Is trom an t-ualach é cion a bheith ag duine ar an Ghaeilge óir is i laige atá sí ag dul ó d’imigh taoisigh na nGael chun na Mór-Roinne i 1607, breis agus 400 bliana ó shin.
Tá sí “ag fáil bháis” ó shin.
Is iomaí cuntas ar an mheath sin agus ar na cúiseanna taobh thiar de ach ní bhaineann an leabhar seo leis an scéal sin.
Is cuntas é an leabhar seo ar ‘phobail’ úra Ghaeilge agus ar na daoine a thóg iad.
Lean an próiseas sin ar aghaidh le 400 bliana, agus go háirithe le 200 bliana anuas, go dtí an lá atá inniu ann agus an pointe seo ina bhfuil fíor-amhras ann go mbeidh sí á labhairt mar theanga pobail áit ar bith deich mbliana amach anseo, agus gur dóichí ná a mhalairt go bhfuil sí ag saothrú a báis mar chéad-theanga.

Mar a léifear thíos, tá ráta seachadadh idirghlúine na Gaeilge an-íseal ar fad.
Déanfar fiosrúcháin ar na cúiseanna taobh thiar de sin, ar an taithí a bhíonn ag na daoine a thógann clann léi go fóill, agus ar na réitigh éagsúla a mholtar leis an ráta sin a ardú (nó a choinneáil ó thitim níos faide), agus mar sin an teanga, mar chéad-theanga, a shábháil ón bhás.
Níl an leabhar seo dírithe ar an bhás áfach, déanta na fírinne tá sé dírithe ar fhás.
Tabharfar spléachadh ar na gréasáin, ar na pobail agus ar na comharsanachtaí a ghníomhaigh chun réaltacht nua a thógáil inár féidir páistí a thógáil le Gaeilge agus rath a bheith ar an iarracht sin, na daoine a rinne rud éigin difriúil agus a d’éirigh leo an Ghaeilge a athneartú nó a athbheochan i gceantair s’acu féin.
Is cuntas é an leabhar seo ar ‘phobail’ úra Ghaeilge agus ar na daoine a thóg iad.
Pléitear na hiarrachtaí na pobail sin a chruthú, cén fáth a mbíonn ráth ar mhionchuid acu agus teip ar an mhórchuid acu agus cén dearcadh atá ag gluaiseacht na Gaeilge ar an chineál gnímh seo a mholann lucht pleanála teanga.
Roimhe sin áfach, fiosrófar bunús na faidhbe mar atá inniu agus na réitigh a cheapann daoine air.
Iriseoireacht seachas saothar acadúil é seo go príomha cé go ndéantar gach iarracht na scéalta a insítear a fhréamhú i mbunús teangeolaíochta.
Rud eile, tá blas Tuaisceartach agus iar-Ghaeltachta ar an leabhar seo gan amhras.
Modheolaíocht
Leabhar taistil atá ann sa leabhar seo ar bhealach, cé gur chuir Covid-19 deireadh le go leor de mo chuid pleananna, dá bharr sin rinneadh bunús na n-agallamh ar líne seachas sa seomra céanna.
Tá na hagallaimh a rinneadh le gníomhaithe éagsúla scaipthe ar fud an leabhair mar is cuí.
Buíochas
Tá mé buíoch do gach duine a chabhraigh liom leis an saothar seo, tá an méid sin acu ann ná nach féidir liom iad ar fad a liostáil.
Tá buíochas ar leith ag dul don Dr Pól Mac Cana, an Dr Tim Armstrong, Orlaith Ruiséil, Nuala Ní Chanainn, Tomaí Rua Ó Conghaile, an Dr Fearghal Mac Ionnrachtaigh, Aodán Mac Póilín[i] (nach maireann), Nollaig Mac Giolla Thuile, an tOllamh Tadhg Ó hIfearnáin, Ciarán Mac Fhearghusa, Dr Niall Comer, Eoin P. Ó Murchú, Niall Ó Catháin, Liam Ó Flannagáin, Daithí de Buitléir, Gráinne Ní Chatháin, Éanna Ó Cróinín, Hannah Rua Ní Bhaoill, Rónán Ó Dálaigh, Dr Seosaimhín Dhúnbarrach, Eithne Dhúnbarrach agus ag leor leor eile.
Thar aon duine eile áfach, tá mé buíoch do Shéamus Mac Seáin, Pobal Feirste, Bóthar Seoighe, Béal Feirste, fathach na Gaeilge agus duine a bhí flaithiúil lena chuid ama i dtólamh agus mé sa tóir ar eolas, tuairimí agus comhairle.
[i] “Gníomhaí díograiseach teanga, ceannródaí cróga agus scoláire cumasach ab ea Aodán Mac Póilín” (https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=5036). Is minic a raibh comhráití agam leis ar ábhar an leabhair seo agus beidh tagairtí ann do na comhráite sin anseo, chomh maith le tagairt bunaithe ar ábhar scríofa Aodáin, gníomhaí Gaeilge ar leith a bhí ann, cé nár aontaigh gach duine leis ar gach ceist. Duine lách, cineálta, gealgháireach, léannta, fuair sé bás i 2016.