12. Rogha agus buannaíocht

Iad siúd a d’éirigh leo a bpáistí a thógáil le Gaeilge, ba ghníomhaithe iad, a ghlac páirt i gcoistí agus brúghrúpaí, agus a raibh páirt lárnach acu i bhforbairt a bpáistí.”[i]

Brian Ó Broin

Cuireadh ceist ar an aisteoir Niall Tóibín in am amháin, agus má tá bréag ann bíodh, ar shíl sé go raibh sé aisteach gur labhair a athair leis i nGaeilge sa 1930í in Éirinn?

“Ní raibh,” a dúirt sé, “an rud a bhí aisteach ná gur labhair sé liom in aon chor.”

Mar sin féin, is cuimhin liom rud a dúirt fear as an Iúr liom uair amháin, “ní féidir leat ach do dhícheall a dhéanamh, tabharfaidh tú Gaeilge den scoth dóibh, ach i ndeireadh na dála, níl tú ach ag tabhairt rogha dóibh”.

Is minic a chuala mé an dearcadh céanna ach chuala mé a mhalairt ghlan fosta, ó Ghaeilgeoirí nár labhair ach Béarla lean gcuid páistí.

Rogha
Deirtear go “roghnaíonn” daoine páistí a thógáil le Gaeilge nó gan sin a dhéanamh – ach an ndéanann Éireannaigh “rogha” chun páistí a thógáil le Béarla?
Griangraf le Karolina Grabowska.

Bhí siadsan den tuairim gurb é an fíor-rogha Gaeilge a bheith agat nó gan a bheith agat, ní chun í a labhairt nó gan a labhairt.

Cuir i gcás, thóg duine de chlann Phobal Feirste / Bhóthar Seoighe i mBéal Feirste a chuid páistí féin le Béarla mar “he did not want to ‘impose’ the language on his own children”[ii].

As an bheagán comhráití oscailte a bhí agam le daoine ar an ábhar, seo ceann de na cúiseanna is mó a luadh liom maidir leis an cheist.

Shíl corr-dhaoine go mbeadh an saoirse ag a gcuid páistí Gaeilge a fhoghlaim amach anseo, agus sa chás go gcuirfeadh na páistí spéis inti go n-éascódh na tuismitheoirí sin ach nach raibh sé ceart an rogha sin a shéanadh orthu trí an Ghaeilge a “a bhrú” orthu.

Glacann an tuiscint seo gurb í an Béarla an ghnáth-theanga agus gur teanga sa bhreis ar sin an Ghaeilge, lena chois sin seans go nglacann sé gur rogha neamh-idé-eolach an Béarla agus go mbíonn a mhalairt i gceist maidir leis Ghaeilge.

Ní aontaíonn Tim Armstrong leis sin, dar le taighde a rinne sé i measc lucht na Gaeilge in Albain, “the interviewees struggled at times to raise their children as Gaelic/English bilinguals in the face of the dominant monolingual Anglophone ideology of linguistic naturalism that understands that it is bad parenting to ‘force’ a child to speak a language”[iii]:

“… in this social context, children do not enjoy an absolute right to speak any language they desire, but a right to ‘choose’ to speak English specifically, and historically in Scotland, regulating children’s language use toward the dominant language, from Gaelic toward English, was not understood as ‘forcing’ a language on a child or ‘bad parenting’ in the same way, but as progressive and inevitable.”[iv]

Is é an conclúid a bhí aige ná go bhfuil tuismitheoirí, “frustrated by a linguistic ideology of naturalism that effectively normalizes and legitimizes the continued dominance of the English language in Scotland”[v].

Mar sin féin, tá aithne agam ar dhaoine a labhraíonn Béarla lena gclann d’ainneoin go bhfuil Gaeilge líofa acu, mar is é Béarla a gcéadteanga agus sin an rud is nádúrtha a dhéanamh – ní dóigh liom go mbaineann sé le cinneadh cinnte, le hidé-eolaíocht nó le mianta cultúrtha, baineann sé lena dtáinig go dtí a mbeola nuair a rugadh páistí s’acu, gan smaoineamh coinsiasach.


[i] Ó Broin (2012), Réamhrá.

[ii] Maguire (1991: 68).

[iii] Armstrong (2014).

[iv] Ibid.

[v] Ibid.

Aon tuairim amháin ar “12. Rogha agus buannaíocht

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s