Cad é seo?

Is leabhar idirlín é Síolta – is é scéal phobail úra Ghaeilge agus na ndaoine a thóg iad é.

Is mise Ciarán Dunbar, is iriseoir mé. Is tionscadal neamhspleách é Síolta a chuir mé i gcrích le linn na bliana 2020.

Leabhar é seo a raibh orm a scríobh ar an ábhar nár scríobh aon duine eile cheana é. Is mar leabhar fisiciúil a scríobh é agus cé gur shocraigh mé é a fhoilsiú ar líne, de réir a chéile, dar liom is leabhar i gcónaí é.

Léifear tuairimí na n-eagraíochtaí Gaeilge agus ghníomhaithe mór le rá, léifear stair Bhóthar Seoighe, Árd Barra, Ráth Cairn, Cairn Tóchair, Na Gaeil Óga, Laochra Loch Lao agus Sabhall Mór Ostaig chun a bheagán a lua.

Ábhar iriseoireachta go príomha is ea an saothar seo, is é sin go bhfuil an leabhar bunaithe ar agallaimh a chuir mé ar ghníomhaithe éagsúla a thóg pobail úra Ghaeilge.

Léifear tuairimí na n-eagraíochtaí Gaeilge agus ghníomhaithe mór le rá, léifear stair Bhóthar Seoighe, Árd Barra, Ráth Cairn, Chairn Tóchair, Na Gaeil Óga, Laochra Loch Lao agus Sabhall Mór Ostaig chun a bheagán a lua. Léifear tuairimí láidre de gach cineál.

Cé go ndearna mé bunús na n-agallamh agus na scríbhneoireachta le linn 2020, téann mo chuid spéise san ábhar i bhfad siar, chuig tús mo shlí bheatha mar iriseoir.

Bhí suim agam i gceist sheachadadh na Gaeilge mar chéadteanga i gcónaí, nó chun a bheith níos cruinne faoi, bhí mé ag iarraidh fáil amach cén fáth nach dtugann daoine an teanga dá gcuid páistí.

Doireagáin arsa Ros Treabhair. Griangraf le JohnRoss Mac Mathúna

Is ag dul i gcúil atá sí i gcónaí, tá saineolaithe den tuairim go bhfuil an Ghaeilge, mar chéadteanga agus mar theanga phobail i ngarbhaol a báis, faraor.

Cén fáth é sin? Cad chuige nach dtógann níos mó daoine a gcuid páistí le Gaeilge?

Tá na saineolaithe beagnach ar aon fhocal maidir leis an cheist chiotach sin – tá tearmainn nó pobail de dhíth ar an Ghaeilge chun maireachtáil mar chéadteanga.

Mar sin de, tá dlúthcheangail idir cheist sheachadadh na teanga agus ceist na bpobal úra, mar is iarrachtaí iad (seachas Ráth Cairn) chun comhthéacs nádúrtha a chruthú do thógáil pháistí le Gaeilge.

Cad chuige nach dtógann níos mó daoine a gcuid páistí le Gaeilge?

Scéalta na bpobal úra sin ar éirigh leo dul chun cinn a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge de atá sa leabhar, fiosrúchán atá ann ar na cúiseanna ar éirigh leo ‘athbheochan na Gaeilge’ a chur chun cinn nó a chur i gcrích fiú.

Bhí dúil agam cabhrú le lucht tógtha na bpobal sin a gcuid scéalta féin a aithris.

Má tá spéis agat ábhar ar bith anseo a úsáid nó a athfhoilsiú, déan teagmhail liom – ciarandunbar – ag – outlook.com.