“Thuig Ó Cadhain is dóigh liom mura dtosódh an teanga ag neadú in áiteanna eile sa tír gur dócha nach dtiocfadh leis an Ghaeltacht thraidisiúnta déileáil leis an tsíor-chreimeadh a bhí ag dul ar aghaidh leis na céadtaí bliain gan dul faoi go hiomlán ar ball,”i a scríobh Mac Seáin. “Ba fhear Gaeltachta go smior é … An chuid eile de 27. Séamus Mac Seáin
Author: Ciarán Dunbar
26. Máirtín Ó Cadhain
“D’ainneoin a bhfuil de fhoirgníocht nua déanta ar fud na hÉireann, níl i mBaile mór amháin sráid, céide, corrán, ascaill ná scéim tithe féin atá Gaelach nó leath-Ghaelach féin.”i Máirtín Ó Cadhain, trí Shéamus Mac Seáin Chuir mé na tuairimí thuas le chéile ar an ábhar gur mheas mé go síolraíonn siad ón traidisiún céanna, cé … An chuid eile de 26. Máirtín Ó Cadhain
25. ‘Tearmann na nGael’
“Mara mbeidh tearmann go gairid aici, tá a port seinnte mar theanga pobail.”i An Dr Brian Ó Curnáin Is iad an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin agus an Dr Brian Ó Curnáin, beirt de na sochtheangeolaithe is mó le rá atá ag obair i saol na Gaeilge i saol na linne seo. Daoine acadúla iad go … An chuid eile de 25. ‘Tearmann na nGael’
24. ‘The Broken Harp’
Duine eile a scríobh, go paiseanta, i gcoinne Athbheochan na Gaeilge mar aidhm ag eagraíochtaí Gaeilge nó ag an stát ná Tomás Mac Síomóin, údar a bhfuil cónaí air sa Chatalóin le fada an lá. Arís eile, is léir go bhfuil sé féin faoi thionchar Fennell. Ba é tuairim Mhic Shíomóin nach tábhachtach le tromlach na … An chuid eile de 24. ‘The Broken Harp’
23. “From Language Revival to Survival”
Tá macalla smaointeoireacht Fennell le fáil i scríbhneoireacht Dhonncha Uí Éallaithe, gníomhaí pobail agus teanga a bhfuil cónaí air i bparóiste an Chnoic i gConamara Theas. San aiste “From Language Revival to Survival” a foilsíodh i 2004, léirigh sé a thuairim gur theip ar athbheochan na Gaeilge, “because it was an aspiration rather than a … An chuid eile de 23. “From Language Revival to Survival”
22. ‘Crannóga’
Fear eile a rinne dian-mhachnamh ar chás othar na Gaeilge ná Liam Ó Sé, dochtúir leighis nach maireann. Cláiríneach a ba é, a chonaic Gaeltacht an Chláir ag fáil bháis lena linn féin – i bhfírinne, mar is ar bhardaí ospidéil an chontae a chuala sé í á labhairt, ag fir amháin mar a tharlaíonn … An chuid eile de 22. ‘Crannóga’
21. “Conspóid: Gaelphobail an Dara Céad agus an Dara hAliyah”
Tá clú ar an aiste ‘Conspóid: Gaelphobail an Dara Céad agus an Dara hAliyah’ le Pól Breathnach, a foilsíodh in Comhar in 1994. Is é an rud atá i gceist le Aliyah ná filleadh na nGiúdach ar Iosrael, bunús an tSiónachais. Léirigh an t-údar a chreideamh go raibh an cath ar son na Gaeltachta agus … An chuid eile de 21. “Conspóid: Gaelphobail an Dara Céad agus an Dara hAliyah”
20. “Iosrael in Iar-Chonnacht”
Dóchas Más othar í an Ghaeilge, is iomaí dochtúir a thug cuairt uirthi agus í sínte breoite, cuid acu ag iarraidh í a shábháil, cuid acu díreach ann mar ba mhaith leo staidéar a dhéanamh ar an phróiseas. Anseo thíos, tá spléachadh ar chuid den na príomh-smaointeoirí i saol na Gaeilge le 50/60 bliain anuas. … An chuid eile de 20. “Iosrael in Iar-Chonnacht”
19. An grá agus an ghruaim
“Ach ní mór dom a rá go bhfuil an tuismitheoir eile eachtrannach i go leor teaghlaigh ar m'aithne atá ag tógáil clainne go hilteangach. Tá tabú láidir faoi Gaeilge a labhairt i láthair Éireannaigh gan í - tuiscint go bhfuil sin drochbhéasach.”i Aonghus Ó hAlmhain Is í an fhadhb is mó atá ann ó thaobh … An chuid eile de 19. An grá agus an ghruaim
18. Easpa pobail, easpa tearmainn
“Ní féidir leis an teanga maireachtáil mura bhfuil sí á labhairt mar chéad teanga ag pobail áirithe agus dá réir sin á seachadadh ó ghlúin go glúin.”i Tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta 2002 Tá teangeolaithe den tuairim nach féidir le teanga ar bith maireachtáil gan pobal. Tá dlúthphobail thraidisiúnta na Gaeilge, na Gaeltachtaí, ag dul i … An chuid eile de 18. Easpa pobail, easpa tearmainn