh sé ina gaelscoil in 1978 nuair a ligeadh isteach páistí ó chúlra Béarla, tar éis dóibh freastal ar an naíscoil. Chonacthas fosta an tionchar tábhachtach a d’imir an mheánscolaíocht i nDeisceart Dhoire, i mBéal Feirste, i mBaile Átha Cliath maidir le Gaeilgeoirí gníomhacha a chruthú; agus i Ráth Cairn maidir le caomhnú na Gaeltachta.

Cumainn agus clubanna

Cén cineál pobail a bheadh ann gan áit lárnach ina bhféadfadh daoine bualadh le chéile agus feidhmiú mar phobal? Ní bhíonn aithne ag daoine ar a gcuid comharsan i saol na linne seo a dúradh liom go minic agus mé ag ransú an ábhair seo. Is fíor é sin, gan amhras. Cé hiad na daoine a mbíonn daoine ag caint leo ar bhonn laethúil mar sin, taobh amuigh den ionad oibre? Daoine eile a bhfuil an sainleas agus na sainspéiseanna céanna acu, daoine atá ina mball de na ‘clubanna’ céanna, bíodh siad sin ina n-eaglaisí, ina gcumainn nó ina ndreamanna cultúrtha.

Chonacthas thuas an tionchar a imríonn cumainn a bhfuil polasaí nó meon láidir acu ar iompar teanga, bíodh siad ina gcumainn shóisialta bunaithe i bhfoirgnimh (ar nós Chumann Chluain Árd, an Chultúrlann, an Carn, Club Ráth Cairn) nó ina gcumainn spóirt ar nós NGÓ agus Laochra Loch Lao. Chonacthas gur ríthábhachtach na hinstitiúidí sin ó thaobh deiseanna a chruthú chun teanga a labhairt agus chun nósmhaireacht teanga a normalú agus a dhaingniú. Ina ainneoin sin, mura mbíonn daoine fásta ag caint leis na comharsana a thuilleadh, ní hamhlaidh atá i gcás na bpáistí. Bíonn aithne ag páistí na comharsanachta ar a chéile, bíonn siad ag foghlaim go mór óna chéile, agus ag bunú nósmhaireachtaí teanga le chéile.

Fostaíocht


Tá fostaíocht de dhíth ar achan phobal. Mura bhfuil sí le fáil ann, níl i gceist ach baile codlata. Chomh maith leis sin, in Éirinn, dá mba rud é nach raibh fostaíocht ar fáil sa Ghaelphobal, bheadh beagnach gach duine sa phobal sin ag obair trí Bhéarla, rud is féidir tionchar diúltach a imirt ar iompar teanga an phobail sa deireadh. Ní furasta fostaíocht a chruthú, áfach, gan trácht ar fhostaíocht trí mheán na Gaeilge.

Mar sin féin, léiríonn na samplaí thuas gur féidir le hionad (amhail An Carn, An Chultúrlann, Gael-Ionad Mhic Goill nó fiú an Ghaeilge san AE) ina bhfuil go leor daoine fostaithe trí mheán na Gaeilge tionchar láidir a imirt orthu féin agus ar an cheantar máguaird ó thaobh iompar teanga de.

Chonacthas i gcás Sabhal Mòr Ostaig agus maidir le hoibrithe an AE sa Bhruiséil gur féidir le foinse fostaíochta cur go mór le dlús cainteoirí Gaeilge i gceantar. Ba shuimiúil tuairimí Uí Ifearnáin maidir leis an nasc idir a bheith ag obair trí mheán na Gaeilge agus páistí a thógáil léi fosta.

Dlús cainteoirí

Ar na rudaí a raibh an mhórchuid de na daoine ar labhair mé leo maidir leis an leabhar seo, agus gach saineolaí a luadh ar aon fhocal faoi ná go bhfuil dlús cainteoirí de dhíth chun go dtiocfadh an Ghaeilge slán. Is é seo an ghné is tábhachtaí maidir le pobal a dhéanamh de ghréasán de chainteoirí cé gurb é an ceann is deacra é lena chois. Mar atá mínithe thuas, tá cuid daoine go mór ar son an Ghaeilge a chosaint sa Ghaeltacht amháin nó, thar aon rud eile, ag iarraidh dlús cainteoirí sa Ghaeltacht a chaomhnú agus a neartú in athuair go fiú.

Sciar suntasach a thiontú ina nGaeilgeoirí

Feictear dom gurb é an rogha is deacra ná Gaeilgeoirí a dhéanamh de sciar suntasach den phobal mar níl fianaise ann gur féidir a dhéanamh. Mar a chonacthas thuas, tá Ó hÉallaithe in amhras gur féidir pobal a labhraíonn Béarla a thiontú ar an Ghaeilge ar chor ar bith.  D’ainneoin sin, ag leibhéal amháin, is é sin an aidhm atá ag cuid mhaith grúpaí Gaeilge ar an talamh, go teoiriciúil, cibé ar bith. Chonacthas go bhfuil dhá ghrúpa (ar a laghad), Glór na Móna agus CFCT, ag iarraidh sin a dhéanamh trí bheartais teanga chuimsitheacha, ach atá teoranta do cheantar ar leith, a chur i bhfeidhm – iad bunaithe ar bhunsraith na Gaelscolaíochta, ar imeachtaí trí mheán na Gaeilge agus ar bhaicle de theaghlaigh Ghaelacha. Tá an chosúlacht ann go bhfuil ag éirí leo go dtí seo, ach níl aon chinnteacht ann go mbainfidh siad an tairseach chriticiúil nó an pointe claochlaithe sin amach a thiontódh an pobal i gcoitinne ar an Ghaeilge. Más leor gréasán láidir de theaghlaigh Ghaelacha le seachadadh na Gaeilge a éascú, áfach, seans go bhfuil an pointe sin bainte amach acu cheana – ‘ciorcail Shíomónacha’, más maith leat.

Lonnú Gaeilgeoirí

Is cur chuige eile é lonnaíocht a bhunú, mar a mhol Ó Sé, Breathnach, Mac Seáin, Ó Cadhain agus eile. Is é sin le rá, Gaeilgeoirí “a lonnú” in áit amháin chun pobal úr a chruthú, macasamhail Ráth Cairn. Bheadh imní ar chuid daoine faoin chur chuige sin, mar a léadh i dtuairimí Mhic Aoidh. Mar a dúirt Mac Seáin, áfach, tógtar eastáit tithíochta ‘Béarla’ i rith an ama, a athraíonn daonra bailte agus sráidbhailte go suntasach gan ceist mhorálta ar bith á cur faoi. I bhfírinne, tá cuid de na forbairtí seo sa Ghaeltacht ina lonnaíochtaí Béarla. Más go saorga a tháinig Ráth Cairn ar an tsaol, áfach, ba go horgánach a cuireadh leis an phobal trí Ghaeilgeoirí a mhealladh chun cónaí ann – rud a chuir go mór le neart na teanga sa cheantar. Arís eile, léiríonn an fhianaise go bhfuil sé sin iontach deacair a dhéanamh. As na hiarrachtaí a rinneadh chun coilíneacht nó lonnaíocht a bhunú faoin tuath, níor éirigh go maith ach le Ráth Cairn, agus fiú sa chás sin, tá an teanga leochaileach i gcónaí. 

Scéim Tithíochta

Níl againn ach dhá shampla de scéimeanna tithíochta ar éirigh leo mar atá Ard Barra agus Bóthar Seoighe, cé gur minic a léiríodh spéis sa choincheap. D’éirigh leis an dá scéim maidir le seachadadh na Gaeilge agus d’éirigh leo beirt tionchar a imirt ar an mhórphobal thart orthu, cé go raibh tionchar i bhfad níos láidre ag Bóthar Seoighe, tionchar a leanann ar aghaidh go dtí an lá atá inniu ann.

Is é tuiscint na coitiantachta, dar liom, ná go mbeadh aithris ar Bhóthar Seoighe nó ar Ard Barra chóir a bheith dodhéanta – fiú dá nglacfaí leis gur smaoineamh maith a bheadh ann. Ba é an ceathrú rogha ná meascán de na roghanna thuas a dhéanamh i mórcheantar áirithe, fiú dá mba rud é go raibh pobal na Gaeilge scaipthe go leor – ar nós na nGaeilgeoirí a mhaireann thart timpeall ar cheantar Charn Tóchair ach atá páirteach sa phobal Gaelach ann.

Cén fáth an fás?

Déantar ciorcail, baiclí, gréasáin, eagraíochtaí agus pobail de dhaoine. Tá gá le daoine, lena gcuid smaointe, lena gcuid scileanna, lena dtiomantas agus, thar aon rud eile, lena gcuid ama chun na gnéithe sin thuas a bhunú. Níl easpa smaointe, físe ná tiomantais i saol na Gaeilge agus ní raibh riamh.

“Níl chuile rud foirfe i saol na Gaeilge, ach níl sé de bharr easpa daoine díograiseacha cumasacha,” mar a dúirt an fear ríomhaire Caoimhín Ó Scanaill, lá[xvii].

‘Feirsteachas’

Chaith mise blianta fada i mo chónaí i mBéal Feirste. Bhí aithne an-mhaith agam ar phobal na Gaeilge ann. Ní thiocfadh liom a mhaíomh go raibh mé gníomhach ann nó i mo bhall de, ach ghlac mé páirt i saol na Gaeilge sa chathair go ginearálta. Dá bhrí sin, bhí sé ar intinn agam a bheith an-chúramach nár imir an t-eispéireas sin róthionchar orm agus mé ag scríobh an leabhair seo. De réir a chéile, mar a rinne mé mo chuid taighde, áfach, thuig mé go ndearna mé róchúiteamh agus gur aithin go leor ar labhair mé leo, in Éirinn agus in Albain, go raibh “rud ar leith” ag tarlú i mBéal Feirste. Níl mé ag maíomh nach bhfuil na tréithe seo ar fáil áit ar bith eile, tá mé go díreach ag iarraidh an “meon” sin a luaigh Ó hIfearnáin agus eile maidir le Béal Feirste, mar a thuigtear dom é, a mhíniú, an ‘Idé-eolaíocht Fheirsteach’, más maith leat, nó an fhrith-idé-eolaíocht fiú. 

Creidim gur tharla sé sin de bhrí go bhfuair dream amháin an lámh in uachtar ann– ní hé gur bhain siad aon díospóireacht intleachtach ach gur ghníomhaigh siad, gur chruthaigh siad, gur thóg siad a bpáistí le Gaeilge agus mar sin de, chuaigh líon na ndaoine seo i méid – roghnú nádúrtha a bhí ann seachas gur buadh argóint ar bith.

An teanga féin

Ag tús Athbheochan na Gaeilge, bhí cath idé-eolaíoch ann idir lucht tacaíochta ‘chaint na ndaoine’ (caint na Gaeltachta mar a bhíodh ag tús an 20ú haois) mar bhunús na Gaeilge scríofa agus iad siúd a chreid gur cheart go mbeadh tionchar ag an Ghaeilge liteartha mar a bhíodh sí ag Seathrún Céitinn ar scríobh na Gaeilge. Bhí bua ag lucht tacaíochta ‘chaint na ndaoine’ amach is amach ag an am, cé gur féidir a mhaíomh go ndearna lucht Ghaeilge an Chéitinnigh frithionsaí éifeachtach nuair a glacadh leis an Chaighdeán Oifigiúil in 1958. 

Tharla cath iontach cosúil leis sin i mBéal Feirste, is dóigh liom – idir caint na ndaoine (Gaeilge Rann na Feirste go bunúsach) agus caint na bhFeirsteach (caint na bhfoghlaimeoirí agus a gcuid páistí). Bhí bua amach is amach ag caint na bhFeirsteach. Ní hé go raibh ná go bhfuil lucht na cainte sin ag diúltú do chaint na ndaoine, ní raibh agus níl, den chuid is mó. Go dtí le fíordhéanaí, rinneadh iarracht cloí, chomh fada agus ab fhéidir, le caint na gConallach (le Gaeilge Chlann Mhic Grianna go háirithe), cé gur éirigh an bhearna níos mó le blianta anuas. Níor chuir na Feirstigh mórán spéise i nGaeilge a gcontae dúchais, Aontroim, riamh agus bhí deacrachtaí ollmhóra tuisceana idir canúint thraidisiúnta an chontae agus caint na bhFeirsteach[xviii]. Is é an rud atá ann go praiticiúil ná gur roghnaíodh Gaeilge a labhairt beag beann ar  chaighdeán ‘chaint na ndaoine’ a bheith bainte amach nó gan a bheith bainte amach – b’fhearr leo caint na bhFeirsteach ná Béarla amháin. Is athbheochantóirí gan náire iad[xix].

Chan ionann sin is a rá go labhraíonn gach duine i mBéal Feirste díreach mar an gcéanna. Ní labhraíonn. Tá éagsúlacht ann, ar ndóigh, ó dhaoine a labhraíonn leagan den teanga atá iontach cosúil le Gaeilge Thír Chonaill go dtí dream a labhraíonn leagan den teanga atá níos scaoilte ná sin. Ar ndóigh, ní bheadh sé ar chumas ná ar acmhainn gach duine Gaeilge na Gaeltachta a shealbhú. Is meascán é caint na bhFeirsteach de Ghaeilge Thír Chonaill, den Chaighdeán, de Ghaeilge na gaelscoile, de Ghaeilge leabhair chlann Mhic Grianna agus den dearg-Bhéarlachas, in aon abairt amháin go minic. Mar sin féin, tá tréithe coitianta ann. Tá tús á chur le canúint nua. Is dóigh liom go labhraíonn muintir Bhéal Feirste níos cosúla lena chéile ná mar a labhraíonn muintir Bhaile Átha Cliath, cuir i gcás. Cé go bhfuil an fhoghraíocht faoi thionchar mór an Bhéarla, tá sé suntasach cé chomh seasmhach is atá sé ar fud na cathrach agus i measc aicmí sóisialta éagsúla. Bheadh caint na bhFeirsteach intuigthe do mhuintir Thír Chonaill, dar liom, agus tá a mhalairt fíor den chuid is mó ag brath ar thaithí an éisteora.

“Feirstis” a bhaist Mac Síomóin ar Ghaeilge Bhéal Feirste[xx], nó leagan di, ar a laghad. Ní dóigh liom gur moladh a bhí i gceist aige. Cibé ‘locht’ is féidir a fháil ar chaint na bhFeirsteach ó thaobh na foghraíochta nó na gramadaí de, áfach, measaim go bhfuil féiniúlacht ag baint leis, rud a chuireann leis an mheon sin a chabhraíonn le labhairt na Gaeilge a chur chun cinn.

Seans nach í an fhoghraíocht an tréith is suntasaí i gcaint na bhFeirsteach. Úsáid na téarmaíochta nua an tréith is suntasaí, dar liomsa. Níl Feirsteach ar bith ann a úsáideann an focal ‘email’ in áit ‘ríomhphost’. Tá focail ar leith i gcaint na bhFeirsteach a léiríonn díograis do ghlaineacht na teanga, ag leibhéal an fhoclóra de, cibé, cuir i gcás ‘gogamán’ (baby-sitter) agus ‘snaoisín bán’ (cocaine). Más “saorga” na samplaí sin, is cuma leis na Feirstigh. Mheas an tOllamh Dorian gur imir an cineál Gaeilge a úsáidtear i mBéal Feirste ról i rath na hathbheochana sa chathair:

“In an instructive case of conscious language revival from Belfast, Northern Ireland, it appears that movement away from conservative norms may represent a price to be exacted      in return for the emergence of young native speakers.”[xxi]

Ach mar a dúradh cheana, ní dhéanfadh caint na bhFeirsteach cúis don té a bhfuil a chroí go hiomlán istigh i gcaint thraidisiúnta na Gaeltachta aige, mar a d’aithin Dorian:

“The problem, of course, is to identify what constitutes “healthy” change. Some adopt the view that the end-product is healthy by definition if it survives, as opposed to disappearing, regardless of its form. Others consider a highly convergent outcome too poor a representative of the original language to count, and so disdain it. This is a value judgment and should be recognized as such.”[xxii]

Is ceist é a bhaineann le claonadh pearsanta, mar a scríobh Dorian, cé gur léir a dhearcadh féin air:

“Purity need not be a requirement for persistence, and compromise need not be the death knell, for small languages any more than for larger ones.”[xxiii]

An pholaitíocht 

Tá idé-eolaíocht na bhFeirsteach bunaithe ar theagasca Uí Chadhain agus ar fhealsúnacht ghluaiseacht na Gaeilge a bhí ann níos faide siar sa stair. Measaim gur féidir amharc ar ghluaiseacht na Gaeilge sa chathair mar ghluaiseacht a leanann den ghluaiseacht a bhíodh ann roimh bhunú Shaorstát Éireann, agus mar thraidisiún ar leith. Tá sé fréamhaithe sa lucht oibre go hiomlán, is ar éigean atá aon ghluaiseacht Ghaeilge i mBéal Feirste taobh amuigh de cheantair an lucht oibre. Tá sé sóisialach, mar dhea, ach ní bhacann sé mórán le díospóireacht pholaitiúil mar creidtear go sáraíonn gníomh caint. Is é an claonadh i dtreo na gníomhaíochta sin an ghné is sainiúla den dearcadh. Ní bhacann sé mórán leis an tsochtheangeolaíocht ar an ábhar céanna, agus ní bhacann an tsochtheangeolaíocht leis ach oiread.

Ní mheasaim go mbíonn aon imní ar ghníomhaithe Gaeilge i mBéal Feirste faoina ndeirtear fúthu; tá siad chun a bheith ag dul don ‘athbheochan’ s’acu féin beag beann ar dhíospóireachtaí teibí. Tá an idé-eolaíocht Fheirsteach polaitiúil, go neamhbhalbh agus go hoscailte (i gcodarsnacht leo siúd a bheadh ar son “dípholaitiú” na teanga). Bíodh sé sin mar atá, tá sí go mór in amhras faoi pholaitíocht na bpáirtithe mar creidtear go mbeadh lámh in uachtar ag gach páirtí ar an Ghaeilge, go roghnódh baill pháirtithe dílseacht don pháirtí sin thar an teanga i gcónaí, luath nó mall. Is é “Irish above politics” Uí Chadhain atá i gceist.

Ní féidir a shéanadh ach go raibh tionchar ag meon na haoise ar Bhóthar Seoighe agus ar an Fheirsteachas mar dhearcadh. Ní leagaim féin mórán béime ar bith ar thionchar na dTrioblóidí ar chúrsaí Gaeilge i mBéal Feirste, áfach. Ní chreidim gur imir na Trioblóidí an tionchar ar chúrsaí Gaeilge is a mhaítear óir ní fhaca mé aon fhianaise den mhaíomh riamh – taobh amuigh de bhorradh faoi spéis sa teanga mar gheall ar na stailceanna ocrais. Léiríonn an scéal mar a chuala mise é go raibh beocht ar leith i bpobal na Gaeilge i bhfad roimh na Trioblóidí, agus go bhfuil cuid mhaith den dul chin cinn a rinneadh bunaithe ar bhorradh a bhí faoin teanga sna 1950í, tréimhse ina raibh spéis á cailleadh ag an aicme pholaitiúil in athbheochan na teanga ó dheas. Measaim gur maíomh polaitiúil atá ann a dúradh, arís agus arís eile, go dtí gur glacadh mar bhunfhíric é, agus nár bhac aon duine le fírinne an mhaímh a sheiceáil – iarmhairt na fírinne bréige.  

Diúltaíonn an Feirsteachas don chinnteachas. Creideann sé gur féidir cinniúint a lúbadh, más ar éigean é, agus sin a dhéanamh taobh istigh de na teorainneacha (aicmeacha agus tíreolaíochta), agus mar sin de gur chóir díriú ar an chuid sin a bhfuil tionchar aige air, is é sin le rá, tá sé áitiúlach (localist). Sa mhéid sin, tá sé níos cosúla le dearcadh Adam Smith[xxiv] ná Karl Marx[xxv].

Mar a léadh sna cuntais ar Charn Tóchair agus ar Uachtar Chluanaí, amharctar ar an Ghaeilge mar rud ábharaíoch seachas mar ní idéalaíoch, nó sin an insint ar an scéal a thugtar, cibé ar bith. Déarfadh cuid daoine gur léiriú ar fhréamhacha lucht oibre Ghaeilgeoirí Bhéal Feirste a ndúthracht sa ghníomh seachas sa smaointeoireacht theibí. Bíodh sin mar atá, i saol na linne seo is furasta idé-eolaíocht an iarchoilíneachais, amhail Frantz Fanon, a aimsiú ina measc. Más cur chuige iarchoilíneach é an Feirsteachas, áfach, ní minic a chuireann sé an lipéad sin air féin. Mar sin féin, nuair a chuirtear san áireamh an cur chuige ar bhonn áitiúil – ‘ón bhun aníos’ – a dhíríonn ar an fhéinchumhachtú agus ar ghníomhú go neamhspleách ar na húdaráis i dtreo caighdeán saoil an phobail a fheabhsú, is doiligh aon lipéad teoiriciúil polaitiúil eile a shamhlú leis. Is cinnte, gur cosúla leis an iarchoilíneachas ná an náisiúnachas é, cibé ar bith, d’ainneoin a léitear in amanna in ailt atá scríofa ag iriseoirí nach bhfuil aithne acu ar an phobal ar a bhfuil siad ag scríobh. Cuirtear an Ghaeilge chun tosaigh mar theanga na nGael seachas mar theanga na hÉireann, den chuid is mó.

Tá an Ghaeilge fréamhaithe sa lucht oibre i gcónaí, agus tá ceannas acu siúd a dhéanann sainmhíniú orthu féin mar bhaill den lucht oibre. Níl aon amhras ann ach go bhfuil ard-ghnóthachtáil san oideachas le fáil ann agus go bhfuil ardmheas ar luach an oideachais ina measc.  

‘Abrasive Gaels’

Déanann an Feirsteachas iarracht lucht an Bhéarla a thiontú i dtreo na Gaeilge – ach ní hé sin an rud is tábhachtaí dó, is é is tábhachtaí díriú ar dhaoine a bhfuil an teanga acu cheana. Dá bharr sin, tá an Feirsteachas toilteanach cur isteach ar dhaoine áirithe más gá, dar leis, i. scoileanna a bhunú gan chead. Níl siad ar dhóigh ar bith buartha cad a shílfeadh an mórphobal fúthu –  nó níor ní leo cuma ‘dea-Ghaeilgeoirí’ a chur orthu féin. Bhí siad sásta a bheith ina ‘abrasive gaels’[xxvi], cé go raibh gníomhaithe ar nós Aodáin Mhic Phóilín sásta cur chuige muinteartha a úsáid fosta, agus bhí sé éifeachtach ina bhun gan aon amhras. Diúltaíonn an Feirsteachas don díomuachas go láidir, tá sé bunaithe ar dhearfacht, roghnaíonn sé leagan dearfach de scéal na Gaeilge a insint agus creidtear sa scéal céanna[xxvii].

Dearfacht

Tá an dearfacht sin le mothú in Uachtar Chluanaí, ar Bhóthar Seoighe, i measc NGÓ, in Ard Barra, i gCarn Tóchair, i Sabhal Mòr Ostaig agus i Ráth Cairn. Is í, is dóigh liom, an tréith is tábhachtaí dá bhfuil acu ar fad.  

An insint ar an scéal

Ar na cúiseanna is mó le cúlú eacnamaíochta tá laghdú muiníne i measc tomhaltóirí. Creidtear go mbeidh cúlú eacnamaíochta ann, mar sin de, stopann daoine de bheith ag caitheamh a gcuid airgid mar go bhfuil imní orthu faoi chúrsaí airgid, agus mar sin de, bíonn cúlú eacnamaíochta ann. Tairngreacht a chomhlíonann í féin atá ann. Is féidir argóint réasúnta a dhéanamh gurb é seo an cás maidir le haistriú teanga, is é sin go bhfuil an Ghaeilge ag fáil bháis de bhrí go gcreideann daoine go bhfuil sí ag fáil bháis. An tuairim go bhfuil an Ghaeilge ag dul in éag in Albain, tá sé sin mar chuid den fhadhb atá ag an teanga, dar le Emily McEwan-Fujita. Tuar féinchomhlíontach é, sampla de na taighdeoirí ag imirt tionchair ar an toradh deiridh:

“Through repeated exposure to the idea that “Gaelic is dying”, there is always the possibility that Gaelic speakers themselves will become more fatalistic about the future of Gaelic, and will enact a self‐fulfilling prophecy by failing to transmit the language to the next generation, since “it is dying anyway”.”[xxviii]

Bhí an Dr Ó Sé den tuairim chéanna. Ba é “the common use of dying to describe the condition of Irish inculcates a feeling of hopeless inevitability, while the Cringe Factor is still all too common”[xxix] an phrognóis s’aige.

“Loss of hope can become a self-fulfilling prophecy; it paralyses effort and initiative, causing even the dedicated to become half-hearted at best,” a scríobh sé.

Bhí oideas s’aige iontach simplí: “If progress is to be made, and especially if those outside the ranks of the Gaeilgeoirí are to be reached, lack of hope in the revival has to be resolutely counteracted.”

Is amhlaidh atá sna ‘pócaí’ beaga sin ina bhfuil an teanga ag fás. Creideann na daoine atá sna ‘pócaí’ sin gur ag fás atá sí. Uime sin, tá sí ag fás. Is féidir, mar sin de, gur tairngreacht a chomhlíonann í féin atá ann sna cásanna sin chomh maith. Tá insint ar leith ar scéal na Gaeilge i mBéal Feiste, mar shampla, nó narrative. Bainim úsáid as an fhocal narrative sa chiall síceolaíochta, sa chiall atá aige i gcúrsaí cumarsáide. Is é sin le rá, an scéal a insíonn daoine dóibh féin, fúthu féin. I mBéal Feirste agus i gCarn Tóchair, cuireann an insint sin in iúl do dhaoine go bhfuil an Ghaeilge ag fás seachas ag fáil bháis agus gurb amhlaidh an scéal mar thoradh ar an ghníomh s’acu féin. Is ‘casadh ar an scéal’ é, nó spinmar atá ag an Bhéarla, go cinnte. Is samhlú cruthaitheach é ar bhonn ollmhór agus ar bhonn coitianta. Is cinnte go mbíonn áibhéil ann in amanna, mar a chonacthas maidir le tuairimí i dtaca le líon na bpáistí atá á thógáil le Gaeilge i mBéal Feirste, ach fiú má tá an diúltú don diúltachas ar nós fíricí a shéanadh in amanna, tá an chuma ar an scéal go n-éiríonn go maith leis, gur tairngreacht a chomhlíonann í féin atá ann.

Is iontach an chodarsnacht idir an cur chuige seo agus cuid de na dearcthaí níos cinniúnaí a fhaightear i saol na Gaeilge, atá tugtha don smaoineamh go gcaithfear dul chun cinn a bhunú ar mhíniú cúng ar an fhírinne, fiú más ionann an fhírinne sin agus baois go héifeachtach. Níl a leithéid de rud ann agus fírinne shuibiachtúil, ná sainmhíniú aontaithe air ach oiread – dá mbeadh ní bheadh a leithéid de rud ann mar acadúlacht nó iriseoireacht. Bíonn a fírinne nó a fhírinne féin ag gach duine i gcónaí, beag beann ar na fíricí.

Freagracht

            “Níl tú sa trácht, is tú an trácht

Chuir mé spéis sa nath cainte cliste sin thuas i gcónaí, a deir go bunúsach go bhfuil an tiománaí féin ina chuid den tranglam, den fhadhb agus dá bharr sin, mar chuid den réiteach. Ba léir dom, agus mé ag caint le muintir Ráth Cairn, Charn Tóchair, Bhóthar Seoighe agus araile gur mar sin a chonaic siad iad féin – ní mar lucht féachana ach mar imreoirí (sa bhrí litriúil i gcás NGÓ agus LLL). Is é sin le rá, gur ghlac siad freagracht as todhchaí na teanga iad féin go pearsanta, fás nó bás. Orthu féin a thit an t-ualach seachas ar áisíneacht stáit agus ghlac siad leis sin, fiú má ba go drogallach é. Bhí crá, strus agus teannas i gceist ach go ndearna an streachailt iad a neartú agus a chumasú sa deireadh. Má bhain an feachtas chun stádas oifigiúil do scoileanna go leor fuinnimh as muintir dheisceart Dhoire agus iarthar Bhéal Feirste, fiú más fulaingt a bhí i gceist, ní dhearna sé níos laige iad. Nuair a baineadh amach an stádas sin, rinneadh léim chun tosaigh in go leor gnéithe eile.

Mar a dúirt Friedrich Nietzsche: “An rud nach maraíonn duine, déanann sé duine níos láidre”. Nó mar a dúirt Seosamh Mac Grianna, “Níl rud dá dtig muid fríd nach gcuidíonn linn”[xxx].

Fís

Is é an difear idir gluaiseacht na Gaeilge i gcoitinne agus na ‘Gaelphobail’ sin a d’fhiosraigh mé, ná fís chinnte, an sprioc dheiridh agus an chúis taobh thiar di[xxxi]. Níor tharla aon dul chun cinn de thaisme. Bhí fís ann agus ba ghá do dhuine éigin an splanc a chur, cruinniú a ghairim agus an smaoineamh sin a dhíol sular thosaigh an dianghníomhaíocht. Is iomaí iad na cruinnithe gan toradh, ar ndóigh. Ritheann sé liom gur gá don bhunfhís a bheith measartha simplí.

Má ghlactar NGÓ, Bóthar Seoighe, Carn Tóchair, Ard Barra mar eiseamláirí, thosaigh na tionscadail seo tar éis do dhuine nó beirt a raibh fís shimplí acu cruinniú a reáchtáil agus an fhís a dhíol go héifeachtach le baicle bheag daoine. ‘Splancóirí’ a thugaimise orthu sin. Chuir Ciarán Mac Fhearghusa síol NGÓ, cuir i gcás. D’éirigh leis an aisling s’aige a dhíol le dream beag de ghníomhaithe tiomanta – i. ‘déantóirí’. Caithfidh an splancóir a bheith ábalta smaoineamh a chur trasna ar bhealach éifeachtach chun daoine a thabhairt leo, rud nach furasta a dhéanamh.

Ceannaireacht

            Ní thógfainn uachtarán do thír ná d’arm

            Mar gheall ar uaisleacht.

            Ní mór don taoiseach meabhair is tuiscint.

            Má táid sin ag éinne, is dual dó an ceannas.

            Eoiripidéas, Íodhbairt lfigéine: 15[xxxii]

Chun an fhís sin a chur i gcrích, teastaíonn go leor daoine, a gcuid ama agus a gcuid scileanna. Bíonn ceannaireacht de dhíth chun an dream seo a riar, iad a choinneáil le chéile, fadhbanna a réiteach agus an togra a bhrú chun tosaigh. Is tallann é seo nach bhfuil ach ag mionlach againn.

Táthar ag déanamh staidéar ar nádúr na ceannaireachta ón tSeán-Ghréig go dtí Havard Business School. Níor aimsigh mise an fhoirmle dhraíochta sa leabhar seo, ach féadaim ar mhothaigh mé a thuairisciú. Ach mar a chonacthas thuas, tá tallann na ceannaireachta ag leithéidí Shéamuis Mhic Sheáin agus a bhean chéile Brighid, ag Niall Ó Catháin, ag Daithí de Buitléir agus ag Feargal Mac Ionnrachtaigh, gan ach fíorbheagán a lua[xxxiii]. Tá carasma acu agus an cumas acu daoine a mhealladh chun na físe. Ní hé go raibh siad i mbun gach aon rud. Is é go díreach go raibh, agus go bhfuil na daoine sin ábalta agus sásta iad féin a dhíriú ar an fhís agus a bheith ag obair go dian dícheallach chun í a fhíorú agus ar ndóigh, bhí siad breá ábalta a bheith ag obair le daoine eile.

Diongbháilteacht

Is bua pearsanta riachtanach don cheannaire é an diongbháilteacht ach mar sin féin, is furasta don tréith chéanna cur as do dhaoine. Is mar gheall ar an diongbháilteacht a theip ar go leor iarrachtaí chun pobail úra Ghaeilge a bhunú – ‘Siondróm X’.

Tá gá le héirim mhothúchánach chun an cumas nádúrtha sin a smachtú is a úsáid go héifeachtach. Ní hamháin go bhfuil an diongbháilteacht ceangailte leis an cheannaireacht, tá sé ceangailte leis an fhís chomh maith. Tá fís shoiléir ag CFCT, ag Glór na Móna, ag SMO, ag NGÓ, ag muintir Bhóthar Seoighe agus ag bunadh Ard Barra go cinnte, ach bainteach léi sin tá cinnteacht. Mhothaigh mé go raibh na dreamanna sin go léir sásta a bheith solúbtha maidir le cur chuige s’acu chun oiread daoine agus is féidir a thabhairt leo maidir leis an chúis. I ndeireadh na dála, áfach, níor mhothaigh mé ró-imní faoi chur isteach ar dhream eile nó gur bhac siad le domhain-mhachnamh a dhéanamh ar cheartas a gcúise. Mhothaigh mé cinnteacht idé-eolaíoch, rún dul i mbun gnímh agus éirí as caint gan toradh.  

Ról na mban

Agus mé ag scríobh an leabhair seo, rinne mé mo dhícheall labhairt le mná. Chonacthas dom go bhfuil sé aicsímeach nó soiléirseach (axiomatic) go mbíonn ról ar leith ag na mná maidir le seachadadh teanga agus mar sin de, tógáil pobail. Chonacthas dom gur bac a bhí san easpa iarrachta rannpháirtíocht na mban a spreagadh. B’fhíor é sin, ó thaobh iarrachtaí lonnaíochtaí Gaeilge a bhunú. Easpa rannpháirtíocht na mban an locht marfach a bhí ar chuid iarrachtaí ón chéad lá, cé nach féidir easpa spéise ó thaobh na mban a chur as an áireamh ach oiread. Léiríonn an ról lárnach, nó an príomhról, in amanna, a d’imir na mná in Ard Barra agus ar Bhóthar Seoighe an pointe seo go soiléir.

B’fhir iad an chuid is mó de na daoine ar labhair mé leo don leabhar seo, áfach, de bhrí gurbh iad na ‘ceannairí páirce’ agus na príomh-smaointeoirí a fuair mé i dtaca le hábhar an leabhair. Is é sin le rá, gur inis mé an scéal mar atá, ní mar is cóir dó a bheith. Más ea, is iad na mná saighdiúirí ghluaiseacht na Gaeilge i gcuid mhaith de na cás-staidéir sa leabhar seo – agus sin mar atá i nGlór na Móna agus i gCarn Tóchair, cuir i gcás. Ba iad mná LLL a chuaigh chun páirce roimh na fir. Gach seans gurb iad an phríomhchúis a bhfuil ag éirí go maith leo seachas ceannaireacht nó smaointeoireacht theibí na bhfear.

Foighne

Ceann de na rudaí a d’fhoghlaim mé ó dhaoine nár éirigh leo an fhís s’acu a chur i gcrích ná easpa foighne. Is é sin le rá gur éirigh siad as an togra s’acu nó an smaoineamh s’acu go measartha scioptha, in achar bliain amháin, abair, nó dhá bhliain. Tá CFCT tiomanta do phlean teanga 50 bliain. Ghlac sé 10 mbliana de chruinnithe maidir le Bóthar Seoighe sular lonnaigh teaghlach ann. Thosaigh NGÓ ag bun na sraithe is ísle i mBaile Átha Cliath. Glacann sé foighne chun ollfhís a chur i gcrích. Glacann sé misneach as an ghnáth. Agus thar rud ar bith eile, glacann sé am, agus is é an t-am an rud is luachmhaire atá againn.

Críoch

“An té nach bhfuil láidir, ní mór dó bheith glic.
Tá teachtaireacht nua ag teacht ó na cnoic,
Bhí Maoise fadó ann, na Gaeil ann anois
Tá an deascéal réidh,
Ná habair é, déan é (x2)”
 [xxxiv]

            J.J. Ó Dochartaigh

Cad is pobal teanga ann?

Chun filleadh ar an cheist chiotach sin, uair amháin eile – cad is pobal teanga ann? – ceist a pléadh arís is arís eile sa leabhar seo, sílim go bhfuil an deis tuillte agam léargas a thabhairt air. Is é mo bharúil, bunaithe ar ar chuala mé le linn dom a bheith ag obair ar an leabhar seo agus roimhe, gur féidir pobal scaipthe sainleasa de dhaoine fásta a mheas mar phobal teanga.

A fhad is a bhaineann sé le páistí, agus lena bheith ag tógáil páistí, áfach, ní féidir a theacht chuig aon chonclúid eile. Agus ní féidir éalú ó theagasc na sochtheangeolaithe ach oiread, is é sin go mbíonn agus go mbeidh comharsanacht de dhíth chun seachadadh agus sealbhú teanga a éascú, agus gurb é an dlúthphobal an t-aon phobal teanga i dtaca leis sin.

Is fíor go sealbhaíonn páistí Gaeilge go hiomlán taobh amuigh den chomhthéacs sin ach is eisceachtaí iad. De ghnáth, is páistí iad a mbíonn ceangal leis an Ghaeltacht nó le mórtheaghlach lán-Ghaeilge acu. Seans, mar a maíodh, gur beag teagmháil a bhíonn ag duine fásta leis na comharsana agus gur beag an mothú pobail a bhíonn acu, ach ní hamhlaidh é i gcás na bpáistí – caint na sráide an chéad teanga a bhíonn acu, beag beann ar theanga an tí.

Idéal na Gaeilge

Tá réamhchlaonadh ionamsa rudaí a fheiceáil i dtéarmaí idé-eolaíocha, de bhrí gur tábhachtaí dom idéil ná a dhath eile. Ghlac mé riamh leis go bhfuil idé-eolaíocht ag gach duine, fiú mura raibh siad feasach uirthi agus fiú mura raibh sé bunaithe ar iarracht réasúin. Gach seans go bhfuil dul amú orm, agus gur ar chúrsaí ábharaíocha atá an cine daonna dírithe agus gurb iad a stiúrann dul chun cinn, beagnach go hiomlán, mar a mhaígh Marx, faoi thionchar Hegel.

Más fíor sin, ní féidir mórán dóchais a bheith ann don Ghaeilge ar chor ar bith mar is idéal í thar aon rud praiticiúil ag an phointe seo. Is féidir mar sin gur thosaigh an leabhar seo ó bhuntuiscint lochtach, is é sin gur ghlac mé leis go raibh lucht na Gaeilge ag iarraidh go mairfeadh sí mar chéad teanga. Ar an ábhar sin, bhí deacracht agam a thuiscint cén fáth a raibh an ráta seachadta chomh híseal sin.

Sa chéad dul síos, ritheann sé liom ag an deireadh gur féidir gur beag Gaeilgeoir a chreideann in Athbheochan na Gaeilge i dtéarmaí athdhúchasaithe[xxxv] (is é sin le rá an Ghaeilge a chur á labhairt mar ghnáth-theanga na hÉireann arís, nó i gcodanna di fiú). Go fírinneach, seans gur athneartú i bhfad níos teoranta atá uathu. Seans go bhfuil bá níos mó ag cuid acu leis an “acceptable bilingualism” a chuir TK Whitaker[xxxvi] chun tosaigh ná mar atá acu le gluaiseacht na Gaeilge mar atá sí i mBéal Feirste?

Seans go nglacann daoine leis nach féidir ach Gaeilge chultúrtha nó oidhreachtúil a bheith ann, teanga a mbeadh ardmheas uirthi ach í cosanta ó mhianta na ndíograiseoirí sin a gcreidtear fúthu go dtarraingíonn said “droch-chlú” uirthi?

Ní thig linn a chur as an áireamh ach oiread gur féidir go n-aontaíonn bunús lucht labhartha na Gaeilge leis an ghalldú, sa dóigh chéanna a mhaígh Mac Síomóin – sin nó go measann siad nach fiú é cur ina choinne?

Sa dara dul síos, beag beann ar mheon, idé-eolaíocht nó eile, tá barúil agam go bhfaigheann an saol bua ar pholasaithe teanga don mhórchuid, idir pholasaithe poiblí agus pholasaithe teanga pearsanta.

Tá codarsnacht idir an rud a thuigeann Gaeilgeoirí atá riachtanach don teanga agus na mianta saoil a bhíonn ag duine. Maireann Gaeilgeoirí san “fhíorshaol” a labhraíonn Béarla amháin (taobh amuigh dóibh siúd a chuireann fúthu sa Bhruiséil). Is i gcomórtas leis an fhíorshaol sin atá an Ghaeilge, i gcomórtas leis an Bhéarla in aigne an duine (an polasaí teanga pearsanta sin), i dteaghlaigh, i bpobail. Cailleann an Ghaeilge go minic sa chomhthéacs sin.

Rinne muintir Bhóthar Seoighe agus bunadh Ard Barra, cuir i gcás, rogha dul leis an Ghaeilge mar rogha saoil. Ní bheadh gach duine ábalta iad a leanúint. Mar sin féin, ar an fhianaise ar fad atá feicthe agam féin, agus atá curtha i láthair anseo, taobh amuigh de chaomhnú na Gaeltachta (nó ar a laghad meath na Gaeilge inti a mhoilliú), is iad lonnaíochtaí Bhóthar Seoighe, Ard Barra agus Ráth Chairn na háiteanna amháin ina ndearnadh meath na Gaeilge a bhrú siar riamh, inar éirigh le daoine an Ghaeilge a chur á labhairt arís in áit éigin ina raibh sí básaithe roimhe.

Is léir, áfach, nach bhfuil mórán spéise ag lucht labhartha na Gaeilge sa chur chuige sin. Is é an cheist dóibh mar sin, ná cad é atá uathu? Cad é an sprioc atá acu in 2021?

Is é an cheist atá ann do ghluaiseacht na Gaeilge, sa chiall is leithne, ná cad atá sí ag iarraidh a bhaint amach, cad é an aidhm atá aici?

Níl a fhios agam. Níl a fhios agam an bhfuil a fhios acu féin. 

Bhí freagra ag muintir Bhóthar Seoighe, áfach, chan an t-aon fhreagra amháin, ach freagra, agus rinne siad beart de réir a mbriathair.

Dúirt siad é, rinne siad é.

Tá Síolta ar fáil ón Cheathrú Póilí i mBéal Feirste.


[i] https://twitter.com/ConchurOG/status/1296381142568845312?s=20

[ii] Féach: “Polaitíocht na Foghraíochta” (Meon Eile 13/04/15) – https://www.meoneile.ie/ailt/polait%C3%ADocht-na-foghra%C3%ADochta

[iii] Flynn (2018): “Táthar ann a chreideann go bhfuil todhchaí na Gaeilge ag brath ar an Ghaeltacht (amháin!). Tá i bhfad níos mó ann, áfach, a thuigeann an tábhacht — an gá, fiú — atá le cur chun cinn na Gaeilge agus le forbairt phobal na teanga taobh amuigh den Ghaeltacht, chomh maith le taobh istigh di.”

[iv] “Tuairim, a chumadh agus é chuir i leith duine eile gurbh é sin a thuairim, agus ansin an tuairim a bhréagnú.” Aonghus Ó hAlmhain https://twitter.com/aonghusoha/status/1313797989840891905?s=20.

[v] Ó Giollagáin, C., & Ó Curnáin, B. (2016), lch. 63.

[vi] Tá freagair na ceiste sin ar fáil in Albain is dócha, mar a scríobh Fishman (1991), lch. 143: “Without a century of RLS-efforts, Irish would certainly be in far worse straights than it is today. (Compare Irish with the current state of Scottish Gaelic, for which serious, organized efforts have only recently begun, with only some 80,000 scattered speakers.)”

[vii] Léiríonn eispéireas Oileán Mhanann gur dócha go mbeadh daoine ábalta an teanga a fhoghlaim go pointe réasúnta maith, áfach, ó dhaoine iontach díograiseach a thug faoin teanga a fhoghlaim go leibhéal an-ard.

[viii] Armstrong (2014), lch. 573: “Language revival is a profoundly political project where interest groups work to advance and defend competing language ideologies. A language ideology is a reasonably coherent set of beliefs, attitudes, and norms that describes the value of a language and how it should be used (Armstrong 2012; see also: King 2000; Kroskrity 2004; Woolard and Schietfelin 1994; Woolard 1998), often drawing on a connection between language and identity (Edwards 2009; May 2001), and language revival inevitably involves advancing a new ideology about the value and use of a subaltern language in the face of dominant, normalized ideologies that support the hegemonic language(s) in a society. In this way, language policy can be seen as an instance or an expression of the language ideology of an individual or a group with the power to enforce that policy (cf. Shohamy 2006).

[ix] Doyle (2015), lch. 264.

[x] Ibid.

[xi] Níor aontaigh Ó Sé (2016) leis an anailís sin: “Mar sin féin, is dóigh liom go bhfuil sé ag dul thar fóir nuair a luann sé le 1922 ‘the end of Late Modern Irish, the last variety of the language to be spoken by communities as a first language,’ ráiteas a d’fhéadfadh a thabhairt le tuiscint nach raibh aon phobail cainteoirí ann ina dhiaidh sin. Cuireann an téarma féin Late Spoken Manx i gcuimhne domsa, agus ní slán an chomparáid.”

[xii] Ibid.

[xiii] Féach: https://www.meoneile.ie/anailis/easaontas-agus-an-ghaeilge: Mar shampla, i dtaca le Gaelscoileanna de, tá sé ráite ag Doyle: “Ní thuigtear domsa gur ceart daonna é oideachas a éileamh i dteanga nach bhfuil agat ó dhúchas. Ina dhiaidh sin, nílim cinnte cad is fiú é ar leibhéal an oideachais, tá mé in amhras nach é leas an linbh é bheith ag foghlaim i dteanga iasachta.”

“Bheinn ar son stiúrú a dhéanamh ar na scoileanna seo, gach ceann a mheas léi féin. B’fhéidir nár mhiste cuid acu a dhruidim, cuir i gcás mura bhfuil Gaeilge mhaith ag na múinteoirí, mar gur mó an díobháil a bheidís a dhéanamh don teanga ná de mhaith.”

Maidir le stádas na Gaeilge i mBunreacht na hÉireann, tá sé den tuairim gur “bréag” atá ann:

“Ar ndóigh, dá mb’fhíor é, bheadh an ceart ar fad ag na Gaeilgeoirí agus ag na Conraitheoirí, ach dá mb’fhíor é, ní dóigh liom go mbeimis á phlé seo ar chor ar bith, níor ghá é. Is é oighear an scéil ná go dtugann an Bunreacht bonn dlí d’fhís agus d’éilimh atá míréasúnta, craiceáilte, atá bun os cionn leis an bhfírinne.

“De réir an dlí, tá an ceart ag na daoine a éilíonn seirbhísí as Gaeilge, ach tá an dlí féin craiceáilte. Ní fírede an bhréag í a bheith i bhfoirm dlí – cuir i gcás, dlí a thugann le fios go bhfuil an domhan réidh seachas cruinn.

“Anois, níl sé seo chomh holc le bréaga eile, b’fhéidir. Ach is mífholláin an mhaise é do Rialtas nó do Stát bheith ag cosaint na bréige, agus cruthaíonn sé drochamhras agus fearg i saoránaigh an Stáit.

“Teastaíonn reifreann ar an Airteagal. Má tá muintir na hÉireann sásta leis an mbréag, sin a bhfuil. Ach is dóigh liom gur féidir fiúntas agus tábhacht na Gaeilge a admháil gan dul i muinín an éithigh agus na caimiléireachta.”

[xiv] Ba é tuairim Uí Shé ar Doyle (2015): “Ní leabhar é seo a thabharfaidh mórán sásaimh do dhíograiseoirí teanga. Ní dóibh a scríobhadh é, agus tá an chuma ar an scéal nach duine acu an t-údar pé scéal é.”

[xv] Tá an sliocht seo bunaithe ar alt a foilsíodh ar Nós in 2014: https://issuu.com/nosmag/docs/nos_40

[xvi] Léiríonn cásanna Charn Tóchair Ghlór na Móna agus NGÓ gur féidir le gaelscoileanna tionchar éigin a imirt ar chúrsaí seachadta gan amhras ach ní sholáthraíonn sin aon fhianaise bunaithe ar thaithí fhorleathan nó ar thaithí fhadtéarmach go fóill. Beidh sé riachtanach mionstaidéar a dhéanamh ar an cheist áirithe seo sna cásanna seo amach anseo.

[xvii] https://twitter.com/kscanne/status/1222089904651415552?lang=en

[xviii] Bhí cainteoir dúchais Reachrann ina cónaí i mBéal Feirste Bella John Ruaidh Mhic Mhuireachtaigh (Bella McKenna) go dtí lár na n-ochtóidí. Féadaim a thuairisciú go raibh fíordheacrachtaí ag daoine í a thuiscint. Deirtear liom go raibh eagla ag Gaeilgeoirí roimpi fiú, ar eagla go labhródh sí Gaeilge leo go poiblí agus nach dtuigfeadh siad í!

[xix] Cosúil le cás Bhéal Feirste, léiríonn cás Ghaeilge Mhanann gur féidir ‘tosú arís’, fiú tar éis bhás an chainteora dúchais deiridh ar fad. Ní gach duine a chuirfeadh spéis san athbheochan sin, áfach, agus bhainfeadh cuid scoláirí úsáid as an téarma “Neo-Manx” nó “Revived Manx” chun cur síos a dhéanamh ar Ghaeilge na hathbheochana in Oileán Mhanann. Do ghníomhaithe ar son na hathbheochana, tá na hidirdhealuithe agus na lipéid sin gan suntas, cé gur léir go ngoineann siad iad, mar a scríobh Douglas Fargher: “Some linguists call the result “neo-Manx.” Fortunately their strictures don’t trouble the people who go on using the language, creating fresh traditions every day.” (Fríd Lewin (2016). Don lucht acadúil, áfach, tá an lipéadú seo iontach suntasach, mar a deir Lewin (2016): “… a framework and terminology which ignores or downplays the most significant objective watershed in Manx linguistic history—the transition from natively acquired Traditional Manx as a community language to Revived Manx as the language of a network of L2 activist speakers—and is based on the rhetorical assumption that there is only one Manx language which has never died, is far from being ideologically neutral.” Ní hionann é sin is a rá go bhfuil an lucht acadúil i gcoitinne i gcoinne athbheochan na Manainnise.

[xx] Mac Síomóin (2006).

[xxi] Dorian (2004), lch. 490.

[xxii] Ibid.

[xxiii] Ibid.

[xxiv] Is é an rud atá i gceist agam ná comhairle Smith in ‘The Theory of Moral Sentiments’: “That wisdom which contrived the system of human affections, as well as that of every other part of nature, seems to have judged that the interest of the great society of mankind would be best promoted by directing the principal attention of each individual to that particular portion of it, which was most within the sphere both of his abilities and of his understanding.”

[xxv] Mar sin féin, bheadh gach duine ar labhair mé leo i mBéal Feirste ar aon fhocal le Marx sa mhéid seo a leanas: “Mhínigh na fealsaimh an saol i mbealaí difriúla ach is é an rud tábhachtach ná an saol a athrú,” Mac Lochlainn (2002), lch. 55.

[xxvi] Baineann an téarma ‘abrasive Gaels’ le frása ar bhain státseirbhíseach sinsearach sa Northern Ireland Office úsáid as i gcáipéis rúnda a sceitheadh as an Roinn ar dhóigh éigin. Bhí an NIO ag iarraidh Gaeilgeoirí measartha a aimsiú i. “non-abrasive Gaels” chun cabhrú leo dul i ngleic le Gaeil radacacha.

[xxvii] Tá taobh eile den argóint ann. Tá cás déanta liom ar son an leagan is measa den scéal a scaoileadh, é a chur amach chun daoine a spreagadh nó mar bhunús fáis. Tá sé ráite ag beirt liom agus mé ag dul don leabhar seo gurb í “an fhírinne” an áit tosaigh agus go gcaithfear an fhírinne sin (go bhfuil an Ghaeilge ar tí bás a fháil mar theanga phobail sna Gaeltachtaí) a chraobhscaoileadh. Déanann an teoiric sin neamhiontas den tionchar gur féidir leis an leagan sin den scéal sin a imirt ar an pholaitíocht agus ar chaiteachas poiblí agus, ó thaobh na síceolaíochta de, ar mhuintir na Gaeltachta agus ar Ghaeilgeoirí taobh amuigh di, i. tairngreacht. Is scoil smaointeoireachta iomlán difriúil leis an fhealsúnacht atá ar fáil i gCarn Tóchair agus i nGlór na Móna, cuir i gcás.

Caithfidh sé go bhfuil cuma an-saonta ar an Fheirsteachas i súile  daoine a bhfuil dearcadh níos duairce acu, ach tá a mhalairt fíor fosta.

[xxviii] McEwan‐Fujita (2006), lch. 292.

[xxix] Ó Sé (2000), lgh. 288-289.

[xxx] Ó Duibhín (2019).

[xxxi] Ní hionann sin is a rá nach bhfuil eiseamláirí eile de phobail agus de ghréasáin a bheadh inchurtha leo.

[xxxii] Mac Lochlainn (2002), lch. 16.

[xxxiii] Dála an scéil, d’iarr Niall Ó Catháin agus Séamus Mac Seáin beirt orm gan a mhór a dhéanamh díobh. Leag an bheirt acu an-bhéim ar an fhíric nach raibh iontu ach daoine aonair a bhí mar chuid d’fhoireann. Glacaim leis sin gan cheist.

[xxxiv] Féach: https://nos.ie/cultur/ceol/amhran-na-haoine-na-habair-e-dean-e-jj/

[xxxv] = Béarla, re-vernacularisation.

[xxxvi] Chambers (2014): “Far better, he advises, to find more effective ways of advancing an acceptable bilingualism, ‘neither embarrassed nor embarrassing but founded on love and respect for Irish and a resolve to keep it alive’.”

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s