Daonáireamh 2016
Bhí daonáireamh 2016 (Poblacht na hÉireann) ina bhuille trom do lucht na Gaeilge, níos troime arís de bhrí go raibh cuid Gaeilgeoirí (agus an Príomh-Oifig Staidrimh[i]) ag súil go mbeadh ardú ann i líon na gcainteoirí laethúla, toradh ar an obair chrua go léir.
Laghdaigh líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht ó 23,175 go dtí 20,586, laghdú 11% i dtréimhse cúig bliana.[ii]
Thit líon na gcainteoirí laethúla i ngach cearn den Ghaeltacht, ach amháin Gaeltacht na Rinne i bPort Láirge.
Chaill Gaeltacht Mhaigh Eo 23.6% dá chuid cainteoirí laethúla, chaill Gaeltacht Dhún na nGall, tobar na Gaeilge in Ultaibh, 15.8% dá chuid cainteoirí laethúla, bíodh siad ar imirce, i gcré na cille nó éirithe as an chleachtas go díreach.

Fiú Gaeltacht na Gaillimhe, an Ghaeltacht is láidre, chaill sé 5.8% dá chuid cainteoirí, síos go 10,091.
Sa Phoblacht ar fad, tháinig laghdú (beag) ar líon na ndaoine a dúirt go bhfuil an teanga acu ar dhóigh ar bith.
Tháinig laghdú suntasach ar líon na daoine san iomlán a dúirt go n-úsáideann siad an teanga ar bhonn laethúil lasmuigh den chóras oideachais, “slat tomhais níos cruinne ar staid reatha na teanga,” mar a dúirt Tuairisc.ie.
Chaill an teanga 3,382 cainteoirí laethúla (4.4%) i dtréimhse cúig bliana, síos go 73,803. (Mar sin féin sin níos airde go fóill ná an 72,148 a bhí ann in 2006).
Tháinig ardú (5%) ar líon na gcainteoirí laethúla i mBaile Átha Cliath, 16,217 go 17,093 nó +876.
Is beag staidéar a dhéantar ar Ghaeilgeoirí BhÁC ach is é an 17,093 sin an líon is mó cainteoirí laethúla Gaeilge in áit ar bith, cé nach bhfuil dlúthphobal nó comharsanacht ar bith ann sa chathair.
Dúirt 111,473 duine go labhraíonn siad an Ghaeilge go seachtainiúil lasmuigh den chóras oideachais, méadú bídeach de 831 duine ó bhí 2011 ann.
Ábhar éadóchais ar fad a bhí ann don teanga an daonáireamh seo.
Cuireadh an milleán don drochscéal ar an eisimirce agus ar chúrsaí eacnamaíochta ach tá sé sin taobh amuigh d’ábhar sainspéise an leabhair seo.
Daonáireamh 2011 Thuaisceart Éireann
Léirigh Daonáireamh 2011 TÉ go bhfuil an Ghaeilge mar “phríomhtheanga” ag 4,164 duine sna Sé Chontae[iii].
Is é mo léamh ná go nglacann lucht na Gaeilge ó thuaidh i gcoitinne go bhfuil an líon sin cruinn go leor, cé go léann gach duine ceist ar dhaonáireamh i ndóigheanna éagsúla.
D’fheadfá a rá gur líon beag é. Mar sin féin, seachas cúpla chéad duine, seans, de bhunadh na Gaeltachta atá ag cur fúthu sna Sé Chontae, is toradh ar athbheochan na Gaeilge iad uilig.
Mhéadaigh líon na ndaoine le cumas áirithe sa Ghaeilge ó 167,487 in 2001 go 184,898 (ó 10.4% den phobal go 10.65%) ach tháinig laghdú suntasach ar líon na ndaoine le ‘léamh, scríobh, labhairt agus tuiscint na Gaeilge’ ó 75,125 go 64,847.
[i] “Mheas an Príomh-Oifig Staidrimh in 2008 gur 80,014 cainteoir laethúil a bheadh ann sa bhliain 2016 (ó bhunlíne de 72,148 in 2006), dá leanfadh “na treochtaí reatha ar aghaidh gan aon chur isteach orthu” (Tuairisc.ie 30/03/17 https://tuairisc.ie/seachtain-on-la-inniu-foilseofar-priomhthorthai-dhaonaireamh-2016-cad-leis-ba-choir-duinn-a-bheith-ag-suil/)
[ii] Féach: https://tuairisc.ie/laghdu-11-ar-lion-na-gcainteoiri-laethula-sa-ghaeltacht-daonaireamh-2016/
[iii] De réir mo chuid taighde féin áfach, atá bunaithe ar Dhaonáireamh 2001 agus ar thaighde eile, baineann níos mó ná 4,164 duine úsáid as an Ghaeilge go rialta ó thuaidh. Dar liomsa, úsáideann tuairim ar 10,000 í go rialta agus suas go 22,000 í ó am go ham. Tá an taighde áirithe sin go mór as dáta anois áfach, féach https://antuairisceoir.wordpress.com/2017/02/09/cartlann-ca-mhead-cainteoir-gaeilge-ata-ann-o-thuaidh-i-2009/
Aon tuairim amháin ar “7. Cá mhéad Gael atá ann?”